European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/138

30.1.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/138 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Eanáir 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann leis an gcibearshlándáil, le haghaidh na gcatagóirí agus n-aicmí trealaimh raidió a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh raidió atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin i gcás ina gcumhdaítear iad leis na caighdeáin sin nó le codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)5637 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar an gCoiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) chun caighdeáin chomhchuibhithe nua a dhréachtú chun tacú le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointí (d), (e) agus (f), de Threoir 2014/53/AE, le haghaidh na gcatagóirí agus n-aicmí trealaimh raidió a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún (4) (‘an iarraidh’).

(3)

Ar bhonn na hiarrata, dhréachtaigh CEN agus Cenelec caighdeáin chomhchuibhithe EN 18031-1:2024 maidir le ceanglais choiteanna slándála le haghaidh trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon, chun tacú leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), de Threoir 2014/53/AE; EN 18031-2:2024 maidir le ceanglais choiteanna slándála le haghaidh trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon, trealamh raidió cúraim leanaí, trealamh raidió bréagán agus trealamh raidió inchaite, chun tacú leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (e), de Threoir 2014/53/AE; agus EN 18031-3:2024 maidir le ceanglais choiteanna slándála le haghaidh trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon lena bpróiseáiltear airgead fíorúil nó luach airgeadúil, chun tacú leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (f), de Threoir 2014/53/AE.

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe sin an iarraidh.

(5)

Áirítear i gcaighdeáin chomhchuibhithe EN 18031-1:2024, EN 18031-2:2024 agus EN 18031-3:2024 roinnt ranna ar a dtugtar ‘réasúnaíocht’ agus ‘treoraíocht’. Is é is aidhm don roinn dar teideal ‘réasúnaíocht’ údar a thabhairt leis an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar rioscaí áirithe. Áirítear sna ranna ar a dtugtar ‘treoraíocht’ samplaí agus breithnithe maidir leis na féidearthachtaí chun bearta maolaithe áirithe a chur chun feidhme. Ní leagtar amach sonraíochtaí in aon cheann den dá roinn thuasluaite. Ina theannta sin, áirítear sna ranna ar a dtugtar ‘treoraíocht’ tagairtí do tháirgí insoláthartha caighdeánúcháin de chuid eagraíochtaí náisiúnta um chaighdeánú. Mar riail ghinearálta, níor cheart crostagairtí normatacha do tháirgí insoláthartha caighdeánúcháin den sórt sin a áireamh i gcaighdeáin chomhchuibhithe.

(6)

I gClásail 6.2.5.1 agus 6.2.5.2 de chaighdeáin chomhchuibhithe EN 18031-1:2024, EN 18031-2:2024 agus EN 18031-3:2024, pléitear pasfhocail réamhshocraithe. Tugann na clásail sin an deis do mhonaróirí cead a thabhairt d’úsáideoir gan aon phasfhocal a shocrú ná a úsáid. Meastar, má chuirtear an rogha sin chun feidhme, nach dtabharfar aghaidh mar is ceart ar na rioscaí fíordheimhniúcháin ábhartha agus, dá bhrí sin, nach n-áiritheofar comhréireacht leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointí (d), (e) agus (f), de Threoir 2014/53/AE.

(7)

Áirítear i gClásail 6.1.3, 6.1.4, 6.1.5 agus 6.1.6 de chaighdeán comhchuibhithe EN 18031-2:2024 sonraíochtaí maidir le sásra rialaithe rochtana le haghaidh trealamh raidió bréagán agus trealamh raidió cúraim leanaí. Go sonrach, is iad seo a leanas na catagóirí cur chun feidhme a dtugtar tuairisc orthu faoi na foranna ‘critéir mheasúnaithe’: rialú rochtana rólbhunaithe, rialú rochtana lánroghnach, rialú rochtana éigeantach nó eile. D’fhéadfadh sé nach mbeadh cuid de na catagóirí seo comhoiriúnach le rialú tuismitheora nó caomhnóra. I gcás den sórt sin, meastar, mura gcuirfear rialú tuismitheora nó caomhnóra chun feidhme, nach dtabharfar aghaidh ar na rioscaí fíordheimhniúcháin ábhartha agus, dá bhrí sin, nach n-áiritheofar comhréireacht leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (e), de Threoir 2014/53/AE.

