|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/143 |
30.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/143 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2025
maidir le húdarú L-isileoicín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 20437 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú L-isileoicín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 20437. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú L-isileoicín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 20437 mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis ainmhíoch, iarratas ina n-iarrtar an breiseán a aicmiú sa chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 12 Márta 2024 (2) go bhfuil L-isileoicín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 20437 sábháilte do na spriocspeicis, don tomhaltóir agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Maidir lena úsáid in uisce, tá imní ar an Údarás maidir le sábháilteacht L-isileoicín do na spriocspeicis, imní a thagann as L-isileoicín a thabhairt go comhuaineach de bhéal trí uisce óil agus trí an mbeatha, mar gheall ar an riosca go mbeadh míchothromaíochtaí cothaitheacha ann nó ar chúiseanna sláinteachais. In éagmais aon sonraí, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le hacmhainneacht L-isileoicín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 20437 a bheith ina ghreannaitheoir craicinn agus/nó súl, nó ina íogróir deirmeach. Is dócha go dtarlódh nochtadh trí ionanálú de thoradh na hacmhainneachta atá aige deannach a tháirgeadh. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-isileoicín í an tsubstaint le haghaidh speicis neamh-athchogantacha, agus gur cheart an L-isileoicín a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé lán-éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann L-isileoicín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 20437 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin mar bhreiseán beathaithe a údarú. Má thugtar d’athchogantaigh é, ní mór L-isileoicín a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach. Is iomchuí an t-úsáideoir a chur ar an eolas chun go gcuirfidh sé an soláthar cothaithe san áireamh leis na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus atá riachtanach go coinníollach, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as L-isileoicín mar fhorlíonadh in uisce óil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(4), e8726.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
3c385 |
L-isileoicín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Púdar inarb é 93,5 % an t-íosmhéid L-isileoicín (ar bhonn ábhar tirim) agus 2 % an t-uaschion taise Tréithriú na substainte gníomhaí L-isileoicín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 20437 Foirmle cheimiceach: C6H13NO2 Uimhir CAS: 73-32-5 Modh anailíse (1) Maidir le L-isileoicín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le hisileoicín sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le hisileoicín i réamh-mheascáin a chinneadh:
Maidir le hisileoicín i mbeatha chumaisc a chinneadh:
Maidir le hisileoicín in uisce a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
— |
|
— |
|
an 19 Feabhra 2035 |
||||||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/143/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)