|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/127 |
28.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/127 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Eanáir 2025
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 maidir le modhanna anailíse a fheidhmiú i leith iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a úsáidtear i mbia-ainmhithe agus maidir torthaí a léirmhíniú agus maidir leis na modhanna atá le húsáid le haghaidh samplála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 34(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Eastóinise, Fraincise, Gaeilge, Ollainnise agus Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 2, an dara mír, pointe (14), a bhaineann leis an sainmhíniú ar ‘teorainn chinnidh le haghaidh deimhniú (CCα)’ a dhéanann difear do shubstaint na forála. |
|
(2) |
Sna leaganacha Danmhairgise, Eastóinise, Fraincise, Gaeilge, Gearmáinise, Ollainnise, Polainnise, Seicise agus Spáinnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808, tá earráid in Airteagal 5(2) a bhaineann leis an CCα freisin, a dhéanann difear do shubstaint na forála. |
|
(3) |
Sna leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Gaeilge agus Portaingéilise agus Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808, tá earráid i bhfophointe 2.6(1)(a), an dara habairt, d’Iarscríbhinn I, a bhféadfadh ríomh mícheart CCα a bheith mar thoradh uirthi agus a dhéanann difear do shubstaint na forála dá barr. |
|
(4) |
Sna leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Gaeilge, Portaingéilise, Seicise agus Slóivéinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808, tá earráid i gCaibidil 2, fophointe 2.6(2)(a)(i), an dara habairt, d’Iarscríbhinn I, a bhféadfadh ríomh mícheart CCα a bheith mar thoradh uirthi freisin agus a dhéanann difear do shubstaint na forála dá barr. |
|
(5) |
Sna leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Fraincise, Gaeilge agus Slóvaicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808, tá earráid i bhfophointe 2.7(1)(a), an dara habairt, d’Iarscríbhinn I, a bhféadfadh ríomh mícheart ar chumas braite le haghaidh scagtha (CCβ) a bheith mar thoradh uirthi agus a dhéanann difear do shubstaint na forála dá barr. |
|
(6) |
Sa leagan Cróitise, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808, tá earráid i bhfophointe 2.7(2)(a), an dara habairt, d’Iarscríbhinn I, a bhféadfadh ríomh mícheart CCβ a bheith mar thoradh uirthi freisin agus a dhéanann difear do shubstaint na forála dá barr. |
|
(7) |
Ba cheart na leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Eastóinise, Danmhairgise, Fraincise, Gaeilge, Gearmáinise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Seicise, Slóivéinise, Slóvaicise agus Spáinnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna tabhairt uaidh roimh ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(14): ‘(14) ciallaíonn “teorainn chinnidh le haghaidh deimhniú (CCα)” an teorainn ar dá réir agus os a cionn is féidir teacht ar an tátal a bhfuil dóchúlacht earráide de α ag baint leis go bhfuil sampla neamhchomhlíontach agus ciallaíonn an luach 1 – α cinnteacht staidrimh mar chéatadán gur sáraíodh an teorainn cheadaithe;’ |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2): ‘(2) I gcás substaintí údaraithe ar ina leith a leagadh síos MRL nó ML, is éard a bheidh sa teorainn chinnidh le haghaidh deimhniúcháin (CCα) an tiúchan ar dá réir agus os a cionn is féidir teacht ar an gcinneadh le cinnteacht staitistiúil de luach uimhriúil 1 – α gur sáraíodh an teorainn cheadaithe.’ |
|
(3) |
in Iarscríbhinn I, ceartaítear Caibidil 2 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 ón gCoimisiún an 22 Márta 2021 maidir le modhanna anailíse a fheidhmiú i leith iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a úsáidtear i mbia-ainmhithe agus maidir torthaí a léirmhíniú agus maidir leis na modhanna atá le húsáid le haghaidh samplála agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/657/CE agus Cinneadh 98/179/CE (IO L 180, 21.5.2021, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/808/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/127/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)