European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/145

30.1.2025

TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/145 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

lena leasaítear Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a mhéid a bhaineann leis na lotnaidí seo a leanas, ar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais iad, víreas fáinnebhall an phlanda tobac, víreas fáinnebhall an tráta, Pucciniastrum minimum (Schweinitz) Arthur agus víreas mósáice an chrainn figí agus lena gceartaítear an Treoir Cur Chun Feidhme sin a mhéid a bhaineann le bearta maidir le Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (1), agus go háirithe Airteagal 4, Airteagal 6(4) agus Airteagal 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais. Leagtar amach ceanglais ann maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas agus a aistriú laistigh de, chun teacht isteach, bunú agus scaipeadh na lotnaidí sin i gcríoch an Aontais a chosc.

(2)

Le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún (3) leagtar amach ceanglais shonracha maidir le géinis agus speicis plandaí torthaí áirithe, ceanglais shonracha a bheidh le comhlíonadh ag soláthróirí agus rialacha mionsonraithe maidir le cigireachtaí oifigiúla.

(3)

Ba cheart Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a leasú chun stádas fíteashláintíochta lotnaidí áirithe a thabhairt cothrom le dáta agus chun na bearta sonracha in aghaidh na lotnaidí sin a leasú. Go deimhin, liostaítear lotnaidí neamhchoraintín rialáilte mar aon leis na plandaí le haghaidh plandú ábhartha in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, agus déantar foráil in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir leis na bearta comhfhreagracha chun láithreacht na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte sin ar na plandaí sin le haghaidh plandú a chosc. Mar sin féin, i gcás lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a bhaineann le hábhar iomadaithe torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí, is i dTreoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE amháin a dhéantar foráil maidir le bearta den sórt sin.

(4)

Baineadh víreas fáinnebhall an phlanda tobac den liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus liostaítear é mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte i gCuid J d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, i ndáil le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí, de Vaccinium L., seachas pailin agus síolta. Dá bhrí sin, is gá víreas fáinnebhall an phlanda tobac a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, i ndáil leis an ngéineas sin, chun ceanglais faoi seach Airteagal 9(2) agus (4), Airteagal 10(1), Airteagal 16(1), Airteagal 21(1) agus Airteagal 26(1) den Treoir sin a chur i bhfeidhm agus chun an leibhéal iomchuí cosanta fíteashláintíochta a áirithiú.

(5)

Baineadh víreas fáinnebhall an tráta den liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus liostaíodh é mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte i gCuid J d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, i ndáil le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí atá beartaithe le haghaidh táirgeadh torthaí, de Malus Mill., Prunus L. agus Vaccinium L., seachas pailin agus síolta, agus Rubus L. seachas pailin. Is gá, dá bhrí sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht, víreas fáinnebhall an tráta a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, i ndáil leis na ngéinis sin, agus chun go gcuirfear ceanglais faoi seach Airteagal 9(4), Airteagal 10(1), Airteagal 16(1), Airteagal 21(1) agus Airteagal 26(1) den Treoir sin i bhfeidhm agus chun an leibhéal iomchuí cosanta fíteashláintíochta a áirithiú.

(6)

Ina theannta sin, ba cheart víreas fáinnebhall an phlanda tobac agus víreas fáinnebhall an tráta a bheith faoi réir na mbeart in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, chun a áirithiú go mbeidh na plandaí lena mbaineann saor ó na lotnaidí sin le haghaidh na gcatagóirí lena mbaineann.

(7)

I bpointe 11 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, áiríodh, trí earráid, beart in aghaidh Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie agus Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. sa roinn ‘(f) Catagóir CAC’, faoi na bearta a bhaineann le Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a cheartú, tríd an mbeart sin a scriosadh ó na bearta a bhaineann le Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider.

(8)

Liostaítear Pucciniastrum minimum (Schweinitz) Arthur mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte i gCuid J d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i ndáil le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí, de Vaccinium L., seachas pailin agus síolta. Is gá, dá bhrí sin, ar chúiseanna comhsheasmhachta, an lotnaid sin a liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE i ndáil leis an ngéineas sin, agus chun ceanglais faoi seach Airteagal 9(1), Airteagal 10(1), Airteagal 16(1), Airteagal 21(1) agus Airteagal 26(1) den Treoir sin a chur i bhfeidhm agus an leibhéal iomchuí cosanta fíteashláintíochta a áirithiú.

(9)

Scriosadh víreas mósáice an chrainn figí ó Chuid J d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 toisc nach gcomhlíonann sé na coinníollacha chun é a liostú mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte a thuilleadh. Is gá, dá bhrí sin, an lotnaid sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a leasú dá réir.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Iúil 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 267, 8.10.2008, lch. 8; ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/90/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

(3)  Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/90/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha i ndáil le géinis agus speicis plandaí torthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi, ceanglais shonracha a bheidh le comhlíonadh ag soláthróirí agus rialacha mionsonraithe maidir le cigireachtaí oifigiúla (IO L 298, 16.10.2014, lch. 22; ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2014/98/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasú ar Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE

(1)   

In Iarscríbhinn I, leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)

sa dara colún ‘Lotnaid neamhchoraintín rialáilte’, i gcás an speicis ‘Ficus carica L.’, scriostar na hiontrálacha ‘Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí’ agus ‘Víreas mósáice an chrainn figí [FGM000]’;

(b)

sa dara colún ‘Lotnaid neamhchoraintín rialáilte’ faoin gcatagóir ‘Fungais agus úimícéití’, i gcás an ghéinis ‘Vaccinium L.’, cuirtear isteach an iontráil ‘Pucciniastrum minimum Sydow & P. Sydow [THEKMI];

(2)   

In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

‘Géineas nó speiceas

Lotnaidí neamhchoraintín rialáilte

Castanea sativa Mill.

Fungais agus úimícéití

Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld [PHYTRA]

Citrus L., Fortunella Swingle agus Poncirus Raf.

