European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/150

30.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/150 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí clóiríd mheipiocuat a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún (2) cuireadh clóiríd mheipiocuat le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3) mar shubstaint ghníomhach faoin ainm ‘meipiocuat’.

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí sin a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Deireadh Fómhair 2025.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na Fionlainne, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hEastóine, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí clóiríd mheipiocuat a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas sin a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 19 Nollaig 2018. Sa dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ón mBallstát is rapóirtéir, níorbh fhéidir leis a mholadh go ndéanfaí formheas clóiríde meipiocuat a athnuachan, ós rud é go raibh gá le tuilleadh faisnéise chun airíonna réabtha iontálaigh na substainte gníomhaí sin a chur as an áireamh.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 20 Aibreán 2020 d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise ar an iarratasóir maidir le hairíonna réabtha iontálaigh clóiríde meipiocuat de bhun Airteagal 13(3a), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chuir an t-iarratasóir faisnéis isteach chun go mbeadh an tÚdarás in ann an measúnú a chur i gcrích i dtaobh an gcomhlíontar na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (6).

(9)

I mí Aibreáin 2023 rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan a chur ar fáil don Údarás, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Sa dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan ón mBallstát is rapóirtéir, phléigh sé an fhaisnéis bhreise a chuir an t-iarratasóir isteach maidir leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a shainaithint agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh na hairíonna sin ag clóiríd mheipiocuat i ndáil le speicis dhaonna, mhamacha agus orgánaigh eile nach spriocorgánaigh iad.

(10)

An 4 Iúil 2024, chuir an tÚdarás an chonclúid (7) uaidh in iúl don Choimisiún inar léiríodh gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh clóiríd mheipiocuat na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(11)

An 2 Deireadh Fómhair 2024 chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gconclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus cuireadh san áireamh iad.

(13)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach clóiríd mheipiocuat, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(14)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas clóiríde meipiocuat a athnuachan.

(15)

Cé go bhfuil an measúnú riosca maidir le formheas na substainte gníomhaí clóiríd mheipiocuat a athnuachan bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, níl srian ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil clóiríd mheipiocuat iontu a údarú mar gheall air sin. Dá bhrí sin, is iomchuí gan an srian a choinneáil ar bun maidir le húsáid a bhaint as clóiríd mheipiocuat mar rialaitheoir fáis plandaí amháin.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 6 de, agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha agus i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá, mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le sonraíocht an ábhair theicniúil agus cosaint na n-oibreoirí. Ní gá a thuilleadh an coinníoll sonrach a choinneáil go dtabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na hiarmhair i mbia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch agus go ndéanfaidh siad meastóireacht ar nochtadh cothúcháin tomhaltóirí, ós rud é gur léiríodh sa mheasúnú sealadach riosca do thomhaltóirí go raibh riosca inghlactha ann fiú le haghaidh grúpaí criticiúla tomhaltóirí.

(17)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(18)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/324 ón gCoimisiún (8), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh meipiocuat go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a thabhairt chun críche sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh chun an formheas a athnuachan roimh an dáta éaga sin ar cuireadh síneadh leis, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí clóiríd mheipiocuat, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun flutolainil, beanflurailin, fluasanam, fúibeiríodasól agus meipiocuat a chur léi mar shubstaintí gníomhacha (IO L 317, 27.11.2008, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/108/oj)

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 trí chritéir eolaíocha a leagan amach chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/605/oj).

(7)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2024. Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach clóiríd mheipiocuat (an t-athraitheach a ndearnadh meastóireacht air: clóiríd mheipiocuat). EFSA Journal [Iris EFSA] 2024; 22(7): e8923 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8923.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/324 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beinsivindéfhluipir, brómúconasól, búpróifisin, ciofluifeanaimíd, fluasanam, fluaipioram, flutolainil, lambda-ciahalaitrin, meiceapróp-P, meipiocuat, meatsulfúrón-meitil, fosfán agus pireaclóstróibin (IO L, 2024/324, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/324/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Clóiríd mheipiocuat

Uimh. CAS: 24307-26-4

Uimh. CIPAC: 440.302

clóiríd 1,1-démheitilpipiridiniam

≥ 990 g/kg (ábhar teicniúil tirim teoiriciúil, TC)

615-665 g/L (tiúchán teicniúil, TK)

Ní rachaidh an t-eisíontas N-meitilpipiridín thar 3 g/kg (ar bhonn an mheáchain thirim theoiriciúil) agus 2 g/L (sa tiúchán teicniúil, TK).

1 Márta 2025

29 Feabhra 2040

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le clóiríd mheipiocuat, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

sonraíocht an ábhair theicniúil mar a mhonaraítear é ar bhonn tráchtála;

cosaint na n-oibreoirí, lena n-áirithítear, mar chuid de na coinníollacha úsáide, go mbaintear úsáid as trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 191 maidir le meipiocuat;

(2)

i gCuid B, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘173

Clóiríd mheipiocuat

Uimh. CAS: 24307-26-4

Uimh. CIPAC: 440.302

clóiríd 1,1-démheitilpipiridiniam

≥ 990 g/kg (ábhar teicniúil tirim teoiriciúil, TC)

615-665 g/L (tiúchán teicniúil, TK)

Ní rachaidh an t-eisíontas N-meitilpipiridín thar 3 g/kg (ar bhonn an mheáchain thirim theoiriciúil) agus 2 g/L (sa tiúchán teicniúil, TK).

1 Márta 2025

29 Feabhra 2040

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana i ndáil le clóiríd mheipiocuat, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

sonraíocht an ábhair theicniúil mar a mhonaraítear é ar bhonn tráchtála;

cosaint na n-oibreoirí, lena n-áirithítear, mar chuid de na coinníollacha úsáide, go mbaintear úsáid as trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.’


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/150/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)