|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/100 |
21.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/100 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí meicníochtaí stualuamháin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1136/2006 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí meicníochtaí stualuamháin, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta dó. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 796/2012 (3), d’fhorchuir an Chomhairle arís na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meicníochtaí stualuamháin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) tar éis athbhreithniú éaga. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2018/1684 (4), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach arís na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meicníochtaí stualuamháin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (an tSín) tar éis athbhreithniú éaga (‘an t-athbhreithniú éaga roimhe seo’). |
|
(4) |
Is ionann na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair agus 27,1 % ar allmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte agus ráta dleachta 47,4 % ar allmhairí ó gach cuideachta eile ó Dhaon-Phoblacht na Síne. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(5) |
Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (5), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’). |
|
(6) |
Is é an Comhlachas de Mhonaróirí Meicníochtaí Stualuamháin (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 8 Lúnasa 2023 thar ceann thionscal an Aontais maidir le Meicníocht Stualuamháin de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go ndéanfar an dumpáil agus an díobháil do thionscal an Aontais arís mar gheall ar dhul in éag na mbeart. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(7) |
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 8 Samhain 2023 maidir le hallmhairí isteach san Aontas maidir le Meicníocht Stualuamháin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann”) isteach san Aontas, ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6) (‘an fógra tionscnaimh’). |
1.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(8) |
An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go gcuirfear tús léi arís, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.5. Páirtithe leasmhara
|
(9) |
San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, na táirgeoirí aitheanta sa tSín, údaráis na Síne, na hallmhaireoirí aitheanta agus na húsáideoirí ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann. |
|
(10) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. |
1.6. Sampláil
|
(11) |
San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.7. Sampláil tháirgeoirí an Aontais
|
(12) |
San Fhógra Tionscnaimh, beartaíodh sampláil a dhéanamh ar tháirgeoirí an Aontais, áfach, tar éis teagmháil a dhéanamh le gach táirgeoir aitheanta a tháirgeann an táirge comhchosúil san Aontas, ní bhfuair an Coimisiún faisnéis ach ó dhá tháirgeoir de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar an dá tháirgeoir de chuid an Aontais an ceistneoir le haghaidh tháirgeoirí an Aontais a líonadh isteach. |
1.8. Sampláil na n-allmhaireoirí
|
(13) |
San Fhógra Tionscnaimh, beartaíodh sampláil a dhéanamh ar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, ach níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe faisnéis samplála laistigh den sprioc-am a tugadh san Fhógra Tionscnaimh. Tháinig allmhaireoir/trádálaí neamhchomhlachaithe amháin chun tosaigh mar pháirtí leasmhar laistigh den sprioc-am. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil agus d’iarr sé ar an aon allmhaireoir/trádálaí neamhchomhlachaithe amháin a tháinig chun tosaigh an ceistneoir le haghaidh allmhaireoirí a líonadh isteach. |
1.9. Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín
|
(14) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. Ní bhfuarthas aon fhreagra. |
1.10. Freagraí ar an gceistneoir.
|
(15) |
Ceistneoirí le haghaidh tháirgeoirí an Aontais, mar aon leo siúd le haghaidh allmhaireoirí, úsáideoirí agus táirgeoirí sa tSín, cuireadh ar fáil ar líne iad lá an tionscnaimh (7). |
|
(16) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(17) |
D’iarr an Coimisiún ar an dá tháirgeoir de chuid an Aontais agus ar allmhaireoir neamhchomhlachaithe amháin a tháinig chun cinn tar éis an tionscnaimh na ceistneoirí a líonadh isteach. |
|
(18) |
Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón dá tháirgeoir de chuid an Aontais. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó allmhaireoirí/trádálaithe neamhchomhlachaithe. |
|
(19) |
Níor thug Rialtas na Síne ná aon táirgeoir sa tSín freagra ar an gceistneoir. |
1.11. Fíorúchán
|
(20) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.12. Nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(21) |
An 7 Samhain 2024, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe bunriachtanacha ar ar a mbonn a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil i bhfeidhm. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. Ní bhfuarthas aon bharúil. Níor iarr aon pháirtí éisteacht. |
2. AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(22) |
Tá an táirge faoi athbhreithniú mar an gcéanna leis an táirge faoi athbhreithniú san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, is é sin meicníochtaí stualuamháin a mbaintear úsáid go ginearálta astu chun leatháin agus doiciméid eile i gceanglóirí nó i gcomhaid a chartlannú. Is éard atá sna meicníochtaí stualuamháin sin eilimintí miotail stuacha daingne (dhá cheann de ghnáth) ar phláta cúil agus ag a bhfuil truicear oscailte amháin ar a laghad lenar féidir leatháin agus doiciméid eile a chur isteach agus a chomhdú (‘an táirge faoi athbhreithniú’), atá faoi chód AC ex 8305 10 00 (cód TARIC 8305 10 00 50) faoi láthair. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(23) |
Is ionann an táirge lena mbaineann san imscrúdú seo, an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne, atá faoi chód AC ex 8305 10 00 (cód TARIC 8305 10 00 50) faoi láthair. |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(24) |
Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na bun-saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha mar aon leis na bunúsáidí céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(25) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. DUMPÁIL
3.1. Réamhbharúlacha
|
(26) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach an raibh dumpáil á déanamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an dócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís nuair a rachaidh na bearta atá i bhfeidhm in éag. |
|
(27) |
Mar a luaitear in aithris (19), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí/táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin. |
|
(28) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfar leis an dumpáil nó go ndéanfar an athuair í, bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis atá san iarratas ar an athbhreithniú éaga, agus ar fhaisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibritheacha le linn an imscrúdúcháin (is é sin, an t-iarratasóir) agus ar fhaisnéis ó fhoinsí eile atá ar fáil go poiblí, go háirithe Atlas Trádála Domhanda (8). |
3.2. An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh, faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, le haghaidh allmhairí meicníochtaí stualuamháin de thionscnamh na Síne.
|
(29) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’. |
|
(30) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’ ). |
|
(31) |
Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.3. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(32) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil cruach (9) sa tSín (10), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(33) |
Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (11). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun meicníocht stualuamháin a thairgeadh, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (12), ach ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (13). Fuair an Coimisiún amach thairis sin go bhfuil éifeacht saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín, fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (14). Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (15). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (16), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (17). |
|
(34) |
Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarraidh agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (18) (‘Tuarascáil’), chomh maith lena leagan atá cothrom le dáta (‘Tuarascáil atá cothrom le dáta’) (19), a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear earnáil an táirge faoi athbhreithniú. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaiseacha sin a fhorlíonadh a thuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, rud a fuarthas freisin in imscrúduithe a rinne sé ina leith sin roimhe seo. |
