|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/140 |
30.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/140 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le (E)-3-beinsi[1,3]dhé-ocsal-5-il-N,N-défheinil-2-próipéanaimíd a chur le liosta an Aontais de bhlastáin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna, chomh maith le coinníollacha a n-úsáide. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3) glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach an liosta sin in Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008. |
|
(3) |
Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar. |
|
(4) |
An 15 Eanáir 2019 cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú (E)-3-beinsi[1,3]dhé-ocsal-5-il-N,N-défheinil-2-próipéanaimíde, (FL Uimh. 16.135) mar shubstaint bhlaistithe le húsáid i mbianna éagsúla a thagann faoi roinnt catagóirí bia dá dtagraítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair. Tugadh fógra don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) maidir leis an iarratas agus iarradh tuairim uaidh ina leith. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit freisin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
|
(5) |
Sa tuairim uaidh a glacadh an 18 Bealtaine 2022 (4), rinne an tÚdarás meastóireacht ar shábháilteacht na substainte FL Uimh. 16.135 nuair a úsáidtear í mar shubstaint bhlaistithe agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil ábhar imní sábháilteachta ann ar an leibhéal nochta cothúcháin a mheastar a bheith ann arna ríomh leis an teicníc nochta le suim na sciartha ar bhonn na n-úsáidí atá beartaithe agus na leibhéal úsáide. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach bhfuil ábhar imní sábháilteachta ann mar gheall ar an gcomhnochtadh do FL Uimh. 16.135 óna úsáid mar shubstaint blaistithe bia agus óna láithreacht i dtaos fiacla. |
|
(6) |
Ós rud é nach bhfuil úsáid na substainte FL Uimh. 16.135 mar shubstaint bhlaistithe ina hábhar imní sábháilteachta faoi na coinníollacha sonraithe úsáide agus nach meastar go gcuirfear an tomhaltóir amú, is iomchuí an úsáid sin a údarú i bhfianaise na tuairime ón Údarás. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir sin chun (E)-3-beinsi[1,3]dhé-ocsal-5-il-N,N-défheinil-2-próipéanaimíd a chur le liosta an Aontais de bhlastáin. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1334/oj.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/872/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(7):7355.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn 2, Tábla 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le FL Uimh. 16.133:
|
‘16.135 |
(E)-3-beinsi[1,3]dhé-ocsal-5-il-N,N-défheinil-2-próipéanaimíd |
1309389-73-8 |
|
|
I gcatagóir 5 (seachas 5.1, 5.3 agus 5.4) - gan dul thar 250 mg/kg I gcatagóir 5.3 - gan dul thar 500 mg/kg I gcatagóir 5.4 - gan dul thar 150 mg/kg |
|
EFSA’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/140/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)