European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/165

31.1.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/165 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Eanáir 2025

maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh brú-threalamh a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le brú-threalamh nó cóimeálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) den Treoir sin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus a bhfuil a sonraí tagartha foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024) 1241 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndéanfaí athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana agus go dtabharfaí chun críche an obair ar dhréachtchaighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Treoir 2014/68/AE.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2024) 1241, rinne CEN athbhreithniú agus leasú ar an gcaighdeán comhchuibhithe seo a leanas: EN 19:2016 maidir le comhlaí tionsclaíocha. Dá thoradh sin, glacadh caighdeán leasaitheach EN 19:2023. Rinne CEN athbhreithniú freisin ar chaighdeáin EN 12952-3:2011, EN 12952-8:2002, EN 12952-9:2002 agus EN 12952-16:2002 maidir le coirí feadán uisce agus suiteálacha cúnta. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin leasaitheacha seo a leanas: EN 12952-3:2022, EN 12952-8:2022, EN 12952-9:2022 agus EN 12952-16:2022. Rinne CEN athbhreithniú breise ar chaighdeán EN 15001-1:2009 maidir le bonneagar gáis agus is toradh é caighdeán athbhreithnithe EN 15001-1:2023 air sin. Rinne CEN athbhreithniú freisin ar chaighdeán EN 15776:2011+A1:2015 maidir le hárthaí brú neamhbhácáilte agus is toradh é caighdeán athbhreithnithe EN 15776:2022 air sin. Ar deireadh, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin EN 13445-2:2021 agus EN 13445-4:2021 maidir le hárthaí brú neamhbhácáilte agus is toradh iad caighdeáin athbhreithnithe EN 13445-2:2021+A1:2023 agus EN 13445-4:2021+A1:2023 air sin. Ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2024)1241 dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe nua EN 13480-3:2017/A5:2022 maidir le píopaí miotalacha tionsclaíocha, EN 13799:2022 maidir le trealamh agus oiriúintí GPL agus EN 12261:2024 maidir le méadair gháis.

(4)

Na caighdeáin maidir le brú-threalamh a dhréachtaigh, a leasaigh nó a d’athbhreithnigh CEN, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2024) 1241.

(5)

Comhlíonann na caighdeáin sin na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/68/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Is gá tarraingt siar uimhreacha tagartha na gcaighdeán sin a chur siar chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a dtáirgí a oiriúnú do na leaganacha athbhreithnithe de chaighdeáin chomhchuibhithe EN 19:2016, EN 12952-3:2011, EN 12952-8:2002, EN 12952-9:2002, EN 12952-16:2002, EN 15001-1:2009, EN 15776:2011+A1:2015, EN 13445-2:2021, EN 13445-4:2021 agus EN 13480-3:2017.

(7)

Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/68/AE, foilsítear iad i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 ón gCoimisiún (4) agus i dTeachtaireacht 2017/C 389/01 (5). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/68/AE agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh dlí amháin.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 agus i dTeachtaireacht 2017/C 389/01 a fhoilsiú in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 agus Teachtaireacht 2017/C 389/01 araon a aisghairm.

(9)

Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag Teachtaireacht 2017/C 389/01 fós maidir leis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 19:2016, EN 12952-3:2011, EN 12952-8:2002, EN 12952-9:2002, EN 12952-16:2002, EN 15001-1:2009 agus EN 15776:2011+A1:2015, agus ba cheart feidhm a bheith ag Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 fós maidir leis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13445-2:2021, EN 13445-4:2021 agus EN 13480-3:2017 go dtí an dáta a tharraingeofar siar na tagairtí sin.

(10)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go meastar go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh brú-threalamh nó cóimeálacha, ar caighdeáin iad a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/68/AE agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Teachtaireacht 2017/C 389/01.

Beidh feidhm aici go fóill, áfach, i ndáil leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí an dáta a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616.

Beidh feidhm aici go fóill, áfach, i ndáil leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí an dáta a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)  Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/68/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024)1241 final ón gCoimisiún an 1 Márta 2024 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le brú-threalamh agus cóimeálacha chun tacú le Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1616 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh brú-threalamh a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 250, 30.9.2019, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1616/oj).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 389, 17.11.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

Uimhir thagartha an chaighdeáin

1.

EN 3-8:2021

Múchtóirí dóiteáin iniompartha - Cuid 8: Riachtanais maidir le tógáil, friotaíocht bhrú agus tástálacha meicniúla le haghaidh múchtóirí lena bhfuil uasbhrú incheadaithe cothrom le nó níos mó ná 30 bar, a chloíonn le riachtanais EN 3-7

2.

EN 19:2023

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí miotalacha a mharcáil

3.

EN 267:2009+A1:2011

Dóirí brúshéidte uathoibríocha le haghaidh breoslaí leachtacha

4.

EN 334:2005+A1:2009

Rialtóirí brú gáis do bhrúnna ionraoin thuas go 100 bar

5.

EN 378-2:2016

Córais chuisniúcháin agus caidéil teasa - Ceanglais sábháilteachta agus comhshaoil - Cuid 2: Dearadh, tógáil, tástáil, marcáil agus doiciméid

6.

