European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/134

29.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/134 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Eanáir 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a mhéid a bhaineann le ceadúnas píolóta uathghíreáin a thabhairt isteach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(1) agus Airteagal 27(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais ar phíolótaí a bhfuil baint acu le hoibriú aerárthaí mar a shonraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, pointí (b)(i) agus (ii) de.

(2)

De thairbhe na forbartha leanúnaí ar uathghíreáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 toisc gur troime ná 600 kg a n-uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh, is gá ceanglais maidir le ceadúnú foirne eitilte le haghaidh píolótaí uathghíreán a chur isteach i Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011. Ós rud é go dtógfaidh sé tamall eile creat cuimsitheach le haghaidh oibriúchán uathghíreán tráchtála a fhorbairt, san am i láthair níor cheart aghaidh a thabhairt ach ar phribhléidí píolótaí neamhthráchtála amháin leis na ceanglais sin.

(3)

Le creat rialála nua an Aontais um cheadúnú foirne eitilte uathghíreán, ba cheart cuimhneamh ar chaighdeáin agus dea-chleachtais a leagtar síos le ceanglais náisiúnta maidir le ceadúnú uathghíreán, i gcás inar féidir, agus ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le creidiúintí do shealbhóirí ceadúnas píolóta uathghíreáin náisiúnta agus iad ag lorg ceadúnas píolóta uathghíreáin ón Aontas.

(4)

Chun tacú le ceanglais an Aontais maidir le ceadúnú foirne uathghíreán a chur chun feidhme, agus go háirithe chun na chéad teagascóirí de chuid an Aontais a cháiliú, ar feadh tréimhse theoranta agus faoi choinníollacha áirithe, ba cheart d’iarratasóirí ar cheadúnas píolóta uathghíreáin ón Aontas agus ar rátálacha agus deimhnithe bainteacha a bheith in ann creidiúintí a fháil ar bhonn tuarascáil creidiúintí, ar choinníoll go bhfuil an ceadúnas uathghíreáin náisiúnta agus na rátálacha agus deimhnithe bainteacha atá ábhartha acu, nó gur thosaigh siad oiliúint chun iad a eisiúint.

(5)

Le haghaidh oibríochtaí neamhthráchtála gan luach saothair, ba cheart a cheangal ar shealbhóirí ceadúnas píolóta uathghíreáin ón Aontas an deimhniú aerleighis céanna a bheith acu agus atá ag píolótaí príobháideacha le haghaidh catagóirí aerárthaí eile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011.

(6)

Ba cheart na ceanglais ar údaráis inniúla agus eagraíochtaí oiliúna a oiriúnú, i gcás inar gá, chun oiliúint agus ceadúnú do phíolótaí uathghíreán a áireamh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 04/2024 (3) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointe (b), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo thíos in ionad Airteagal 4(2):

‘2.   Maidir le ceadúnais nach gcomhlíonann Comhriachtanais Eitlíochta (JAR), lena n-áirítear rátálacha, deimhnithe, údaruithe nó cáilíochtaí bainteacha a eisíonn nó a aithníonn Ballstát roimh infheidhmeacht an Rialacháin, déanfaidh an Ballstát a d’eisigh an ceadúnas é a thiontú ina cheadúnas Cuid FCL. De mhaolú ar an mír seo, cuirfear Airteagal 4g i bhfeidhm maidir le ceadúnais píolótaí uathghíreán.’

;

(2)

cuirtear an tAirteagal 4g seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4g

Ceanglais shonracha ar iarratasóirí ar cheadúnas píolóta uathghíreáin

1.   Go dtí an 18 Feabhra 2028, iarratasóirí a bhfuil ceadúnas píolóta uathghíreáin agus rátálacha agus deimhnithe bainteacha acu a eisíodh i gcomhréir le ceanglais náisiúnta maidir le ceadúnú le haghaidh foirne eitilte uathghíreán, nó iarratasóirí a thosaigh oiliúint i gcomhréir leis na ceanglais sin, gheobhaidh siad creidiúintí chun go n-eiseofar ceadúnas píolóta uathghíreáin agus rátálacha agus deimhnithe bainteacha dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar bhonn tuarascáil creidiúintí a leag Ballstát síos i gcomhairliúchán le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA). Comhlíonfaidh an tuarascáil creidiúintí Airteagal 9(3).

