|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/81 |
14.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/81 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad plátáilte nó brataithe le stán, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 16 Bealtaine 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad plátáilte nó brataithe le stán (‘táirgí stánphlátáilte’) (2)de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’, ‘an tSín’ nó ‘Daon-Phoblacht na Síne’) ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an bun-Rialachán’). D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir EUROFER (‘an gearánach’) isteach an 2 Aibreán 2024. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal táirgí stánphlátáilte an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2731 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí táirgí stánphlátáilte faoi réir a gcláraithe (4). |
1.3. Páirtithe leasmhara
|
(4) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. De bhreis air sin, chuir an Coimisiún an gearánach, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus údaráis na Síne, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta, chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach, ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann. |
|
(5) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.4. Barúlacha maidir le tionscnamh
|
(6) |
Roinnt páirtithe a bhí i gcoinne fhorchur féideartha dleachtanna frithdhumpála, sholáthair siad barúlacha maidir le tionscnamh, agus d’áitigh siad nach raibh fianaise sa ghearán lena léiriú gur bhain aon díobháil ábhartha do thionscal an Aontais, ná go raibh bagairt díobhála roimhe, agus dá bhrí sin go bhfuil sé easnamhach ó thaobh nós imeachta de. |
|
(7) |
Ar an gcéad dul síos, chun an easpa fianaise líomhnaithe sa ghearán maidir leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a léiriú, tharraing allmhaireoir neamhchomhlachaithe, Steelforce Packaging BV (‘Steelforce’), aird ar fheidhmíocht thionscal an Aontais a cuireadh i láthair sa ghearán. Go sonrach, mhaígh Steelforce gur fhan na meánphraghsanna díola os cionn an mheánchostais táirgthe in 2022 agus sa tréimhse imscrúdúcháin a úsáideadh sa ghearán araon, a mhair ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Mheán Fómhair 2023 (‘Tréimhse Imscrúdúcháin an Ghearáin’), rud a d’fhág go raibh tionscal an Aontais brabúsach le linn na tréimhse sin. |
|
(8) |
D’áitigh Steelforce freisin, seachas feidhmíocht dhearfach den sórt sin a bheith ina treocht shealadach, mar a mhaígh an gearánach, gurbh í an fheidhmíocht dhiúltach in 2020 agus 2021 a bhí de chineál sealadach, mar gheall ar an gcur isteach foriomlán ar gheilleagar an Aontais de dheasca phaindéim COVID-19, rud a laghdaigh an t-éileamh go mór. Líomhain Steelforce go dtaispeánfadh na blianta 2018 nó 2019 treocht dhearfach go ginearálta maidir le tionscal an Aontais freisin. |
|
(9) |
Thairis sin, mhaígh Steelforce gur fhan sciar thionscal an Aontais den mhargadh an-ard agus cobhsaí den chuid is mó. Léirigh na heilimintí sin go léir nár bhain aon díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(10) |
Mhaígh Steelforce freisin nach bhfuil tionscal an Aontais faoi bhagairt ag díobháil bhreise atá ar tí tarlú ach oiread, toisc, ós rud é nach bhfuil aon díobháil ábhartha á fulaingt acu, nach féidir le haon bhagairt, dá bhrí sin, díobháil a dhéanamh ach amach anseo. |
|
(11) |
D’áitigh Steelforce freisin nach raibh bunús le dearbhú an ghearáin go raibh praghsanna thionscal an Aontais á gcosc agus á n-ísliú ag allmhairí ón tSín ós rud é nach raibh an dearbhú sin bunaithe ach ar shonraí ó tháirgeoir amháin de chuid an Aontais nár ainmníodh sa ghearán, agus nár nochtadh na sonraí sin ach an oiread, rud a chuir cosc ar Steelforce a cheart cosanta a fheidhmiú i gceart toisc nach raibh siad in ann barúil a thabhairt ar bhealach fóinteach ar na sonraí sin ná measúnú a dhéanamh ar mhéid an táirgeora de chuid an Aontais a chuir na sonraí ar fáil. |
|
(12) |