EN 593:2017

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí féileacán miotalacha chun críocha ginearálta

7.

EN 676:2003+A2:2008

Dóirí brúshéidte uathoibríocha le haghaidh breoslaí gásacha

EN 676:2003+A2:2008/AC:2008

8.

EN 764-4:2014

Brú-threalamh - Cuid 4: Bunú cúinsí seachadta teicniúla d’ábhair mhiotalacha

9.

EN 764-5:2014

Brú-threalamh - Cuid 5: Doiciméadú cigireachta ar ábhair mhiotalacha agus comhlíonadh shonraíocht an ábhair

10.

EN 764-7:2002

Brú-threalamh - Cuid 7: Córais sábháilteachta do bhrú-threalamh nár imríodh teas air

EN 764-7:2002/AC:2006

11.

EN 1057:2006+A1:2010

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin chopair, cruinne gan d’uisce agus do ghás i bhfeidhmeanna sláintíochta agus téimh

12.

EN 1092-1:2018

Feirí agus a siúntaí - Feirí ciorclacha le haghaidh píopaí, comhlaí, feistis agus oiriúintí, ainmnithe de réir PN - Cuid 1: Feirí cruach

13.

EN 1092-3:2003

Feirí agus a siúntaí - Feirí ciorclacha le haghaidh píopaí, comhlaí, feistis agus oiriúintí, ainmnithe de réir PN - Cuid 3: Feirí cóimhiotail chopair

EN 1092-3:2003/AC:2007

14.

EN 1092-4:2002

Feirí agus a siúntaí - Feirí ciorclacha le haghaidh píopaí, comhlaí, feistis agus oiriúintí, ainmnithe de réir PN - Cuid 4: Feirí cóimhiotail alúmanaim

15.

EN 1171:2015

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí geata iarann teilgthe

16.

EN 1349:2009

Comhlaí rialaithe próisis thionsclaíocha

17.

EN 1515-4:2021

Feirí agus a siúntaí - Boltáil - Cuid 4: Boltáil a roghnú do threalamh atá faoi réir ag an Treoir maidir le Trealamh Brú 2014/68/AE

18.

EN 1562:2019

Teilgean - Iarainn theilgthe shomhúnlaithe

19.

EN 1563:2018

Teilgean - Iarainn theilgthe graifíte sféaróidí

20.

EN 1564:2011

Teilgean - Iarainn theilgthe graifíte sféaróidí ásfeiríteacha

21.

EN 1591-1:2013

Feirí agus a siúntaí - Rialacha dearaidh do naisc feirí ciorclacha le gaiscéid - Cuid 1: Ríomh

22.

EN 1626:2008

Soithí crióigineacha - Comhlaí le haghaidh seirbhís chrióigineach

23.

EN 1653:1997

Copar agus cóimhiotail chopair - Pláta, leathán agus ciorcail do choirí, do shoithí brú agus d’aonaid stórála uisce the

EN 1653:1997/A1:2000

24.

EN 1759-3:2003

Feirí agus a siúntaí - Feirí ciorclacha le haghaidh píopaí, comhlaí, feistis agus oiriúintí, ainmnithe de réir Aicme - Cuid 3: Feirí cóimhiotail chopair

EN 1759-3:2003/AC:2004

25.

EN 1759-4:2003

Feirí agus a siúntaí - Feirí ciorclacha le haghaidh píopaí, comhlaí, feistis agus oiriúintí, ainmnithe de réir aicme - Cuid 4: Feirí cóimhiotail alúmanaim

26.

EN 1797:2001

Soithí crióigineacha - Comhoiriúnacht gáis/ábhair

27.

EN 1866-2:2014

Múchtóirí soghluaiste dóiteáin - Cuid 2: Ceanglais maidir le tástálacha déanaimh, seasmhacht in aghaidh brú agus tástálacha meicniúla le haghaidh múchtóirí, a bhfuil uasbhrú incheadaithe cothrom le 30 bar nó níos ísle acu, a chomhlíonann ceanglais EN 1866

28.

EN 1866-3:2013

Múchtóirí soghluaiste dóiteáin - Cuid 3: Ceanglais maidir le cur le chéile, déanamh agus seasmhacht in aghaidh brú múchtóirí CO2 a chomhlíonann ceanglais EN 1866-1

29.

EN 1983:2013

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí liathróide cruach

30.

EN 1984:2010

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí geata cruach

31.

EN ISO 4126-1:2013

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 1: Comhlaí sábháilteachta (ISO 4126-1:2013)

EN ISO 4126-1:2013/A2:2019

32.

EN ISO 4126-2:2019

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 2: Feistí sábháilteachta dioscaí pléasctha (ISO 4126-2:2018)

33.

EN ISO 4126-3:2020

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 3: Comhlaí sábháilteachta agus feistí sábháilteachta dioscaí pléasctha le chéile (ISO 4126-3:2020)

34.