|
(35) |
Rinneadh an líomhain san iarraidh go mbíonn tionchar forleathan ag idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas ar gheilleagar na Síne ina iomláine agus go ndéanann na hidirghabhálacha sin difear dó ar bhonn forleathan, agus nach féidir leas a bhaint as praghsanna agus costais intíre thionscal cruach na Síne san imscrúdú seo i bhfianaise an mhéid sin. Chun tacú le seasamh an iarratasóra, bhí tagairt san iarraidh don Tuarascáil, do reachtaíocht na Síne, do thuarascálacha breise, agus d’fhianaise starógach chomh maith maidir le saobhadh a cuireadh chun feidhme le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(36) |
Go sonrach, tugadh le fios san iarraidh ar chúlra an teagaisc maidir le ‘geilleagar an mhargaidh shóisialaigh’ atá daingnithe i mBunreacht Dhaon-Phoblacht na Síne, uileláithreacht Pháirtí Cumannach na Síne (‘CCP’) agus tionchar an rialtais ar an ngeilleagar trí mheán tionscnaimh pleanála straitéiseacha, tagann idirghabhálachas Rialtas na Síne i bhfoirmeacha éagsúla, is é sin idirghabhálacha riaracháin, airgeadais agus rialála. |
|
(37) |
Soláthraíodh samplaí san iarraidh de ghnéithe lena léirítear gur ann do shaobhadh, mar a liostaítear sa chéad dais go dtí an séú dais d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Go háirithe, chuir an t-iarratasóir na barúlacha seo isteach:
|
|
(38) |
Cuireadh i dtábhacht san iarraidh chomh maith cineál sistéamach an tsaofa. Dá thoradh sin, ní hamháin nach féidir praghsanna díola intíre meicníochtaí stualuamháin a úsáid, ach na costais ionchuir go léir, mar shampla, amhábhair lena n-áirítear nicil stéille cruach fuar-rollta atá plátáilte arb ionann é agus thart ar 50 % de chostas iomlán meicníochtaí stualuamháin agus nicil stéille atá plátáilte arb ionann é agus thart ar 30 %; fuinneamh; talamh, maoiniú, saothar, etc., tá siad faoi smál freisin toisc go ndéantar difear do mhúnlú a bpraghsanna mar gheall ar idirghabháil nach beag ag an rialtas. |
|
(39) |
Mar chonclúid, ba é seasamh na hiarrata nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, de réir na hiarrata, níl sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. |
|
(40) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil (nuashonraithe) agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(41) |
Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí príobháideacha agus na dtáirgeoirí faoi úinéireacht stáit a dhearbhú. Maidir leis an earnáil cruach, áfach, atá ar cheann de na príomh-amhábhair i dtáirgeadh mheicníochtaí stualuamháin, tá roinnt táirgeoirí cruach faoi rialú díreach an Stáit. Baineann na samplaí le Baowu Steel Group – cuideachta faoi úinéireacht stáit faoin SASAC lárnach. (21) – agus a fochuideachtaí Chongqing Iron & Steel Company Ltd. (22) agus Maanshan Iron & Steel Company Limited (23); Baotou Steel Group - cuideachta faoi úinéireacht stáit ar le Rialtas na hIon-Mhongóile í (24) -, Angang Steel Group – cuideachta faoi úinéireacht stáit faoin SASAC lárnach (25), mar aon le Shougang Group – cuideachta faoi úinéireacht stáit ar le Beijing State-Owned Asset Management Ltd 100 % di (26). |
|
(42) |
Thairis sin, fuarthas amach san imscrúdú go gcloíonn comhlachas náisiúnta an tionscail a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí táirgí stáiseanóireachta (soláthairtí oifige), amhail meicníochtaí stualuamháin, Cumann Earraí Stáiseanóireachta & Spóirt na Síne (27), le ceannaireacht fhoriomlán Pháirtí Cumannach na Síne, go ndéanann sé gníomhaíochtaí Páirtí, agus go soláthraíonn sé na coinníollacha is gá le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí páirtí (28). Thairis sin, ‘is é an Aireacht Gnóthaí Sibhialta údarás clárúcháin agus bainistíochta an Chomhlachais, agus is é Coiste an Pháirtí de Choimisiún na Comhairle Stáit um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní atá faoi úinéireacht an Stáit an eagraíocht oibre neartaithe páirtí. Áirítear ar na coinníollacha le bheith incháilithe mar ionadaí ar an gCumann cloí le ceannasaíocht Pháirtí Cumannach na Síne, tacú leis an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige, seasamh, prionsabail agus beartais an Pháirtí a chur chun feidhme go diongbháilte, agus dea-cháilíochtaí polaitiúla a bheith acu’ (29). |
|
(43) |
Ina theannta sin, ar leibhéal cúige, mhínigh Cumann Tionscail Stáiseanóireachta Ningbo (30) ar a shuíomh gréasáin gur eagraíocht shóisialta tionscail é Cumann Tionscail Stáiseanóireachta Ningbo agus gur droichead agus nasc é idir fiontair agus an rialtas. Go háirithe, i mí an Mhárta 2020, bhronn Coiste Bardasach Ningbo de chuid Pháirtí Cummannach na Síne agus Rialtas Phobal Bardasach Ningbo an teideal oinigh “Grúpa sármhaith Eagraíochtaí Sóisialta sa Chathair" ar an gCumann. Thairis sin, luaitear ar an suíomh gréasáin ‘gur chloígh an comhlachas i gcónaí leis an gcuspóir a bhaineann le bheith ina chúntóir rialtais, ina thionscnóir tionscail, agus ina chúntóir fiontair, agus gur chloígh sé i gcónaí leis an bprionsabal maidir leis an méid atá de dhíth ar an rialtas, an méid a bhfuil súil ag an bhfiontar leis, agus an méid is féidir leis an gcomhlachas a dhéanamh’. |
|
(44) |
Suíodh san imscrúdú freisin go bhfuil ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, Anhui Qitian Stationery Mfg Co. Ltd., lonnaithe i ‘gCrios Forbartha Eacnamaíche Anhui Chaohu’ (31). Tá fianaise ann a thacaíonn leis an bhfíoras go gcuireann Páirtí Cumannach na Síne isteach ar an gCrios Forbartha Eacnamaíche sin (32). Go háirithe, fuarthas amach san imscrúdú go bhfuil an crios ‘ag treorú na cathrach i bhfás eacnamaíoch an bhliain seo chugainn agus rangaithe i measc an chéad aicme de chriosanna forbartha sa chúige le linn thréimhse an 14ú Plean Cúig Bliana.’ Cuireann an limistéar seirbhísí airgeadais fabhracha ar fáil freisin agus bhain Anhui Qitian tairbhe as an scéim sin, mar a míníodh le linn cruinniú a tionóladh an 24 Meán Fómhair 2022, ar ar fhreastail comhalta de Choiste na Meithle agus leas-stiúrthóir Choiste Bainistíochta an chreasa agus Foireann Speisialta Airgeadais Eolaíochta agus Teicneolaíochta an Bhrainse Cúige den Bhanc Cumarsáide, ionadaithe Bhrainse Chaohu den Bhanc Cumarsáide, an Biúró Eacnamaíoch agus Trádála, an Biúró Airgeadais, Biúró an Mhargaidh, an Biúró um Chur Chun Cinn Infheistíochta, an Biúró Cánachais, ionadaithe Ghrúpa Dongxin agus cinn 10 bhfiontar, i measc daoine eile. Ag an gcruinniú, thug Brainse Chaohu den Bhanc Cumarsáide isteach go mion na táirgí airgeadais agus na beartais tacaíochta gaolmhara, mar shampla, ‘iasacht páirce tionsclaíche’ (33), ‘iasacht speisialta teicneolaíochta’ agus ‘iasacht neartaithe bonn tionsclaíoch’ mar fhreagairt ar riachtanais mhaoinithe phearsantaithe fiontar, agus rinne sé malartuithe doimhne le fiontair maidir le ráthaíocht fachtóirí maoinithe a mhéadú, an próiseas formheasa a shimpliú, agus an tairseach ráthaíochta a ísliú, chun na bealaí maoinithe do na fiontair a leathnú. |
|
(45) |
Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí san earnáil cruach faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí de chuid na Síne maidir leis an earnáil cruach an tábhacht leanúnach a chuireann Rialtas na Síne i leith na hearnála, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil d’fhonn í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le Tuairim Threorach na hAireachta Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta (MITT) maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhsú suntasach sa leibhéal nuachóiriúcháin den slabhra tionsclaíoch (34), faoin 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt ar dá réir a dhéanfaidh an earnáil ‘cloí le comhcheangal na ceannaireachta margaidh le cur chun cinn ag an rialtas’ agus a dhéanfaidh sí ‘grúpa cuideachtaí forásacha a shaothrú ag a bhfuil ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas’ (35), faoin 14ú Plean 5 Bliana (FYP) maidir le Forbairt an Tionscail Drámh-chruach a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige ‘méadú leanúnach a dhéanamh ar chóimheas feidhmithe drámhchruach, ionas go sroichfidh cóimheas cuimsitheach an dráimh i ndéanamh náisiúnta cruach 30 %’ (36), faoi dheireadh an 14ú Plean 5 Bliana (FYP), nó faoi Phlean Oibre 2023 maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Cruach (37) lena leagtar síos na cuspóirí seo a leanas: ‘In 2023, […]coinneofar fás cobhsaí ar bun ó thaobh na hinfheistíochta i sócmhainní seasta sa tionscal ar fad, agus beidh feabhas suntasach curtha ar na tairbhí eacnamaíocha; sroichfidh an infheistíocht ón tionscal sa Taighde agus Forbairt 1,5 % ar deireadh; sroichfidh fás breisluacha an tionscail thart faoi 3,5 %; in 2024, déanfar timpeallacht forbartha an tionscail agus struchtúr an tionscail a bharrfheabhsú a thuilleadh, leanfar den aistriú chuig táirgí glasa, cliste agus ardleibhéil agus sáróidh fás breisluacha an tionscadail 4 %‘, gníomhaíochtaí