European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/113

24.1.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/113 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Eanáir 2025

lena leagtar síos an fhormáid chun faisnéis ó na Ballstáit a chur in iúl faoi chur chun feidhme Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/896/AE ón gCoimisiún

(tugadh fógra faoi leis an dociméad C(2025) 376)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 21(2) de Threoir 2012/18/AE (dá ngairtear ‘an Treoir’ anseo feasta) ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú ar chur chun feidhme na Treorach sin faoin 30 Meán Fómhair 2019, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, agus úsáid á baint as an bhfoirm shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/896/AE (2) ón gCoimisiún.

(2)

D’fhorbair an Coimisiún foirm shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/896/AE lena sainítear an tacar faisnéise atá na Ballstáit le cur ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach.

(3)

Leis an anailís a rinneadh ar an gcéad tréimhse thuairiscithe, lenar cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Meitheamh 2015 go dtí an 31 Nollaig 2018, léiríodh gur cheart an fhoirm shonrach a úsáideann na Ballstáit a chuíchóiriú chun cruinneas agus inchomparáideacht na faisnéise a sholáthraítear a uasmhéadú, chun gur féidir leis an gCoimisiún measúnú níos fearr a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an cosc ar thionóiscí tionsclaíocha agus faisnéis ábhartha a sholáthar don phobal. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart an fhoirm shonrach a thabhairt cothrom le dáta agus ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/896/AE a athbhreithniú dá réir sin.

(4)

Is é an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2026 an chéad tréimhse tuairiscithe eile ba cheart a chumhdach bunaithe ar an bhfoirm nuashonraithe sin. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2027.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 27 de Threoir 2012/18/AE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Úsáidfidh na Ballstáit an fhoirm thuairiscithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo (3) agus faisnéis á soláthar faoi chur chun feidhme Threoir 2012/18/AE i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Treoir sin.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/896/AE le héifeacht ón 31 Nollaig 2026.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2027.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Jessika ROSWALL

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 197, 24.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/18/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2014 lena leagtar síos an fhormáid chun faisnéis ó na Ballstáit a chur in iúl faoi chur chun feidhme Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2014) 9335) (2014/896/AE) (IO L 355, 12.12.2014., lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2014/896/oj).

(3)  Ar fáil freisin ar an suíomh gréasáin seo a leanas de chuid an Choimisiúin Eorpaigh: https://environment.ec.europa.eu/topics/industrial-emissions-and-safety/industrial-accidents_en?prefLang=ga.


IARSCRÍBHINN

Lena leagtar síos foirm thuairiscithe sonraí atá le cur ar fáil ag na Ballstáit chun tuairisciú a dhéanamh faoi Airteagal 21(2) de Threoir 2012/18/AE

1.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

 

1.1

Sonraigh an uair dheireanach a tugadh faisnéis faoi bhunaíochtaí cothrom le dáta lena n-áireamh i mbunachar sonraí eSPIRS

 

Dáta ó eSPIRS (bb/mm/ll):

 

Saorthéacs le haghaidh breithnithe ó na Ballstáit maidir leis an ábhar sin (6 000 focal ar a mhéad)

 

2.

TUARASCÁLACHA SÁBHÁILTEACHTA (AIRTEAGAL 10 DE THREOIR 2012/18/AE)

Tréimhse thuairiscithe

2.1

Maidir le gach bunaíocht uas-sraithe ar ceanglaíodh uirthi tuarascáil sábháilteachta a thabhairt ar aird le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, an ndearna siad amhlaidh? Mura ndearna, sonraigh an méid seo a leanas:

 

 

2.1.1

Ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, cé mhéad bunaíocht uas-sraithe nár tugadh tuarascáil sábháilteachta ar aird (an líon bunaíochtaí), cé go gceanglaítear orthu déanamh amhlaidh?