Baictéir

Spiroplasma citri Saglio et al. [SPIRCI]

Fungais agus úimícéití

Plenodomus tracheiphilus (Petri) Gruyter, Aveskamp & Verkley [DEUTTR]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Oibreán Citrus cristacortis [CSCC00]

Víoróideach Citrus exocortis [CEVD00]

Oibreán Citrus impietratura [CSI000]

Víreas duillesmáil an chrainn citris [CLBV00]

Víreas soróise citris [CPSV00]

Víreas tristeza citris (aonraígh de chuid an Aontais) [CTV000]

Víreas breachnaithe an chrainn citris [CVV000]

Víoróideach craptha leannlusa [HSVD00]

Corylus avellana L.

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Cydonia oblonga Mill.

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Oibreán adhmaid rubair an chrainn úll [ARW000]

Víreas eitriúcháin an chrainn úll [ASGV00]

Víreas tollta gas úll [ASPV00]

Oibreán neacróis coirte an chrainn piorraí [PRBN00]

Oibreán scoilte coirte an chrainn piorraí [PRBS00]

Víoróideach clogchancair an chrainn piorraí [PBCVD0]

Oibreán garbhchoirte an chrainn piorraí [PRRB00]

Oibreán adhmaid rubair an chrainn úll [ARW000]

Fragaria L.

Baictéir

Xanthomonas fragariae Kennedy & Rí [XANTFR]

Fungais agus úimícéití

Colletotrichum acutatum Simmonds [COLLAC]

Phytophthora cactorum (Lebert & Cohn) J.Schröter [PHYTCC]

Phytophthora fragariae C.J. Hickman [PHYTFR]

Néimeatóidí

Aphelenchoides besseyi Christie [APLOBE]

Aphelenchoides blastophthorus Franklin [APLOBL]

Aphelenchoides fragariae (Ritzema Bos) Christie [APLOFR]

Aphelenchoides ritzemabos (Schwartz) Steiner & Buhrer [APLORI]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas mósáice an ghais caillí [ARMV00]

Víreas fáinnebhall sú craobh [RPRSV0]

Víreas craptha sú talún [SCRV00]

Víreas fáinnebhall folaigh sú talún [SLRSV0]

Víreas éadrom imeallbhuí sú talún [SMYEV0]

Víreas breac sú talún [SMOV00]

Víreas bandála féithe sú talún [SVBV00]

Neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí [TBRV00]

Juglans regia L.

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas rollta duilleog an chrainn silíní [CLRV00]

Malus Mill.

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Víoróideach loigín an úll [ADFVD0]

Oibreán ghalar géad leata an chrainn úll [AFL000]

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Oibreán adhmaid rubair an chrainn úll [ARW000]

Víoróideach colmchraicneach an úll [ASSVD0]

Oibreán ghalar réaltgháige an úll [APHW00]

Víreas eitriúcháin an chrainn úll [ASGV00]

Víreas tollta gas úll [ASPV00]

Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider [PHYPMA]

Neamhoird torthaí: galar crapthorthaí an chrainn úll [APCF00], galar glaschraptha an úll [APGC00], galar torthaí cnapánacha chrann úll Ben Davis, galar garbhchraicneach an úll [APRSK0], galar réaltgháige an úll, galar fáinne donnrua an úll [APLP00], galar fadharcán donnrua an úll

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]

Olea europaea L.

Fungais agus úimícéití

Verticillium dahliae Kleb [VERTDA]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas mósáice an ghais caillí [ARMV00]

Víreas rollta duilleog an chrainn silíní [CLRV00]

Víreas fáinnebhall folaigh sú talún [SLRSV0]

Prunus dulcis (Miller) Webb

Baictéir

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. [XANTPR]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider [PHYPPR]

Víreas plumabholgaí [PPV000]

Víreas abhcach an chrainn prúnaí [PDV000]

Víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí [PNRSV0]

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]

Prunus armeniaca L.

Baictéir

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. [XANTPR]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Víreas folaigh an chrainn aibreog [ALV000]

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider [PHYPPR]

Víreas plumabholgaí [PPV000]

Víreas abhcach an chrainn prúnaí [PDV000]

Víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí [PNRSV0]

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]

Prunus avium L. agus Prunus cerasus L.

Baictéir

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. [XANTPR]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Víreas mósáice an ghais caillí [ARMV00]

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider [PHYPPR]

Víreas breac glasfháinní an chrainn silíní [CGRMV0]

Víreas rollta duilleog an chrainn silíní [CLRV00]

Víreas breacdhuille an chrainn silíní [CMLV00]

Víreas neacróiseach ruabhreac an chrainn silíní [CRNRM0]

Víreas na silíní beaga 1 agus 2 [LCHV10], [LCHV20]

Víreas plumabholgaí [PPV000]

Víreas abhcach an chrainn prúnaí [PDV000]

Víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí [PNRSV0]

Víreas fáinnebhall sú craobh [RPRSV0]

Víreas fáinnebhall folaigh sú talún [SLRSV0]

Neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí [TBRV00]

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]

Prunus domestica L., Prunus salicina Lindley, agus speicis eile Prunus L. atá soghabhálach i leith víreas plumabholgaí i gcás hibridí Prunus L.

Baictéir

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. [XANTPR]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider [PHYPPR]

Víreas folaigh an mhireabalaín [MLRSV0]

Víreas plumabholgaí [PPV000]

Víreas abhcach an chrainn prúnaí [PDV000]

Víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí [PNRSV0]

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]

Prunus persica (L.) Batsch

Baictéir

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. [XANTPR]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Víreas folaigh an chrainn aibreog [ALV000]

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider [PHYPPR]

Víoróideach folaigh mósáiceach an chrainn péitseog [PLMVD0]

Víreas plumabholgaí [PPV000]

Víreas abhcach an chrainn prúnaí [PDV000]

Víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí [PNRSV0] Víreas fáinnebhall folaigh sú talún [SLRSV0]

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]

Pyrus L.

