![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/152 |
30.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/152 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2025
maidir le húdarú tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. agus tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey. mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
(2) |
Maidir leis na substaintí tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. agus tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey., rinneadh iad a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh na substaintí sin i gClár na mBreiseán Beathaithe mar tháirgí a bhí ann cheana, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Airteagal 10(1), pointe (b). |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas ar údarú tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. agus tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey. mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus iarradh ann go n-aicmeofaí na breiseáin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(4) |
Ina dhiaidh sin, tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas ar údarú tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. a mhéid a bhaineann lena úsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas capaill, madraí, cait agus éanlaith chlóis, agus an t-iarratas ar údarú tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey. a mhéid a bhaineann lena úsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas capaill, cait agus madraí. |
(5) |
D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí na substaintí lena mbaineann a údarú freisin lena n-úsáid in uisce óil. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid na mbreiseán seo in uisce óil a cheadú. |
(6) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 12 Márta 2024 (3) agus an 13 Márta 2024 (4) maidir le tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. go bhfuil sé sábháilte do chapaill, madraí, cait, éanlaith chlóis agus do thomhaltóirí ar uastiúchaintí áirithe a shonraítear a thuilleadh le haghaidh gach speicis agus maidir le tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey., go bhfuil sé sábháilte do chapaill, madraí, cait agus do thomhaltóirí ar an leibhéal úsáide atá beartaithe i mbeatha agus i mbia. Chinn an tÚdarás freisin maidir le húsáid tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. agus úsáid tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey. i mbeatha ainmhithe, nach meastar iad a bheith ina riosca don chomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. agus tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey. gur cheart iad a mheas mar ghreannaitheoirí craicinn agus súl agus mar íogróirí craicinn nó riospráide. Thairis sin, ós rud é gur féidir le torthaí Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. tionchar a bheith acu ar airíonna céadfacha ábhar beatha, agus ós rud é go bhfuil fréamhacha Panax ginseng C.A.Mey. agus a n-ullmhóidí agus a n-eastóscáin aitheanta mar bhlastáin bhia agus ós rud é go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(7) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. agus tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. |
(8) |
Measann an Coimisiún nach gá uasleibhéil a shocrú le haghaidh tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill agus tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C.A.Mey. ar chúiseanna sábháilteachta. Chun gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar an t-uaschion molta, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann. |
(9) |
Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. Maidir leis na breiseáin bheathaithe tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. agus tintiúr ginsinge ó Panax ginseng C. A. Mey. mar a údaraítear iad de bhun Threoir 70/524/CEE agus na réamh-mheascáin ina bhfuil na breiseáin sin, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Lúnasa 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil na breiseáin bheathaithe dá dtagraítear i mír 1, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil na breiseáin bheathaithe dá dtagraítear i mír 1, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Feabhra 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8730.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8731.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an breiseán beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||
2b61281-t |
Tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas ó thorthaí Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Tintiúr de chaor na gcúig bhlastanas Tintiúr mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1) a fhaightear ó thorthaí triomaithe Schisandra chinensis (Turcz.) Baill. trí eastóscadh le meascán tuaslagóra uisce/eatánóil, fáscadh agus scagadh. Sonraíochtaí
Modh anailíse (2) Maidir le schisandrin agus dé-ocsaiscisandrin (marcóirí fíticheimiceacha) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Madraí |
– |
– |
– |
|
19 Feabhra 2035 |
||||||||||||||||||||||||||
Cait |
– |
– |
– |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Capaill |
– |
– |
– |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Éanlaith chlóis |
– |
– |
– |
Uimhir aitheantais an breiseán beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||
2b318-t |
Tintiúr ginsinge |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Tintiúr ginsinge ó fhréamhacha Panax ginseng C.A.Mey. Foirm leachtach Tréithriú na substainte gníomhaí Tintiúr ginsinge Tintiúr mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (3) a fhaightear ó fréamhacha Panax ginseng C.A.Mey. trí eastóscadh le meascán tuaslagóra uisce/eatánóil, fáscadh agus scagadh. Uimhir Chomhairle na hEorpa: 318 Sonraíochtaí
Modh anailíse (4) Maidir le ginsinisíd-Rg1 agus ginsinisíd-Rb1 (marcóirí fíticheimiceacha) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Capaill |
– |
– |
– |
|
19 Feabhra 2035 |
||||||||||||||||||||||
Madraí |
– |
– |
– |
|||||||||||||||||||||||||||
Cait |
– |
– |
– |
|||||||||||||||||||||||||||
|
|
(1) Natural sources of flavourings – Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
(3) Natural sources of flavourings – Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(4) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/152/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)