|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/179 |
3.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/179 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Eanáir 2025
maidir le bailiú agus tarchur sonraí anailíseacha móilíneacha faoi chuimsiú na n-imscrúduithe eipidéimeolaíocha ar ráigeanna bia-iompartha i gcomhréir le Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle (1) agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear le hAirteagal 8(2) de Threoir 2003/99/CE ar údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha imscrúdú a dhéanamh ar ráigeanna bia-iompartha i gcomhar leis na húdaráis inniúla atá freagrach as aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte an duine agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leo de bhun Chinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Aisghaireadh an Cinneadh sin le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Cinneadh a aisghaireadh ina dhiaidh sin agus ar cuireadh Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ina ionad. Tá na himscrúduithe sin le sonraí a sholáthar maidir leis an bpróifíl eipidéimeolaíoch, na hearraí bia a d’fhéadfadh a bheith bainteach, cúiseanna féideartha leis na ráigeanna, tá staidéir eipidéimeolaíocha agus mhicribhitheolaíocha leormhaithe le cuimsiú iontu chomh maith. |
|
(2) |
Éifeachtúlacht agus comhar trasearnála idir na húdaráis sláinte poiblí agus na húdaráis sábháilteachta bia in imscrúduithe den sórt sin, tá na nithe sin ríthábhachtach chun tionchar ráige ar an tsláinte phoiblí a theorannú agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch a bhaineann le haisghairmeacha agus aistarraingt bia atá neamhshábháilte nó a d’fhéadfadh a bheith neamhshábháilte. Chun na críche sin, is gá baisceanna nó coinsíneachtaí ina bhfuil bia éillithe agus an chúis leis an ráig a shainaithint go tapa iontaofa. |
|
(3) |
Is teicníc anailíseach mhóilíneach nua-aimseartha é seicheamhú géanóim iomláin (WGS) le haghaidh staidéir mhicribhitheolaíocha lena n-éascaítear go mór sainaithint thapa braislí miocrorgánach, rud a thacaíonn leis na himscrúduithe eipidéimeolaíocha. Cuidíonn sé le naisc a bhunú idir aonraígh de phataiginí bia-iompartha a aisghabhtar ó dhaoine, ó bhia, ó ainmhithe, ó bheatha agus ón timpeallacht ghaolmhar le linn an imscrúdaithe ar an ráig. |
|
(4) |
Chun imscrúduithe ar ráigeanna bia-iompartha agus brath tráthúil fhoinsí na ráigeanna sin a éascú go mór, maidir le haonraígh Salmonella enterica, Listeria monocytogenes, Escherichia coli, Campylobacter jejuni agus Campylobacter coli a dhíorthaítear ó bhia, ó ainmhithe, ó bheatha agus ó shamplaí gaolmhara comhshaoil, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit iad a bhailiú ó oibreoirí gnólachtaí bia agus beatha agus le linn rialuithe oifigiúla, i gcás ina mbaineann na haonraígh sin le ráig bia-iompartha nó ina bhfuil amhras ann go mbaineann siad léi. Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit seicheamhú géanóim iomláin a dhéanamh ar na haonraígh sin freisin. |
|
(5) |
Ba cheart do na Ballstáit na torthaí ó sheicheamhú géanóim iomláin ar aonraígh na bpataiginí sin ó bhia, ó ainmhithe, ó bheatha agus ón gcomhshaol gaolmhar a tharchur chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) a d’fhorbair comhchóras Aon Sláinte Amháin in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC). Laistigh den chomhchóras Aon Sláinte Amháin, is féidir leis an Údarás comparáid a dhéanamh idir na torthaí ó sheicheamhú géanóim iomláin ar aonraígh na bpataiginí sin a bhailítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na torthaí ó sheicheamhú géanóim iomláin ar aonraígh dhaonna a chuirtear in iúl do ECDC i gcomhréir le hAirteagal 13(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2022/2371. Leis an gcomparáid sin, is féidir foinse ráige agus na gcoinsíneachtaí atá buailte a shainaithint nuair a úsáidtear í in éineacht le sonraí ó imscrúduithe eipidéimeolaíocha. Agus na torthaí ón seicheamhú géanóim iomláin á dtarchur chuig Údarás EFSA, ba cheart sonraí gaolmhara breise a chuimsiú, ar sonraí iad atá riachtanach chun imscrúdú a dhéanamh ar ráigeanna bia-iompartha. |
