European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/262

6.2.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/262 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2025

lena n-athosclaítear an t-iascach le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir ag soithí faoi bhratach na Gréige, trí Rialachán (AE) 2024/3250 a aisghairm

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (1), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024.

(2)

An 4 Nollaig 2024 thug an Ghréig fógra don Choimisiún, de bhun Airteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, faoina cinneadh toirmeasc a chur ar iascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir ón 7 Samhain 2024.

(3)

Le Rialachán (AE) 2024/3250 ón gCoimisiún (3) cuireadh toirmeasc i gcás soithí faoi bhratach na Gréige iascaireacht a dhéanamh ar thuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir.

(4)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún an 10 Nollaig 2024 ó údaráis na Gréige, tá cainníocht ar fáil arís don Ghréig le haghaidh chuóta an stoic sin tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta arna dtabhairt i gcrích faoi Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Dá bhrí sin, ba cheart an t-iascach le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir ag soithí faoi bhratach na Gréige nó atá cláraithe sa Ghréig a athoscailt go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

(5)

Ba cheart éifeacht a bheith ag athoscailt an iascaigh sin an 9 Nollaig 2024, chun go bhféadfar iascaireacht a dhéanamh ar an gcainníocht tuinníní gorma atá i gceist roimh dheireadh 2024.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/3250 a aisghairm le héifeacht ón 9 Nollaig 2024.

(7)

Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, mar go bhfuil cuóta ar fáil arís le haghaidh an stoic sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athosclaítear an t-iascach le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir le haghaidh shéasúr iascaireachta 2024 ag soithí faoi bhratach na Gréige nó atá cláraithe sa Ghréig dá dtagraítear san Iarscríbhinn

Aisghairtear Rialachán (AE) 2024/3250.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 9 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Costas KADIS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/3250 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2024 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh tuinníní gorma san Aigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus sa Mheánmhuir i gcás soithí faoi bhratach na Gréige (IO L, 2024/3250, 31.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3250/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

32/TQ257 – Athoscailt

Ballstát

An Ghréig

Stoc

BFT/AE45WM (lena n-áirítear na coinníollacha speisialta BFT/*641, BFT/*643, BFT/*8301, BFT/*8302, BFT/*8303F)

Speiceas

An tuinnín gorm (Thunnus thynnus)

Limistéar

An tAigéan Atlantach, lastoir de 45°I, agus an Mheánmhuir

Dáte an iaimh

7 Samhain 2024

Dáta athoscailte

9 Nollaig 2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/262/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)