European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/194

31.1.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/194 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2025

lena mbunaítear an Bonneagar Eorpach um Thaighde ar an Uileloscadh (EHRI-ERIC)

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 170)

(Is iad na téacsanna Béarla, Cróitise, Gearmáinise, Ollainnise, Polainnise, Rómáinise, Seicise agus Slóvaicise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail le haghaidh Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir an Ostair, an Chróit, an tSeicia, an Ghearmáin, Iosrael, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Ríocht Aontaithe iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 chun EHRI-ERIC a bhunú (‘an t-iarratas’).

(2)

Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Ísiltír Ballstát óstach EHRI-ERIC.

(3)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE (2).

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse na nDaonnachtaí agus na hEolaíochta Sóisialta.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunaítear an Bonneagar Eorpach um Thaighde ar an Uileloscadh (EHRI-ERIC).

2.   Leagtar amach san Iarscríbhinn gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna EHRI-ERIC dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na hOstaire, Poblacht na Cróite, Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Stát Iosrael, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Polainne, an Rómáin, Poblacht na Slóvaice, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Ekaterina ZAHARIEVA

Comhalta den Choimisiún


(1)  ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/723/oj, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1261/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 (IO L 326, 6.12.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1261/oj).

(2)  Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2016/755] (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/755/oj).


IARSCRÍBHINN

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA REACHTANNA EHRI-ERIC

1.   Ainm agus suíochán

(Airteagal 1 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Beidh bonneagar taighde dáilte ann ar a dtabharfar an ‘Bonneagar Eorpach um Thaighde ar an Uileloscadh’, dá ngairtear ‘EHRI’ anseo feasta.

2.

Beidh foirm dhlíthiúil de Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) ag EHRI arna ionchorprú faoi fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 agus tabharfar ‘EHRI-ERIC’ air.

3.

Beidh oifig chláraithe EHRI-ERIC in Amstardam na hÍsiltíre.

2.   Cúraimí agus gníomhaíochtaí

(Airteagal 2 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Is é an príomhchúram a bheidh ar EHRI-ERIC EHRI a bhunú agus a oibriú chun barr feabhais a chumasú i dtaighde, doiciméadacht, oideachas agus cuimhneachán trasnáisiúnta maidir leis an Uileloscadh.

2.

Oibreoidh EHRI-ERIC go dlúth leis an bpobal eolaíochta, cartlainne agus oideachais. Agus a phríomhchúram á shaothrú aige agus i gcomhréir le forálacha na reachtanna seo, déanfaidh EHRI-ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas agus comhordóidh sé iad:

a)

ardán comhtháite a sholáthar le haghaidh rochtain ar an láthair agus rochtain fhíorúil ar fhoinsí, faisnéis agus saineolas scaipthe a bhaineann leis an Uileloscadh;

b)

claochlú digiteach chartlanna agus thaighde an Uileloiscthe a chumasú trí rochtain oscailte agus caighdeáin, modhanna agus uirlisí idir-inoibritheacha a chur chun cinn;

c)

eolas eolaíoch ar an Uileloscadh a chur chun cinn trí thacú le cineálacha cur chuige ildisciplíneacha, trasdisciplíneacha, trasnáisiúnta agus comhoibríocha i leith taighde;

d)

cultúr na hoscailteachta, na foghlama agus an mhalartaithe a chur chun cinn trí rochtain ar oiliúint, ar líonrú agus ar dheiseanna comhair a sholáthar;

e)

comhpháirtíochtaí agus comhar cobhsaí a bhunú le heagraíochtaí agus bonneagair ábhartha eile laistigh den Eoraip agus lasmuigh di;

f)

tábhacht shóisialta, pholaitiúil agus chultúrtha an Uileloiscthe a chur in iúl don tsochaí ina hiomláine;

g)

cláir oibre beartais phoiblí a bhaineann leis an Uileloscadh a chur chun cinn trí shaineolas eolaíoch agus tacaíocht bhonneagair a sholáthar;

h)

páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht ábhartha eile a chuideoidh le EHRI-ERIC a mhisean a bhaint amach agus taighde ar an Uileloscadh a neartú sa Limistéar Eorpach Taighde.