EN ISO 4126-4:2013

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 4: Comhlaí sábháilteachta arna n-oibriú ag comhlaí cúnta (ISO 4126-4:2013)

35.

EN ISO 4126-5:2013

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 5: Córais faoisimh brú sábháilteachta rialaithe (CSPRS) (ISO 4126-5:2013)

36.

EN ISO 4126-7:2013

Feistí sábháilteachta le haghaidh cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 7: Sonraí comhchoiteann (ISO 4126-7:2013)

37.

EN ISO 9606-1:2017

Tástáil cháilíochta táthairí - Táthú comhleá - Cuid 1: Cruach (ISO 9606-1:2012 lena n-áirítear Cor 1:2012 agus Cor 2:2013)

38.

EN ISO 9606-2:2004

Tástáil cháilíochta táthairí - Táthú comhleá - Cuid 2: Alúmanam agus cóimhiotail alúmanaim (ISO 9606-2:2004)

39.

EN ISO 9606-3:1999

Tástáil faofa táthairí - Táthú comhleá - Cuid 3: Copar agus cóimhiotail chopair (ISO 9606-3:1999)

40.

EN ISO 9606-4:1999

Tástáil faofa táthairí - Táthú comhleá - Cuid 4: Nicil agus cóimhiotail nicile (ISO 9606-4:1999)

41.

EN ISO 9606-5:2000

Tástáil faofa táthairí - Táthú comhleá - Cuid 5: Tíotáiniam agus cóimhiotail tíotáiniam, siorcóiniam agus cóimhiotail siorcóiniam (ISO 9606-5:2000)

42.

EN ISO 9712:2022

Tástáil neamhscriosach - Cáilíocht agus deimhniú pearsanra TNS (ISO 9712:2021)

43.

EN 10028-1:2017

Táirgí cothroma déanta de chruacha chun críocha brú - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta

44.

EN 10028-2:2017

Táirgí cothroma déanta de chruacha chun críocha brú - Cuid 2: Cruacha nach cóimhiotail agus cruacha cóimhiotail ag a bhfuil airíonna ardteochta sonraithe

45.

EN 10028-3:2017

Táirgí cothroma déanta de chruacha chun críocha brú - Cuid 3: Cruacha míne so-tháthaithe, normalaithe

46.

EN 10028-4:2017

Táirgí cothroma déanta de chruacha chun críocha brú - Cuid 4: Cruacha cóimhiotail nicile ag a bhfuil airíonna teochta ísle sonraithe

47.

EN 10028-5:2017

Táirgí cothroma déanta de chruacha chun críocha brú - Cuid 5: Cruacha so-tháthaithe, rollaithe go teirmimheicniúil

48.

EN 10028-6:2017

Táirgí cothroma déanta de chruacha chun críocha brú - Cuid 6: Cruacha so-tháthaithe, fuaraithe agus fagthartha

49.

EN 10028-7:2016

Táirgí cothroma déanta de chruacha chun críocha brú - Cuid 7: Cruacha gan smál

50.

EN 10204:2004

Táirgí miotalacha - Cineálacha doiciméad lena n-iniúchadh

51.

EN 10213:2007+A1:2016

Teilgin chruach chun críocha brú

52.

EN 10216-1:2013

Feadáin chruach gan uaim chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 1: Feadáin chruach neamhchóimhiotalaithe le hairíonna teochta seomra sainithe

53.

EN 10216-2:2013

Feadáin chruach gan uaim chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 2: Feadáin chruacha neamh-chóimhiotail agus feadáin chruacha cóimhiotail ag a bhfuil airíonna ardteochta sonraithe

54.

EN 10216-3:2013

Feadáin chruach gan uaim chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 3: Feadáin chruach snáithe mhín chóimhiotalaithe

55.

EN 10216-4:2013

Feadáin chruach gan uaim chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 4: Feadáin chruach neamhchóimhiotalaithe agus chóimhiotalaithe le hairíonna teochta ísil sainithe

56.

EN 10216-5:2021

Feadáin chruach gan uaim chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 5: Feadáin chruach dhosmálta

57.

EN 10217-1:2019

Feadáin chruach táthaithe chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 1: Feadáin leictreacha táthaithe agus stua-tháthaithe thumtha neamhchóimhiotalaithe le hairíonna teochta seomra sainithe

58.

EN 10217-2:2019

Feadáin chruach táthaithe chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 2: Feadáin leictreacha chruach táthaithe neamhchóimhiotalaithe agus chóimhiotalaithe le hairíonna teochta ardaithe sainithe

59.

EN 10217-3:2019

Feadáin chruach táthaithe chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 3: Feadáin leictreacha snáithe mhín táthaithe agus stua-tháthaithe thumtha chóimhiotalaithe le hairíonna teochta seomra, ardaithe agus ísil sainithe

60.

EN 10217-4:2019

Feadáin chruach táthaithe chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 4: Feadáin leictreacha chruach neamhchóimhiotalaithe le hairíonna teochta ísil sainithe

61.

