|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/220 |
3.2.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/220 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Samhain 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin trí ghnéithe mionsonraithe an scórchláir do Phlean na hÚcráine a leagan amach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/792 bunaíodh an tSaoráid don Úcráin (‘an tSaoráid’) chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine agus cobhsaíocht macrairgeadais a choinneáil go dtí 2027. Is é is cuspóir don tSaoráid rannchuidiú le riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine agus tacú ag an am céanna le hiarrachtaí athchóirithe na tíre ar a conair aontachais i dtreo ballraíocht san Aontas a bhaint amach. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2024/792, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide agus measúnú a dhéanamh ar bhaint amach a cuspóirí. Tá an faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide le bheith spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2024/792, tá an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Phlean na hÚcráine (Colún I den tSaoráid) le taispeáint i bhfoirm scórchláir le haghaidh Phlean na hÚcráine (‘an Scórchlár’). |
|
(4) |
Ba cheart faisnéis maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme Phlean na hÚcráine arna fhormheas le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 (2) ón gComhairle a léiriú ar bhealach trédhearcach sa Scórchlár. |
|
(5) |
Ba cheart gnéithe den Scórchlár a bheith bunaithe ar na nithe seo a leanas amháin: (i) an fhaisnéis atá san áireamh i bPlean na hÚcráine arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/792; (ii) na measúnuithe ar chomhlíonadh sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792; agus (iii) eisíocaíochtaí arna n-údarú de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792. |
|
(6) |
Ós rud é go bhfuil an Scórchlár le bheith oibríochtúil ón 1 Eanáir 2025 agus ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Gnéithe an Scórchláir do Phlean na hÚcráine
Áireofar sa Scórchlár na gnéithe seo a leanas chun an dul chun cinn i gcur chun feidhme Phlean na hÚcráine a léiriú:
|
(a) |
comhlíonadh na gcéimeanna, lena léirítear cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447, trí na céimeanna ar comhlíonadh iad go sásúil a liostú, san iomlán agus arna miondealú de réir athchóirithe agus infheistíochtaí, líon na gcéimeanna a léiriú, agus an céatadán thar líon iomlán na gcéimeanna a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 a léiriú; |
|
(b) |
dul chun cinn maidir le heisíocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus iasachtaí neamh-inaisíoctha; |
|
(c) |
comhpháirteanna de na cistí eisíoctha; |
|
(d) |
tagairtí do na measúnuithe; |
|
(e) |
dul chun cinn maidir le Plean na hÚcráine a chur chun feidhme de réir chaibidlí an Phlean sin; |
|
(f) |
crostagairt a dhéanamh do liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a fhaigheann cistiú is mó ná coibhéis EUR 100 000 go carnach le linn na tréimhse 4 bliana le haghaidh cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a shonraítear i bPlean na hÚcráine, arna fhoilsiú ag an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2024/792. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/220/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)