|
(6) |
Is iomchuí am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus don Údarás oiriúnú do na ceanglais nua maidir le haonraígh a dhíorthaítear ó bhia, ó ainmhithe, ó bheatha agus ó shamplaí gaolmhara comhshaoil a bhailiú, le seicheamhú géanóim iomláin ar na haonraígh sin agus le tarchur na sonraí gaolmhara chun foráil a dhéanamh maidir leis na feidhmeanna teicniúla agus na hacmhainní airgeadais is gá. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sa Rialachán seo 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bailiú agus seicheamhú géanóim iomláin (WGS) ar aonraígh pataiginí bia-iompartha a bhaineann le ráigeanna bia-iompartha
1. An tÚdarás inniúil atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar ráigeanna bia-iompartha de bhun Airteagal 8 de Threoir 2003/99/CE, baileoidh sé, gan moill mhíchuí, aonraígh Salmonella enterica, Listeria monocytogenes, Escherichia coli, Campylobacter jejuni agus Campylobacter coli, i gcás ina mbaineann na pataiginí sin le ráig bia-iompartha, nó ina bhfuil amhras ann go mbaineann siad léi ar bhonn na faisnéise anailísí nó eipidéimeolaíche atá ar fáil i mBallstát an údaráis inniúil sin nó i mBallstát eile, agus i gcás inar díorthaíodh iad ó shamplaí a tógadh ón mbia a bhfuil amhras ann faoi, ó ainmhithe, ó bheatha nó ón gcomhshaol ábhartha le linn imscrúduithe ar ráig bia-iompartha.
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil seicheamhú géanóim iomláin ar cheann amháin ar a laghad de gach séiritíopa, bithchineál nó cineál móilíneach de na haonraígh bailithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i saotharlann oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), saotharlann atá creidiúnaithe don mhodh sin de réir ISO 17025.
3. I gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuirfidh oibreoirí gnólachtaí bia agus beatha faoi bhráid an údaráis inniúil, arna iarraidh sin dóibh, aonraígh na bpataiginí dá dtagraítear i mír 1 agus na torthaí gaolmhara ó sheicheamhú géanóim iomláin óna n-imscrúduithe féin i gcás ina mbaineann siad le ráig nó ina bhfuil amhras ann go mbaineann siad léi, mar aon leis na sonraí gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 2(2).
Airteagal 2
Tarchur na dtorthaí ón seicheamhú géanóim iomláin
1. Na torthaí ón seicheamhú géanóim iomláin a rinneadh ar aonraígh Salmonella enterica, Listeria monocytogenes, Escherichia coli, Campylobacter jejuni agus Campylobacter coli, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), tarchuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 1 chuig an Údarás iad gan moill mhíchuí.
2. Beidh na sonraí gaolmhara seo a leanas ag gabháil leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
uimhir thagartha uathúil sheicheamh géanóim an aonraíoch ónar gineadh an seicheamh; |
|
(b) |
uimhir thagartha uathúil an tsampla ónar aonraíodh an phataigin; |
|
(c) |
an speiceas pataigine; |
|
(d) |
an tuairisc ar an mbia, ar an speiceas ainmhithe, ar an mbeatha nó ar an gcomhshaol ónar díorthaíodh an t-aonraíoch; |
|
(e) |
dáta na samplála; |
|
(f) |
Ballstát na samplála; |
|
(g) |
má thugtar fógra ina leith sa Chóras Mear-rabhaidh um Bia-ábhair agus Beathú, an tagairt don fhógra a bhaineann leis an aonraíoch; |
|
(h) |
uimhir thagartha uathúil na ráige bia-iompartha a rinneadh imscrúdú uirthi ar an leibhéal náisiúnta. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 23 Lúnasa 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 325, 12.12.2003, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/99/oj.
(2) Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear líonra chun faireachas eipidéimeolaíoch agus rialú a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal (IO L 268, 3.10.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1998/2119/oj).
(3) Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1082/oj).
(4) Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE, (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2371/oj).
(5) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/179/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)