European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/158

30.1.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/158 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh aicéataimípride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás na substainte gníomhaí aicéataimíprid, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

D’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ráiteas a sholáthar maidir le hairíonna tocsaineolaíocha agus MRLanna na haicéataimípride agus a meitibilítí, i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Sa ráiteas uaidh (3), shuigh an tÚdarás iontógáil laethúil inghlactha níos ísle agus géardháileog thagartha níos ísle le haghaidh aicéataimípride agus chuir sé an mheitibilít IM-2-1 san áireamh sa sainmhíniú ar iarmhar ar mhaithe leis an measúnú riosca ar aicéataimíprid i dtorthaí agus i mbarra duilleacha.

(4)

Shainaithin an tÚdarás sárú ar an ngéardháileog thagartha maidir leis na MRLanna le haghaidh cuiríní, bananaí, leitísí, searbháin muc, spionáistí, agus seardais/duilleoga biatais. Chuaigh an tÚdarás i gcomhairle leis na Ballstáit agus d’iarr sé orthu dea-chleachtais talmhaíochta chúltaca fhéideartha a thuairisciú a údaraíodh sna Ballstáit nó i dtríú tíortha agus a ndearnadh meastóireacht orthu cheana ar leibhéal na mBallstát, agus a d’fhágfadh nach mbeadh riosca do-ghlactha ann do thomhaltóirí. Níor tuairiscíodh aon dea-chleachtas talmhaíochta cúltaca. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna le haghaidh na dtráchtearraí sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a ísliú go dtí an teorainn chinnidh ábhartha.

(5)

Shainaithin an tÚdarás freisin sárú ar an ngéardháileog thagartha maidir leis na MRLanna le haghaidh torthaí ón meispeal Gearmánach, silíní, péitseog, fíonchaor fíonchaora boird, sméara dubha, sútha craobh, fraochán, mónóg, spíonán, caora troim, ológa boird, trátaí, ubhthorthaí, mealbhacán, puimcíní, mealbhacáin uisce, brocailí, cóiliseacha, cabáistí cinn, ceathrúna uain, roicéad Rómhánach, mustard dhearga, lus súgach, ae ó bhó-ainmhithe, agus scairteach inite eile ó bhó-ainmhithe. Chuaigh an tÚdarás i gcomhairle leis na Ballstáit agus d’iarr sé orthu dea-chleachtais talmhaíochta chúltaca fhéideartha a thuairisciú a údaraíodh sna Ballstáit nó i dtríú tíortha agus a ndearnadh meastóireacht orthu cheana ar leibhéal na mBallstát, agus a d’fhágfadh nach mbeadh riosca do-ghlactha ann do thomhaltóirí. Tuairiscíodh dea-chleachtais talmhaíochta chúltaca le haghaidh na dtráchtearraí sin, dea-chleachtais nach bhfágann go sáraítear an ghéardháileog thagartha. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna le haghaidh na dtráchtearraí sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a ísliú go dtí na luachanna a mholann an tÚdarás.

(6)

Shainaithin an tÚdarás freisin sárú ar an ngéardháileog thagartha maidir leis na MRLanna le haghaidh úll, piorraí, aibreog, piobar, cúcamar agus cúirséad. Chuaigh an tÚdarás i gcomhairle leis na Ballstáit agus d’iarr sé orthu dea-chleachtais talmhaíochta chúltaca fhéideartha a thuairisciú a údaraíodh sna Ballstáit nó i dtríú tíortha agus a ndearnadh meastóireacht orthu cheana ar leibhéal na mBallstát, agus a d’fhágfadh nach mbeadh riosca do-ghlactha ann do thomhaltóirí. Tuairiscíodh dea-chleachtais talmhaíochta chúltaca le haghaidh na dtráchtearraí sin, dea-chleachtais nach bhfágann go sáraítear an ghéardháileog thagartha. Mar sin féin, os rud é go raibh roinnt faisnéise ann nach raibh ar fáil, ba ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Dá bhrí sin, déanfar athbhreithniú ar MRLanna na dtráchtearraí sin cé go meastar go bhfuil na MRLanna sin sábháilte. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, is iomchuí na MRLanna le haghaidh na dtráchtearraí sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a ísliú go dtí na luachanna a mholann an tÚdarás.

(7)

Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

(9)

Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna nua ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua a thagann as an modhnú ar na MRLanna.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 19 Lúnasa 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).