a n-éilítear comhar ina leith chun ‘táirgí cruach, trealamh, teicneolaíocht, seirbhísí etc. de chuid na Síne a threorú chun go “n-éireoidh siad domhanda” ar bhealach comhordaithe, chun go gcuirfear comhar glas agus ísealcharbóin sa tionscal cruach domhanda chun cinn, go gcuirfear feabhas ar leibhéal athléimneachta agus sábháilteachta na slabhraí domhanda tionsclaíocha agus soláthair [agus chun go] gcuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí um acmhainneacht an tsoláthair a fheabhsú chun oibriú cobhsaí agus éifeachtúil an tionscail a áirithiú’ agus ar nithe iad lena ndéantar foráil maidir le comhdhlúthú corparáideach na hearnála cruach, arna shainordú ag an rialtas: ‘[f]iontair atá ar thús cadhnaíochta sa tionscal a spreagadh chun cumaisc agus éadálacha a chur chun feidhme, grúpaí fiontar iarainn agus cruach a thógáil a bheidh den chéad scoth agus ollmhór, agus leagan amach optamach na hacmhainneachta táirgthe náisiúnta iarainn agus cruach a chothú. Tacú le fiontair speisialaithe ag a bhfuil cumhacht cheannaireachta go háirithe deighleoga an mhargaidh cruach chun acmhainní a chomhtháthú a thuilleadh agus éiceachóras tionscail cruach a chruthú. Fiontair iarainn agus cruach a spreagadh chun […] cumaisc agus atheagrú […] trasréigiúnach a dhéanamh. Cuimhneamh ar níos mó tacaíochta a thabhairt ó thaobh beartais de ar mhaithe le hathsholáthar na hacmhainneachta d’fhiontair iarainn agus cruach a bhfuil cumaisc agus atheagrú substainteach curtha i gcrích acu.’ |
|
(46) |
Is féidir samplaí den chineál céanna de rún údaráis na Síne maoirsiú agus treoir a thabhairt d’fhorbairtí na hearnála a fheiceáil ag an leibhéal cúige, mar shampla in Hebei ina bhfuil sé beartaithe ‘forbairt grúpa eagraíochtaí a chur i bhfeidhm go seasta, dlús a chur le hathchóiriú úinéireachta measctha cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit, díriú ar chumasc tras-réigiúnach agus atheagrú fiontar príobháideach iarainn agus cruach a chur chun cinn, agus iarracht a dhéanamh 1-2 ghrúpa mhóra dhomhanda den chéad scoth a bhunú, 3-5 ghrúpa mhóra le tionchar intíre mar thacaíocht’ agus chun ‘bealaí athchúrsála agus cúrsaíochta na drámhchruach a leathnú tuilleadh, scagadh agus aicmiú drámhchruach a neartú.’ Thairis sin, luaitear i bplean Hebei san earnáil cruach: ‘Cloígh le coigeartú struchtúrach agus cuir éagsúlú táirge i dtábhacht. Coigeartú struchtúrach agus barrfheabhsú leagan amach an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go docht, comhdhlúthú, atheagrú, claochlú agus uasghrádú fiontar a chur chun cinn, agus forbairt an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go cuimsitheach i dtreo fiontair ar mhórscála, nuachóiriú trealamh teicniúil, éagsúlú próiseas táirgthe, agus éagsúlú táirgí iartheachtacha’. |
|
(47) |
Ar an gcaoi chéanna, tuartar i bPlean Forfheidhmithe Henan maidir leis an Tionscal Cruach a Athrú agus Uasghrádú le linn an 14ú Plean 5 Bliana ‘bunáiteanna táirgeachta cruach tréithiúla a thógáil[…], tógáil 6 bhunáit táirgeachta cruach saintréithe in Anyang, Jiyuan, Pingdingshan, Xinyang, Shangqiu, Zhouou, etc., agus feabhas a chur ar scála, diansaothrú, speisialtóireacht agus speisialtóireacht an tionscail. Ina measc, faoi 2025, déanfar acmhainneacht táirgeachta muciarainn in Anyang a rialú laistigh de 14 mhilliún tonna, agus déanfar acmhainneacht táirgeachta amhchruach a rialú laistigh de 15 mhilliún tonna.’ |
|
(48) |
Tá tuilleadh cuspóirí beartais thionsclaíoch le feiceáil freisin i ndoiciméid phleanála na gcúigí eile, amhail Jiangsu, Shandong, Shanxi, Liaoning Dalian nó Zhejiang. |
|
(49) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, de bharr na heaspa comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, níorbh fhéidir a shuí gur ann do cheangail phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus Páirtí Cumannach na Síne. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an táirge faoi athbhreithniú ina fho-earnáil den earnáil cruach, baineann an fhaisnéis a bunaíodh sna himscrúdaithe is déanaí maidir leis an earnáil cruach, mar a léiríodh in aithris (33), leis an táirge faoi athbhreithniú freisin. |
|
(50) |
Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil an táirge faoi athbhreithniú lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Sainaithníodh san imscrúdú doiciméid eile inar léiríodh go dtairbhíonn an tionscal de threoir agus d’idirghabháil rialtais san earnáil cruach, i bhfianaise gur ceann dá fo-earnálacha é an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(51) |
Measann Rialtas na Síne i gcónaí gur tionscal ríthábhachtach atá sa tionscal cruach (38). Deimhnítear é seo sa líon mór pleananna, treoracha agus doiciméad eile atá dírithe ar chruach, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach. De réir an 14ú Plean 5 Bliana, chuir Rialtas na Síne an tionscal cruach in áirithe lena chlaochlú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena choigeartú ar bhonn struchtúrach (39). Ar an gcaoi chéanna, liostaítear an earnáil sa 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, is infheidhme freisin ar an tionscal cruach, mar ‘bhunchloch an fhíorgheilleagair’ agus mar ‘phríomhréimse lena múnlaítear buntáiste iomaíoch idirnáisiúnta na Síne’ agus leagtar amach leis roinnt cuspóirí agus modhanna oibre a spreagfadh forbairt na hearnála cruach sa tréimhse ama 2021-2025, amhail uasghrádú teicneolaíochta, feabhas a chur ar struchtúr na hearnála (trí thuilleadh comhchruinnithe corparáideacha ar a laghad) nó an t-aistriú digiteach (40). Thairis sin, an Plean Oibre thuasluaite maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Chruach (féach aithris (45)), léiríonn sé an bealach a chuirtear fócas údaráis na Síne ar an earnáil cruach sa chomhthéacs níos leithne a bhaineann le stiúradh Rialtas na Síne ar gheilleagar na Síne: ‘tacú le cuideachtaí cruach chun na riachtanais atá le bonneagar nua, uirbiú nua, athbheochan tuaithe, agus tionscail atá ag teacht chun cinn a leanúint go dlúth, nascadh le mórthionscadail innealtóireachta a bhaineann leis an “14ú Plean Cúig Bliana” i réigiúin éagsúla, agus gach dícheall a dhéanamh chun an soláthar cruach a áirithiú. Sásraí comhair réamhtheachtacha agus iartheachtacha a bhunú agus a dhoimhniú idir earnálacha cruach agus príomhearnálacha a úsáideann cruach amhail an longthógáil, iompar, tógáil, fuinneamh, gluaisteáin, fearais tí, innealra talmhaíochta, agus trealamh trom, gníomhaíochtaí nasctha táirgthe-éilimh a dhéanamh, agus réimsí ina gcuirtear an cruach i bhfeidhm a leathnú go gníomhach’ (41). |
|
(52) |
Maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, déanann an saobhadh ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, difear dó freisin, rud dá dtagraítear thuas in aithrisí (33) agus (37) freisin. Téann an saobhadh sin i gcion ar an earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (42). |
|
(53) |
Níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d’earnáil an táirge faoi athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den Bhunrialachán. An Plean Oibre thuasluaite maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Chruach (féach aithris (45)), léiríonn sé an cineál idirghabhála sin ón rialtas go han-mhaith freisin: ‘Institiúidí airgeadais a spreagadh chun seirbhísí airgeadais a sholáthar do chuideachtaí cruach go gníomhach, ar cuideachtaí iad a chuireann cumaisc agus atheagrú, coigeartuithe ar an leagan amach, claochlú agus uasghrádú chun feidhme, i gcomhréir le prionsabail i dtaca le rialú riosca agus inbhuanaitheacht ghnó.’ Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach ón rialtas sa chóras airgeadais. |
|
(54) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha. |
|
(55) |
Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi athbhreithniú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil (nuashonraithe). Go deimhin, faightear na hidirghabhálacha ón rialtas a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá sé maidir leis an ionchur chuig an ionchur agus mar sin de. |
|
(56) |
Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn seo a leanas. |
3.3.1. An tír ionadaíoch
3.3.1.1. Barúlacha ginearálta
|
(57) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(58) |
D’eisigh an Coimisiún Nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh ina dtugtar tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha (‘an Nóta’). Sa Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo. |
3.3.1.2. Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín
|
(59) |
Sa Nóta, shainaithin an Coimisiún an Tuirc mar thír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda an dá thír mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta. |
3.3.1.3. Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin
|
(60) |
Sa Nóta, mhínigh an Coimisiún, sa bhreis ar an tSín agus ar an Aontas Eorpach, gur cosúil nach dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú ach san India agus san Iaráin amháin. Ní tír ag a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche atá comhchosúil leis an tSín an India ná an Iaráin sin i gcomhréir leis na critéir a luaitear in aithris (57). |