2.   Agus iad ag deimhniú tuarascáil creidiúintí i gcomhréir le mír (1), deonóidh na Ballstáit:

(a)

creidiúintí le haghaidh aga eitilte a chuir iarratasóirí i gcrích in uathghíreáin a raibh uasmhais éirí de thalamh 450 kg ar a laghad acu, agus lena aghaidh sin amháin;

(b)

creidiúintí, chun ceadúnas píolóta uathghíreáin a eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo, sa chás nach mó a méid ná méid na creidiúna a dheonófaí i gcomhréir le pointe FCL.210.G(c) d’Iarscríbhinn I, agus sa chás sin amháin. Sna cásanna sin, cuirfidh iarratasóirí an oiliúint eitilte bhreise i gcrích ag eagraíocht oiliúna fhormheasta (ATO) nó ag eagraíocht oiliúna dhearbhaithe (DTO) in uathghíreán a deimhníodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn sin, sula molfaidh an ATO nó an DTO go dtabharfaidís faoin tástáil scileanna.’

;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IV (Cuid-MED) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(6)

Leasaítear Iarscríbhinn VIII (Cuid-DTO) i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 18 Feabhra 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/2021-07-25.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1178/oj).

(3)   https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions/opinion-no-042024.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

i bpointe FCL.010, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach:

 

‘ciallaíonn ‘uathghíreán’ cineál rótarárthaigh a fhaigheann tacaíocht le linn eitilte ó fhrithghníomhuithe an aeir ar suas le dhá rótar a rothlaíonn ar aiseanna atá ingearach a bheag nó a mhór.’;

(2)

leasaítear pointe FCL.025 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

Más rud é, maidir le hiarratasóirí ar eisiúint ceadúnais píolóta aerárthaí éadroma (LAPL), ceadúnais píolóta phríobháidigh (PPL), rátála uirlisí bunúsacha (BIR) nó ceadúnais píolóta uathghíreáin (GPL), nár éirigh leo i gceann de na páipéir scrúdaithe ar eolas teoiriciúil i ndiaidh ceithre iarracht nó gur theip orthu pas a fháil sna páipéir uile laistigh den tréimhse a luaitear i bpointe (b)(2), déanfaidh siad an tsraith iomlán de pháipéir scrúdaithe ar eolas teoiriciúil an athuair.’;

(b)

i bpointe (c)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

chun ceadúnas píolóta aerárthaigh éadroim, ceadúnas píolóta príobháideach nó ceadúnas píolóta uathghíreáin a eisiúint, ar feadh tréimhse 24 mhí;’;

(3)

i bpointe FCL.035(a), cuirtear an pointe nua (5) seo a leanas isteach:

‘(5)

Na huaireanta ar fad a eitlítear in uathghíreáin a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh 450 kg ar a laghad, creidiúnófar dóibh go hiomlán de réir an 12 uair an chloig d’aga eitilte agus na 12 éirí de thalamh agus tuirlingt atá le cur i gcrích i gcomhréir le pointe FCL.240.G(a) ach ní bheidh siad creidiúnaithe i leith na gceanglas i bpointe FCL.240.G(a)(1)(ii).’;

(4)

i bpointe FCL.055, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Ginearálta. Píolótaí eitleáin, héileacaptair, aerárthaí ag a bhfuil ardú cumhachtaithe, aerlonga agus uathghíreáin a gceanglaítear orthu an radaiteileafón a úsáid, ní fheidhmeoidh siad pribhléidí a gceadúnas agus a rátála ach amháin má tá formhuiniú oilteachta teanga ar a gceadúnas i mBéarla nó sa teanga a úsáidtear le haghaidh cumarsáid raidió a bhaineann leis an eitilt. Sonróidh an formhuiniú an teanga, an leibhéal inniúlachta agus an dáta bailíochta, agus gheofar é i gcomhréir le nós imeachta arna bunú ag údarás inniúil. Is é an leibhéal oibríochtúil (Leibhéal 4) an t-íosleibhéal inniúlachta is inghlactha i gcomhréir le bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.’;

(5)

i bpointe FCL.060, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití de phointe (b):

‘(b)

Eitleáin, héileacaptair, aerárthaí ag a bhfuil ardú cumhachtaithe, aerlonga, aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach agus uathghíreáin. Ní oibreoidh píolóta aerárthach le linn iompar aeir tráchtála ná chun paisinéirí a iompar:’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Fhochuid C:

