European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/224

20.2.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 250/2024

an 25 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/224]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1797 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teidil na n-athróg a shonrú maidir le fearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2024 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 18qx (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2312 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘18qy.

32023 R 1797: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1797 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teidil na n-athróg a shonrú maidir le fearann úsáid staidreamh na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2024 (IO L 233, 21.9.2023, lch. 7).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1797 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L 233, 21.9.2023, lch. 7.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/224/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)