EN 10217-5:2019

Feadáin chruach táthaithe chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 5: Feadáin chruach stua-táthaithe thumtha neamhchóimhiotalaithe agus chóimhiotalaithe le hairíonna teochta ardaithe sainithe

62.

EN 10217-6:2019

Feadáin chruach táthaithe chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 6: Feadáin chruach stua-táthaithe neamhchóimhiotalaithe le hairíonna teochta ísil sainithe

63.

EN 10217-7:2021

Feadáin chruach táthaithe chun críocha brú - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 7: Feadáin chruach dhosmálta

64.

EN 10222-1:2017

Gaibhneacht chruach chun críocha brú - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta maidir le gaibhneacht dísle oscailte

65.

EN 10222-2:2017+A1:2021

Gaibhneacht chruach chun críocha brú - Cuid 2: Cruach fheiríteach agus mhártainsít ag a bhfuil airíonna teochta ardaithe faoi leith

66.

EN 10222-3:2017

Gaibhneacht chruach chun críocha brú - Cuid 3: Cruach nicile ag a bhfuil airíonna teochta ísle faoi leith

67.

EN 10222-4:2017+A1:2021

Gaibhneacht chruach chun críocha brú - Cuid 4: Cruach snáithe mhín intáthaithe le neart ard-díonachta

68.

EN 10222-5:2017

Gaibhneacht chruach chun críocha brú - Cuid 5: Cruach dhosmálta mhártainsít, ástainíteach agus ástainíteach-fheiríteach

69.

EN 10253-2:2021

Feistis píobáin buntáthaithe - Cuid 2: Cruach neamh-chóimhiotail agus cóimhiotail fheirítigh le riachtanais iniúchta shainiúla

70.

EN 10253-4:2008

Feistis píobáin buntáthaithe - Cuid 4: Cruacha dosmálta ástainíteacha agus ástainíteacha/feiríteacha (déphléacsach) le riachtanais iniúchta shainiúla

EN 10253-4:2008/AC:2009

71.

EN 10269:2013

Cruach agus cóimhiotail le haghaidh fáisceán ag a bhfuil airíonna ardaithe agus/nó ísle teochta

72.

EN 10272:2016

Barra cruach dosmálta chun críocha brú

73.

EN 10273:2016

Barraí cruach teorollta intáthaithe chun críocha brú a bhfuil airíonna sonraithe acu maidir le teocht ard

74.

EN 10305-4:2016

Feadáin chruach le haghaidh feidhmeanna beachtais - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 4: Feadáin fhuartharraingthe gan uaim le haghaidh córais cumhachta hiodrálaí agus neomataí

75.

EN 10305-6:2016

Feadáin chruach le haghaidh feidhmeanna beachtais - Coinníollacha teicniúla seachadta - Cuid 6: Feadáin fhuartharraingthe táthaithe le haghaidh córais cumhachta hiodrálaí agus neomataí

76.

EN ISO 10931:2005

Córais phíopaí plaistigh d’fheidhmeanna tionsclaíocha - Fluairíd pholaivinilídéine (PVDF) - Sonraíochtaí do chomhpháirteanna agus don chóras (ISO 10931:2005)

EN ISO 10931:2005/A1:2015

77.

EN 12178:2016

Córais chuisniúcháin agus caidéil teasa - Gairis taispeána don leibhéal leachta - Ceanglais, tástáil agus marcáil

78.

EN 12263:1998

Córais chuisniúcháin agus caidéil teasa - Gairis aistrithe sábháilteachta chun an brú a theorannú - Ceanglais agus tástálacha

79.

EN 12261:2024

Méadair gháis - Méadair gháis tuirbín

80.

EN 12266-1:2012

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí miotalacha a thástáil - Cuid 1: Tástálacha brú, nósanna imeachta tástála agus critéir ghlactha - Ceanglais éigeantacha

81.

EN 12288:2010

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí geata de chóimhiotal copair

82.

EN 12392:2016

Alúmanam agus cóimhiotail alúmanaim - Táirgí buailte agus teilgthe - Riachtanais speisialta le haghaidh táirgí atá beartaithe le haghaidh trealamh brú a tháirgeadh

83.

EN 12420:2014

Copar agus cóimhiotail chopair - Gaibhniú

84.

EN 12434:2000

Árthaigh crióigineach - píobáin crióigineacha solúbtha

EN 12434:2000/AC:2001

85.

EN 12451:2012

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin chopair, cruinne gan uaim le haghaidh teasmhalartóirí

86.

EN 12452:2012

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin rollta, eiteacha, gan uaim do theasmhalartóirí

87.

EN 12516-1:2014+A1:2018

Comhlaí tionsclaíocha - Neart dearaidh sliogáin - Cuid 1: Modh táblaithe do shliogáin chomhlaí cruach

88.

EN 12516-2:2014+A1:2021

Comhlaí tionsclaíocha - Neart dearaidh sliogáin - Cuid 2: Modh ríofa maidir le sliogáin chomhlaí cruach

89.

EN 12516-3:2002

Comhlaí - Neart deartha scealla - Cuid 3: Modh turgnamhach

EN 12516-3:2002/AC:2003

90.