‘FOCHUID C – CEADÚNAS PÍOLÓTA PRÍOBHÁIDEACH (PPL) AGUS CEADÚNAS PÍOLÓTA UATHGHÍREÁIN (GPL)’;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.200:

‘FCL.200 Aois íosta

Beidh iarratasóirí ar cheadúnas píolóta phríobháideach nó ar cheadúnas píolóta uathghíreáin 17 mbliana d’aois ar a laghad.’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.205:

‘FCL.205 Coinníollacha

(a)

Comhlíonfaidh iarratasóirí ar cheadúnas píolóta phríobháideach a eisiúint na ceanglais le haghaidh rátáil aicme nó chineáil le haghaidh an aerárthaigh a úsáidtear sa tástáil scileanna mar a bhunaíodh i bhFochuid H.

(b)

Beidh na ceanglais is gá don aicme nó don chineál aerárthaigh a úsáidtear sa tástáil scileanna comhlíonta ag iarratasóirí ar eisiúint cheadúnas píolóta uathghíreáin.’;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.210:

‘FCL.210 Cúrsa oiliúna

(a)

Déanfaidh iarratasóirí ar cheadúnas píolóta phríobháideach nó ar cheadúnas píolóta uathghíreáin cúrsa oiliúna ag eagraíocht oiliúna fhormheasta (ATO) nó ag eagraíocht oiliúna dhearbhaithe (DTO).

(b)

Áireofar ar an gcúrsa eolas teoiriciúil agus teagasc eitilte is iomchuí do phribhléidí cheadúnas píolóta phríobháideach nó ceadúnais píolóta uathghíreáin arbh ina leith a rinneadh an t-iarratas.

(c)

Is féidir teagasc ar eolas teoiriciúil agus teagasc eitilte a chur i gcrích ag eagraíocht oiliúna dhearbhaithe nó ag eagraíocht oiliúna fhormheasta nach ionann é agus an ceann ina bhfuil tús curtha ag iarratasóirí lena n-oiliúint.’;

(10)

i bpointe FCL.215, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Léireoidh iarratasóirí ar cheadúnas píolóta phríobháideach nó ar cheadúnas píolóta uathghíreáin leibhéal eolais theoiriciúil atá iomchuí leis na pribhléidí a bronnadh trí scrúduithe sna hábhair seo a leanas:’;

(11)

i bpointe FCL.235, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Trí tástáil scileanna a chur i gcrích, léireoidh iarratasóirí ar cheadúnas píolóta phríobháideach nó ar cheadúnas píolóta uathghíreáin cumas phíolóta i gceannas (PIC) sa chatagóir aerárthaigh iomchuí na n-ainlithe agus na nósanna imeachta ábhartha leis an gcumas atá iomchuí leis na pribhléidí a bronnadh.’;

(12)

cuirtear Roinn 5 nua isteach:

ROINN 5

Ceanglais shonracha maidir leis an gceadúnas píolóta uathghíreáin

FCL.205.G GPL – Pribhléidí

(a)

Is é atá i gceist leis na pribhléidí atá ag sealbhóir cheadúnas píolóta uathghíreáin go mbeidh sé in ann gníomhú mar phíolóta i gceannas ar uathghíreáin:

(1)

gan luach saothair in oibríochtaí neamhthráchtála;

(2)

gan iompar paisinéirí a dhéanamh ach i gcás go bhfuil 10 n-uair an chloig am eitilte curtha i gcrích acu mar phíolóta i gceannas ar uathghíreáin tar éis an ceadúnas a bheith eisithe.

(b)

D’ainneoin phointe (a)(1) thuas, féadfaidh sealbhóir cheadúnas píolóta uathghíreáin a bhfuil pribhléidí teagascóra nó scrúdaitheora aige luach saothair a fháil as:

(1)

teagasc eitilte a sholáthar don cheadúnas píolóta le haghaidh uathghíreáin;

(2)

tástálacha scileanna agus seiceálacha oilteachta le haghaidh an cheadúnas píolóta uathghíreáin a dhéanamh;

(3)

an oiliúint, an tástáil agus an tseiceáil le haghaidh na rátálacha eitilte agus na pribhléidí a bhaineann le ceadúnas an teagascóra nó an scrúdaitheora, de réir mar is infheidhme.