(8)

Áirítear i gClásal 6.3.2.4 de chaighdeán comhchuibhithe EN 18031-3:2024 critéir mheasúnaithe le haghaidh nuashonruithe slána. Leagtar síos ceithre chatagóir cur chun feidhme éagsúla, bunaithe ar shínithe digiteacha, sásraí cumarsáide slána, sásraí rialaithe rochtana nó eile. Níl aon cheann de na modhanna leordhóthanach ina n-aonar le haghaidh láimhseáil sócmhainní airgeadais. Meastar nach dtugann na critéir mheasúnaithe aghaidh mar is ceart ar na rioscaí fíordheimhniúcháin ábhartha agus, dá bhrí sin, nach féidir leo comhréireacht leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (f), de Threoir 2014/53/AE a áirithiú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 18031-1:2024, EN 18031-2:2024 agus EN 18031-3:2024 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srianta.

(10)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 ón gCoimisiún (5) tugtar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/53/AE. Chun a áirithiú go liostófar in aon ghníomh amháin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/53/AE, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 18031-1:2024, EN 18031-2:2024 agus EN 18031-3:2024 a chur san Iarscríbhinn sin, maille le srianta.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 a leasú dá réir.

(12)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go meastar go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/53/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 5637 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le trealamh raidió chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), den Treoir sin (IO L 7, 12.1.2022, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/30/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2022 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 289, 10.11.2022, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2191/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2191, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

‘164.

EN 18031-1:2024

Ceanglais choiteanna slándála le haghaidh trealamh raidió – Cuid 1: Trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon

Fógra 1: Na ranna ar a dtugtar ‘réasúnaíocht’ agus ‘treoraíocht’ sa chaighdeán comhchuibhithe sin, ní fhágann siad go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), de Threoir 2014/53/AE.

Fógra 2: Ní rud é an caighdeán comhchuibhithe seo a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), de Threoir 2014/53/AE más rud é, agus clásail 6.2.5.1 agus 6.2.5.2 de á gcur i bhfeidhm, nach gceadaítear don úsáideoir aon phasfhocal a shocrú ná a úsáid.

165.

EN 18031-2:2024

Ceanglais choiteanna slándála le haghaidh trealamh raidió – Cuid 2: trealamh raidió lena bpróiseáiltear sonraí, is é sin trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon, trealamh raidió cúraim leanaí, trealamh raidió bréagán agus trealamh raidió inchaite

Fógra 1: Na ranna ar a dtugtar ‘réasúnaíocht’ agus ‘treoraíocht’ sa chaighdeán comhchuibhithe sin, ní fhágann siad go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (e), de Threoir 2014/53/AE.

Fógra 2: Ní rud é an caighdeán comhchuibhithe seo a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (e), de Threoir 2014/53/AE más rud é, trí chlásail 6.2.5.1 agus 6.2.5.2 de a chur i bhfeidhm, nach gceadaítear don úsáideoir aon phasfhocal a shocrú ná a úsáid.

Fógra 3: Maidir leis na haicmí nó na catagóirí trealaimh raidió a chumhdaítear le clásail 6.1.3, 6.1.4, 6.1.5 nó 6.1.6 den chaighdeán comhchuibhithe seo, ní rud é an caighdeán comhchuibhithe seo a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (e), de Threoir 2014/53/AE, más rud é nach n-áirithítear rialú rochtana tuismitheoirí nó caomhnóirí trí chlásail 6.1.3.4.2, 6.1.4.4.2, 6.1.5.4.2 agus 6.1.6.4.2 de a chur i bhfeidhm.

166.

EN 18031-3:2024

Ceanglais choiteanna slándála le haghaidh trealamh raidió – Cuid 3: Trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon agus lena bpróiseáiltear airgead fíorúil nó luach airgeadúil

Fógra 1: Na ranna ar a dtugtar ‘réasúnaíocht’ agus ‘treoraíocht’ sa chaighdeán comhchuibhithe sin, ní fhágann siad go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (f), de Threoir 2014/53/AE.

Fógra 2: Ní rud é an caighdeán comhchuibhithe seo a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (f), de Threoir 2014/53/AE más rud é, agus clásail 6.2.5.1 agus 6.2.5.2 de á gcur i bhfeidhm, nach gceadaítear don úsáideoir aon phasfhocal a shocrú ná a úsáid.

Fógra 3: A mhéid a bhaineann leis na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i gclásal 6.3.2.4 den chaighdeán comhchuibhithe seo, ní rud é an caighdeán comhchuibhithe seo a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (f), de Threoir 2014/53/AE.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/138/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)