 

2.2

Maidir le tuarascálacha sábháilteachta na mbunaíochtaí uas-sraithe uile ar ceanglaíodh orthu na tuarascálacha a thabhairt cothrom le dáta i gcaitheamh na 5 bliana dheireanacha, an ndearnadh sin? Mura ndearna, sonraigh an méid seo a leanas:

 

 

2.2.1

Maidir le bunaíochtaí uas-sraithe ar ceanglaíodh orthu a dtuarascáil sábháilteachta a thabhairt cothrom le dáta laistigh de na 5 bliana, cé mhéad díobh nach ndearna amhlaidh (an líon bunaíochtaí) faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe?

 

Saorthéacs le haghaidh breithnithe ó na Ballstáit maidir leis an ábhar sin (6 000 focal ar a mhéad)

 

3.

PLEANANNA ÉIGEANDÁLA (AIRTEAGAL 12 DE THREOIR 2012/18/AE)

Tréimhse thuairiscithe

 

3.1

Ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, cé mhéad bunaíocht uas-sraithe nach bhfuil plean tionóisce seachtraí acu, cé go gceanglaítear orthu déanamh amhlaidh (an líon bunaíochtaí, gan bunaíochtaí a tuairiscíodh faoi iontráil 3.2 a chur san áireamh)?

 

3.2

Ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, cé mhéad bunaíocht uas-sraithe ar chinn na húdaráis ina leith nár ghá dóibh plean tionóisce seachtraí a tharraingt suas (an líon bunaíochtaí, gan bunaíochtaí a tuairiscíodh faoi iontráil 3.1 a chur san áireamh)?

 

3.3

Ar tástáladh na pleananna tionóisce seachtraí sna 3 bliana dheireanacha roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe le haghaidh na mbunaíochtaí uas-sraithe uile? Murar tástáladh, cé mhéad plean tionóisce seachtraí nár tástáladh(an líon cásanna)?

 

Saorthéacs le haghaidh breithnithe ó na Ballstáit maidir leis an ábhar sin (6 000 focal ar a mhéad)

 

4.

FAISNÉIS FAOI BHEARTA SÁBHÁILTEACHTA (AIRTEAGAL 14 AGUS IARSCRÍBHINN V DE THREOIR 2012/18/AE)

Bliain tuairiscithe

 

4.1

De bhun Airteagal 14(2) de Threoir 2012/18/AE, ar cuireadh faisnéis faoi bhearta sábháilteachta agus iompar riachtanach i gcás mórthionóisce ar fáil go gníomhach don phobal le linn na 5 bliana dheireanacha roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe i gcás na mbunaíochtaí uas-sraithe uile? Murar cuireadh, cé mhéad bunaíocht uas-sraithe nach ndearna amhlaidh?

 

4.2

Le linn na tréimhse tuairiscithe, cé mhéad bunaíocht a mheastar a d’fhéadfadh poitéinseal mórthionóisce a bheith ag baint leis lena ngabhfadh éifeachtaí trasteorann (an líon bunaíochtaí)?

 

Saorthéacs le haghaidh breithnithe ó na Ballstáit maidir leis an ábhar sin (6 000 focal ar a mhéad)

 

5.

CIGIREACHTAÍ (AIRTEAGAL 20 DE THREOIR 2012/18/AE)

Tréimhse thuairiscithe

Bliain 1

Bliain 2

Bliain 3

Bliain 4

5.1

Maidir le bunaíochtaí íos-sraithe a gceanglaítear cigireacht a dhéanamh orthu (i gcomhréir le hAirteagail 20(4), 20(6) agus 20(8) de Threoir 2012/18/AE), cé mhéad bunaíocht nach ndearnadh cigireacht orthu (an líon bunaíochtaí) le linn na tréimhse tuairiscithe?

 

5.2

Maidir le bunaíochtaí uas-sraithe a gceanglaítear cigireacht a dhéanamh orthu (i gcomhréir le hAirteagail 20(4), 20(6) agus 20(8) de Threoir 2012/18/AE), cé mhéad bunaíocht nach ndearnadh cigireacht orthu (an líon bunaíochtaí) le linn na tréimhse tuairiscithe?

