European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/159

30.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/159 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Pediococcus pentosaceus DSM 14021 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 ón gCoimisiún (2) údaraíodh an ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 14021 ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide Pediococcus pentosaceus DSM 14021 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 12 Márta 2024 (3) go bhfuil an ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 14021 fós sábháilte do gach spriocspeiceas ainmhíoch, do na tomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin gur cheart a mheas go bhféadfadh an breiseán a bheith ina íogróir craicinn agus riospráide, agus go meastar go bhfuil riosca ag gabháil le haon teagmháil tríd an gcraiceann agus an conair riospráide agus níorbh fhéidir leis teacht ar chonclúid maidir le poitéinseal an bhreiseáin um ghreannú súl toisc easpa sonraí a bheith ann. Chuir an tÚdarás in iúl freisin nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin ós rud é nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan togra maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, rud a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin.

(5)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 14021 mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 14021 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais.

(7)

Mar thoradh ar údarú na hullmhóide Pediococcus pentosaceus DSM 14021 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 a aisghairm.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe

Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 a aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 84/2014 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2014 maidir le húdarú ullmhóidí de Pediococcus pentosaceus DSM 14021, Pediococcus pentosaceus DSM 23688 nó Pediococcus pentosaceus DSM 23689 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 28, 31.1.2014, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/84/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA], 22(4), e8706.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k1009

Pediococcus pentosaceus DSM 14021

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid arb é atá inti Pediococcus pentosaceus DSM 14021 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Foirm sholadach

-------------

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Úsáidfear an breiseán in ábhar úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair a shadhlasú (2).

3.

Íosdáileog an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i dteaglaim le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

4.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

19 Feabhra 2035

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus DSM 14021

-------------

Modh anailíse  (1)

Áireamh Pediococcus pentosaceus DSM 14021 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786).

Sainaithint Pediococcus pentosaceus DSM 14021:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) - CEN/TS 17697 nó modhanna seicheamhaithe ADN.


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste atá measartha deacair a shadhlasú: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus leis an méid atá le cur i láthair sna hiarratais agus a mhéid a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhreiseáin bheathaithe agus na breiseáin sin a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/159/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)