|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/255 |
5.2.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/255 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Eanáir 2025
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag san Ungáir
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)788)
(Is iad na téacsanna Slóivéinise agus Ungáirise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráige d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429 agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an Ungáir faoin staid atá ann faoi láthair ina críoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, tar éis ráig den ghalar sin in ainmhithe den chineál caorach ar coimeád i gcontae Zala, thart ar thrí chiliméadar ón teorainn leis an tSlóivéin, ráig a tuairiscíodh an 27 Eanáir 2025, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tá crios srianta bunaithe aici, lena gcuimsítear crios cosanta agus faireachais ina bhfuil na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i bhfeidhm. Tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an tSlóivéin freisin, tar éis na tuairisce ar ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag san Ungáir gar dá teorainn, go bhfuil crios faireachais bunaithe ar a críoch aici i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(5) |
Chun leathadh an ghalair a rialú, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ó thríú tíortha a sheachaint, maidir leis an gcrios srianta i dtaca leis an ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, ar crios é lena gcuimsítear an crios cosanta san Ungáir agus an crios faireachais san Ungáir agus sa tSlóivéin, ní mór an crios sin a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais. |
|
(6) |
Ba cheart méid agus fad tréimhse na gcriosanna cosanta agus faireachais, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin a bheith bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán an ionfhabhtaithe sin le plá na n-athchogantach beag san Ungáir mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta an Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe a chur san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. |
|
(7) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chrios cosanta san Ungáir, agus mar chrios faireachais san Ungáir agus sa tSlóivéin, a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. |
|
(8) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón mbunaíocht atá buailte san Ungáir go codanna eile den Bhallstáit sin agus go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(9) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios cosanta san Ungáir agus an crios faireachais san Ungáir agus sa tSlóivéin a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad tréimhse an chreasaithe sin a shocrú. |
|
(10) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann le plá na n-athchogantach beag á cur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go dtí an 28 Feabhra 2025. |
|
(11) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na Ballstáit a liostaítear san Iarscríbhinn, áiritheoidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
go mbunóidh údaráis inniúla na mBallstát sin láithreach crios srianta, lena gcuimseofar crios cosanta agus crios faireachais, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
|
(b) |
go gcuimseofar leis na criosanna cosanta agus faireachais dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(c) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 28 Feabhra 2025.
Airteagal 4
Is chuig an Ungáir agus chuig Poblacht na Slóivéine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
IARSCRÍBHINN
Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe
|
Tír |
Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta san Ungáir agus sa tSlóivéin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
An Ungáir |
Contae Zala HU-PPR-2025-00001 |
Crios cosanta: Those parts of Zala county, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.722217, Long. 16.415056 (HU-PPR-2025-00001) |
19.2.2025 |
|
Crios faireachais: Those parts of Zala county, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.722217, Long. 16.415056 (HU-PPR-2025-00001), excluding the areas contained in the protection zone |
28.2.2025 |
||
|
Crios faireachais: Those parts of Zala county, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.722217, Long. 16.415056 (HU-PPR-2025-00001) |
20.2.2025 - 28.2.2025 |
||
|
Contae Vas |
Crios cosanta: Those parts of Vas county, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.722217, Long. 16.415056 (HU-PPR-2025-00001) |
19.2.2025 |
|
|
Crios faireachais: Those parts of Vas county, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.722217, Long. 16.415056 (HU-PPR-2025-00001), excluding the areas contained in the protection zone |
28.2.2025 |
||
|
Crios faireachais: Those parts of Vas county, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.722217, Long. 16.415056 (HU-PPR-2025-00001) |
20.2.2025 - 28.2.2025 |
||
|
An tSlóivéin |
Aonad Riaracháin Áitiúil SI00009-VET Murska Sobota |
Crios faireachais: In the municipality of Dobrovnik, the settlements of Dobrovnik, Strehovci and Žitkovci. In the municipality of Kobilje, the settlement of Kobilje. In the municipality of Lendava, the settlement of Kamovci. In the municipality of Moravske Toplice, the settlements of Berkovci, Bogojina, Bukovnica, Čikečka vas, Filovci, Ivanjševci, Motvarjevci, Pordašinci, Prosenjakovci, Selo, Središče and Vučja Gomila |
28.2.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/255/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)