(c)

Ní fheidhmeoidh sealbhóirí ceadúnais píolóta uathghíreáin pribhléidí ceadúnais píolóta uathghíreáin sin ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme maidir le taithí dhéanach agus má tá a ndeimhniú leighis is iomchuí do na pribhléidí a fheidhmítear bailí.

FCL.210.G GPL – Ceanglais maidir le taithí agus creidiúnú

(a)

Beidh 35 uair an chloig ar a laghad de theagasc eitilte ar uathghíreáin déanta ag iarratasóirí ar cheadúnas píolóta uathghíreáin, agus d’fhéadfadh 5 uair an chloig díobh sin a bheith curtha i gcrích in FSTD, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(1)

20 uair an chloig d’oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte; agus

(2)

8 uair an chloig d’aga eitilte aonair faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear ar a laghad 4 uair an chloig d’aga eitilte trastíre aonair le heitilt trastíre amháin 150 km (80 NM) ar a laghad, ar lena linn a dhéanfar tuirlingtí lánstad ag dhá aeradróm atá éagsúil leis an aeradróm imeachta.

(b)

Creidiúnú. Iarratasóirí a shealbhaíonn ceadúnas píolóta le haghaidh catagóir eile d’aerárthaí, creidiúnófar dóibh 10 % dá n-aga eitilte iomlán mar phíolóta i gceannas ar aerárthaí den sórt sin suas le 10 uair an chloig ar a mhéad. In aon chás, ní thabharfar creidiúintí i leith ceanglais phointe (a)(2).

(c)

Féadfar creidiúnú i leith cheanglais phointe (a) a thabhairt d’iarratasóirí a bhfuil taithí acu roimhe sin mar phíolóta i gceannas ar uathghíreáin a bhfuil uasmhais éirí de thalamh 450 kg ar a laghad acu. Is é an eagraíocht oiliúna dhearbhaithe nó an eagraíocht oiliúna fhormheasta a chinnfidh méid an chreidmheasa i gcás ina ndéanfaidh an t-iarratasóir an cúrsa oiliúna, ar bhonn measúnú eitilte réamhiontrála, ach ní sháróidh sé in aon chás aon cheann de na nithe seo a leanas:

(1)

an aga eitilte iomlán mar phíolóta i gceannas;

(2)

50 % de na huaireanta a éilítear i bpointe (a).

In aon chás, ní thabharfar creidiúintí i leith ceanglais phointe (a)(2).

FCL.235.G GPL – Pribhléidí d’aicmí, de chineálacha agus de leaganacha uathghíreáins

(a)

Chun críoch cheadúnú píolóta uathghíreáin i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, déanfar uathghíreáin a chatagóiriú sna haicmí agus na cineálacha seo a leanas:

(1)

Aicme na n-uathghíreán aonliáin: Uathghíreáin aonphíolóta a n-oibrítear a n-aonad tiomána lárnaithe aonair le rialú sá aonair agus a thiomáintear le ceachtar de na cineálacha innill seo a leanas:

(a)

córas innill loiní a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de níos mó ná inneall loiní amháin, má shonraítear amhlaidh tar éis an phróisis deimhniúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(b)

córas innill leictrigh a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de níos mó ná inneall leictreach amháin, má shonraítear amhlaidh tar éis an phróisis deimhniúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(c)

má shonraítear amhlaidh tar éis an phróisis deimhniúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, córas innill hibrideach arb é atá ann innill loiní agus leictreacha;

(2)

cineálacha uathghíreán a bhfuil pribhléidí ag teastáil i leith an chineáil aonair sin, mar a cinneadh tar éis an phróisis deimhniúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

(b)

Eiseofar pribhléidí d’iarratasóirí ar cheadúnas píolóta uathghíreáin don aicme nó don chineál uathghíreán ina ndearnadh an tástáil scileanna. Chun a bpribhléidí a leathnú chun aicme eile nó chun cineál eile a chumhdach, críochnóidh sealbhóirí ceadúnais píolóta uathghíreáin, san aicme eile nó sa chineál eile sin, gach ceann díobh seo a leanas:

(1)

mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, i gcás inarb infheidhme, 3 uair an chloig de theagasc eitilte ar a laghad, lena n-áirítear:

(i)

10 n-éirí de thalamh agus tuirlingt arna ndéanamh faoi stiúir dhúbailte; agus

(ii)

