European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/141

30.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/141 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

lena gcuirtear allmhairí scriúnna gan cheann de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Deireadh Fómhair 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí scriúnna gan cheann isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí tar éis d’Institiúid Cheanglóirí Tionsclaíocha na hEorpa gearán a chur isteach an 2 Meán Fómhair 2024 thar cheann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán scriúnna gan cheann an Aontais acu.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is é an táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) scriúnna agus boltaí, bíodh a gcuid cnónna agus leicneán leo nó ná bíodh, gan cheann orthu, iad déanta as iarann nó as cruach seachas cruach dhosmálta, gan beann ar neart teanntachta, seachas scriúnna cóiste agus scriúnna adhmaid eile, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, scriúnna féintapála, agus scriúnna agus boltaí chun ábhar tógála iarnróid a dheisiú, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC 7318 15 42 agus 7318 15 48 agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge faoi imscrúdú’).

2.   CLÁRÚ

(4)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála.

(5)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(6)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

(7)

De réir na ríomhanna a sholáthraítear sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 100 % agus 150 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála idir 150 % agus 214 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

(8)

Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir a bheith ag súil leis an leibhéal iarbhír dliteanais a bhunófar mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(9)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, ordaítear do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí scriúnna agus boltaí isteach san Aontas a chlárú, bíodh a gcnónna agus a leicneáin leo nó ná bíodh, gan cheann orthu, iad déanta as iarann nó as cruach seachas cruach dhosmálta, gan beann ar neart teanntachta, seachas scriúnna cóiste agus scriúnna adhmaid eile, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, scriúnna féintapála, agus scriúnna agus boltaí chun ábhar tógála iarnróid a dheisiú, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC 7318 15 42 agus 7318 15 48 agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2024/6209, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6209/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/141/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)