(3)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Ráiteas maidir le hairíonna tocsaineolaíocha agus uasleibhéil iarmhar na haicéataimípride agus a meitibilítí; EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8759.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh aicéataimípride:

Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (1)

Aicéataimíprid (R)

‘0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,9

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,07

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

 

0130010

Úlla

0,07 (+)

0130020

Piorraí

0,07 (+)

0130030

Cainchí

0,15 (+)

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

0,3

0130050

Locuatanna

0,8

0130990

Eile (2)

0,8

0140000

Torthaí cloiche

 

0140010

Aibreoga

0,08 (+)

0140020

Silíní (iad milis)

0,8

0140030

Péitseoga

0,08

0140040

Plumaí

0,03

0140990

Eile (2)

0,01  (*1)

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

0,08

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

0,5

0153000

(c)

torthaí cána

 

0153010

Sméara dubha

0,6

0153020

Eithreoga

2

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

0,6

0153990

Eile (2)

2

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

 

0154010

Fraocháin

0,7

0154020

Mónóga

0,7

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

0,01  (*1)

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

0,7

0154050

Mogóirí róis

2

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

2

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

0,01  (*1)

0154080

Caora troim

0,5

0154990

Eile (2)

0,01  (*1)

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

0,01  (*1)

0161020

Figí

0,03

0161030

Ológa boird

0,9

0161040

Cumcuait

0,01  (*1)

0161050

Torthaí réaltúla

0,01  (*1)

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

0,01  (*1)

0161070

Plumaí láva

0,01  (*1)

0161990

Eile (2)

0,01  (*1)

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

0,01  (*1)

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

0,01  (*1)

0163010

Abhacáid

 

0163020

Bananaí

 

0163030

Mangónna

 

0163040

Papánna

 

0163050

Pomagránaití

 

0163060

Céiriomoighe

 

0163070

Guábhaí

 

0163080

Anainn

 

0163090

Torthaí aráin

 

0163100

Duraígh

 

0163110

Úlla deilgneacha

 

0163990

Eile (2)

 

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

0,01  (*1)

0211000

(a)

prátaí

 

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

 

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

 

0220010

Gairleog

0,02

0220020

Oinniúin

0,02

0220030

Seallóidí

0,01  (*1)

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

0,01  (*1)

0220990

Eile (2)

0,01  (*1)

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

0,06

0231020

Piobair

0,09 (+)

0231030

Ubhthorthaí

0,2

0231040

Ocra

0,2

0231990

Eile (2)

0,2

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

 

0232010

Cúcamair

0,05 (+)

0232020

Gircíní

0,6

0232030

Cúirséid

0,05 (+)

0232990

Eile (2)

0,3

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

 

0233010

Mealbhacáin

0,08

0233020

Puimcíní

0,08

0233030

Mealbhacáin uisce

0,08

0233990

Eile (2)

0,2

0234000

(d)

arbhar milis

0,01  (*1)

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,2

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

 

0241000

(a)

praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

0,06

0241020

Cóilis

0,06

0241990

Eile (2)

0,4

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

0,05

0242020

Cabáistí cinn

0,03

0242990

Eile (2)

0,01  (*1)

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

0,01  (*1)

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

0,01  (*1)

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

 

0251010

Ceathrúna uain

1,5

0251020

Leitísí

0,01  (*1)

0251030

Searbháin muc

0,01  (*1)

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

3

0251050

Biolair thalún

3

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

1,5

0251070

Mustard dearg

0,9

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

3

0251990

Eile (2)

0,01  (*1)

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

 

0252010

Spionáistí

0,01  (*1)

0252020

Puirsleáin

0,6

0252030

Seardas/duilleoga biatais

0,01  (*1)

0252990

Eile (2)

0,6

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,01  (*1)

0254000

(d)

biolair uisce

0,01  (*1)

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

0,01  (*1)

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

3

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

 

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga orthu)

0,6

0260020

Pónairí (gan faighneoga orthu)

0,3

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga orthu)

0,6

0260040

Piseanna (gan faighneoga orthu)

0,3

0260050

Lintilí

0,01  (*1)

0260990

Eile (2)

0,01  (*1)

0270000

Glasraí gais

 

0270010

Lus súgach

0,01  (*1)

0270020

Cardúin

0,01  (*1)

0270030

Soilirí

0,01  (*1)

0270040

Finéal Fhlórans

0,01  (*1)

0270050

Bliosáin chruinne

0,7

0270060

Cainneanna

0,01  (*1)

0270070

Biabhóg

0,01  (*1)

0270080

Péacáin bhambú

0,01  (*1)

0270090

Croíthe pailme

0,01  (*1)

0270990

Eile (2)

0,01  (*1)

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,01  (*1)

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01  (*1)

0300000

PISEÁNAIGH

0,15

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

 

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

0,01  (*1)

0401020

Piseanna talún

0,01  (*1)

0401030

Síolta poipín

0,01  (*1)

