European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/190

28.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/190 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

An 20 Nollaig 2024, bhain an Coiste arna bhunú de bhun Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhaineann leis an Libia duine amháin de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/44/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 (‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)’), Cuid A (‘Daoine’), scriostar iontráil uimhir 20, maidir le Abdelhafiz ZLITNI.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/190/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)