|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/161 |
30.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/161 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2025
maidir le húdarú ullmhóide múraimíodáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei DSM 32338 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd, atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóide múraimíodáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei DSM 32338 mar bhreiseán beathaithe. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide múraimíodáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei DSM 32338 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 17 Aibreán 2024 (2) go bhfuil an ullmhóid múraimíodáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei DSM 32338 sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach meastar go bhfuil an fhoirm leachtach den ullmhóid greannach don chraiceann ná do na súile, nach meastar go bhfuil an fhoirm soladach di greannach don chraiceann, agus gur cheart an dá fhoirm a mheas mar íogróirí riospráide mar gheall ar chineál próitéineach na hullmhóide. Mar sin féin, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid i dtaobh an bhféadfadh an ullmhóid a bheith ina híogróir deirmeach (an dá fhoirm) ná an bhféadfadh an fhoirm soladach di a bheith greannach do na súile. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtúil mar bhreiseán zóiteicniúil le haghaidh béaróg ag 30 000 LSU(F)/kg d’ábhar beatha. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo maidir leis na modhanna a úsáidtear chun múraimíodáis a rialú i mbeatha ainmhithe bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (3), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid mhúraimíodáise arna táirgeadh le Trichoderma reesei DSM 32338 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8788.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar an bhfeidhmíocht ubh-bhreithe) |
|||||||||||||
|
4d16 |
DSM Nutritional Products Ltd, atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o. |
Múraimíodáis (EC 3.2.1.17) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid mhúraimíodáise (EC 3.2.1.17) arna táirgeadh le Trichoderma reesei DSM 32338, ullmhóid a bhfuil gníomhaíocht íosta 60 000 LSU(F) (1)/g aici. Foirmeacha soladacha agus leachtacha. Tréithriú na substainte gníomhaí Múraimíodáis (EC 3.2.1.17, ar a dtugtar ‘lísisím’ freisin) arna táirgeadh le Trichoderma reesei DSM 32338 Modh anailíse (2) Maidir le múraimíodáis a chainníochtú: modh measúnachta einsíme atá bunaithe ar fhluaraiseacht lena gcinntear dípholaiméiriú einsímchatalaithe na hullmhóide peiptídigliocáin a bhfuil lipéad fluaraisine uirthi ag pH 6,0 agus ag 30 °C. |
Béaróga |
- |
30 000 LSU(F) |
60 000 LSU(F) |
|
an 19 Feabhra 2035 |
||||
(1) Sainmhínítear 1 LSU(F) mar mhéid na heinsíme lena méadaítear fluaraiseacht 12,5 μg/ml peiptídigliocán a bhfuil lipéad fluaraisine air in aghaidh an nóiméid ag pH 6,0 agus ag 30 °C ag luach a chomhfhreagraíonn do fhluaraiseacht 0,06 nmol d’isiméir isitiaicianáite fluaraisine, go neasach.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/161/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)