10 n-éirí de thalamh agus tuirlingt aonair faoi mhaoirseacht;

(2)

tástáil scileanna chun leibhéal leordhóthanach scileanna praiticiúla a léiriú san aicme nua nó sa chineál nua. Le linn na tástála scileanna sin, léireoidh an t-iarratasóir don scrúdaitheoir freisin leibhéal leordhóthanach eolais theoiriciúil don aicme eile nó don chineál eile sna hábhair seo a leanas:

(i)

nósanna imeachta oibríochta;

(ii)

feidhmiú agus pleanáil eitilte;

(iii)

eolas ginearálta faoi aerárthaí.

(c)

Chun na pribhléidí a leathnú chun leagan eile laistigh d’aicme nó de chineál a chumhdach, cuirfidh an píolóta oiliúint i gcrích maidir le difríochtaí nó taithíocht. I gcás inarb infheidhme, comhlíonfaidh an oiliúint maidir le difríochtaí nó taithíocht leis na réamhriachtanais a shonraítear sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012. Cuirfear an oiliúint maidir le difríochtaí isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir í. Agus na pribhléidí d’aicme eitleáin UGAL á leathnú chun leagan le cineál eile innill mar a shonraítear i bpointe (a)(1) a chumhdach, is éard a bheidh san oiliúint maidir le difríochtaí oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte agus teagasc ar eolas teoiriciúil lena n-áireofar, maidir leis an gcineál eile innill sin agus córais ghaolmhara aerárthaí, gach ceann de na hábhair seo a leanas ar a laghad:

(1)

nósanna imeachta oibríochta;

(2)

feidhmiú agus pleanáil eitilte;

(3)

eolas ginearálta faoi aerárthaí.;

FCL.240.G GPL – Ceanglais maidir le taithí dhéanach

(a)

Ní fheidhmeoidh sealbhóirí ceadúnais píolóta uathghíreáin pribhléidí a gceadúnais ar aicme nó ar chineál sonrach uathghíreán ach amháin má rinne siad, san aicme nó sa chineál ábhartha, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh le 2 bhliain anuas:

(1)

go bhfuil 12 uair an chloig ar a laghad d’aga eitilte curtha i gcrích acu mar PIC nó i dtaca le heitilt arna déanamh faoi stiúir dhúbailte nó le heitilt arna déanamh ag ábhar píolóta ina aonar faoi mhaoirseacht teagascóra, lena n-áirítear:

(i)

12 éirí de thalamh agus tuirlingt;

(ii)

oiliúint athnuachana 1 uair an chloig ar a laghad den aga eitilte iomlán leis an teagascóir agus chun sástacht an teagascóra a roghnóidh na cleachtaí eitilte sin a chuirfidh ar a chumas don iarratasóir a inniúlacht a athnuachan maidir leis an aerárthach a oibriú go sábháilte agus maidir le gnáthnósanna imeachta, nósanna imeachta neamhghnácha agus nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm;

(2)

pas a fháil i seiceáil oilteachta cheadúnas píolóta uathghíreáin le scrúdaitheoir. Beidh an clár seiceála oilteachta bunaithe ar an tástáil scileanna don cheadúnas píolóta uathghíreáin.

(b)

Sealbhóirí ceadúnais píolóta uathghíreáin ag a bhfuil pribhléidí de chineál UGAL agus a leathnaigh a bpribhléidí, i gcomhréir le pointe FCL.235.G(c), chun leagan a chumhdach ag a bhfuil cineál eile innill mar a shonraítear i bpointe FCL.235.G(a), mura bhfuil an leagan sin eitilte acu laistigh den 2 bhliain roimhe sin, críochnóidh siad aon cheann de na nithe seo a leanas sa leagan sin, sula bhfeidhmeoidh siad a bpribhléidí sa leagan sin:

(1)

oiliúint bhreise maidir le difríochtaí i gcomhréir le pointe FCL.235.G(c);

(2)

seiceáil oilteachta;

(3)

oiliúint athnuachana i gcomhréir le pointe (a)(1)(ii).