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas baill chlóróisigh duille an chrainn úll [ACLSV0]

Oibreán adhmaid rubair an chrainn úll [ARW000]

Víreas eitriúcháin an chrainn úll [ASGV00]

Víreas tollta gas úll [ASPV00]

Candidatus Phytoplasma pyri Seemüller & Schneider [PHYPPY]

Oibreán neacróis coirte an chrainn piorraí [PRBN00]

Oibreán scoilte coirte an chrainn piorraí [PRBS00]

Víoróideach clogchancair an chrainn piorraí [PBCVD0]

Oibreán garbhchoirte an chrainn piorraí [PRRB00]

Oibreán adhmaid rubair an chrainn úll [ARW000]

Ribes L.

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas mósáice an ghais caillí [ARMV00]

Víreas cúlaithe an chuirín dhuibh [BRAV00]

Víreas mósáice an chúcamair [CMV000]

Víreas féithbhandála an spíonáin [GOVB00]

Víreas fáinnebhall sú craobh [RPRSV0]

Víreas fáinnebhall folaigh sú talún [SLRSV0]

Rubus L.

Fungais agus úimícéití

Phytophthora spp. de Bary [1PHYTG]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Víreas mósáice an chrainn úll [APMV00]

Víreas mósáice an ghais caillí [ARMV00]

Víreas neacróise sútha craobh dubha [BRNV00]

Candidatus Phytoplasma rubi Malembic-Maher et al. [PHYPRU]

Víreas mósáice an chúcamair [CMV000]

Víreas abhcach dosach sú craobh [RBDV00]

Víreas breac dhuilleoga an tsú craobh [RLMV00]

Víreas fáinnebhall sú craobh [RPRSV0]

Víreas clóróise féitheacha sú craobh [RVCV00]

Ball buí sú craobh [RYS000]

Víreas buíochana mósáice drise [RYNV00]

Víreas fáinnebhall folaigh sú talún [SLRSV0]

Neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí [TBRV00]

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]

Vaccinium L.

Fungais agus úimícéití

Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld [PHYTRA]

Víris, víoróidigh, galair dár tréithe víreas agus fíteaplasmaí

Oifivíreas mósáicbhainteach an fhraocháin ghoirm [BLMAV0]

Víreas fáinnebhall dearg an fhraocháin ghoirm [BRRV00]

Víreas ruachóchána an fhraocháin ghoirm [BLSCV0]

Víreas turrainge an fhraocháin ghoirm [BLSHV0]

Víreas stríocála an fhraocháin ghoirm [BSSV00]

Candidatus Phytoplasma asteris Lee et al. [PHYPAS]

Candidatus Phytoplasma pruni [PHYPPN]

Candidatus Phytoplasma solani Quaglino et al. [PHYPSO]

Fíteaplasma bréagbhlátha na mónóige [HYPFB]

Víreas fáinnebhall an phlanda tobac [TRSV0]

Víreas fáinnebhall an tráta [TORSV0]’

(3)   

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo in ionad phointe 8:

‘8.    Malus Mill.

(a)   Na catagóirí uile

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí uair sa bhliain.

(b)   Catagóir réamhbhunúsach

Sampláil agus tástáil

Déanfar gach máthairphlanda réamhbhunúsach a shampláil agus a thástáil 15 bliana tar éis é a ghlacadh mar mháthairphlanda réamhbhunúsach agus gach 15 bliana ina dhiaidh sin maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte seachas galair dár tréithe víreas agus víoróidigh a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

I gcás ina gceadaítear maolú chun ábhar réamhbhunúsach a tháirgeadh sa pháirc, faoi dhálaí nach bhfuil feithid-díonach, de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/925 ón gCoimisiún (*1), beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider, Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al., agus víreas fáinnebhall an tráta:

(i)

Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(ii)

Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.; nó

rinneadh cigireacht ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon ábhar iomadaithe agus aon phlandaí torthaí a léirigh siomptóim de Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. agus aon phlanda óstach máguaird a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(iii)

Víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV):

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de ToRSV ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(c)   Catagóir bhunúsach

Sampláil agus tástáil

I gcás máthairphlandaí bunúsacha, a coinníodh i saoráidí feithid-díonacha, déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil agus a thástáil gach 15 bliana maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider.

I gcás máthairphlandaí bunúsacha, nár coinníodh i saoráidí feithid-díonacha, déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil agus a thástáil gach 3 bliana maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider; déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil agus a thástáil gach 15 bliana ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider agus seachas víreas fáinnebhall an tráta, na galair dár tréithe víreas agus víoróidigh, a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Déanfar máthairphlandaí bunúsacha a shampláil agus a thástáil gach 20 bliain maidir le láithreacht víreas fáinnebhall an tráta.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider; nó

ní aimseofar aon siomptóm de Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach ag an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus déanfar aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint óna bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(ii)

Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.; nó

déanfar cigireacht ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus déanfar aon ábhar iomadaithe agus aon phlanda torthaí a léiríonn siomptóim de Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. agus aon phlanda óstach máguaird a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(iii)

Víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV):

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de ToRSV ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(d)   Catagóir dheimhnithe

Sampláil agus tástáil

I gcás máthairphlandaí deimhnithe, a coinníodh i saoráidí feithid-díonacha, déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil agus a thástáil gach 15 bliana maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider.

I gcás máthairphlandaí deimhnithe, nár coinníodh i saoráidí feithid-díonacha, déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil agus a thástáil gach 5 bliana maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider; déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil agus a thástáil gach 15 bliana ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider agus seachas víreas fáinnebhall an tráta, na galair dár tréithe víreas agus víoróidigh, a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Déanfar máthairphlandaí deimhnithe a shampláil agus a thástáil gach 20 bliain maidir le láithreacht víreas fáinnebhall an tráta.