3.

Beidh Lároifig EHRI-ERIC freagrach as gníomhaíochtaí EHRI-ERIC a chomhordú. Saothróidh EHRI-ERIC a ghníomhaíochtaí uile ar bhealach eiticiúil agus trédhearcach agus seachnóidh sé coinbhleachtaí leasa eagraíochtúla nó pearsanta a d’fhéadfadh a bheith ann.

4.

Saothróidh EHRI-ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch, áfach, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh sé gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad baint amach an phríomhchúraim sin i mbaol. Aon ioncam a ghintear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta den sórt sin, úsáidfidh EHRI-ERIC é chun tacaíocht bhreise a thabhairt dá chúraimí agus dá ghníomhaíochtaí.

3.   Fad agus Foirceannadh

(Airteagal 3 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Beidh EHRI-ERIC ann go ceann tréimhse ama éiginnte.

2.

Déanfar EHRI-ERIC a fhoirceannadh tar éis cinneadh ón gComhthionól Ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 20(6)(i) de na reachtanna seo.

3.

Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre tar éis ghlacadh an chinnidh maidir le foirceannadh, tabharfaidh EHRI-ERIC fógra don Choimisiún Eorpach faoin gcinneadh.

4.

I dtaca le sócmhainní a bheidh fágtha tar éis íocaíocht fhiacha EHRI-ERIC, déanfar iad a chionroinnt ar na Comhaltaí i gcomhréir lena ranníocaíochtaí bliantúla carntha le EHRI-ERIC le 5 bliana as a chéile roimh an mbliain ina ndearnadh an cinneadh foirceannadh a dhéanamh.

5.

Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh EHRI-ERIC fógra faoi sin don Choimisiún Eorpach.

6.

Tiocfaidh deireadh le EHRI-ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Dliteanas agus árachas

(Airteagal 4 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Beidh EHRI-ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.

2.

Níl na Comhaltaí faoi dhliteanas comhpháirteach i leith fhiacha EHRI-ERIC.

3.

Beidh dliteanas airgeadais na gComhaltaí i leith fhiacha EHRI-ERIC teoranta dá ranníocaíocht bhliantúil féin sa bhliain iomlán dheireanach d’oibriú.

4.

Beidh árachas iomchuí ag EHRI-ERIC chun na rioscaí a bhaineann go sonrach lena oibriú a chumhdach.

5.   Beartas um Meastóireacht Eolaíoch

(Airteagal 5 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

I dtaca le gníomhaíochtaí agus torthaí EHRI-ERIC, déanfaidh painéal neamhspleách ar a mbeidh saineolaithe idirnáisiúnta arna gceapadh ag an gComhthionól Ginearálta ar bhonn domhanda meastóireacht orthu gach 3 bliana, gan ceanglas a bheith ann gur gá a bheith bunaithe i dTír is Comhalta ná i dTír is Breathnóir.

2.

Déanfaidh an painéal saineolaithe meastóireacht ar ghníomhaíochtaí eolaíocha EHRI-ERIC agus tarchuirfidh sé torthaí na meastóireachta chuig an gComhthionól Ginearálta.

3.

Cuideoidh Coiste na gComhordaitheoirí Náisiúnta leis an bpainéal an mheastóireacht eolaíoch a dhéanamh tríd an bhfaisnéis uile is gá a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí na Nód Náisiúnta.

6.   Beartas um Rochtain d’Úsáideoirí

(Airteagal 6 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Deonóidh EHRI-ERIC rochtain fhisiciúil agus fhíorúil dá úsáideoirí ar acmhainní agus ar shaineolas atá ábhartha don Uileloscadh. Féadfaidh an Mol Lárnach nó na Nóid Náisiúnta acmhainní agus saineolas ábhartha a óstáil. I gceachtar cás, soláthraítear d’úsáideoirí pointe iontrála aonair arna bhainistiú ag an Mol Lárnach.