0401040

Síolta seasamain

0,01  (*1)

0401050

Síolta lus na gréine

0,01  (*1)

0401060

Síolta ráibe

0,4

0401070

Pónairí soighe

0,01  (*1)

0401080

Síolta mustaird

0,01  (*1)

0401090

Síolta cadáis

0,7

0401100

Síolta puimcín

0,01  (*1)

0401110

Síolta cróch bréige

0,01  (*1)

0401120

Síolta borráiste

0,01  (*1)

0401130

Caimilín

0,01  (*1)

0401140

Síolta cnáibe

0,01  (*1)

0401150

Pónairí ricne

0,01  (*1)

0401990

Eile (2)

0,01  (*1)

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

3

0402020

Eithní pailme ola

0,01  (*1)

0402030

Torthaí pailme oila

0,01  (*1)

0402040

Capac

0,01  (*1)

0402990

Eile (2)

0,01  (*1)

0500000

GRÁNAIGH

 

0500010

Eorna

0,05

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

0,01  (*1)

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

0,01  (*1)

0500040

Muiléad coiteann

0,01  (*1)

0500050

Coirce

0,05

0500060

Rís

0,01  (*1)

0500070

Seagal

0,01  (*1)

0500080

Sorgam

0,01  (*1)

0500090

Cruithneacht

0,1

0500990

Eile (2)

0,01  (*1)

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

0,05  (*1)

0610000

Taenna

 

0620000

Pónairí caife

 

0630000

Insiltí luibhe ó

 

0631000

(a)

bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

 

0650000

Carúib

 

0700000

LEANNLUSANNA

0,05  (*1)

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05  (*1)

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

 

0820010

Ilspíosra/pimeantó

0,05  (*1)

0820020

Piobar Szechuan

0,05  (*1)

0820030

Cearbhas

0,05  (*1)

0820040

Cardamam

0,1

0820050

Caor aitil

0,05  (*1)

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

0,1

0820070

Fanaile

0,05  (*1)

0820080

Tamarain

0,05  (*1)

0820990

Eile (2)

0,05  (*1)

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05  (*1)

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,05  (*1)

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,05  (*1)

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,05  (*1)

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05  (*1)

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05  (*1)

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,05  (*1)

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,01  (*1)

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

 

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

0,5

1011020

Saill

0,3

1011030

An t-ae

1

1011040

An duán

1

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1

1011990

Eile (2)

0,02  (*1)

1012000

(b)

bó-ainmhí

 

1012010

Matán

0,5

1012020

Saill

0,3

1012030

An t-ae

0,03

1012040

An duán

1

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,05

1012990

Eile (2)

0,02  (*1)

1013000

(c)

caoraigh

 

1013010

Matán

0,5

1013020

Saill

0,3

1013030

An t-ae

1

1013040

An duán

1

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1

1013990

Eile (2)

0,02  (*1)

1014000

d)

gabhar

 

1014010

Matán

0,5

1014020

Saill

0,3

1014030

An t-ae

1

1014040

An duán

1

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1

1014990

Eile (2)

0,02  (*1)

1015000

(e)

eachaí

 

1015010

Matán

0,5

1015020

Saill

0,3

1015030

An t-ae

1

1015040

An duán

1

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1

1015990

Eile (2)

0,02  (*1)

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

0,02  (*1)

1016020

Saill

0,02  (*1)

1016030

An t-ae

0,1  (*1)

1016040

An duán

0,1  (*1)

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,02  (*1)

1016990

Eile (2)

0,02  (*1)

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

0,5

1017020

Saill

0,3

1017030

An t-ae

1

1017040

An duán

1

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1

1017990

Eile (2)

0,02  (*1)

1020000

Bainne

0,2

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,02  (*1)

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05  (*1)

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,02  (*1)

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,02  (*1)

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,02  (*1)

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 

(+)

Comhcheangal táirge-lotnaidicíde a bhfuil fonóta ann ina leith. Tá liosta na bhfonótaí thíos.

Aicéataimíprid (R)

(R) Tá an sainmhíniú ar iarmhar éagsúil leis an gcomhcheangal códuimhreacha lotnaidicídí seo a leanas: Aicéataimíprid - cód 1000000 seachas 1040000 : Suim na haicéataimípride agus N-deismeitil-aicéataimípride (IM-2-1), arna sloinneadh mar aicéataimíprid

Tá roinnt faisnéise faoi thrialacha ar iarmhair sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, má chuirtear isteach í faoin 19 Feabhra 2027, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

0130010 Úlla

0130020 Piorraí

0130030 Cainchí

0140010 Aibreoga

0231020 Piobair

0232010 Cúcamair

0232030 Cúirséid


(*1)  Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/158/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)