(c)

Déanfar na heitiltí oiliúna agus na heitiltí aonair faoi mhaoirseacht de réir fhrása réamhráitigh phointe (a)(1), an oiliúint athnuachana de réir phointí (a)(1)(ii) agus (b)(3) agus an tseiceáil oilteachta de réir phointe (a)(2) agus (b)(2) a chur isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir nó an scrúdaitheoir iad, de réir mar is infheidhme.’;

(13)

i bpointe FCL.700, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Ní ghníomhóidh sealbhóirí ceadúnais píolóta mar phíolótaí aerárthaí ach amháin má tá rátáil aicme nó cineáil acu atá bailí agus iomchuí, seachas má tá aon cheann de na rudaí seo a leanas infheidhme:

(1)

feidhmíonn siad pribhléidí ceadúnais píolóta aerárthaigh éadroim nó ceadúnais píolóta uathghíreáin;

(2)

déanann siad tástáil scileanna nó seiceálacha oilteachta le haghaidh athnuachan rátálacha aicme nó cineáil;

(3)

faigheann siad teagasc eitilte;

(4)

sealbhaíonn siad rátáil tástála eitilte a eisíodh i gcomhréir le pointe FCL.820.’;

(14)

leasaítear pointe FCL.810 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

cúrsa oiliúna a bheith curtha i gcrích in eagraíocht oiliúna dhearbhaithe nó in eagraíocht oiliúna fhormheasta. Cuirfear an cúrsa i gcrích laistigh de thréimhse 6 mhí agus áireofar leis:

(i)

5 uair an chloig de theagasc ar eolas teoiriciúil;

(ii)

10 n-uair an chloig d’am teagaisc faoi stiúir dhúbailte ar uirlisí héileacaptair; agus

(iii)

5 uair an chloig d’aga eitilte istoíche, lena n-áirítear ar a laghad 3 uair an chloig faoi stiúir dhúbailte, lena n-áirítear ar a laghad uair an chloig d’aerloingseoireacht trastíre agus cúig chuaird aonair istoíche. Áireofar i ngach cuaird éirí de thalamh agus tuirlingt.

Creidiúnófar iarratasóir a shealbhaíonn nó a shealbhaigh rátáil uirlisí (IR) in eitleán nó i bhfaoileoir innill turais (TMG) le 5 uair an chloig i leith na gceanglas i bpointe (2)(ii) thuas.’;

(2)

scriostar pointe (3);

(b)

cuirtear isteach an pointe (c) nua seo a leanas:

‘(c)

Uathghíreáin. Má tá pribhléidí ceadúnais píolóta uathghíreáin le feidhmiú i gcoinníollacha rialacha amharc-eitilte istoíche, beidh na nithe seo a leanas déanta ag iarratasóirí:

(1)

50 uair an chloig d’aga eitilte ar a laghad mar phíolóta in uathghíreáin a bheith curtha i gcrích tar éis an ceadúnas a eisiúint; lena n-áirítear 20 uair an chloig ar a laghad mar PIC ar uathghíreáin agus 20 uair an chloig d’eitilt trastíre;

(2)

cúrsa oiliúna a bheith curtha i gcrích in eagraíocht oiliúna dhearbhaithe nó in eagraíocht oiliúna fhormheasta. Cuirfear an cúrsa i gcrích laistigh de thréimhse 6 mhí agus áireofar leis:

(i)

5 uair an chloig de theagasc ar eolas teoiriciúil;

(ii)

3 uair an chloig d’am teagaisc faoi stiúir dhúbailte ar uirlisí uathghíreáin; agus

(iii)

5 uair an chloig d’aga eitilte istoíche, lena n-áirítear ar a laghad 3 uair an chloig faoi stiúir dhúbailte, lena n-áirítear ar a laghad uair an chloig d’aerloingseoireacht trastíre agus cúig chuaird aonair istoíche; áireofar le gach cuaird éirí de thalamh agus tuirlingthe.

Creidiúnófar iarratasóir a shealbhaíonn nó a shealbhaigh rátáil uirlisí (IR) in eitleán nó i héileacaptar le 2 uair an chloig i leith na gceanglas i bpointe (2)(ii) thuas. Creidiúnófar iarratasóir a shealbhaíonn rátáil eitilte oíche in eitleán, i héileacaptar nó i bhfaoileoir innill turais go hiomlán maidir leis an eilimint a shonraítear i bpointe (2)(i).’;

(15)

i bpointe FCL.905.FI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ceadúnas píolóta phríobháideach, ceadúnas píolóta aerárthaigh éadroim agus ceadúnas píolóta uathghíreáin sa chatagóir aerárthaigh iomchuí;’;

