European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/248

20.2.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 236/2024

an 25 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/248]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2024/2041 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 a mhéid a bhaineann leis an maíomh sláinte a dhéantar i leith monachoilín K ó rís giosta dheirg (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2036 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena n-údaraítear 2′-Fúcaisiol-lachtós arna tháirgeadh ag tréithchineál díorthach de Escherichia coli W (ATCC 9637) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2044 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí agus coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2046 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le ceanglais lipéadaithe shonracha le haghaidh an bhia núíosaigh próitéin hidrealaithe go páirteach arna táirgeadh le heorna chaite (Hordeum vulgare) agus rís (Oryza sativa) (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2048 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí agus coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh eastóscán próitéine ó dhuáin muc (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2090 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena n-údaraítear meascán de Lachta-N-fúcaipeantós agus 2’-Fúcaisiol-lachtós arna tháirgeadh agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 DH1 a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzzzp (Rialachán Uimh. (AE) 432/2012 ón gCoimisiún):

‘-

32024 R 2041: Rialachán (AE) 2024/2041 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 (IO L, 2024/2041, 30.7.2024).’

2.

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 124b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 2036: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2036 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 (IO L, 2024/2036, 30.7.2024),

—

32024 R 2044: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2044 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 (IO L, 2024/2044, 30.7.2024),

—

32024 R 2046: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2046 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 (IO L, 2024/2046, 30.7.2024),

—

32024 R 2048: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2048 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 (IO L, 2024/2048, 30.7.2024),

—

32024 R 2090: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2090 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 (IO L, 2024/2090, 30.7.2024).’

3.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 250 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1052 ón gCoimisiún):

‘251.

32024 R 2036: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2036 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena n-údaraítear 2′-Fúcaisiol-lachtós arna tháirgeadh ag tréithchineál díorthach de Escherichia coli W (ATCC 9637) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L, 2024/2036, 30.7.2024).

252.

32024 R 2090: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2090 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena n-údaraítear meascán de Lachta-N-fúcaipeantós agus 2’-Fúcaisiol-lachtós arna tháirgeadh agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach de Escherichia coli K-12 DH1 a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L, 2024/2090, 30.7.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2024/2041 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2036, (AE) 2024/2044, (AE) 2024/2046, (AE) 2024/2048 agus (AE) 2024/2090 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L, 2024/2041, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2041/oj.

(2)   IO L, 2024/2036, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2036/oj.

(3)   IO L, 2024/2044, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2044/oj.

(4)   IO L, 2024/2046, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2046/oj.

(5)   IO L, 2024/2048, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2048/oj.

(6)   IO L, 2024/2090, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2090/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/248/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)