European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/156

27.1.2025

CINNEADH (AE) 2025/156 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2025

lena gceaptar ceathrar comhaltaí agus cúigear comhaltaí malartacha, arna moladh ag an Ungáir, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na hUngáire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíocháin ceathrar comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Barbara Szilvia HEGEDŰS, József KÓBOR, Lajos KOVÁCS agus József RIBÁNYI a cheapadh.

(4)

Tá suíocháin ceathrar comhaltaí malartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Attila KISS, Erik KONCZER, Ádám MIRKÓCZKI agus Zoltán NÉMETH a cheapadh.

(5)

Tiocfaidh suíochán comhalta mhalartaigh amháin chun bheith folamh tar éis cheapadh Raymund KOVÁCS ina chomhalta de Choiste na Réigiún.

(6)

Mhol rialtas na hUngáire na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Raymund KOVÁCS, Budapest Főváros XVI. Kerület Képviselőtestület tagja (Comhalta de Thionól Áitiúil Dhúiche 16 Bhúdaipeist), László Szabolcs ŐRI, Baranya Vármegye Közgyűlés elnöke (Uachtarán Chomhairle Contae Baranya Vármegye), Klaudia SZEMEREYNÉ PATAKI, Kecskemét Megyei Jogú Város polgármestere (Méara Chathair Kecskemét a bhfuil cearta contae aici), agus, ar bhonn sainordú náisiúnta difriúil, Attila KISS, Hajdú-Biher Vármegye Közgyűlés tagja (Comhalta de Chomhairle Contae Hajdú-Bihar Vármegye).

(7)

Mhol rialtas na hUngáire na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Károly ANDRÁS, Bács Kiskun Vármegye Közgyűlés tagja (Comhalta de Chomhairle Contae Bács-Kiskun Vármegye), Lajos BARCSA, Debrecen Megyei Jogú Város Képviselőtestület tagja (Comhalta de Chomhairle Contae Debrecen a bhfuil cearta contae aici), Béla BÁSTHY, Kőszeg Város polgármestere (Méara Bhaile Kőszeg), Benedek FARKAS, Budaörs Város Képviselőtestület tagja (Comhalta de Thionól Áitiúil Bhaile Budaörs) agus Marietta HERFORT Budapest Főváros v. Kerület Képviselőtestület tagja (Comhalta de Thionól Áitiúil Dhúiche 5 Bhúdaipeist),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhaltaí:

Attila KISS, Hajdú-Biher Vármegye Közgyűlés tagja (Comhalta de Chomhairle Contae Hajdú-Bihar Vármegye) (athrú sainordaithe),

Raymund KOVÁCS, Budapest Főváros XVI. Kerület Képviselőtestület tagja (Comhalta de Thionól Áitiúil Dhúiche 16 Bhúdaipeist),

László Szabolcs ŐRI, Baranya Vármegye Közgyűlés elnöke (Uachtarán Chomhairle Contae Baranya Vármegye),

Klaudia SZEMEREYNÉ PATAKI, Kecskemét Megyei Jogú Város polgármestere (Méara Chathair Kecskemét a bhfuil cearta contae aici),

agus

(b)

mar chomhaltaí malartacha:

Károly ANDRÁS, Bács-Kiskun Vármegye Közgyűlés tagja (Comhalta de Chomhairle Contae Bács-Kiskun Vármegye),

Lajos BARCSA, Debrecen Megyei Jogú Város Képviselőtestület tagja (Comhalta de Chomhairle Cathrach Debrecen a bhfuil cearta contae aici),

Béla BÁSTHY, Kőszeg Város polgármestere (Méara Bhaile Kőszeg),

Benedek FARKAS, Budaörs Város Képviselőtestület tagja (Comhalta de Thionól Áitiúil Bhaile Budaörs) agus

Marietta HERFORT Budapest Főváros v. Kerület Képviselőtestület tagja (Comhalta de Thionól Áitiúil Dhúiche 5 Bhúdaipeist).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/102/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/156/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)