|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/212 |
31.1.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/212 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meán Fómhair 2024
lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (1), agus go háirithe Airteagal 28(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá earráid in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún (2) a mhéid a bhaineann leis an uimhir aitheantais uathúil is infheidhme don Danmhairg. Déanann an earráid difear do shubstaint na hIarscríbhinne sin. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 a cheartú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an saoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar (IO L 294, 11.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/2055/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachan Tarmligthe (AE) 2017/2055, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh na Danmhairge:
|
‘an Danmhairg |
Cláruimhir na cuideachta |
Uimhir 8 ndigit (e.g. 12345678) |
I gcás dílseánacht aonair: Cláruimhir na cuideachta I gcás daoine nádúrtha nach dílseánachtaí aonair iad: Uimhir chlárúcháin phearsanta |
Uimhir 8 ndigit san fhormáid 12345678 Uimhir 10 ndigit san fhormáid 123456-7890’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/212/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)