|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/230 |
20.2.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 229/2024
an 25 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/230]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1332 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Baineann an Cinneadh seo, inter alia, le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe agus táirge ainmhí. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32024 R 1332: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1332 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 (IO L, 2024/1332, 21.5.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1332 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Anders H. EIDE
(1) IO L, 2024/1332, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1332/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/230/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)