(16)

i bpointe FCL.910.FI(c), cuirtear an pointe nua (4) a leanas leis:

‘(4)

le haghaidh FI(G):

(i)

100 uair an chloig de theagasc eitilte in uathghíreáin agus, ina theannta sin, go ndearna sé maoirseacht ar 25 eitilt aonair ar a laghad;

(ii)

i gcás teagascóir eitilte le haghaidh uathghíreáin (FI(G)) a shealbhaíonn deimhniú FI(A) nó deimhniú FI(H) agus a chomhlíonann pointí (1) nó (2), mar ia infheidhme, a bhfuil 25 uair an chloig de theagasc eitilte in uathghíreáin aige agus, ina theannta sin, a bhfuil maoirseacht déanta aige ar 10 eitilt aonair ábhar píolóta ar a laghad.’;

(17)

leasaítear pointe FCL.915.FI mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh de phointe (a):

‘(a)

i gcás FI(A), FI(H) agus FI(G):’;

(b)

cuirtear an pointe nua (ca) a leanas isteach:

‘(ca)

ina theannta sin, maidir le FI(G), go bhfuil 150 uair an chloig am eitilte ar a laghad curtha i gcrích acu ar uathghíreáin, agus 100 uair díobh siúd ar a laghad mar phíolóta i gceannas.’;

(18)

leasaítear pointe FCL.930.FI mar a leanas:

(a)

i bpointe (b)(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

i gcás FI(A), (H) agus (G), 30 uair an chloig ar a laghad de theagasc eitilte, a bhfuil 25 uair an chloig díobh oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte, a bhfuil 5 uair an chloig de ar féidir a dhéanamh in ionsamhlóir eitilte iomláine (FFS), oiliúnóir nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta (FNPT I nó II), nó feiste oiliúna eitilte (FTD 2/3);’;

(b)

scriostar pointe (b)(4);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Iarratasóirí ar dheimhniú FI i gcatagóir aerárthaí eile a shealbhaíonn nó a shealbhaigh FI(A), (H), (As) nó (G), creidiúnófar iad le 55 uair an chloig i leith an cheanglais i bpointe (b)(2).’;

(d)

cuirtear na pointí (d) agus (e) seo a leanas leis:

‘(d)

Iarratasóirí ar dheimhniú FI(G) a shealbhaíonn nó a shealbhaigh deimhniú FI(A), (H) nó (As), creidiúnófar iad le 15 uair an chloig i leith an cheanglais i bpointe (b)(3) (i), a mbeidh suas le 10 uair an chloig ar a mhéad ina chreidiúint i leith an ama oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte.’

‘(e)

Iarratasóirí ar an ndeimhniú FI a shealbhaíonn nó a shealbhaigh aon deimhniú teagascóra eile arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais i bpointe (b)(1).’

(19)

leasaítear pointe FCL.940.FI(a) mar a leanas:

(a)

i bpointe (1)(i), cuirtear isteach an pointe (C) seo a leanas:

‘(C)

i gcás FI(G), 50 uair an chloig ar a laghad de theagasc eitilte in uathghíreáin mar FIanna nó mar scrúdaitheoirí;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

I gcás gach athbhailíochtaithe mhalartaigh ar a laghad, i gcás FI(A), FI(H) nó FI(G), nó gach tríú athbhailíochtú, i gcás FI(As), éireoidh le sealbhóirí an deimhnithe FI ábhartha i measúnú inniúlachta i gcomhréir le pointe FCL.935.’;

(20)

i bpointe FCL.1005.FE, cuirtear an pointe nua (d) a leanas leis:

‘(d)

FE(G). Is iad na pribhléidí atá ag scrúdaitheoir eitilte (FE) le haghaidh uathghíreán tástálacha scileanna agus seiceálacha inniúlachta a dhéanamh le haghaidh an cheadúnais píolóta uathghíreáin agus le haghaidh pribhléidí gaolmhara le haghaidh aicmí agus cineálacha uathghíreán, ar choinníoll go bhfuil 500 uair an chloig ar a laghad d’am eitilte curtha i gcrích ag FE mar phíolóta ar uathghíreáin, lena n-áirítear 100 uair an chloig ar a laghad de theagasc eitilte, a bhféadfadh suas le 40 uair an chloig díobh a bheith ina dteagasc eitilte a dhéantar mar FI(A) nó FI(H).’;