Déanfar plandaí torthaí deimhnithe a shampláil agus a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider; nó

ní aimseofar aon siomptóm de Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ag an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus déanfar aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint óna bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

ní aimseofar siomptóim de Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ag an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus déanfar an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach, agus rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe aisiomptómach agus de na plandaí torthaí aisiomptómacha atá fágtha sna baisceanna, baisceanna inar aimsíodh ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí torthaí siomptómacha, agus fuarthas an sampla a bheith saor ó Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider;

(ii)

Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.; nó

déanfar cigireacht ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus déanfar aon ábhar iomadaithe agus aon phlanda torthaí a léiríonn siomptóim de Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. agus aon phlanda óstach máguaird a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(iii)

Víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV):

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de ToRSV ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(e)   Catagóir CAC

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim de Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach, agus rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe aisiomptómach agus de na plandaí torthaí aisiomptómacha atá fágtha sna baisceanna inar aimsíodh ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí torthaí siomptómacha agus fuarthas an sampla a bheith saor ó Candidatus Phytoplasma mali Seemüller & Schneider;

(ii)

Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al.; nó

rinneadh cigireacht ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon ábhar iomadaithe agus aon phlandaí torthaí a léirigh siomptóim de Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. agus aon phlanda óstach máguaird a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(iii)

Víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV):

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de ToRSV ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim ToRSV ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh na plandaí siomptómacha sin a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/925 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2017 lena n-údaraítear do Bhallstáit áirithe, ar bhonn sealadach, ábhar réamhbhunúsach a dheimhniú a bhaineann le speicis áirithe plandaí torthaí agus a tháirgtear sa pháirc faoi dhálaí nach bhfuil feithid-díonach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/167 (IO L 140, 31.5.2017, lch. 7; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/925/oj).’ "

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

‘11.   Prunus armeniaca L., Prunus avium L., Prunus cerasifera Ehrh., Prunus cerasus L., Prunus domestica L., Prunus dulcis (Miller) Webb, Prunus persica (L.) Batsch agus Prunus salicina Lindley

(a)   Catagóir réamhbhunúsach

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí dhá uair sa bhliain i ndáil le Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas plumabholgaí, Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. agus Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie (Prunus persica (L.) Batsch agus Prunus salicina Lindley). Déanfar amharc-chigireachtaí uair sa bhliain le haghaidh gach lotnaid neamhchoraintín rialáilte, seachas Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas plumabholgaí, Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. agus Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie, a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Sampláil agus tástáil

Díorthófar ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach Prunus armeniaca L., Prunus avium L., Prunus cerasus L., Prunus domestica L., agus Prunus dulcis (Miller) Webb ó mháthairphlandaí, a tástáladh laistigh den séasúr fáis roimhe sin agus a fuarthas a bheith saor ón víreas plumabholgaí.

Díorthófar fréamhstoic réamhbhunúsacha Prunus cerasifera Ehrh. agus Prunus domestica L. ó mháthairphlandaí, a tástáladh laistigh den séasúr fáis roimhe sin agus a fuarthas a bheith saor ón víreas plumabholgaí. Díorthófar fréamhstoic réamhbhunúsacha Prunus cerasifera Ehrh. agus Prunus domestica L. ó mháthairphlandaí, a tástáladh laistigh de na cúig shéasúr fáis roimhe sin agus a fuarthas a bheith saor ó Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider.

Déanfar gach máthairphlanda réamhbhunúsach faoi bhláth a shampláil agus a thástáil le haghaidh víreas abhcach an chrainn prúnaí agus víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí bliain amháin tar éis glacadh leis mar mháthairphlanda réamhbhunúsach agus gach bliain ina dhiaidh sin. I gcás Prunus persica, déanfar gach máthairphlanda réamhbhunúsach faoi bhláth a shampláil bliain amháin tar éis é a ghlacadh mar mháthairphlanda réamhbhunúsach agus a thástáil le haghaidh víoróideach folaigh mósáiceach an chrainn péitseog.

Gach crann a chuirtear d’aon ghnó le haghaidh pailnithe agus, i gcás inarb iomchuí, na mórchrainn phailnitheacha sa timpeallacht, déanfar é a shampláil agus a thástáil le haghaidh víreas abhcach an chrainn prúnaí agus víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí.

Déanfar gach máthairphlanda réamhbhunúsach a shampláil 5 bliana tar éis é a ghlacadh mar mháthairphlanda réamhbhunúsach, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus déanfar é a thástáil le haghaidh Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider agus Víreas plumabholgaí.

Déanfar gach máthairphlanda réamhbhunúsach a shampláil 10 mbliana tar éis é a ghlacadh mar mháthairphlanda réamhbhunúsach, agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, agus déanfar é a thástáil le haghaidh lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas víreas abhcach an chrainn prúnaí, víreas plumabholgaí, víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí, atá ábhartha maidir leis an speiceas, agus a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus déanfar é a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I. Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí réamhbhunúsacha a shampláil agus a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

I gcás ina gceadaítear maolú chun ábhar réamhbhunúsach a tháirgeadh sa pháirc faoi dhálaí nach bhfuil feithid-díonach, de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/925 ón gCoimisiún, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas plumabholgaí, Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al., Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie agus víreas fáinnebhall an tráta:

(i)

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Candidatus Phytoplasma prunorumSeemüller & Schneider; nó

níor aimsíodh aon siomptóm deCandidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

déanfar ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe a aonrú ó phlandaí óstacha eile. Beidh fad aonraithe an láithreáin táirgthe ag brath ar imthosca réigiúnacha, ar an gcineál ábhair iomadaithe, ar láithreacht Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider sa limistéar lena mbaineann agus ar na rioscaí ábhartha lena mbaineann atá leagtha amach ag na húdaráis inniúla ar bhonn cigireachta;

(ii)

Víreas plumabholgaí:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó víreas plumabholgaí; nó

níor aimsíodh aon siomptóm den víreas plumabholgaí ar ábhar iomadaithe ná ar aon phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

déanfar ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe a aonrú ó phlandaí óstacha eile. Beidh fad leithlisithe an láithreáin táirgthe ag brath ar imthosca réigiúnacha, ar an gcineál ábhair iomadaithe, ar láithreacht víreas plumabholgaí sa limistéar lena mbaineann agus ar na rioscaí ábhartha lena mbaineann atá leagtha amach ag na húdaráis inniúla ar bhonn cigireachta;

(iii)

Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(iv)

Víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV):

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de ToRSV ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(v)

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(b)   Catagóirí Bunúsacha, Deimhnithe agus CAC

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireacht uair sa bhliain.