|
(61) |
Ó tharla nach raibh an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina raibh leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, measadh an táirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú. Dá bhrí sin, thug an Coimisiún le fios go n-úsáidfeadh sé táirgeadh táirgí faoin gcód NACE céanna le meicníochtaí stualuamháin (i.e. NACE 2599 - Monarú táirgí miotail monaraithe eile) chun tír ionadaíoch iomchuí a bhunú chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. Laistigh den NACE 2599 sin, tá monarchana oibre miotail agus cuideachtaí móra monaraíochta táirgí cruach gluaisteán agus iartheachtacha ag an Tuirc a bhfuil méideanna suntasacha táirgeachta acu don mhargadh réigiúnach agus don mhargadh domhanda araon. |
3.3.1.4. Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch
|
(62) |
Sa Nóta thug an Coimisiún le fios, i gcás na Tuirce, go bhfuil sonraí airgeadais maidir le táirgeoirí na dtáirgí atá sa chatagóir ginearálta céanna agus/nó an táirge faoi athbhreithniú chomh maith le sonraí maidir le hallmhairí d’amhábhar, d’fhuinneamh agus de shaothar ábhartha ar fáil go poiblí. |
|
(63) |
Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún cuardach ar Orbis Bureau van Dijk maidir le hinfhaighteacht shonraí airgeadais na gcuideachtaí táirgthe sa Tuirc (45). Aimsíodh sonraí a bhí ar fáil go héasca le haghaidh táirgeoir amháin sa Tuirc – Iskenderun Demir Ve Celik A.S. Cumhdaíodh an bhliain airgeadais 2022 i ráitis airgeadais is déanaí na cuideachta sin. Ina theannta sin, bhí sonraí ar fáil ag an Tuirc maidir leis na tosca táirgeachta, leictreachais agus costais saothair. |
|
(64) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Nóta go bhfuil sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus sonraí ón gcuideachta Iskenderun Demir Ve Celik A.S., a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(65) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus ar Iskenderun Demir Ve Celik A.S. mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch. |
|
(66) |
Tar éis fhoilsiú an Nóta, sheol an t-iarratasóir barúlacha agus thug sé dá aire gur grúpa casta é Iskenderun Demir Ve Celik A.S. atá déanta as 98 n-ilchuideachta arb é a bpríomhghníomhaíocht táirgí iarainn agus cruach cothroma agus fada a tháirgeadh agus a dhíol, chomh maith le díolacháin seachtháirgí a rinneadh le linn an phróisis táirgthe. D’áitigh an t-iarratasóir freisin gur mhonaraigh an chuideachta bheartaithe amhábhair áirithe ar baineadh úsáid astu chun an táirge faoi athbhreithniú a mhonarú agus, dá bhrí sin, go raibh a gníomhaíocht réamhtheachtach ó tháirgeadh mheicníocht stualuamháin. Dá bhrí sin, mhol an t-iarratasóir úsáid a bhaint as sonraí airgeadais cuideachtaí in earnáil na próiseála miotail agus úsáid a bhaint as próisis amhail gearradh miotail, stampáil, lúbadh sreinge agus bratú nicile. Go háirithe, mhol an t-iarratasóir na cuideachtaí Inka Yapi Baglanti Elemanlari Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi agus Samet Kalip Ve Madeni Esya Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi a bhfuil a gcuid sonraí ar fáil do 2022. |
|
(67) |
Feidhmíonn an dá chuideachta sin san earnáil chéanna le meicníochtaí stualuamháin (NACE 2599) mar phríomhghnó agus monaraíonn siad táirgí a úsáideann amhábhair den chineál céanna le meicníochtaí stualuamháin. Thairis sin, tá sonraí le haghaidh 2022 ar fáil go poiblí do na cuideachtaí sin. |
|
(68) |
D’aontaigh an Coimisiún úsáid a bhaint as faisnéis ó Inka Yapi Baglanti Elemanlari Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi agus Samet Kalip Ve Madeni Esya Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi chun luach neamhshaofa le haghaidh costais SGA agus brabúis a ríomh. |
3.3.1.5. Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil
|
(69) |
Tar éis a shuí gur tír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile agus an chaoi nár chonspóidigh aon pháirtí leasmhar úsáid a bhaint as an Tuirc nó nár mhol siad aon tír ionadaíoch eile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
3.3.1.6. Conclúid
|
(70) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.3.2. Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa
|
(71) |
Sa Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú ar bhonn na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach agus lena léirítear an próiseas monaraíochta a úsáidtear san Aontas. Luaigh an Coimisiún freisin, d’fhonn an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Atlas Trádála Domhanda (46) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé Institiúid Staidrimh na Tuirce chun costas neamhshaofa saothair a bhunú (47).. |
|
(72) |
D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh faoi luachanna neamhshaofa do gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir le liosta na dtosca táirgeachta tar éis fhoilsiú an Nóta. |
3.3.2.1. Tosca táirgeachta
|
(73) |
I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na faisnéise a ndearnadh an Coimisiún anailís uirthi ina dhiaidh sin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta meicníochtaí stualuamháin
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.3.2.2. Amhábhair
|
(74) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear i mbunachar sonraí Atlas Trádála Domhanda mar bhonn, inar cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin san áireamh agus lenar cuireadh costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (52). |
|
(75) |
Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (56) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós. |
3.3.2.3. Saothar
|
(76) |
Foilsíonn Institiúid Staidrimh na Tuirce faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa Tuirc (53). Bhunaigh an Coimisiún an tagarmharc do thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bunaithe ar an meánchostas saothair in aghaidh na huaire don mhonaraíocht in 2020 do chód NACE, lena n-áirítear costais saothair in earnáil na monaraíochta (54). Is é 39,69 CNY san uair an meánchostas saothair san uair in aghaidh coibhéis lánaimseartha (55). |
3.3.2.4. Leictreachas
|
(77) |
Sa Nóta, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé mar luach neamhshaofa le haghaidh praghsanna leictreachais ciseán tíortha ar leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín (an Bhrasaíl, an Mhalaeisia agus an Téalainn). Shuigh an Coimisiún ina dhiaidh sin, áfach, go raibh éabhlóid phraghas an leictreachais sa Tuirc i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomhréir leis an ráta boilscithe sa tír agus, dá bhrí sin, nach raibh gá le húsáid praghsanna leictreachais i gciseán tíortha mar a leagtar amach sa Nóta agus in aithris (71) agus go bhféadfaí praghas an leictreachais sa Tuirc a úsáid. Is é Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh na Tuirce a fhoilsíonn praghas an leictreachais do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Tuirc (56). D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha mar a foilsíodh iad an 15 Iúil 2024. Léirítear leis an staidreamh sin meántaraif thionsclaíoch 1,313 CNY san kWh le haghaidh 2023. |
3.3.2.5. Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas
|
(78) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(79) |
Chun luachanna neamhshaofa a shuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabúis agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(80) |
Agus úsáid á baint as sonraí ó dhá tháirgeoir atá ag feidhmiú san earnáil chéanna le meicníochtaí stualuamháin (NACE 2599) a mhonaraíonn táirgí ina n-úsáidtear amhábhair chomhchosúla le meicníochtaí stualuamháin sa Tuirc, sonraí a shainaithnítear in aithris (68) (i.e. Inka Yapi Baglanti Elemanlari Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi agus Samet Kalip Ve Madeni Esya Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi), ríomh an Coimisiún an costas SGA (16,0 %) agus an brabús (15,7 %) mar chéatadán de chostas na n-earraí a díoladh. |
|
(81) |
D’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú chun forchostais mhonaraíochta a ríomh. Cinneadh na costais sin mar chéatadán, agus forchostais mhonaraíochta á roinnt ar na costais dhíreacha agus indíreacha. Cuireadh an céatadán sin (8,9 %) i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa chostas na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil. |
3.3.3. Ríomh an ghnáthluacha
|
(82) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(83) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun meicníochtaí stualuamháin a tháirgeadh. D’iolraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch, an Tuirc, mar a thuairiscítear i Roinn 3.3.2. |
|
(84) |
Tar éis dó costais neamhshaofa na monaraíochta a shuí, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus an brabús leis mar a shonraítear i roinn 3.3.2.5.