EN 12516-4:2014+A1:2018

Comhlaí tionsclaíocha - Neart dearaidh sliogáin - Cuid 4: Modh ríofa le haghaidh comhlaí sliogáin a mhonaraítear in ábhair mhiotalacha seachas cruach

91.

EN 12542:2020

Trealamh agus oiriúintí GPL - Árthaí brú sorcóireacha seasta déanta de chruach tháite, a tháirgtear go sraitheach chun Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL) a stóráil iontu agus nach bhfuil toirt níos mó ná 13 m3 acu - Dearadh agus déantúsaíocht

92.

EN 12735-1:2020

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin chopair, cruinne gan uaim le haghaidh aerchóirithe agus cuisnithe - Cuid 1: Feadáin do chórais píobánra

93.

EN 12735-2:2016

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin chopair, cruinne gan uaim le haghaidh aerchóirithe agus cuisnithe - Cuid 2: Feadáin do threalamh

94.

EN 12778:2002

Earraí cócaireachta - Brúbhruthairí le haghaidh úsáid tí

EN 12778:2002/A1:2005

EN 12778:2002/AC:2003

95.

EN 12952-1:2015

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 1: Ginearálta

96.

EN 12952-2:2021

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 2: Ábhair le haghaidh brúpháirteanna coirí agus gabhálas

97.

EN 12952-3:2022

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 3: Dearadh agus ríomh le haghaidh codanna brú den choire

98.

EN 12952-5:2021

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 5: Saoirseacht agus tógáil brúpháirteanna den choire

99.

EN 12952-6:2021

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 6: Cigireacht le linn thógáil, dhoiciméadú agus mharcáil brúpháirteanna na coire

100.

EN 12952-7:2012

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 7: Ceanglais maidir le trealamh don choire

101.

EN 12952-8:2022

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 8: Ceanglais maidir le córais adhainte le haghaidh breoslaí leachta agus gásacha don choire

102.

EN 12952-9:2022

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 9: Ceanglais maidir le córais adhainte le haghaidh breoslaí soladacha púdraithe don choire

103.

EN 12952-10:2021

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 10: Ceanglais maidir le cosaint ar bhrú iomarcach

104.

EN 12952-11:2007

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 11: Ceanglais maidir le feistí teorannaithe den choire agus de na gabháltais

105.

EN 12952-14:2004

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 14: Ceanglais maidir le córais DENOX amóinia brúchóirithe leachtaithe agus tuaslagán uisce amóinia

106.

EN 12952-16:2022

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 16: Ceanglais maidir le córais adhainte grátaí agus scaire sreabhaí le haghaidh breoslaí soladacha don choire

107.

EN 12952-18:2012

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 18: Treoracha oibriúcháin

108.

EN 12953-1:2012

Coirí scealla - Cuid 1: Ginearálta

109.

EN 12953-2:2012

Coirí scealla - Cuid 2: Ábhair le haghaidh brúpháirteanna coirí agus gabhálas

110.

EN 12953-3:2016

Coirí scealla - Cuid 3: Dearadh agus ríomh le haghaidh codanna brú

111.

EN 12953-4:2018

Coirí scealla - Cuid 4: Saoirseacht agus tógáil brúpháirteanna den choire

112.

EN 12953-5:2020

Coirí scealla - Cuid 5: Cigireacht le linn thógáil, dhoiciméadú agus mharcáil brúpháirteanna na coire

113.

EN 12953-6:2011

Coirí scealla - Cuid 6: Ceanglais maidir le trealamh don choire

114.

EN 12953-7:2002

Coirí scealla - Cuid 7: Ceanglais maidir le córais adhainte le haghaidh breoslaí leachta agus gásacha don choire

115.

EN 12953-8:2001

Coirí scealla - Cuid 8: Ceanglais maidir le cosaint ar bhrú iomarcach

EN 12953-8:2001/AC:2002

116.

EN 12953-9:2007

Coirí scealla - Cuid 9: Ceanglais maidir le feistí teorannaithe den choire agus de na gabháltais

117.

EN 12953-12:2003

Coirí scealla - Cuid 12: Ceanglais maidir le córais adhainte grátaí le haghaidh breoslaí soladacha don choire

118.

EN 12953-13:2012

Coirí scealla - Cuid 13: Treoracha oibriúcháin

119.

EN 13121-1:2021

Umair agus soithí GRP le húsáid os cion na talún - Cuid 1: Amhábhair - Dálaí sonraíochta agus critéir inghlacthachta

120.

EN 13121-2:2003

Umair agus soithí GRP le húsáid os cion na talún - Cuid 2: Ábhair ilchodacha - Friotaíocht cheimiceach

121.

EN 13121-3:2016

Umair agus soithí GRP le húsáid os cion na talún - Cuid 3: Dearadh agus saoirseacht

122.

EN 13134:2000

Prásáil - Faomhadh nós imeachta

123.

EN 13136:2013+A1:2018

Córais chuisniúcháin agus caidéil teasa - Gairis faoisimh bhrú agus a bpíobáil ghaolmhar - Modhanna ríofa

124.