(c)   Catagóir bhunúsach

Sampláil agus tástáil

(i)

Máthairphlandaí a coinníodh i saoráidí feithid-díonacha

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil gach 3 bliana agus déanfar é a thástáil maidir le láithreacht víreas abhcach an chrainn prúnaí, víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí agus víris plumabholgaí. Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil gach 10 mbliana agus a thástáil maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider.

(ii)

Máthairphlandaí nár coinníodh i saoráidí feithid-díonacha

Sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha, seachas iad siúd atá beartaithe chun fréamhstoic a tháirgeadh, déanfar é a shampláil gach bliain agus a thástáil le haghaidh víreas plumabholgaí chun go ndéanfar gach planda a thástáil laistigh d’eatramh 10 mbliana.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha atá beartaithe chun fréamhstoic a tháirgeadh a shampláil gach bliain agus a thástáil maidir le láithreacht víris plumabholgaí agus gheofar é a bheith saor ón lotnaid neamhchoraintín rialáilte sin.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha Prunus domestica L. atá beartaithe chun fréamhstoic a tháirgeadh, a shampláil agus a thástáil sna cúig shéasúr fáis roimhe sin maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider agus gheofar é a bheith saor ón lotnaid neamhchoraintín rialáilte sin.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil agus a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil agus a thástáil gach 20 bliain ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin maidir le láithreacht víreas fáinnebhall an tráta.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha a shampláil agus a thástáil gach 10 mbliana ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas abhcach an chrainn prúnaí, víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí, víreas plumabholgaí agus víreas fáinnebhall an tráta, a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus déanfar é a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Máthairphlandaí faoi bhláth

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha faoi bhláth a shampláil gach bliain agus a thástáil le haghaidh Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas abhcach an chrainn prúnaí agus víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin.

I gcás Prunus persica (L.) Batsch, déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha faoi bhláth a shampláil uair sa bhliain agus a thástáil le haghaidh víoróideach folaigh mósáiceach an chrainn péitseog ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin.

Déanfar sciar ionadaíoch de chrainn a chuirtear d’aon ghnó le haghaidh pailnithe agus, i gcás inarb iomchuí, na mórchrainn phailnitheacha sa timpeallacht a shampláil agus a thástáil le haghaidh víreas abhcach an chrainn prúnaí agus víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin.

Máthairphlandaí nach bhfuil faoi bhláth

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí bunúsacha nach bhfuil faoi bhláth agus nár coinníodh i saoráidí feithid-díonacha a shampláil agus a thástáil gach 3 bliana maidir le láithreacht víreas abhcach an chrainn prúnaí, víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí agus Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin.

(d)   Catagóir dheimhnithe

Sampláil agus tástáil

(i)

Máthairphlandaí a coinníodh i saoráidí feithid-díonacha

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil gach 5 bliana agus a thástáil maidir le láithreacht víreas abhcach an chrainn prúnaí, víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí agus víris plumabholgaí d’fhonn gach planda a thástáil laistigh d’eatramh 15 bliana. Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil gach 15 bliana agus a thástáil maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider.

(ii)

Máthairphlandaí nár coinníodh i saoráidí feithid-díonacha

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil gach 3 bliana agus a thástáil le haghaidh víreas plumabholgaí chun go ndéanfar gach planda a thástáil laistigh d’eatramh 15 bliana.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe atá beartaithe chun fréamhstoic a tháirgeadh a shampláil gach bliain agus a thástáil maidir le láithreacht víris plumabholgaí agus gheofar é saor ón lotnaid neamhchoraintín rialáilte sin. Rinneadh sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe Prunus cerasifera Ehrh. agus Prunus domestica L. atá beartaithe chun fréamhstoic a tháirgeadh a shampláil sna cúig shéasúr fáis roimhe sin agus a thástáil maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider agus fuarthas é saor ón lotnaid neamhchoraintín rialáilte sin.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil agus a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil gach 20 bliain agus a thástáil ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin maidir le láithreacht víreas fáinnebhall an tráta.

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe a shampláil gach 15 bliana agus a thástáil ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas abhcach an chrainn prúnaí, víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí, víreas plumabholgaí agus víreas fáinnebhall an tráta, a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus déanfar é a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Máthairphlandaí faoi bhláth

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe faoi bhláth a shampláil gach bliain agus a thástáil le haghaidh Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas abhcach an chrainn prúnaí agus víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin. I gcás Prunus persica (L.) Batsch, déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe faoi bhláth a shampláil uair sa bhliain agus a thástáil le haghaidh víoróideach folaigh mósáiceach an chrainn péitseog ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin.

Déanfar sciar ionadaíoch de chrainn a chuirtear d’aon ghnó le haghaidh pailnithe agus, i gcás inarb iomchuí, na mórchrainn phailnitheacha sa timpeallacht a shampláil agus a thástáil le haghaidh víreas abhcach an chrainn prúnaí agus víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin.