 

Saorthéacs le haghaidh breithnithe ó na Ballstáit maidir leis an ábhar sin (6 000 focal ar a mhéad)

 

6.

TOIRMEASC AR ÚSÁID, PÍONÓIS AGUS IONTRAIMÍ COMHÉIGNEACHA EILE (AIRTEAGAIL 19 AGUS 28 DE THREOIR 2012/18/AE)

Tréimhse thuairiscithe

 

 

6.1

Le linn na tréimhse tuairiscithe, cé mhéad bunaíocht, suiteáil nó saoráid stórála, nó aon chuid díobh sin, ar toirmeascadh a n-úsáid nó a gcur in úsáid (an líon bunaíochtaí)?

 

Saorthéacs le haghaidh breithnithe ó na Ballstáit maidir leis an ábhar sin (6 000 focal ar a mhéad)

 

7.

FAISNÉIS BHREISE ROGHNACH

 

7.1

Más ábhartha, aon reachtaíocht atá cosúil le forálacha Seveso (i dtéarmaí fógra faoi ghníomhaíochtaí, ceanglais maidir le bainistiú sábháilteachta, tuarascálacha sábháilteachta, faisnéis don phobal, pleanáil éigeandála agus cigireachtaí), reachtaíocht (e.g. Rialacha Ginearálta Ceangailteacha) a chuirtear i bhfeidhm maidir le suiteálacha agus gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le Treoir 2012/18/AE (mar shampla, maidir le píblínte, calafoirt, clóis eagraithe, suiteálacha amach ón gcósta, taiscéalaíocht gáis, saothrú mianraí agus hidreacharbón, etc.) agus dea-chleachtais ábhartha. (saorthéacs)

 

 

7.1.1

Maidir le píblínte (saorthéacs):

 

 

7.1.2

Maidir le clóis eagraithe (saorthéacs):

 

 

7.1.3

Maidir le calafoirt (saorthéacs):

 

 

7.1.4

Maidir le stóráil shealadach (saorthéacs):

 

 

7.1.5

Maidir le suiteálacha amach ón gcósta, lena n-áirítear ardáin ghásúcháin (saorthéacs):

 

 

7.1.6

Maidir le taiscéalaíocht gáis (saorthéacs):

 

 

7.1.7

Maidir le saothrú mianraí agus hidreacharbón (saorthéacs):

 

 

7.1.8

Maidir le gníomhaíochtaí mailíseacha (saorthéacs):

 

 

7.1.9

Maidir le ceallraí (saorthéacs):

 

 

7.1.10

Maidir le haerfoirt (saorthéacs):

 

 

7.1.11

Maidir le hidrigin (saorthéacs):

 

 

7.1.12

Maidir leis an gcibearshlándáil agus an tsábháilteacht thionsclaíoch (saorthéacs):

 

 

7.1.13

Eile (saorthéacs):

 

7.2

Barúlacha a bhaineann le hiarmhairtí a eascraíonn as forálacha difriúla a bheith ann le haghaidh bunaíochtaí uas-sraithe agus bunaíochtaí íos-sraithe:

 

7.3

Barúlacha a bhaineann le cáilíocht an chur chun feidhme agus na gnéithe éagsúla den chur chun feidhme (lena n-áirítear éifeachtaí domanó, tuarascálacha sábháilteachta, pleananna éigeandála, pleanáil úsáide talún, bearta sábháilteachta, cigireachtaí, toirmeasc, pionóis agus rochtain ar cheartas):

 

7.4

Barúlacha maidir le dúshláin cur chun feidhme:

 

7.5

Conas a chuirtear ceachtanna a foghlaimíodh chun cinn (saorthéacs, URL, etc.)?

 

7.6

Barúlacha maidir leis an tacaíocht cur chun feidhme a sholáthraíonn an Coimisiún Eorpach:

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/113/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)