European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/166

28.1.2025

CINNEADH (CBES) 2025/166 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2025

lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Aibreán 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (1).

(2)

An 13 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/762 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/219/CBES, agus go háirithe Airteagal 14a de, chun Aonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú (RACC) laistigh de EUCAP Sahel Mali a bhunú, a bhfuil cuspóirí sonracha aige atá nasctha le struchtúir agus tíortha G5 na Saiheile.

(3)

An 10 Eanáir 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/96 (3), lenar cuireadh síneadh leis EUCAP Sahel Mali go dtí an 31 Eanáir 2025 agus lenar leasaíodh a shainordú.

(4)

An 20 Samhain 2024, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar EUCAP Sahel Mali, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh leis EUCAP Sahel Mali go dtí an 31 Eanáir 2027. Thairis sin, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh le RACC go dtí an 31 Iúil 2025 d’fhonn cinneadh a dhéanamh amach anseo maidir lena thodhchaí.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/219/CBES a leasú dá réir sin,

(6)

Cuirfear EUCAP Sahel Mali i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul i ndonas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 14(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Is é EUR 60 954 154,59 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUCAP Sahel Mali a chumhdach idir an 1 Feabhra 2025 agus an 31 Eanáir 2027.’

;

(2)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Eanáir 2027, cé is moite d’Airteagal 14a a mbeidh feidhm aige go dtí an 31 Iúil 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 113, 16.4.2014, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/219/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/762 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 125, 14.5.2019, lch. 18 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/762/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/96 ón gComhairle an 10 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/219/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali) (IO L 8, 11.1.2023, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/96/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/166/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)