Máthairphlandaí nach bhfuil faoi bhláth

Déanfar sciar ionadaíoch de mháthairphlandaí deimhnithe nach bhfuil faoi bhláth, nár coinníodh i saoráidí feithid-díonacha, a shampláil gach 3 bliana agus a thástáil maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider, víreas abhcach an chrainn prúnaí agus víreas fáinnebhall neacróiseach an chrainn plumaí ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí sin.

(e)   Catagóirí bunúsacha agus deimhnithe

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí na gcatagóirí bunúsacha agus deimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar chion is mó ná 1 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint amach ón bhfreamh agus a scriosadh láithreach, agus rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe aisiomptómach agus de na plandaí torthaí aisiomptómacha atá fágtha sna baisceanna inar aimsíodh plandaí siomptómacha agus fuarthas an sampla a bheith saor ó Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider;

(ii)

Víreas plumabholgaí:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó víreas plumabholgaí; nó

níor aimsíodh aon siomptóm den víreas plumabholgaí ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim den víreas plumabholgaí ar chion is mó ná 1 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach, agus rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe aisiomptómach agus de na plandaí torthaí aisiomptómacha atá fágtha sna baisceanna inar aimsíodh plandaí siomptómacha agus fuarthas an sampla a bheith saor ón víreas plumabholgaí;

(iii)

Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(iv)

Víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV):

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de ToRSV ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(v)

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí de na catagóirí bunúsacha agus deimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim de Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(f)   Catagóir CAC

Sampláil agus tástáil

Díorthófar ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC ó fhoinse shainaitheanta ábhair, a ndearnadh sciar ionadaíoch de a shampláil agus a thástáil laistigh de na trí shéasúr fáis roimhe sin agus a fuarthas a bheith saor ó víreas plumabholgaí.

Díorthófar fréamhstoic CAC de Prunus cerasifera Ehrh. agus Prunus domestica L. ó fhoinse shainaitheanta ábhair a ndearnadh sciar ionadaíoch de a shampláil agus a thástáil laistigh de na 5 bliana roimhe sin agus a fuarthas a bheith saor ó Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider agus víreas plumabholgaí.

Déanfar sciar ionadaíoch d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC a shampláil agus a thástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.

Déanfar sciar ionadaíoch de phlandaí torthaí CAC nach léiríonn aon siomptóm den víreas plumabholgaí le linn amharc-chigireachta a shampláil agus a thástáil ar bhonn measúnú ar riosca ionfhabhtaithe na bplandaí torthaí sin maidir le láithreacht na lotnaide neamhchoraintín rialáilte sin agus i gcás plandaí siomptómacha san fhíorchóngar.

Nuair a bhraitear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC a léiríonn siomptóim de Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar an láithreán táirgthe le hamharc-chigireacht, déanfar sampláil agus tástáil ar sciar ionadaíoch den ábhar iomadaithe aisiomptómach CAC agus de na plandaí torthaí aisiomptómacha den chatagóir CAC atá fágtha sna baisceanna inar aimsíodh ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí torthaí siomptómacha maidir le láithreacht Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider.

Déanfar sampláil agus tástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider agus víreas plumabholgaí, a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim de Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider ar chion is mó ná 1 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar an láithreán táirgthe a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach, agus rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe aisiomptómach agus de na plandaí torthaí aisiomptómacha atá fágtha sna baisceanna inar aimsíodh ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí torthaí siomptómacha agus fuarthas an sampla a bheith saor ó Candidatus Phytoplasma prunorum Seemüller & Schneider;

(ii)

Víreas plumabholgaí:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ón víreas plumabholgaí; nó

níor aimsíodh aon siomptóm den víreas plumabholgaí ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim den víreas plumabholgaí ar chion is mó ná 1 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach, agus rinneadh sampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe aisiomptómach agus de na plandaí torthaí aisiomptómacha atá fágtha sna baisceanna ina bhfuarthas ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí siomptómacha agus fuarthas an sampla a bheith saor ó víreas plumabholgaí;

(iii)

Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti & Gardan) Young, Dye & Wilkie ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(iv)

Víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV):

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de ToRSV ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim ToRSV ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh na plandaí siomptómacha sin a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(v)

Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al.; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim de Xanthomonas arboricola pv. pruni (Smith) Vauterin et al. ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.’

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 14:

‘14.    Rubus L.

(a)   Catagóir réamhbhunúsach

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí dhá uair sa bhliain.

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil ar gach máthairphlanda réamhbhunúsach 2 bhliain tar éis é a ghlacadh mar mháthairphlanda réamhbhunúsach agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó na víris a liostaítear in Iarscríbhinn II maidir le Rubus L.; nó

níor aimsíodh aon siomptóm d’aon cheann de na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn II maidir le Rubus L. ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir réamhbhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(b)   Catagóir bhunúsach

Amharc-chigireacht

I gcás ina saothraítear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí sa pháirc nó i bpotaí, déanfar amharc-chigireachtaí dhá uair sa bhliain.

Maidir le hábhar iomadaithe agus plandaí torthaí a tháirgtear trí mhicrea-iomadú, agus a choimeádtar ar feadh tréimhse is giorra ná 3 mhí, is leor amharc-chigireacht amháin le linn na tréimhse sin.

