European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/126

27.1.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/126 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Eanáir 2025

lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2767 a mhéid a bhaineann le luachanna tagartha a chinneadh maidir le táirgeoirí agus allmhaireoirí áirithe le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)390)

Is iad na téacsanna Eastóinise, Iodáilise agus Polainnise amháin atá barántúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2767 (2) ón gCoimisiún, cinntear luachanna tagartha le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026 maidir le gach táirgeoir nó allmhaireoir a chuir hidreafluaracarbóin ar an margadh go dleathach le haghaidh na tréimhse tagartha ábhartha, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/573.

(2)

Is gá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2767 a cheartú chun earráidí a cheartú i ndáil le roinnt allmhaireoirí agus táirgeoirí. Ar an gcéad dul síos, ba cheart seoladh dhá ghnóthas a cheartú. Ar an dara dul síos, tá dhá ghnóthas ann nár cheart iad luach tagartha a fháil ós rud é nach raibh clárú bailí acu sa Tairseach F-gás tráth a glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin; dá bhrí sin, ba cheart iad a bhaint den Chinneadh Cur Chun Feidhme. Ar an tríú dul síos, maidir le dhá ghnóthas a fuair luachanna tagartha aonair, rinneadh iad a chumasc in aon ghnóthas aonair amháin sular glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin; dá bhrí sin, níor cheart ach an gnóthas aonair sin leanúint de bheith sa Chinneadh Cur Chun Feidhme agus ba cheart a luach tagartha a oiriúnú de bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2024/573. Ar deireadh, tá aon ghnóthas amháin ann ar cheart iad luach tagartha a fháil agus ba cheart, dá bhrí sin, é a chur leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme.

(3)

Tá feidhm ag Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2767 ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na ceartúcháin a thugtar isteach leis an gCinneadh seo ón dáta céanna ar aghaidh.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe arna bhunú le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2024/573,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartúcháin ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2767

1.   In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 634:

‘(634)

54469

QUZHOU JUSHARE CHEMICAL CO., LTD

arna ionadú ag NAVIS INTERNATIONAL TRADE AND CONSULTING OÜ

Pärnu mnt 113

11312 Harju maakond, Kesklinna linnaosa

Taillinn

AN EASTÓIN’

2.   In Airteagal 3, scriostar an ró 836 seo a leanas:

‘(836)

41211

NEW GAS DI LARA GOLDONI

Via Roma 4

42019 Scandiano

AN IODÁIL’

3.   In Airteagal 3, scriostar an ró 842 seo a leanas:

‘(842)

9973

NIPPON GASES REFRIGERANTS S.R.L.

Via Benigno Crespi 19

20159 Milano

AN IODÁIL’

4.   In Airteagal 3, scriostar an ró 1127 seo a leanas:

‘(1127)

34808

BESTCOOL SPÓŁKA Z OGRANICZONĄ ODPOWIEDZIALNOŚCIĄ

Podwislocze 21/IIIP/2

35-309 Rzeszów

AN PHOLAINN’

5.   In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 1401:

‘(1401)

33788

TLENSPAW S.C.

ul. Hallera 12

63-300 Pleszew

AN PHOLAINN’

6.   In Airteagal 3, cuirtear an ró 1542 seo a leanas isteach:

‘(1542)

41147

TLEN SPAW Sławomir Pacholczyk

Stawiszyńska 177

62-800 Kalisz

AN PHOLAINN’

7.   Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2767 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

An dáta cur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2025.

Airteagal 3

Seolaithe

Is chuig na gnóthais seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:

(1)

54469

QUZHOU JUSHARE CHEMICAL CO., LTD

arna ionadú ag NAVIS INTERNATIONAL TRADE AND CONSULTING OÜ

Pärnu mnt 113

11312 Harju maakond, Kesklinna linnaosa

Taillinn

AN EASTÓIN

(2)

41211

NEW GAS DI LARA GOLDONI

Via Roma 4

42019 Scandiano

AN IODÁIL

(3)

9973

NIPPON GASES REFRIGERANTS S.R.L.

Via Benigno Crespi 19

20159 Milano

AN IODÁIL

(4)

20846

NIPPON GASES INDUSTRIAL S.R.L.

Via Benigno Crespi 19

20159 Milano

AN IODÁIL

(5)

34808

BESTCOOL SPÓŁKA Z OGRANICZONĄ ODPOWIEDZIALNOŚCIĄ

Podwislocze 21/IIIP/2

35-309 Rzeszów

AN PHOLAINN

(6)

33788

TLENSPAW S.C.

ul. Hallera 12

63-300 Pleszew

AN PHOLAINN

(7)

41147

TLEN SPAW Sławomir Pacholczyk

Stawiszyńska 177

62-800 Kalisz

AN PHOLAINN

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Wopke HOEKSTRA

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2767 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena gcinntear, de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, luachanna tagartha don tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026 le haghaidh gach táirgeoir nó allmhaireoir a chuir hidreafluaracarbóin go dleathach ar mhargadh an Aontais ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 (IO L, 2024/2767, 15.11.2024, , ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2767/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

Luachanna tagartha (1) dá dtagraítear i bpointe 4(a) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026 le haghaidh gach táirgeora agus allmhaireora a bhfuil sonraí ar fáil ina leith maidir le hidreafluaracarbóin arna gcur ar an margadh san Aontas go dleathach le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollag 2023.


(1)  Íogair ó thaobh na tráchtála de - i modh rúin - níl seo le foilsiú.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/126/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)