|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/237 |
20.2.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 246/2024
an 25 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn XV (Státchabhair) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/237]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) Uimh. 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (1), arna cheartú le IO L, 2024/90320, 30.5.2024, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Tá Rialacháin (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE, imithe in éag agus ba cheart iad a aisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 1ha (Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘ 32023 R 2832: Rialachán (AE) Uimh. 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (IO L, 2023/2832, 15.12.2023, arna cheartú le IO L, 2024/90320, 30.5.2024.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:
|
(a) |
Cuirfear an mhír seo a leanas le hAirteagal 1: ‘3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán ach amháin maidir le hearnálacha a gcumhdaítear le hAirteagail 61 go 64 de Chomhaontú LEE.’ |
|
(b) |
In Airteagail 3(1) agus 7(2), cuirfear na focail ‘Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE’ in ionad ‘Airteagal 107(1) den Chonradh’. |
|
(c) |
In Airteagail 3(1) agus 7(2), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Airteagal 1(3) de Chuid I de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte’ in ionad ‘Airteagal 108(3) den Chonradh’.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2832, arna cheartú le IO L, 2024/90320, 30.5.2024, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2832/oj.
(2) IO L 114, 26.4.2012, lch. 8.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/237/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)