European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/214

3.2.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/214 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Samhain 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gCéinia

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 bunaítear na critéir maidir le fabhair tharaife a dheonú faoin socrú ginearálta de Scéim na bhFabhar Ginearálaithe (‘GSP’).

(2)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 maidir le tír a thairbhíonn de shocrú maidir le rochtain fhabhrach ar an margadh lena soláthraítear na fabhair tharaife chéanna agus atá ag GSP, nó fabhair tharaife níos fearr, i gcás gach cineál trádála nach mór, nach dtairbheoidh an tír sin de GSP.

(3)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a bhunaítear liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP. De bhun an Rialacháin sin, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II faoin 1 Eanáir gach bliain chun stádas na dtíortha atá liostaithe a leasú i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin.

(4)

De bhun Airteagal 4(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tá dóthain ama le tabhairt don tír is tairbhí de GSP agus do na hoibreoirí eacnamaíocha chun go mbeidh siad in ann dul in oiriúint do stádas GSP athbhreithnithe na tíre. Dá bhrí sin, an cinneadh maidir le tír is tairbhí a bhaint de liosta na dtíortha is tairbhithe de GSP ar bhonn Airteagal 4(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, beidh feidhm aige amhail ón dáta a bheidh ann 2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm socrú maidir le rochtain fhabhrach ar an margadh.

(5)

Tháinig socrú maidir le rochtain fhabhrach ar an margadh i bhfeidhm le haghaidh na Céinia an 1 Iúil 2024. I gcomhréir le hAirteagal 4(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, ba cheart an Chéinia a bhaint d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le tosaíochtaí na gcásanna inchomparáide agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, ba cheart an Chéinia a bhaint d’Iarscríbhinn II agus an méid sin a bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2027,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 mar a leanas:

In Iarscríbhinn II, faoin gceannteideal ‘Tíortha is tairbhithe den socrú ginearálta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2)’, baintear na cóid aibítre agus na tíortha comhfhreagracha seo a leanas de cholúin A agus B, faoi seach:

KE

an Chéinia

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh éifeacht aige ón 1 Eanáir 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 303, 31.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/978/2023-11-28.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/214/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)