|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/139 |
24.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/139 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Eanáir 2025
lena ndeonaítear cosaint san Aontas don Ainmniúchán Tionscnaimh‘Valais / Wallis’ a cláraíodh sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha d’Ionstraim na Ginéive
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú chun ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chlárú go hidirnáisiúnta le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, arb é a chláróidh sa Chlár Idirnáisiúnta é i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Ionstraim na Ginéive. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha eile ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe agus tásca geografacha cláraithe a chosaint laistigh dá gcóras dlí féin faoi réir aon diúltú, aon tréigean, aon neamhbhailíochtú nó aon chealú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive, an 14 Márta 2024, thug Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil fógra don Choimisiún go ndearnadh an t-ainm ‘Valais / Wallis’, a ndearna an Eilvéis iarratas ina leith, a thaifeadadh ina Ainmniúchán Tionscnaimh sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha faoi Ionstraim na Ginéive. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, foilsíodh clárú idirnáisiúnta an Táisc Gheografaigh ‘Valais / Wallis’ in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) chun go bhféadfaí freasúraí a d’fhéadfadh a bheith ann a thaisceadh. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1753, rinne an Coimisiún measúnú ar chlárú idirnáisiúnta an Ainmniúcháin Tionscnaimh ‘Valais / Wallis’ i dtaobh na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin agus tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíontar iad. |
|
(5) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon fhreasúra faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1753, ba cheart an t-ainm ‘Valais / Wallis’ a chosaint san Aontas, i gcomhréir le hIonstraim na Ginéive. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha faoi Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar an t-ainm ‘Valais / Wallis’, ainm a cláraíodh mar Ainmniúchán Tionscnaimh sa Chlár Idirnáisiúnta, a chosaint san Aontas.
Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír, sainaithnítear táirge den chineál ‘fíon’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 271, 24.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1753/oj.
(2) IO C, C/2024/2687, 12.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2687/oj.
(3) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/139/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)