|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/148 |
30.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/148 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2025
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus lactis NCIMB 11181 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna lena dtógáil agus le haghaidh ramhrú agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 797/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 797/2013 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid arb é atá inti Enterococcus faecium NCIMB 11181 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna lena dtógáil agus le haghaidh ramhrú agus bainbh scoite. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide Enterococcus lactis NCIMB 11181 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna lena dtógáil agus lena ramhrú agus bainbh scoite, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán zóiteicniúil agus i bhfeidhmghrúpa chobhsaitheoirí fhlóra na stéige. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’ ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 14 Samhain 2023 (3), maidir leis an ullmhóid Enterococcus lactis NCIMB 11181 (ullmhóid a sainaithníodh go tacsonomaíoch ar dtús mar Enterococcus faecium agus a rinneadh a athaicmiú mar Enterococcus lactis), go bhfuil sí sábháilte do laonna lena dtógáil agus lena ramhrú (suas le 6 mhí) agus bainbh scoite (suas le 35 kg), do na tomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go meastar nach bhfuil an ullmhóid Enterococcus lactis NCIMB 11181 i bhfoirmliú soladach uiscethuaslagtha an bhreiseáin greannach don chraiceann ná do na súile. De bharr nádúr próiténieach an oibreáin ghníomhaigh, meastar gur íogróirí riospráide iad foirmlithe soladacha an bhreiseáin agus foirmlithe soladacha uiscethuaslagtha. Níorbh fhéidir leis an Údarás teacht ar chonclúid maidir le hacmhainneacht fhoirmliú soladach an bhreiseáin a bheith greannach don chraiceann agus do na súile nó maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh an dá fhoirmliú den bhreiseán ina gcúis le híogrú craicinn. Cuireadh in iúl freisin sa tuairim nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na hullmhóide Enterococcus lactis NCIMB 11181 i gcomhthéacs athnuachan an údaraithe ós rud é nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan togra le haghaidh choinníollacha an údaraithe bhunaidh a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. De réir chonclúidí an Údaráis sa tuairim uaidh an 1 Feabhra 2012 (4), tá an ullmhóid Enterococcus lactis NCIMB 11181 éifeachtúil maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht zóiteicniúil banbh scoite agus laonna, arb é ord 1 × 1010 CFU/kg de bheatha an íosdáileog éifeachtach i gcás banbh agus tuairim is 2 × 109 CFU/kg de bhainne púdar i gcás laonna, go neamhspleách ar an modh tabhartha ar choinníoll go dtugtar an dáileog chéanna dóibh. Níor mheas an tÚdarás go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an ullmhóid Enterococcus lactis NCIMB 11181 mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Enterococcus lactis NCIMB 11181 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún nach mór na hinneachar íosta a shonraítear san Iarscríbhinn a choigeartú de réir dháileog éifeachtach an bhreiseáin, agus gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(7) |
Mar thoradh ar údarú na hullmhóide Enterococcus lactis NCIMB 11181 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 797/2013 a aisghairm. |
|
(8) |
Ós rud é, ar chúiseanna sábháilteachta, nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar choinníollacha maidir le húdarú na hullmhóide Enterococcus lactis NCIMB 11181 a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 797/2013.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus na réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin inti, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Lúnasa 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 797/2013 an 21 Lúnasa 2013 ón gCoimisiún maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus faecium NCIMB 11181 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna lena dtógáil agus le haghaidh ramhrú agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2004 (IO L 224, 22.8.2013, lch. 6. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/797/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2023;21:e8466.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2012;10(2):2574.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
CFU/l d’uisce óil |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige |
|||||||||||||||||||||
|
4b1708 |
Chr. Hansen A/S |
Enterococcus lactis NCIMB 11181 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Enterococcus lactis NCIMB 11181 ina bhfuil íosmhéid: Foirm sholadach: 5 × 10 10CFU/g breiseán; Foirm sholadach uiscethuaslagtha: 2 × 1011 CFU/g breiseán. Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Enterococcus lactis NCIMB 11181 Modh anailíse (1) Áireamh na substainte gníomhaí sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, sa bheatha chumaisc agus in uisce: modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar Aisíde Eisciline Domlais – EN 15788 Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) – CEN/TS 17697 nó modhanna seicheamhaithe ADN |
Bainbh scoite |
– |
1 × 1010 |
– |
5 × 109 |
– |
|
19 Feabhra 2035 |
||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige |
|||||||||||||||
|
4b1708 |
Chr. Hansen A/S |
Enterococcus lactis NCIMB 11181 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Enterococcus lactis NCIMB 11181 ina bhfuil íosmhéid: Foirm sholadach: 5 × 10 10CFU/g breiseán; Foirm sholadach uiscethuaslagtha: 2 × 1011 CFU/g breiseán. Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Enterococcus lactis NCIMB 11181 Modh anailíse (2) Áireamh na substainte gníomhaí sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, sa bheatha chumaisc agus in uisce: modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar Aisíde Eisciline Domlais – EN 15788 Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) – CEN/TS 17697 nó modhanna seicheamhaithe ADN |
Laonna lena dtógáil agus lena ramhrú |
6 mhí |
2 × 109 |
– |
|
19 Feabhra 2035 |
||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/148/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)