EN 13175:2019+A1:2020

Trealamh agus oiriúintí GPL - Sonraíocht agus tástáil maidir le comhlaí agus fearais do shoitheach brú Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL)

125.

EN 13348:2016

Copar agus cóimhiotail chopair - Feadáin chopair, cruinne gan uaim do gháis mhíochaine nó d’fholús

126.

EN 13371:2001

Soithí crióigineacha - Cúpláin le haghaidh seirbhís chrióigineach

127.

EN 13397:2001

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí scairt déanta d’ábhair mhiotalacha

128.

EN 13445-1:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 1: Ginearálta

129.

EN 13445-2:2021+A1:2023

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 2: Ábhair

130.

EN 13445-3:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 3: Dearadh

131.

EN 13445-4:2021+A1:2023

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 4: Déanamh

132.

EN 13445-5:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 5: Cigireacht agus tástáil

133.

EN 13445-6:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 6: Ceanglais maidir le dearadh agus déanamh árthaí brú agus brúpháirteanna atá déanta as iarann teilgthe sféaróideach graifíte

134.

EN 13445-8:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 8: Ceanglais bhreise le haghaidh árthaí brú alúmanam agus cóimhiotal alúmanam

135.

EN 13445-10:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 10: Ceanglais bhreise le haghaidh árthaí brú nicile agus cóimhiotal nicile

136.

EN 13458-1:2002

Soithí crióigineacha - Soithí inslithe folúis statacha - Cuid 1: Bunriachtanais

137.

EN 13458-2:2002

Soithí crióigineacha - Soithí inslithe folúis statacha - Cuid 2: Dearadh, déanamh, iniúchadh agus tástáil

EN 13458-2:2002/AC:2006

138.

EN 13480-1:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 1: Ginearálta

EN 13480-1:2017/A1:2019

139.

EN 13480-2:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 2: Ábhair

EN 13480-2:2017/A3:2018

EN 13480-2:2017/A1:2018

EN 13480-2:2017/A2:2018

EN 13480-2:2017/A7:2020

EN 13480-2:2017/A8:2021

140.

EN 13480-3:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 3: Dearadh agus ríomh

EN 13480-3:2017/A3:2020

EN 13480-3:2017/A2:2020

EN 13480-3:2017/A1:2021

EN 13480-3:2017/A4:2021

EN 13480-3:2017/A5:2022

141.

EN 13480-4:2012

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 4: Déantúsaíocht agus suiteáil

EN 13480-4:2012/A1:2013

EN 13480-4:2012/A2:2015

142.

EN 13480-5:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 5: Cigireacht agus tástáil

EN 13480-5:2017/A1:2019

EN 13480-5:2017/A2:2021

143.

EN 13480-6:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 6: Ceanglais bhreise maidir le píopaí adhlactha

EN 13480-6:2017/A1:2019

144.

EN 13480-8:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 8: Ceanglais bhreise maidir le píopaí alúmanaim agus píopaí cóimhiotail alúmanaim

145.

EN 13547:2013

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí liathróide de chóimhiotal copair

146.

EN ISO 13585:2012

Prásáil - Tástáil cháilíochta prásaithe agus oibritheoirí prásála (ISO 13585:2012)

147.

EN 13648-1:2008

Soithí crióigineacha - Gairis sábháilteachta maidir le cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 1: Comhlaí sábháilteachta le haghaidh seirbhís chrióigineach

148.

EN 13648-2:2002

Soithí crióigineacha - Gairis sábháilteachta maidir le cosaint ar bhrú iomarcach - Cuid 2: Gairis sábháilteachta maidir le diosca bristeach le haghaidh seirbhís chrióigineach

149.

EN 13709:2010

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí cruinne agus cruinneánacha cruach le haghaidh stopadh agus seiceáil

150.

EN 13789:2010

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí cruinne iarann teilgthe

151.

EN 13799:2022

Trealamh agus oiriúintí GPL - Tomhsairí inneachair d’árthaí brú Gáis Peitriliam Leachtaithe (GPL)

152.

EN 13831:2007

Soithí borrtha dúnta le scannán ionsuite le suiteáil in uisce

153.

EN 13835:2012

Teilgean - Iarainn theilgthe ástainíteacha

154.

EN 13923:2005

Soithí brú FRP filiméid chasta - Sainmhínithe, sonraíochtaí agus comhréireacht

155.

EN 14129:2014

Trealamh agus oiriúintí GPL - Comhlaí fuascailte brú d’artaigh brú GPL

156.

EN 14197-1:2003

Soithí crióigineacha - Soithí inslithe neamh-fholúis statacha - Cuid 1: Bunriachtanais

157.

EN 14197-2:2003

Soithí crióigineacha - Soithí inslithe neamh-fholúis statacha - Cuid 2: Dearadh, déanamh, iniúchadh agus tástáil

EN 14197-2:2003/A1:2006

EN 14197-2:2003/AC:2006

158.

