|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/104 |
21.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/104 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Eanáir 2025
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh sóil choiteanna i limistéir 7h, 7j agus 7k i gcás soithí faoi bhratach na Beilge
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2024 ídithe ag gabhálacha an stoic sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k ag soithí faoi bhratach na Bheilg acu nó atá cláraithe sa Bheilg. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an mBeilg le haghaidh an stoic sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
1. Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí faoi bhratach na Beilge nó atá cláraithe sa Bheilg. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.
2. Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.
3. Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Costas KADIS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
37/TQ257 |
|
Ballstát |
An Bheilg |
|
Stoc |
SOL/7HJK. |
|
Speiceas |
An sól coiteann (Solea solea) |
|
Limistéar |
7h, 7j agus 7k |
|
Dáte an iaimh |
19 Nollaig 2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/104/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)