|
|
(85) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.3.4. Leanúint den dumpáil
|
(86) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus, go háirithe, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí allmhairí meicníochtaí stualuamháin ón tSín diomaibhseach. De réir Eurostat, is ar éigean a allmhairíodh meicníochtaí stualuamháin ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá réir sin, bhí sciar beagnach 0 % den mhargadh ag an tSín le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. I gcomparáid leis sin, 51 % an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí Síneacha i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh, tréimhse a bhí idir mí Eanáir agus mí na Nollag 2004. |
|
(87) |
Ní fhéadfadh an méid diomaibhseach sin a bheith mar bhonn chun anailís a dhéanamh ar leanúnachas na dumpála. Rinne an Coimisiún anailís dá bhrí sin ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair sa chéad roinn eile. |
3.3.5. An dóchúlacht go gcuirfear tús arís leis an dumpáil
|
(88) |
Rinne an Coimisiún imscrúdú de réir Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair má ligtear do na bearta dul in éag. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: na praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag margaí tríú tíortha i bhfianaise na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm sna tíortha sin. |
3.3.5.1. Comparáid idir praghsanna onnmhairiúcháin agus tríú tíortha agus an gnáthluach
|
(89) |
Rinne an Coimisiún anailís ar leibhéal praghsanna na n-onnmhairí de chuid na Síne chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(90) |
Rinne an Coimisiún anailís ar dtús ar shonraí onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha ar leibhéal na gcód tráchtearra ocht ndigit san Atlas Trádála Domhanda le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, níor measadh go raibh na praghsanna onnmhairiúcháin sin ina léiriú cruinn ar phraghsanna meicníochtaí stualuamháin toisc go raibh raon leathan táirgí chomh maith leis an táirge lena mbaineann san áireamh sna haicmiúcháin ar an leibhéal sin, rud a bhí i bhfad níos mó ná méid onnmhairí meicníochtaí stualuamháin. Dá bhrí sin, níor sholáthair sonraí Atlas Trádála Domhanda maidir le honnmhairí na Síne fianaise dhochloíte maidir le praghsanna onnmhairiúcháin na Síne ar mhargaí eile. |
|
(91) |
Dá réir sin, mar gheall ar neamh-chomhoibriú táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, bhí an meastachán ar phraghsanna onnmhairiúcháin ón tSín bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, is é sin, faisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, is é sin 11 luachana praghsanna iarbhír ar líne ó thairgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chuig an margadh domhanda. |
|
(92) |
Ba é 140 EUR/1 000 píosa na meánphraghsanna onnmhairiúcháin domhanda a measadh mar a thuairiscítear in aithris (102), arna sloinneadh in SAB. |
|
(93) |
Bhí an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig margaí domhanda a d’eascair as sin agus a fuarthas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe 58 % faoi bhun an ghnáthluacha a suíodh mar a dtugtar tuairisc air i ranna 3.2 agus 3.3. Dá bhrí sin, measadh gur dócha, dá ndéanfaí na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí Síneacha onnmhairiúcháin ag díol a dtáirgí leis an Aontas ar leibhéil a bheadh níos ísle ná an gnáthluach sin. |
3.3.5.2. An acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín
|
(94) |
Maidir leis an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, mar gheall ar neamh-chomhoibriú na dtáirgeoirí Síneacha, ba ghá na torthaí a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Sholáthair an t-iarratasóir fianaise gur measadh gur thart ar 760 milliún píosa in aghaidh na bliana í acmhainneacht táirgeachta meicníochtaí stualuamháin na Síne (57), acmhainneacht atá laistigh den raon acmhainneachta táirgeachta a measadh san imscrúdú roimhe seo ar an athbhreithniú éaga (600 go 850 milliún píosa) (58). Measadh go raibh an acmhainneacht táirgeachta níos airde ná an táirgeacht iarbhír a measadh a bheith thart ar 421 mhilliún píosa. Is é 342 milliún píosa an acmhainneacht bhreise a eascraíonn as sin. |
|
(95) |
Dá bhrí sin, tá an acmhainneacht táirgeachta sa tSín thart ar chúig oiread níos mó ná tomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (ina raibh 100-150 milliún píosa i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe) agus níos mó ná ceithre oiread tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse céanna sin (ina raibh 150-200 milliún píosa). Ar an gcaoi chéanna, tá an acmhainneacht bhreise thart ar dhá oiread níos mó ná tomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(96) |
Ina theannta sin, mar a bunaíodh cheana san athbhreithniú éaga roimhe seo (59), i bhfianaise chineál an phróisis monaraíochta sa tSín (saothar den chuid is mó), is féidir an acmhainneacht táirgeachta sa tSín le haghaidh meicníochtaí stualuamháin a mhéadú go héasca, inter alia, trí lucht saothair breise a fhostú agus gan ach infheistíocht theoranta i dtrealamh. |
|
(97) |
Ar deireadh, in éagmais aon fhaisnéise eile, mheas an Coimisiún nach mbeadh éileamh intíre na Síne ná éileamh ar fud an domhain in ann an acmhainneacht bhreise nach beag atá ar fáil sa tSín a ionsú. |
|
(98) |
Deimhníodh leis sin conclúidí an Choimisiúin ón athbhreithniú éaga roimhe seo (60) go bhfuil acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag táirgeoirí de chuid na Síne chun soláthar do mhargadh an Aontais má ligtear do na bearta dul in éag. |
3.3.5.3. Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha
|
(99) |
Chun forbairt fhéideartha allmhairí a shuí i gcás ina n-aisghairfí bearta, mheas an Coimisiún tarraingteacht mhargadh an Aontais maidir le praghsanna. Tá margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh a mhéide agus a phraghsanna de. |
|
(100) |
Ó thaobh méide de, d’ainneoin go bhfuil laghdú ag teacht ar thomhaltas meicníochtaí stualuamháin i margadh an Aontais, tá éileamh an Aontais ar mheicníochtaí stualuamháin suntasach i gcónaí agus is é sin thart ar 45 % den mhargadh domhanda. Tá margadh an Aontais fós ar an margadh is mó ar domhan le haghaidh meicníochtaí stualuamháin. |
|
(101) |
Thairis sin, níl ach líon teoranta margaí eile ann ina n-úsáidtear meicníochtaí stualuamháin. Ina theannta sin, tá margaí tábhachtacha, mar shampla, SAM agus Ceanada fós dúnta toisc go n-úsáideann tomhaltóirí formáidí eile comhdaithe. Tá méid i bhfad níos ísle ag na margaí eile ná margadh an Aontais agus, dá bhrí sin, ní bheidís in ann acmhainneacht mhór iomarcach na Síne a ionsú. Ina theannta sin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, tá tomhaltas meicníochtaí stualuamháin sa tSín an-íseal agus níltear ag súil go dtiocfaidh méadú suntasach air ar bhealach ar bith. Léiríonn sé sin gur dócha go ndéanfaí onnmhairí Síneacha i gcainníochtaí móra a chuireann an acmhainneacht bhreise in úsáid a atreorú chuig an Aontas, dá ligfí do na bearta dul in éag. |
|
(102) |
I dtéarmaí praghsanna, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí meánphraghas díola thionscal an Aontais idir EUR 200 agus EUR 250 in aghaidh gach 1 000 píosa. Tá sé sin i bhfad níos airde ná praghas díola meicníochtaí stualuamháin na Síne ar an margadh domhanda (i.e. 140 EUR/1 000 píosa, féach aithris (92)), arna mheas trí úsáid a bhaint as na luachana iarbhír ar líne a rinne onnmhairiú na Síne chuig an margadh domhanda a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú. |
|
(103) |
Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin sin cuid mhaith níos ísle i gcomparáid le praghsanna thionscal an Aontais agus, dá bhrí sin, bhí margadh an Aontais, i dtéarmaí praghsanna, fós tarraingteach do tháirgeoirí de chuid na Síne. |
3.3.5.4. Conclúid
|
(104) |
Bunaithe ar an méid thuas, go háirithe i bhfianaise na hacmhainneachta breise nach mór atá ar fáil sa tSín agus i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair mar thoradh ar bhearta a aisghairm, agus go dtiocfadh onnmhairí dumpáilte isteach i margadh an Aontais i gcainníochtaí móra. Dá bhrí sin, meastar gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair má ligtear do na bearta atá ann faoi láthair dul in éag. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(105) |
Rinne 4 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad ‘tionscal an Aontais’ iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(106) |
Suíodh gur laistigh de 150 agus 200 milliún píosa a bhí i gceist le táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail an iarraidh ar athbhreithniú agus freagraí fíoraithe an dá tháirgeoir de chuid an Aontais. B’ionann an dá tháirgeoir de chuid an Aontais (sa tSlóivéin agus i bPoblacht na Seice) a d’fhreagair an ceistneoir agus os cionn 90 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. As an dá tháirgeoir de chuid an Aontais atá fós ann, stop an ceann san Iodáil go buan den táirge comhchosúil a tháirgeadh i mí an Mhárta 2023. |
|
(107) |
Ós rud é as ceithre tháirgeoir de chuid an Aontais go bhfuil dhá cheann acu gaolmhar le chéile agus gur thug an dá tháirgeoir sin freagra ar an gceistneoir, soláthraítear na sonraí a úsáideadh le haghaidh na hanailíse díobhála iomláine i raonta agus i bhfoirm innéacsaithe sa Rialachán seo, chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh gnó de idir dhá tháirgeoir chomhoibríocha de chuid an Aontais a chaomhnú de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, soláthraíodh sonraí i raonta, agus úsáideadh innéacsanna chun na treochtaí a léiriú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(108) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéid iomlán díolachán tháirgeoirí an Aontais agus iomlán na n-allmhairí san Aontas a fuarthas ó Eurostat ar leibhéal chód TARIC. Ós rud é go ndéanann Eurostat taifead ar mhéideanna allmhairí i gcileagraim, tiontaíodh ina bpíosaí é trí úsáid a bhaint as meánráta comhshó an dá tháirgeoir de chuid an Aontais a d’fhreagair an ceistneoir. |
|
(109) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais
|
||||||||||||||||||||||
|
(110) |
Ar an iomlán, tháinig laghdú 22 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a mhínítear go príomha le digitiú leanúnach na bainistíochta oifige agus an chomhdaithe leictreonaigh, rud a d’fhág gur lú an comhdú cóipe páipéir a bhí ann agus, dá bhrí sin, gur tháinig laghdú ar thomhaltas an táirge faoi athbhreithniú. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(111) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn Eurostat ar leibhéal chód TARIC, mar a léirítear in aithris (108). Ar an mbonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí isteach san Aontas ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ar a sciar den mhargadh: Tábla 3 Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(112) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, thit méid allmhairí meicníochtaí stualuamháin ón tSín go mór chun cúpla míle píosa a bhaint amach faoi dheireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(113) |