2.

Nuair is féidir, soláthrófar rochtain ar bhonn rochtain leathan – i.e. rochtain neamhshrianta, saor in aisce agus oscailte d’aon duine. I gcásanna inar gá rochtain a shrianadh ar chúiseanna a bhaineann le hacmhainneacht, déanfar an roghnú ar bhonn barr feabhais.

3.

Cuirfear faisnéis faoi dheiseanna rochtana, nósanna imeachta agus critéir mheastóireachta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin EHRI-ERIC.

4.

Beidh Beartas Rochtana EHRI-ERIC ina ábhar do dhoiciméad rialála sonrach, faoi réir formheas ón gComhthionól Ginearálta.

7.   Beartas um Scaipeadh

(Airteagal 7 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Éascaitheoir i leith taighde a bheidh in EHRI-ERIC agus spreagfaidh sé go ginearálta an oiread saor-rochtana agus is féidir ar shonraí agus ar thorthaí taighde.

2.

Spreagfaidh EHRI-ERIC úsáideoirí chun a dtorthaí taighde a chur ar fáil trí stór EHRI-ERIC agus/nó trí stórtha eile laistigh de thréimhse réasúnta agus i gcomhréir leis na prionsabail maidir le Sonraí FAIR (So-aimsitheacht, Inrochtaineacht, Idir-inoibritheacht agus In-athúsáidteacht) agus laistigh de thréimhse réasúnta.

3.

Ceanglóidh EHRI-ERIC ar a Úsáideoirí úsáid EHRI-ERIC a aithint.

4.

Úsáidfidh EHRI-ERIC na cainéil is iomchuí agus is forleithne chun a spriocphobail a shroicheadh, lena n-áirítear suíomh gréasáin, nuachtlitreacha, na meáin, na meáin shóisialta, ceardlanna, láithreacht ag comhdhálacha, ailt in irisí agus irisleabhair, agus ábhar le cur i gcló agus le craoladh chomh maith le cainéil eile de réir mar is iomchuí.

8.   Beartas um Chearta Maoine Intleachtúla

(Airteagal 8 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Tuigfear an téarma ‘maoin intleachtúil’ i gcomhréir le hAirteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil a síníodh an 14 Iúil 1967.

2.

Faoi réir aon chonartha idir EHRI-ERIC agus tríú páirtí, beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú, arna bhfáil nó arna bhforbairt ag tríú páirtí faoi úinéireacht an tríú páirtí sin.

3.

Faoi réir aon chonartha idir EHRI-ERIC agus tríú páirtí, beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú, arna bhfáil nó arna bhforbairt ag EHRI-ERIC faoi úinéireacht EHRI-ERIC.

4.

Féadfaidh EHRI-ERIC aon bheartas breise maidir le maoin intleachtúil a ghlacadh a bheidh le formheas ag an gComhthionól Ginearálta.

9.   Beartas Fostaíochta

(Airteagal 9 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Beidh an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh phoist foirne EHRI-ERIC trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo comhionannas deiseanna.

2.

Cloífidh conarthaí fostaíochta le dlíthe náisiúnta na tíre ina bhfuil an fhoireann fostaithe nó na tíre ina bhfuil siad ag obair, de réir mar a fhéadfar a chinneadh leis an dlí is infheidhme.

3.

Leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le hearcaíocht foirne sna rialacha cur chun feidhme agus glacfaidh an Comhthionól Ginearálta iad.

10.   Beartas um sholáthar

(Airteagal 10 de Reachtanna EHRI-ERIC)

1.

Le beartas EHRI-ERIC um sholáthar urramófar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta.

2.

Glacfaidh EHRI-ERIC a rialacha agus a nósanna imeachta soláthair féin, a bheidh le formheas ag an gComhthionól Ginearálta.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/194/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)