EN 14197-3:2004

Soithí crióigineacha - Soithí inslithe neamh-fholúis statacha - Cuid 3: Riachtanais oibríochtúla

EN 14197-3:2004/A1:2005

EN 14197-3:2004/AC:2004

159.

EN 14222:2021

Coirí gaile cruach dosmálta

160.

EN 14276-1:2020

Brú-threalamh do chórais chuisniúcháin agus do chaidéil teasa - Cuid 1: Árthaí - Ceanglais ghinearálta

161.

EN 14276-2:2020

Brú-threalamh do chórais chuisniúcháin agus do chaidéil teasa - Cuid 2: Píopaí - Ceanglais ghinearálta

162.

EN 14359:2006+A1:2010

Cnuasaitheoirí gás-lódáilte d’fheidhmeanna cumhachta sreabháin

163.

EN 14382:2005+A1:2009

Gléasanna sábháilteachta do stáisiúin agus d’fhearas rialaithe brú gáis - gléasanna múchta sábháilteachta gáis do bhrú ionraoin thuas go 100 bar

EN 14382:2005+A1:2009/AC:2009

164.

EN 14394:2005+A1:2008

Coirí téimh - Coirí téimh mar aon le dóirí brúshéite - Aschur teasa ainmniúil nach mó ná 10 MW agus uasteocht oibriúcháin 110 °C

165.

EN 14570:2014

Trealamh agus oiriúintí GPL - Árthaí GPL os cionn na talún agus faoi bhun na talún a fheistiú

166.

EN 14585-1:2006

Cóimeálacha osáin mhiotail roctha le haghaidh feidhmeanna brú - Cuid 1: Riachtanais

167.

EN 14917:2021

Ailt leathnaithe búireanna miotalacha le haghaidh feidhmeanna brú

168.

EN 15001-1:2023

Bonneagar Gáis - Píbobair suiteála gáis le brú oibriúcháin níos mó ná 0,5 barra do shuiteálacha tionsclaíocha agus níos mó ná 5 bharra do shuiteálacha tionsclaíocha agus neamhthionsclaíocha - Cuid 1: Riachtanais fheidhmiúla mhionsonraithe maidir le dearadh, ábhair, tógáil, iniúchadh agus tástáil

169.

EN ISO 15493:2003

Córais phíopaí plaistigh d’fheidhmeanna tionsclaíocha - Stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle (ABS), polai(viniolclóiríde) neamhphlaistithe (PVC-U) agus (polai)viniolclóiríde clóirínithe (PVC-C) - Sonraíochtaí do chomhpháirteanna agus don chóras - Sraith mhéadrach (ISO 15493:2003)

EN ISO 15493:2003/A1:2017

170.

EN ISO 15494:2018

Córais phíopaí plaistigh d’fheidhmeanna tionsclaíocha - Polabhúitéin (PB), poileitiléin (PE), poileitiléin atá friotaíoch in aghaidh teocht ardaithe (PE-RT), poileitiléin trasnasctha (PE-X), polapróipiléin (PP) - Sraith mhéadrach le haghaidh shonraíochtaí maidir le comhpháirteanna agus maidir leis an gcóras (ISO 15494:2015)

171.

EN ISO 15613:2004

Sonraíocht agus cáilíocht gnáthaimh táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Cáilíocht bunaithe ar thástáil táthúcháin réamhtháirgthe (ISO 15613:2004)

172.

EN ISO 15614-1:2004

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 1: Stuatháthú agus táthú gáis maidir le cruach agus stuatháthú maidir le nicil agus cóimhiotail nicile (ISO 15614-1:2004)

EN ISO 15614-1:2004/A1:2008

EN ISO 15614-1:2004/A2:2012

173.

EN ISO 15614-2:2005

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 2: Stuatháthú alúmanam agus a chóimhiotail (ISO 15614-2:2005)

EN ISO 15614-2:2005/AC:2009

174.

EN ISO 15614-4:2005

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 4: Táthú bailchríche teilgean alúmanam (ISO 15614-4:2005)

EN ISO 15614-4:2005/AC:2007

175.

EN ISO 15614-5:2004

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 5: Stuatháthú tíotáiniam, siorcóiniam agus a gcóimhiotail (ISO 15614-5:2004)

176.

EN ISO 15614-6:2006

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 6: Stuatháthú agus táthú gáis copair a chóimhiotail (ISO 15614-6:2006)

177.

EN ISO 15614-7:2007

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 7: Táthú forleagan (ISO 15614-7:2007)

178.

EN ISO 15614-8:2016

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 8: Táthú feadán le hailt feadáin-pláta (ISO 15614-8:2016)

179.

EN ISO 15614-11:2002

Sonraíocht agus cáilíocht nósanna imeachta táthúcháin le haghaidh ábhair mhiotalacha - Tástáil ar ghnáthamh táthúcháin - Cuid 11: Táthú léasa léasair (ISO 15614-11:2002)

180.

EN ISO 15620:2019

Táthú - Táthú frithchuimilte ábhar miotalach (ISO 15620:2019)

181.