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil mura bhfuil siomptóim víreas mósáice an ghais caillí, víris fáinnebhall sú craobh, víris fáinnebhall folaigh sú talún agus neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta soiléir le linn na hamharc-chigireachta. Déanfar sampláil agus tástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas víreas mósáice an ghais caillí, víreas fáinnebhall sú craobh, víreas fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta, a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

I gcás toradh dearfach ar thástáil ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach a léiríonn siomptóim víreas mósáice an ghais caillí, víris fáinnebhall sú craobh, víris fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí nó víreas fáinnebhall an tráta, déanfar an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí lena mbaineann a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(ii)

Ceanglais maidir le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte seachas víreas mósáice an ghais caillí, víreas fáinnebhall sú craobh, víreas fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta:

Ní bheidh an céatadán d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach sa láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, a léiríonn siomptóim gach ceann de na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte seo a leanas níos mó ná:

0,1 % sna cásanna seo a leanas:

Agrobacterium spp. Conn; agus

Rhodococcus fascians Tilford; agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlandaí óstacha máguaird, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh;

(iii)

Ceanglais maidir le gach víreas:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó na víris a liostaítear in Iarscríbhinn II le haghaidh Rubus L.; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de na víris a liostaítear in Iarscríbhinn II le haghaidh Rubus L. ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach sa láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim de na víris uile a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II ar chion is mó ná 0,25 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí sin agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(c)   Catagóir dheimhnithe

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí uair sa bhliain.

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil mura bhfuil siomptóim víreas mósáice an ghais caillí, víris fáinnebhall sú craobh, víris fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta soiléir le linn amharc-chigireachta. Déanfar sampláil agus tástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas víreas mósáice an ghais caillí, víreas fáinnebhall sú craobh, víreas fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta, a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

I gcás toradh dearfach ar thástáil ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe a léiríonn siomptóim víreas mósáice an ghais caillí, víris fáinnebhall sú craobh, víris fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí nó víreas fáinnebhall an tráta, déanfar an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí lena mbaineann a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach;

(ii)

Ceanglais maidir le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte seachas víreas mósáice an ghais caillí, víreas fáinnebhall sú craobh, víreas fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta:

Ní bheidh an céatadán d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe sa láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, a léiríonn siomptóim gach ceann de na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte seo a leanas níos mó ná:

0,5 % i gcás Resseliella theobaldi Barnes;

0,1 % i gcás:

Agrobacterium spp. Conn; agus

Rhodococcus fascians Tilford; agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlandaí óstacha máguaird, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh;

(iii)

Ceanglais maidir le gach víreas:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó na víris a liostaítear in Iarscríbhinn II le haghaidh Rubus L.; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de na víris a liostaítear in Iarscríbhinn II le haghaidh Rubus L. ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe sa láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim de na víris uile a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II ar chion is mó ná 0,5 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin agus aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(d)   Catagóir CAC

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí uair sa bhliain.

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil mura bhfuil siomptóim víreas mósáice an ghais caillí, víris fáinnebhall sú craobh, víris fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta soiléir le linn amharc-chigireachta. Déanfar sampláil agus tástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte, seachas víreas mósáice an ghais caillí, víreas fáinnebhall sú craobh, víreas fáinnebhall folaigh sú talún agus neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí agus víreas fáinnebhall an tráta, a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II le haghaidh Rubus L.; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II maidir le Rubus L. ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí; agus

i gcás inar aimsíodh siomptóim ToRSV níor aimsíodh na siomptóim sin ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh na plandaí siomptómacha sin a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; agus

I gcás toradh dearfach ar thástáil ar ábhar iomadaithe agus ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC a léiríonn siomptóim víreas mósáice an ghais caillí, víris fáinnebhall sú craobh, víris fáinnebhall folaigh sú talún, neipivíreas fáinní dubha an phlanda trátaí nó víreas fáinnebhall an tráta, déanfar an t-ábhar iomadaithe agus na plandaí torthaí lena mbaineann a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.’

(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15 ‘Vaccinium L.’:

‘15.    Vaccinium L.

(a)   Catagóir réamhbhunúsach

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí dhá uair sa bhliain.

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil ar gach máthairphlanda réamhbhunúsach 5 bliana tar éis é a ghlacadh mar mháthairphlanda réamhbhunúsach agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I.

(b)   Catagóir bhunúsach

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí dhá uair sa bhliain.

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Agrobacterium tumefaciens (Smith & Townsend) Conn

níor aimsíodh aon siomptóm de Agrobacterium tumefaciens (Smith & Townsend) Conn ag an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí.

(ii)

Diaporthe vaccinii Shear

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Diaporthe vaccinii Shear; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Diaporthe vaccinii Shear sa láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí;

(iii)

Exobasidium vaccinii (Fuckel) Woronin agus Godronia cassandrae (anamorf Topospora myrtilli) Peck

ní bheidh an céatadán d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, a léiríonn siomptóim gach ceann de na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte seo a leanas, níos mó ná:

0,1 % i gcás Godronia cassandrae (anamorf Topospora myrtilli) Peck;

0,5 % i gcás Exobasidium vaccinii (Fuckel) Woronin; agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda óstach timpeall orthu, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh.

(iv)

Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir a shuigh an t-údarás inniúil go bhfuil siad saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta; nó

ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir bhunúsach ag an láithreán táirgthe ar feadh an timthrialla fhásúil iomlán is déanaí.

(v)

Víreas fáinnebhall an phlanda tobac (TRSV) agus víreas fáinnebhall an tráta (ToRSV)

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó TRSV agus ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de TRSV agus ToRSV ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar an láithreáin táirgthe a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(c)   Catagóirí deimhnithe agus CAC

Amharc-chigireacht

Déanfar amharc-chigireachtaí uair sa bhliain.

Sampláil agus tástáil

Déanfar sampláil agus tástáil i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

(d)   Catagóir dheimhnithe

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Agrobacterium tumefaciens (Smith & Townsend) Conn, Exobasidium vaccinii (Fuckel) Woronin agus Godronia cassandrae (anamorf Topospora myrtilli) Peck

ní bheidh an céatadán d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe sa láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, a léiríonn siomptóim gach ceann de na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte seo a leanas, níos mó ná:

0,5 % sna cásanna seo a leanas:

Agrobacterium tumefaciens (Smith & Townsend) Conn;

Godronia cassandrae (anamorf Topospora myrtilli) Peck;

1 % i gcás Exobasidium vaccinii (Fuckel) Woronin; agus rinneadh an t-ábhar iomadaithe sin agus na plandaí torthaí sin, agus aon phlanda óstach timpeall orthu, a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh.

