European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/211

31.1.2025

CINNEADH (CBES) 2025/211 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/162 maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Eanáir 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/162 (1), lenar bunaíodh an Misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta a sheolta.

(2)

An 20 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/386 (2) lena seoltar EUMA agus lena dtugtar méid tagartha airgeadais don mhisean le haghaidh na tréimhse ón 23 Eanáir 2023 go dtí an 19 Feabhra 2025.

(3)

I gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EUMA, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála síneadh a chur le EUMA go dtí an 19 Feabhra 2027 agus an sainordú céanna aige.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/162 a leasú dá réir sin.

(5)

Cuirfear EUMA i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/162 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

scriostar an dara habairt;

(b)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Is é EUR 44 199 520 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUMA a chumhdach don tréimhse ón 20 Feabhra 2025 go dtí an 19 Feabhra 2027.’

;

(2)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh feidhm aige go dtí an 19 Feabhra 2027.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) (IO L 22, 24.1.2023, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/162/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/386 ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 lena seoltar misean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/162 (IO L 53, 21.2.2023, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/386/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/211/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)