EN 15776:2022

Árthaí brú neamhbhácáilte- Ceanglais maidir le dearadh agus déanamh árthaí brú agus páirteanna árthaí brú atá déanta as iarann teilgthe le fadú i ndiaidh briste cothrom le 15 % nó níos lú ná sin

182.

EN ISO 16135:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí liathróid d’ábhair theirmeaplaistigh (ISO 16135:2006)

EN ISO 16135:2006/A1:2019

183.

EN ISO 16136:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí féileacán d’ábhair theirmeaplaiseacha (ISO 16136:2006)

EN ISO 16136:2006/A1:2019

184.

EN ISO 16137:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí seiceála d’ábhair theirmeaplaisteacha (ISO 16137:2006)

EN ISO 16137:2006/A1:2019

185.

EN ISO 16138:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí scairte d’ábhair theirmeaplaisteacha (ISO 16138:2006)

EN ISO 16138:2006/A1:2019

186.

EN ISO 16139:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí geata d’ábhair theirmeaplaisteacha (ISO 16139:2006)

EN ISO 16139:2006/A1:2019

187.

EN 16668:2016+A1:2018

Comhlaí tionsclaíocha - Ceanglais agus tástáil le haghaidh comhlaí miotalacha mar oiriúintí brú

188.

EN 16767:2020

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí seiceála miotalacha

189.

EN 17278:2021

Feithiclí gáis nádúrtha - Fearais breoslaithe feithiclí

190.

EN ISO 21009-2:2015

Soithí crióigineacha - Soithí inslithe folúis statacha - Cuid 2: Riachtanais oibríochtúla (ISO 21009-2:2015)

191.

EN ISO 21013-3:2016

Soithí crióigineacha - Oiriúintí maolaithe brú le haghaidh seirbhís chrióigineach - Cuid 3: Méidniú agus toilleadh a shocrú (ISO 21013-3:2016)

192.

EN ISO 21028-1:2016

Soithí crióigineacha - Riachtanais righnis le haghaidh ábhar ag teocht chrióigineach - Cuid 1: Teochtaí faoi -80 °C (ISO 21028-1:2016)

193.

EN ISO 21028-2:2018

Soithí crióigineacha - Riachtanais righnis le haghaidh ábhar ag teocht chrióigineach - Cuid 2: Teochtaí idir -80 céim C agus -20 céim C (ISO 21028-2:2018)

194.

EN ISO 21787:2006

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí cruinne d’ábhair theirmeaplaisteacha (ISO 21787:2006)

EN ISO 21787:2006/A1:2019

195.

EN ISO 21922:2021

Córais chuisniúcháin agus teaschaidéil - Comhlaí - Ceanglais, tástáil agus marcáil (ISO/FDIS 21922:2021)


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

Uimhir thagartha an chaighdeáin

Dáta an tarraingt siar

1.

EN 19:2016

Comhlaí tionsclaíocha - Comhlaí miotalacha a mharcáil

31.7.2026

2.

EN 12952-3:2011

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 3: Dearadh agus ríomh le haghaidh codanna brú den choire

31.7.2026

3.

EN 12952-8:2002

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 8: Ceanglais maidir le córais adhainte le haghaidh breoslaí leachta agus gásacha don choire

31.7.2026

4.

EN 12952-9:2002

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 9: Ceanglais maidir le córais adhainte le haghaidh breoslaí soladacha púdraithe don choire

31.7.2026

5.

EN 12952-16:2002

Coirí feadáin uisce agus suiteálacha cúnta - Cuid 16: Ceanglais maidir le córais adhainte grátaí agus scaire sreabhaí le haghaidh breoslaí soladacha don choire

31.7.2026

6.

EN 15001-1:2009

Bonneagar Gáis - Píbobair suiteála gáis le brú oibriúcháin níos mó ná 0,5 barra do shuiteálacha tionsclaíocha agus níos mó ná 5 bharra do shuiteálacha tionsclaíocha agus neamhthionsclaíocha - Cuid 1: Riachtanais fheidhmiúla mhionsonraithe maidir le dearadh, ábhair, tógáil, iniúchadh agus tástáil

31.7.2026

7.

EN 15776:2011+A1:2015

Árthaí brú neamhbhácáilte - Ceanglais maidir le dearadh agus déanamh árthaí brú agus brúpháirteanna atá déanta as iarann teilgthe le fadú i ndiaidh codán cothrom le 15 % nó níos lú ná sin

31.7.2026


IARSCRÍBHINN III

Uimh.

Uimhir thagartha an chaighdeáin

Dáta an tarraingt siar

1.

EN 13445-2:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 2: Ábhair

31.7.2026

2.

EN 13445-4:2021

Árthaí brú neamhbhácáilte - Cuid 4: Déanamh

31.7.2026

3.

EN 13480-3:2017

Píopaí miotalacha tionsclaíocha - Cuid 3: Dearadh agus ríomh

EN 13480-3:2017/A3:2020

EN 13480-3:2017/A2:2020

EN 13480-3:2017/A1:2021

EN 13480-3:2017/A4:2021

31.7.2026


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/165/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)