Dá bhrí sin, bhí an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí Síneacha neamhshuntasach. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(114) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. |
|
(115) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 4 Praghsanna allmhairí
|
||||||||||||||||||||
|
(116) |
Cé gur tháinig méadú 41 % ar phraghsanna allmhairiúcháin in 2021 agus gur tháinig laghdú 21 % orthu ansin faoi dheireadh na tréimhse athbhreithnithe, níl an treocht sin an-fhaisnéiseach mar gheall ar chainníocht an-bheag na n-allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.4. Allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne
|
(117) |
Is ón India a tháinig allmhairí meicníochtaí stualuamháin ó thríú tíortha seachas an tSín. |
|
(118) |
Is mar a leanas a d’fhorbair méid iomlán na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí meicníochtaí stualuamháin ó thríú tíortha eile: Tábla 5 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(119) |
Ar an iomlán, tháinig laghdú 33 % ar mhéid allmhairiúcháin ó thríú tíortha le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar thoradh ar an laghdú sin, tháinig laghdú ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse céanna ó 6.2 % in 2020 go 5.3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(120) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar mheánphraghas an táirge a allmhairíodh ó thríú tíortha eile in 2021, ach ansin tháinig méadú air in 2022 agus lean sé de bheith ag méadú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 13 % ar na praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(121) |
Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(122) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí atá san iarraidh ar athbhreithniú (nuair atá fáil orthu) agus sna freagraí ar an gceistneoir a thug dhá cheann de na táirgeoirí fíoraithe san Aontas. Dá bhrí sin, na sonraí a bhaineann le táirgeoirí an Aontais go léir. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug dhá tháirgeoir san Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(123) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana. |
|
(124) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(125) |
Is mar seo a leanas a d’fhorbair táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(126) |
Tháinig méadú ar mhéid táirgeachta iomlán an Aontais in 2021, ach ó shin i leith tháinig laghdú leanúnach air. Ar an iomlán, tháinig laghdú 23 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag leanúint na treochta maidir le tomhaltas a laghdú ar mhargadh an Aontais. |
|
(127) |
D’fhan acmhainneacht táirgeachta an Aontais cobhsaí ó 2020 go 2022. Tháinig laghdú 12 % air, áfach, toisc gur chuir táirgeoir amháin de chuid an Aontais deireadh lena ghníomhaíocht le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(128) |
Lean an ráta úsáide acmhainneachta treocht na táirgeachta. Dá réir sin, tháinig laghdú 12 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.5.2.2. Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh
|
(129) |
Is mar seo a leanas d’fhorbair méid díolachán thionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(130) |
Tháinig laghdú 21 % ar mhéid díolachán thairgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I gcomparáid leis sin, tháinig méadú 1 % ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais, go príomha mar gheall ar laghdú ar thomhaltas an Aontais agus ar an laghdú ar allmhairí ó thríú tíortha eile, mar shampla, an India. |
4.5.2.3. Fás
|
(131) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig laghdú 23 % ar tháirgeacht thionscal an Aontais, tháinig laghdú 23 % ar thomhaltas an Aontais ach tháinig laghdú 21 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais. |
4.5.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(132) |
Is mar seo a leanas a d’fhorbair an fhostaíocht agus an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(133) |
Tháinig laghdú 8 % ar an bhfostaíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig forbairt ar an táirgiúlacht i gcomhréir leis na hathruithe ar tháirgeadh agus ar fhostaíocht, i.e., tháinig méadú 8 % uirthi ó 2020 go 2021, agus tháinig laghdú uirthi ansin idir 2022 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 3 % uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.5.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana
|
(134) |
Mar a mhínítear in aithris (87), níorbh fhéidir cinneadh dearfach a shuí maidir le dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir corrlach dumpála a shuí. Dá bhrí sin, díríodh san imscrúdú ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair má n-aisghairtear na bearta frithdhumpála. |
|
(135) |
Leis na bearta frithdhumpála a forchuireadh tar éis an imscrúdaithe bunaidh, bhí tionscal an Aontais in ann téarnamh ó dhumpáil roimhe seo, mar a léirítear leis na sonraí le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcás inar fhan brabúsacht thar an spriocbhrabús, mar a thugtar míniú breise air thíos. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.3.1. Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna
|
(136) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid an dhá tháirgeoir san Aontas a thug freagra ar an gceistneoir le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(137) |
Tháinig méadú 37 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh. |
|
(138) |
Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 47 % ar mheánchostas aonaid an táirgthe ar bhealach níos feiceálaí ná an meánphraghas díola aonaid, go príomha mar gheall ar chostas méadaithe na n-amhábhar agus na bpraghsanna fuinnimh. Dá thoradh sin, tháinig laghdú ar bhrabúsacht, mar a mhínítear thíos. |
4.5.3.2. Costais saothair
|
(139) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair an dhá tháirgeoir san Aontas a thug freagra ar an gceistneoir le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||
|
(140) |
Tháinig méadú 29 % ar an meánchostas saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.5.3.3. Fardail
|
(141) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic an dhá tháirgeoir san Aontas a thug freagra ar an gceistneoir le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Fardail
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(142) |
Tháinig méadú 50 % ar leibhéal na bhfardal le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mhínigh tionscal an Aontais an méadú sin ar stoic ag deireadh na tréimhse faoi bhreathnú mar éifeacht díolacháin shéasúrach toisc gur tháinig deireadh le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i mí Mheán Fómhair cé go dtarlaíonn buaic na ndíolachán le haghaidh meicníochtaí stualuamháin go traidisiúnta i mí na Nollag agus go mbíonn an táirgeadh cobhsaí i rith na bliana. |
4.5.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú
|
(143) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag an dá tháirgeoir san Aontas a thug freagra ar an gceistneoir le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(144) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht dhá tháirgeoir de chuid an Aontais a thug freagra ar an gceistneoir trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Tháinig laghdú leanúnach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an iomlán, tháinig laghdú 43 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach d’fhan sé os cionn an spriocbhrabúis de 5 % mar a suíodh sna himscrúduithe roimhe seo maidir leis an táirge céanna. |
|
(145) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Bhí laghdú 7 % ar an iomlán ar an nglansreabhadh airgid ó 2020 go 2022, agus tháinig méadú air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ach bhí sé fós 39 % níos ísle ná mar a bhí ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(146) |
Tháinig méadú 8 % in 2021 ar infheistíochtaí thionscal an Aontais, go príomha chun táirgeadh táirgí comhchosúla a chothabháil, agus ansin tháinig laghdú 35 % orthu in 2022. Faoi dheireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, áfach, tháinig borradh fúthu mar gheall ar ionadú innealra táirgthe áirithe, rud a d’fhág gur tháinig méadú foriomlán 70 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(147) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Bhí laghdú 35 % tagtha air ó 2020 go 2022, agus ansin cobhsaíodh é faoi dheireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(148) |
Léiríodh san imscrúdú go raibh tionscal an Aontais in ann leanúint de théarnamh a dhéanamh ón díobháil a bhain dó roimhe sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú de bharr na ndleachtanna frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. Cé gur tháinig laghdú ar tháscairí díobhála amhail táirgeadh agus díolacháin i gcomhréir leis an treocht laghdaitheach tomhaltais, tháinig méadú dhá phointe céatadáin ar sciar margaidh an tionscail mar gheall ar laghdú ar allmhairí ó thríú tíortha eile, go háirithe an India. D’fhan an bhrabúsacht os cionn an spriocbhrabúis le linn na tréimhse, cé gur tháinig laghdú uirthi de réir mar a d’ardaigh meánchostas an táirgthe níos géire ná an meánphraghas díola. Mar sin féin, chuir brabúsacht dhearfach agus sreabhadh airgid dearfach ar chumas thionscal an Aontais leanúint d’infheistíocht a dhéanamh. |
|
(149) |
Is ar éigean a bhí aon tionchar ag allmhairí meicníochtaí stualuamháin ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar staid thionscal an Aontais. Mar gheall ar na bearta a bhí i bhfeidhm, ba bheag an sciar den mhargadh a bhí acu le linn na tréimhse ar fad. |
|
(150) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid cé go ndeachaigh cuid de na táscairí díobhála in olcas, nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5. AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR
|
(151) |
Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris (150) nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go ndéanfaí an díobháil an athuair mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín má ligtear do na bearta dul in éag. |
|
(152) |
I ndáil leis an méid sin, scrúdaigh an Coimisiún an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais, na leibhéil praghsanna is dócha a bheidh ag allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar dóchúil ar thionscal an Aontais. |