(21)

i bpointe FCL.1005.FIE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Scrúdaitheoirí theagascóirí eitilte le haghaidh eitleáin (FIE(A)) agus le haghaidh uathghíreáin (FIE(G)). Is iad pribhléidí scrúdaitheoir theagascóirí eitilte (FIE) ar aerlonga agus ar uathghíreáin measúnuithe inniúlachta a dhéanamh maidir le heisiúint, athbhailíochtú nó athnuachan deimhnithe teagascóra sa chatagóir aerárthaigh is infheidhme, ar choinníoll go sealbhaítear an deimhniú teagascóra ábhartha.’;

(22)

i bpointe FCL.1010.FIE, cuirtear an pointe nua (d) a leanas leis:

‘(d)

FIE(G). Iarratasóirí ar dheimhniú FIE le haghaidh uathghíreáin:

(1)

sealbhóidh siad deimhniú teagascóra FI(G);

(2)

beidh 1 000 uair an chloig am eitilte curtha i gcrích acu mar phíolóta ar uathghíreáin; agus

(3)

beidh 100 uair an chloig am eitilte ar a laghad curtha i gcrích acu ag teagasc iarratasóirí ar dheimhniú FI(G). I gcás iarratasóirí a shealbhaíonn deimhniú FIE(A) nó FIE(H), laghdaítear an ceanglas sin go 50 uair an chloig.’;

(23)

i bhFoscríbhinn 1, leasaítear Pointe 1 de Roinn A mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Phointe 1.:

‘1.

ceadúnas píolóta aerárthaigh éadroim, ceadúnas píolóta phríobháideach agus ceadúnas píolóta uathghíreáin’;

(b)

cuirtear isteach an pointe 1.5 nua seo a leanas:

‘1,5.

Chun ceadúnas píolóta uathghíreáin a eisiúint; creidiúnófar go hiomlán sealbhóir ceadúnas píolóta le haghaidh eitleán nó héileacaptar i gcomhréir leis an Rialachán seo i leith teagasc ar eolas teoiriciúil agus i leith na gceanglais scrúdaithe sna hábhair seo a leanas:

(a)

Dlí an aeir agus nósanna imeachta rialaithe aerthráchta,

(b)

Feidhmíocht an duine,

(c)

Meitéareolaíocht,

(d)

Cumarsáid,

(e)

Loingseoireacht.’.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn IV (Cuid-MED) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, i bpointe MED.A.030(c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

ceadúnais píolóta phríobháidigh (PPL) nó ceadúnais píolóta uathghíreáin (GPL), sealbhóidh an píolóta deimhniú leighis aicme 2 bailí ar a laghad;’.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn VI (Cuid-ORO)) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, in Foscríbhinn I, leasaítear an teimpléad i ndiaidh mhír (c) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása ‘Comhlíonann an ceadúnas seo Caighdeáin ICAO, ach amháin na pribhléidí ceadúnais píolóta aerárthaigh éadroim agus rátála uirlisí bunúsacha nó nuair atá deimhnithe leighis ceadúnais píolóta aerárthaigh ag gabháil leis’:

‘Comhlíonann an ceadúnas seo na caighdeáin ICAO, seachas na pribhléidí ceadúnais píolóta aerárthaigh éadroim, ceadúnais píolóta uathghíreáin agus rátála uirlisí bunúsacha, nó má tá deimhnithe leighis ceadúnais píolóta aerárthaigh éadroim ag gabháil leis.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása ‘Foirm 141 EASA, Eagrán 2’:

Foirm 141 EASA, Eagrán 3 ’.


IARSCRÍBHINN IV

Leasaítear Iarscríbhinn VIII (Cuid-DTO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, i bpointe DTO.GEN.110(a), cuirtear an pointe nua (5) a leanas isteach:

‘(5)

le haghaidh uathghíreáin:

(a)

teagasc ar eolas teoiriciúil le haghaidh an cheadúnais píolóta uathghíreáin;

(b)

teagasc eitilte le haghaidh an cheadúnais píolóta uathghíreáin;

(c)

oiliúint le haghaidh pribhléidí na n-aicmí agus na cineálacha uathghíreán aonphíolóta;

(d)

oiliúint le haghaidh rátáil eitilte oíche.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/134/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)