European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/107

24.1.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/107 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Eanáir 2025

lena ndiúltaítear cosaint san Aontas don Ainmniúchán Tionscnaimh ‘Emmentaler’ a cláraíodh sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha d’Ionstraim na Ginéive

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú chun ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chlárú go hidirnáisiúnta le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, arb é a chláróidh sa Chlár Idirnáisiúnta é i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Ionstraim na Ginéive. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha eile ainmniúcháin tionscnaimh chláraithe agus tásca geografacha cláraithe a chosaint laistigh dá gcóras dlí féin faoi réir aon diúltú, aon tréigean, aon neamhbhailíochtú nó aon chealú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6(4) d’Ionstraim na Ginéive, an 14 Márta 2024, thug Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil fógra don Choimisiún go ndearnadh an t-ainm ‘Emmentaler’, a ndearna an Eilvéis iarratas ina leith, a thaifeadadh ina Ainmniúchán Tionscnaimh sa Chlár Idirnáisiúnta um Ainmniúcháin Tionscnaimh agus um Thásca Geografacha faoi Ionstraim na Ginéive.

(3)

De bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, foilsíodh clárú idirnáisiúnta an Táisc Gheografaigh ‘Emmentaler’ in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) chun go bhféadfaí aon fhreasúra a d’fhéadfadh a bheith ann a thaisceadh.

(4)

De bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1753, rinne an Coimisiún measúnú ar chlárú idirnáisiúnta an Ainmniúcháin Tionscnaimh ‘Emmentaler’ i dtaobh na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin.

(5)

Fuair an Coimisiún roinnt freasúraí inghlactha faoi Airteagal 6(2) f) de Rialachán (AE) 2019/1753 ina maítear go bhfuil nasc stairiúil agus cultúrtha idir an t-ainm ‘Emmentaler’ agus limistéar geografach atá níos leithne ná an Eilvéis amháin.

(6)

Is deimhniú air sin gurb ann do thrí ainm atá faoi chosaint san Aontas Eorpach mar thásca geografacha agus a bhfuil an t-ainm ‘Emmentaler’ nó leagan teanga de ina chuid díobh a thagraíonn do tháirgí a tháirgtear lasmuigh de chríoch na hEilvéise: ‘Allgäuer Emmentaler’ (ATFC), a tháirgtear sa Ghearmáin, ‘Emmental français est-central’ (TGFC) agus ‘Emmental de Savoie’ (TGFC) a tháirgtear sa Fhrainc. Sna cásanna sin go léir, deonaítear an chosaint don ainm comhshuite seachas don ainm ‘Emmentaler’ ann féin.

(7)

Go háirithe, i Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (3), lenar cláraíodh, i measc nithe eile, ‘Emmental français est-central’ (TGFC) agus ‘Emmental de Savoie’ (TGFC), agus i Rialachán (CE) Uimh. 123/97 ón gCoimisiún (4), lenar cláraíodh, i measc nithe eile, ‘Allgäuer Emmentaler’ (ATFC), sonraítear go sainráite, sna fonótaí a thagraíonn do na hainmneacha sin, nach lorgaítear cosaint na n-ainmneacha ‘Emmental’ agus ‘Emmentaler’.

(8)

I bhfianaise an mhéid thuas, meastar gur téarma cineálach i gcríoch an Aontais é an t-ainm ‘Emmentaler’.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, diúltú do chosaint an ainm ‘Emmentaler’ san Aontas, ainm a cláraíodh mar Ainmniúchán Tionscnaimh ón Eilvéis sa Chlár Idirnáisiúnta.

(10)

I bhfianaise bhallraíocht chomhuaineach an Aontais, na Fraince, na hUngáire, na Seicia, na Portaingéile agus na Slóvaice faoi Ionstraim na Ginéive agus i bhfianaise easpa inniúlachta na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir le cosaint náisiúnta Ainmniúcháin Tionscnaimh, is gá a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an diúltú maidir le críoch iomlán an Aontais Eorpaigh agus, ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht, gur cheart fógra a thabhairt faoi don Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil freisin in ainm na mBallstát sin mar chomhaltaí d’Ionstraim na Ginéive.

(11)

Cé nach bhfuil siad inniúil cinntí a ghlacadh maidir leis an gcosaint náisiúnta ar Ainmniúcháin Tionscnaimh a chláraítear faoi Ionstraim na Ginéive, chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir le cosaint na nAinmniúchán Tionscnaimh sin ar fud chríoch an Aontais Eorpaigh, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Chomhaontú Liospóin agus nár aontaigh d’Ionstraim na Ginéive go fóill agus oibleagáid a bheith orthu fógra a thabhairt don Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil faoin diúltú do chosaint an Ainmniúcháin Tionscnaimh ‘Emmentaler’, má aontaíonn siad d’Ionstraim na Ginéive, laistigh de bhliain amháin tar éis an aontachais sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta maidir le táirgí talmhaíochta, fíon agus deochanna biotáilleacha faoi Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Diúltófar do chosaint an ainm ‘Emmentaler’ san Aontas, ainm a cláraíodh mar Ainmniúchán Tionscnaimh sa Chlár Idirnáisiúnta.

Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír, sainaithnítear táirge den chineál ‘Cáis’.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an diúltú do chosaint dá dtagraítear in Airteagal 1 maidir le críoch iomlán an Aontais Eorpaigh. Tabharfar fógra faoi don Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil freisin in ainm na Fraince, na hUngáire, na Seicia, na Portaingéile agus na Slóvaice, mar chomhaltaí d’Ionstraim na Ginéive.

Airteagal 3

Tabharfaidh an Bhulgáir agus an Iodáil fógra don Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil faoin diúltú do chosaint maidir leis an Ainmniúchán Tionscnaimh ‘Emmentaler’ laistigh de bhliain amháin tar éis a n-aontachais le hIonstraim na Ginéive.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfar fógra faoi don Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 271, 24.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1753/oj.

(2)   IO C, C/2024/2686, 12.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2686/oj.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/1107/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 123/97 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 1997, lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 (IO L 22, 24.1.1997, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/123/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/107/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)