5.1. An acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise atá ar fáil sa tSín
|
(153) |
Mar a mhínítear i Roinn 3.3.5.2, tá acmhainneacht táirgeachta shuntasach ag táirgeoirí sa tSín agus, dá thoradh sin, acmhainneacht bhreise a sháraigh níos mó ná dhá oiread thomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(154) |
Ina theannta sin, ní raibh aon eilimint faighte ann a d’fhéadfadh aon mhéadú nach beag ar an éileamh intíre meicníochtaí stualuamháin sa tSín nó in aon mhargadh tríú tír eile a léiriú go luath amach anseo. I bhfianaise an laghdaithe ar thomhaltas mheicníochtaí stualuamháin an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfadh an t-éileamh intíre sa tSín nó i margaí eile tríú tíortha an acmhainneacht bhreise atá ar fáil sa tSín a ionsú. |
5.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(155) |
Mar a luaitear i Roinn 3.3.5.3, is é margadh an Aontais an margadh aonair is mó le haghaidh meicníochtaí stualuamháin agus ina theannta sin, tá na praghsanna tarraingteach do tháirgeoirí na Síne. Níl aon mhargadh mór onnmhairiúcháin eile ann chun acmhainneacht iomarcach na Síne a ionsú toisc nach n-úsáidtear meicníochtaí stualuamháin ach i líon teoranta margaí. Is dreasacht ard iad na cúiseanna sin do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a n-onnmhairí a atreorú chuig an Aontas i gcás ina mbainfidís praghsanna níos airde amach, agus iad fós in ann sladghearradh suntasach a dhéanamh ar phraghas díolacháin thionscal an Aontais. Ina theannta sin, bheadh dreasacht acu úsáid a bhaint as cuid dá n-acmhainneacht bhreise ar a laghad chun onnmhairiú chuig margadh an Aontais ar phraghsanna ísle. |
|
(156) |
Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go bhfuil an acmhainneacht agus an dreasacht ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín méid a n-onnmhairí meicníochtaí stualuamháin chuig an Aontas a ardú go suntasach ar phraghsanna dumpáilte agus lena ndéanfar sladghearradh suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais, má ligtear do na bearta frithdhumpála dul in éag. |
5.3. Leibhéil féideartha phraghsanna na n-allmhairí Síneacha
|
(157) |
Mar a luaitear in aithris (14), ní raibh aon chomhoibriú ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, agus bhí allmhairí ón tSín neamhshuntasach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, ba é an bonn ab iomchuí do leibhéil praghsanna a d’fhéadfadh a bheith ar allmhairí Síneacha an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig margaí domhanda a fuarthas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar a shonraítear in aithrisí (92) agus (93). Bunaithe ar na praghsanna onnmhairiúcháin sin, coigeartaithe le haghaidh costais iompair, costais tuirlingthe agus gnáthdhleachtanna custaim, dhéanfadh allmhairí ón tSín isteach san Aontas, gan an dleacht frithdhumpála san áireamh, sladghearradh 27 % ar phraghas díola an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tugann sé sin le fios go gcuirfeadh allmhairí na Síne, ar mhéideanna méadaithe, brú substaintiúil ar phraghsanna thionscal an Aontais in éagmais na mbeart. |
|
(158) |
Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid gur rídhócha go gcuirfidh allmhairí ón tSín brú ard praghsanna ar thionscal an Aontais, dá ndéanfaí na bearta frithdhumpála a aisghairm. |
5.4. Tionchar ar thionscal an Aontais
|
(159) |
Chuirfeadh méadú ar allmhairí ar phraghas íseal brú suntasach ar mhargadh an Aontais atá íogair ó thaobh praghsanna de. Dá gcoinneodh tionscal an Aontais a leibhéil praghsanna reatha ar bun, is dócha go gcaillfeadh sé méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh chuig na hallmhairí níos saoire ón tSín. Is rídhócha go dtiocfadh méadú tapa ar sciar margaidh na Síne san Aontas má ligtear do na bearta dul in éag, rud a imríonn tionchar díreach ar thionscal an Aontais. Dá mbainfí caillteanas don mhéid díolachán, bheadh ráta úsáide níos ísle ann agus thiocfadh méadú ar an meánchostas táirgthe. D’fhágfadh sé sin go dtiocfadh meath ar staid airgeadais thionscal an Aontais agus go dtiocfadh laghdú ar a bhrabúsacht, cé go raibh sí os cionn an spriocbhrabúis le níos mó ná 40 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Sa chás sin, d’fhágfadh aon mhéadú ar chostas go dtitfeadh an bhrabúsacht faoi bhun an spriocbhrabúis sa ghearrthéarma, rud a chuirfeadh deireadh leis na hiarrachtaí téarnaimh a rinne tionscal an Aontais roimhe seo, iarrachtaí a bhí in ann go dtí seo an leibhéal riachtanach infheistíochtaí a choinneáil ar bun chun leanúint de bheith iomaíoch. |
|
(160) |
Dá gcinnfeadh tionscal an Aontais a leibhéil praghsanna a ísliú, áfach, agus é ag iarraidh a mhéid díolachán a choinneáil agus a sciar den mhargadh a choinneáil, tharlódh meathlú ar a staid airgeadais beagnach láithreach. Go deimhin, dá mbeadh ar thionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin ar mhargadh an Aontais a ísliú 27 %, chun praghsanna na dtáirgí Síneacha atá ag teacht isteach a mheaitseáil, bheidís neamhbhrabúsach láithreach bonn. |
|
(161) |
Sa chás sin, is dócha go mbeadh tionchar diúltach láithreach ag dul in éag na mbeart ar thionscal an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh caillteanas i gceist leis. Sa mheántéarma, bheadh sé sin neamh-inbhuanaithe, rud a d’fhágfadh go ndúnfaí láithreáin táirgthe agus, ar deireadh, go rachadh tionscal an Aontais i léig. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, thit an líon táirgeoirí de chuid an Aontais cheana féin ó cheithre tháirgeoir go trí tháirgeoir mar gheall ar dhálaí dúshlánacha an mhargaidh. |
|
(162) |
Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil dóchúlacht láidir ann go ndéanfar díobháil an athuair de dheasca allmhairí meicníochtaí stualuamháin ón tSín mar thoradh ar dhul in éag na mbeart atá ann cheana agus gur dócha go dtiocfadh meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais agus go mbeadh díobháil ábhartha mar thoradh air. |
|
(163) |
Ós rud é go bhfuil líon i bhfad níos ísle allmhairí meicníochtaí stualuamháin na Síne ag teacht isteach i margadh an Aontais faoi láthair ná mar a bhí roimh fhorchur na mbeart, léirítear gur éirigh leis na dleachtanna frithdhumpála atá ann faoi láthair dálaí iomaíocha neamhshaofa a athbhunú go rathúil idir onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín agus tionscal an Aontais. |
5.5. Conclúid
|
(164) |
Is é conclúid an Choimisiúin gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte meicníochtaí stualuamháin na Síne ar phraghsanna lena sladghearrfaí praghsanna thionscal an Aontais mar thoradh ar aisghairm na mbeart agus go dtarlódh díobháil ábhartha arís do thionscal an Aontais mar thoradh ar allmhairí dumpáilte meicníochtaí stualuamháin ón tSín. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht an tionscail de chuid an Aontais i mbaol mór. |
6. LEAS AN AONTAIS
|
(165) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
|
(166) |
Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán. |
|
(167) |
Ba cheart a thabhairt chun cuimhne gur measadh san athbhreithniú éaga roimhe seo nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá nglacfaí na bearta. Thairis sin, ós rud é gur athbhreithniú éaga é an t-imscrúdú seo, ina ndéantar anailís ar staid ina bhfuil bearta frithdhumpála i bhfeidhm cheana féin, is féidir measúnú a dhéanamh ar aon drochthionchar míchuí ar na páirtithe lena mbaineann mar gheall ar na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair. |
|
(168) |
Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann, d’ainneoin na gconclúidí gur dócha go ndéanfar an dumpáil arís agus go ndéanfar an díobháil an athuair, a d’fhágfadh go dtiocfar ar an gcinneadh nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun sa chás áirithe seo. |
6.1. Leas thionscal an Aontais
|
(169) |
Léiríodh san imscrúdú dá rachadh na bearta in éag, gur dóchúil go mbeadh tionchar diúltach suntasach aige sin ar thionscal an Aontais. Is gearr go dtiocfadh laghdú ar bhrabúsacht dá bharr sin agus fiú i gcás ina mbeadh staid caillteanais ann do thionscal an Aontais, agus bheadh tionchar diúltach aige sin freisin ar thosca díobhála eile, mar shampla, méid táirgeachta, rátaí úsáide, infheistíochtaí agus fostaíocht. San fhadtéarma, ní bheadh staid den sórt sin inmharthana, rud a chuirfeadh iallach ar tháirgeoirí an Aontais a n-oibríochtaí i margadh an Aontais a dhúnadh. |
|
(170) |
San am a chuaigh thart, léiríodh gur tionscal inmharthana é tionscal an Aontais a raibh torthaí dearfacha eacnamaíocha agus airgeadais aige. In éagmais allmhairí dumpáilte ón tSín, d’éirigh leis leanúint de bheith brabúsach agus corrlach brabúis níos mó ná an spriocbhrabús aige. |
|
(171) |
Dá bhrí sin, is chun leas thionscal an Aontais é na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun. |
6.2. Leas na n-allmhaireoirí/na n-úsáideoirí neamhchomhlachaithe
|
(172) |
De ghnáth is úsáideoirí meicníochtaí stualuamháin iad allmhaireoirí meicníochtaí stualuamháin freisin, ós rud é go n-allmhairíonn siad é chun comhaid stualuamháin a tháirgeadh. Mar a léirítear in aithris (18), níor thug aon allmhaireoir-trádálaí ná úsáideoir neamhghaolmhar freagra ar an gceistneoir, sholáthair roinnt acu tuairimí dearfacha nó diúltacha i leith na mbeart frithdhumpála, gan faisnéis chuí-réasúnaithe. |
|
(173) |
Suíodh sna himscrúduithe roimhe seo nach raibh i gcostas meicníochtaí stualuamháin i bpraghas miondíola chomhaid stualuamháin ach céatadán an-bheag agus, dá bhrí sin, níor measadh go raibh tionchar na ndleachtanna (más ann dóibh) suntasach. In éagmais fianaise a thugann a mhalairt le fios, is féidir a dheimhniú dá réir sin nach raibh aon éifeacht dhiúltach shubstaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar a staid airgeadais agus nach ndéanfadh leanúint na mbeart difear míchuí d’allmhaireoirí/do thrádálaithe. |
|
(174) |
Thairis sin, léirigh an t-imscrúdú gur dócha go gcaillfeadh tionscal an Aontais an chuid is mó dá láithreacht sa mhargadh gan aon bheart in aghaidh allmhairí dumpáilte agus go bhféadfadh sé imeacht fiú san fhadtéarma. Is cinnte go mbeadh táirgeoirí comhad stualuamháin ag brath ar allmhairí agus go mbeadh laghdú suntasach ar an iomaíocht ar mhargadh an Aontais mar thoradh air sin. |
|
(175) |
Ar an mbonn sin, is féidir teacht ar an gconclúid nach bhfuil na bearta maidir le meicníochtaí stualuamháin i gcoinne leas foriomlán an Aontais. |
6.3. Conclúid maidir le leas an Aontais
|
(176) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí meicníochtaí stualuamháin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a choinneáil ar bun. |
7. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
|
(177) |