(ii)

Diaporthe vaccinii Shear

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó Diaporthe vaccinii Shear; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de Diaporthe vaccinii Shear sa láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí;

(iii)

Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe i limistéir a shuigh an t-údarás inniúil go bhfuil siad saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta; nó

ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe ag an láithreán táirgthe ar feadh an timthrialla fhásúil iomlán is déanaí;

ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir dheimhnithe a léiríonn siomptóim de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man ag an láithreán táirgthe agus gach planda laistigh de gha 2 m ón ábhar iomadaithe siomptómach agus ó na plandaí torthaí siomptómacha, déanfar iad sin a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh, lena n-áirítear ithir atá greamaithe díobh;

agus

i gcás gach planda atá lonnaithe laistigh de gha 10 m ó ábhar iomadaithe siomptómach agus de phlandaí torthaí siomptómacha agus aon ábhar iomadaithe agus aon phlanda torthaí atá fágtha ón mbaisc atá buailte:

laistigh de thrí mhí tar éis ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí torthaí siomptómacha a bhrath, ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar an ábhar iomadaithe sin agus ar na plandaí torthaí sin in dhá chigireacht ar a laghad ag amanna iomchuí chun an lotnaid a bhrath agus le linn na tréimhse 3 mhí sin ní dhéanfar aon chóireáil chun siomptóim Phytophthora ramorum a shochtadh; agus

tar éis na tréimhse 3 mhí sin:

ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar an ábhar iomadaithe sin ná ar na plandaí torthaí sin ag an láithreán táirgthe; nó

rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe sin agus de na plandaí torthaí sin atá le bogadh agus aimsíodh go raibh siad saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld;

agus

maidir le gach ábhar iomadaithe eile agus gach planda torthaí eile ag an láithreán táirgthe:

ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar an ábhar iomadaithe sin ná ar na plandaí torthaí sin ag an láithreán táirgthe; nó

rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe sin agus de na plandaí torthaí sin atá le bogadh agus aimsíodh go raibh sé saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld.

(iv)

Víreas fáinnebhall an phlanda tobac (TRSV) agus víreas fáinnebhall an Tráta (ToRSV)

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir bhunúsach i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó TRSV agus ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de TRSV agus ToRSV ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar an láithreáin táirgthe a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach.

(e)   Catagóir CAC

Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, láthair táirgthe nó limistéar

(i)

Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld:

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir a shuigh an t-údarás inniúil go bhfuil siad saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta; nó

ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar ábhar iomadaithe ná ar phlandaí torthaí den chatagóir CAC ag an láithreán táirgthe ar feadh an timthrialla fhásúil iomlán is déanaí;

ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC a léiríonn siomptóim de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man ag an láithreán táirgthe agus gach planda laistigh de gha 2 m ón ábhar iomadaithe siomptómach agus ó na plandaí torthaí siomptómacha, déanfar iad sin a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh, lena n-áirítear ithir atá greamaithe leis; agus

i gcás gach planda atá lonnaithe laistigh de gha 10 m ó ábhar iomadaithe siomptómach agus de phlandaí torthaí siomptómacha agus aon ábhar iomadaithe agus aon phlanda torthaí atá fágtha ón mbaisc atá buailte:

laistigh de thrí mhí tar éis ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí torthaí siomptómacha a bhrath, ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar an ábhar iomadaithe sin agus ar na plandaí torthaí sin in dhá chigireacht ar a laghad ag amanna iomchuí chun an lotnaid a bhrath agus le linn na tréimhse 3 mhí sin ní dhéanfar aon chóireáil chun siomptóim Phytophthora ramorum a shochtadh; agus tar éis na tréimhse 3 mhí sin:

ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar an ábhar iomadaithe sin ná ar na plandaí torthaí sin ag an láithreán táirgthe; nó

rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe sin agus de na plandaí torthaí sin atá le bogadh agus aimsíodh go raibh siad saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld;

agus

maidir le gach ábhar iomadaithe eile agus gach planda torthaí eile ag an láithreán táirgthe:

ní aimseofar aon siomptóm de Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld ar an ábhar iomadaithe sin ná ar na plandaí torthaí sin ag an láithreán táirgthe; nó

rinneadh tástáil ar shampla ionadaíoch den ábhar iomadaithe sin agus de na plandaí torthaí sin atá le n-aistriú agus fuarthas é a bheith saor ó Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld.

(ii)

Víreas fáinnebhall an phlanda tobac (TRSV) agus víreas fáinnebhall an Tráta (ToRSV)

táirgfear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí den chatagóir CAC i limistéir arb eol go bhfuil siad saor ó TRSV agus ToRSV; nó

níor aimsíodh aon siomptóm de TRSV agus ToRSV ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí agus rinneadh aon phlanda siomptómach i bhfíorchóngar láithreán táirgthe na bplandaí a bhaint ón bhfréamh agus a scriosadh láithreach; nó

níor aimsíodh siomptóim TRSV agus ToRSV ar chion is mó ná 2 % d’ábhar iomadaithe agus de phlandaí torthaí den chatagóir CAC ar an láithreán táirgthe thar an séasúr fáis iomlán is déanaí, agus rinneadh na plandaí siomptómacha sin a bhaint ón bhfréamh láithreach agus a scriosadh.’


(*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/925 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2017 lena n-údaraítear do Bhallstáit áirithe, ar bhonn sealadach, ábhar réamhbhunúsach a dheimhniú a bhaineann le speicis áirithe plandaí torthaí agus a tháirgtear sa pháirc faoi dhálaí nach bhfuil feithid-díonach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/167 (IO L 140, 31.5.2017, lch. 7; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/925/oj).’ ’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2025/145/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)