Ar bhonn na gconclúidí ón gCoimisiún maidir le leanúint den dumpáil, atarlú na díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar allmhairí meicníochtaí stualuamháin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a choinneáil ar bun. |
|
(178) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo. Ba cheart allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(179) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(180) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, [féadfar céatadán a thabhairt isteach, ag brath ar an gcás, cé nach bhfuil sé inmholta], d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(181) |
Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh [na tíre/[na dtíortha] lena mbaineann] é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(182) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (61). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(183) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (62), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a bheidh foilsithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(184) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de mheicníochtaí stualuamháin, a thagann faoi chód CN ex 8305 10 00 (cód TARIC 8305 10 00 50) faoi láthair agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge arna shonrú i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála |
Cód breise TARIC |
|
DongGuan Humen Nanzha World Wide Stationery Mfg. Co., Ltd |
27,1 % |
A729 |
|
Gach cuideachta eile |
47,4 % |
A999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO L 205, 27.7.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1136/oj.
(3) IO L 238, 4.9.2012, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/796/oj.
(4) IO L 279, 9.11.2018, lch. 17, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1684/oj.
(5) IO C 49, 9.2.2023, lch. 8,
(7) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2688.
(8) https://www.spglobal.com/marketintelligence/en/mi/products/maritime-global-trade-atlas.html.
(9) An príomh-amhábhar chun meicníocht stualuamháin a tháirgeadh, is é sin nicil stéille cruach fuar-rollta atá plátáilte os cionn 50 % de chostas iomlán an ábhair agus nicil sreinge atá plátáilte os cionn 30 % de chostas iomlán an ábhair.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cruach cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 27.10.2022, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj);Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píopaí, as iarann nó as cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píopaí, as iarann nó as cruach a chuirtear chun bealaigh ón Téaváin, ón Indinéis, ó Srí Lanca agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na tíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 16, 25.1.2022, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/95/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de thúir gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí agus feadáin táthaithe áirithe déanta as iarann nó cruach neamh-chóimhiotail de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/635/oj).
(11) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 80; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 208, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 59, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239, aithrisí 67 go 74 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 149 agus 150.
(12) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithris 192, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 46, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67 go 74, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 115 go 118.
(13) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 193 agus 4, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún aithris 47, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67 go 74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 119 go 122. An ceart atá ag údaráis ábhartha na Síne chun príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha, ó tharla gurb ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (agus triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad inti mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na cearta atá aige smacht a bheith aige ar chinntí gnó i gcuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar na cuideachtaí sin ligean d’eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí lena mbaineann siad. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.
(14) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 195 go 201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithrisí 48 go 52, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239, aithrisí 67 go 74 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 123 go 129.
(15) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 74; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 202; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 53, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239, aithrisí 67 go 74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 130 agus 133.
(16) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 75; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 203, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 54, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239, aithrisí 67 go 74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 134 agus 135.
(17) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 204; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 55, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 136 go 145.
(18) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2017) 483 final/2, 20 Nollaig 2017, le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en.
(19) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024, SWD (2024) 91 final, atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=en.
(20) ECFE, ‘State-owned Firms behind China’s Corporate Debt’ [Gnóthais faoi úinéireacht an Stáit taobh thiar d’Fhiachas Corparáideach na Síne], Doiciméad Oibre na Roinne Eacnamaíche Uimh. 1536, Feabhra 2019; le fáil ag:
(21) Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(22) Féach: www.cqgt.cn (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(23) Féach: https://www.magang.com.cn/ (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(24) Féach: https://www.qixin.com/company/ab02483a-5ed7-49fe-b6e6-8ea39dc4dc80 (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(25) Féach: http://www.ansteel.cn/about/company_profile/ (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(26) Féach: https://www.qcc.com/firm/d620835aaae14e62fdc965fd41a51d8d.html (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(27) Féach: http://www.csg.org.cn/ (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(28) Airteagal 3 de bhunreacht Chumann Earraí Stáiseanóireachta & Spóirt na Síne. Féach: http://www.csa.org.cn/about-450.html (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(29) Airteagal 36 de bhunreacht Chumann Earraí Stáiseanóireachta & Spóirt na Síne. Féach: http://www.csa.org.cn/about-450.html (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(30) Féach: https://www.scimall.org.cn/Org/detail?id=16027 (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(31) Féach: http://cn.qitian.cn/singlepage/about.html (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(32) Féach: https://www.sohu.com/a/478998813_362042 (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(33) Féach: https://chjkq.investchn.com/index.php/news/detail/id/307333.html (arna rochtain an 22 Samhain 2024).
(34) Féach: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-02/08/content_5672513.htm (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(35) Féach Roinn IV, Foroinn 3 den 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt.
(36) Féach Roinn II, Foroinn 1 den 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt an Tionscail Dramhchruach.
(37) Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(38) Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lgh. 346 ff.
(39) Féach 14ú Plean 5 Bliana Dhaon-Phoblacht na Sine maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag: https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(40) Féach go háirithe Ranna I agus II den 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt.
(41) Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 3 Iúil 2024).
(42) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 134 agus135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 143 agus 144.
(43) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(44) Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.
(45) https://login.bvdinfo.com/R0/Orbis.
(46) https://connect.ihsmarkit.com/
(47) Sonraí saothair 2020 atá innéacsaithe le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe
ICP innéacsaithe in 2020 / Tréimhse an imscrúdaithe https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Input-Indices-Quarter-III:-July-September,-2023-49453.
(48) http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm.
(50) Sonraí saothair 2020 https://data.tuik.gov.tr/Bulten/DownloadIstatistikselTablo?p=tg4QGRdNcBVDQo/mmOOyD/8g3GlHdKhwM0SMnhh4V/APyz9UrZvk0kK90vktK5jo
ICP innéacsaithe in 2020 / Tréimhse an imscrúdaithe https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Input-Indices-Quarter-III:-July-September.
(51) ÚRMF | Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh (epdk.gov.tr)
(52) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(53) TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr) agus TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr) agus Sonraí saothair 2020 https://data.tuik.gov.tr/Bulten/DownloadIstatistikselTablo?p=tg4QGRdNcBVDQo/mmOOyD/8g3GlHdKhwM0SMnhh4V/APyz9UrZvk0kK90vktK5jo
ICP innéacsaithe in 2020 / Tréimhse an imscrúdaithe https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Input-Indices-Quarter-III:-July-September.
(54) An meán le haghaidh monarú táirgí déanta as miotail, seachas innealra agus trealamh.
(55) Coibhéis lánaimseartha.
(56) ÚRMF | Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh (epdk.gov.tr)
(57) Foinse: Iarraidh ar athbhreithniú, Roinn G.2.1 agus Iarscríbhinn E.2.
(58) Aithris (50) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1684.
(59) Aithris (51) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1684.
(60) Ranna 3.4.1 agus 3.6.1.1 de Rialachán (AE) 2018/1684.
(61) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.
(62) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, , ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/100/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)