Ar deireadh, mhaígh Steelforce nach raibh na sonraí ráithiúla maidir le brabúsacht a cuireadh i láthair sa ghearán cinntitheach maidir le bagairt díobhála a bheith ann mar gheall ar shéasúracht nádúrtha an éilimh sa mhargadh sin. |
|
(13) |
D’ainneoin an mhéid thuas, mhaígh Steelforce go raibh an fhianaise agus na maímh go léir a cuireadh i láthair sa ghearán as dáta. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh sé gur tháinig deireadh le Tréimhse Imscrúdúcháin an Ghearáin i R3 2023 agus gur tionscnaíodh an t-imscrúdú i mí na Bealtaine 2024, agus dá bhrí sin léirigh aon fhianaise a cuireadh ar fáil sa ghearán, sa chás is fearr, díobháil roimhe seo seachas a marthanacht sa lá atá inniu ann. Ar an dara dul síos, mhaígh sé nár léirigh an Fógra Tionscnaimh go ndéanfadh an Coimisiún a dhícheall na figiúirí sa ghearán a thabhairt cothrom le dáta chun Airteagal 5 den bhun-Rialachán a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, mhaígh Steelforce go raibh an t-imscrúdú neamhdhleathach agus mhaígh sé gur sháraigh sé Airteagal 5(3) den bhun-Rialachán. |
|
(14) |
Cosúil le maímh Steelforce ó aithrisí (7) agus (13) thuas, mhaígh Comhlachas Iarainn agus Cruach na Síne (‘CICS’) nach raibh fianaise dhearfach sa ghearán a thug údar le tionscnamh an imeachta agus go raibh an gearánach ag brath an iomarca ar fhaisnéis rúnda nár lig do pháirtithe leasmhara eile freagra fóinteach a thabhairt ar líomhaintí atá sa ghearán. Go háirithe, mhaígh CICS nach raibh an tréimhse faoi bhreathnú a roghnaíodh sa ghearán ionadaíoch chun torthaí iontaofa sna himeachtaí sin a bhaint amach, rud atá contrártha do cheanglais Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán, mar gheall ar na héifeachtaí a bhí ag paindéim COVID-19 ar an staid ar an margadh. I bhfianaise na ndianghlasálacha a chuir isteach ar tháirgeadh, ar éileamh agus ar shlabhraí soláthair in 2020 agus 2021, d’iarr CICS ar an gCoimisiún tréimhse faoi bhreathnú a ghlacadh a thosódh in 2019 nó 2018 lena léireofaí gnáthdhálaí gnó, ionas go mbeadh nádúr urghnách fheidhmíocht thionscal an Aontais in 2020 agus 2021 le feiceáil i dtreochtaí na dtáscairí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha. |
|
(15) |
D’áitigh CICS freisin gur theip ar an ngearán aghaidh a thabhairt ar roinnt tosca a raibh tionchar acu ar staid thionscal an Aontais, lena n-áirítear toradh ar infheistíocht, cumas caipiteal a thiomsú, sreabhadh airgid, pá, agus feidhmíocht onnmhairiúcháin. Maidir le cáilíocht leagan neamhrúnda an ghearáin, mhaígh CICS gur cuireadh cosc ar pháirtithe leasmhara freagra a thabhairt ar na maímh a bhí sa ghearán toisc gur cuireadh tomhaltas an Aontais, an sciar den mhargadh agus an tacar sonraí maicreacnamaíoch i láthair mar raonta in ionad figiúirí iarbhír agus, dá bhrí sin, gur sáraíodh a gceart chun cosanta. |
|
(16) |
D’áitigh an gearánach go raibh fócas an mheasúnaithe díobhála ábhartha sa ghearán bunaithe ar fhigiúirí bliantúla agus gur soláthraíodh treochtaí ráithiúla le haghaidh comhthéacs breise agus mar fhianaise ar bhagairt díobhála. Maidir leis an leagan neamhrúnda den ghearán, d’áitigh an gearánach gur tugadh na sonraí díobhála i raonta chun beartais in aghaidh trustaí a urramú lena gceanglaítear nach mór sonraí comhiomlánaithe a theacht ó chúig chuideachta ar a laghad atá le roinnt, agus nach bhfuil ann ach ceithre tháirgeoir ghearánacha. |
|
(17) |
Maidir leis na maímh nach raibh aon fhianaise leordhóthanach ann gur bhain díobháil do thionscal an Aontais sa ghearán, thug an Coimisiún dá aire go luaitear in Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán nach mór do thosca agus innéacsanna ábhartha (ní gá dóibh uile) a bhfuil tionchar acu ar staid thionscal an Aontais meathlú a léiriú chun díobháil ábhartha a shuí. |
|
(18) |
Léiríodh sa ghearán gur tháinig laghdú suntasach ar an meánchorrlach brabúis i dTréimhse Imscrúdúcháin an Ghearáin tar éis méadú in 2022. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur soláthraíodh leis an leagan oscailte den ghearán figiúirí iarbhír do dhíolacháin Aontais an ghearánaigh, rud a léirigh laghdú suntasach idir 2020 agus Tréimhse Imscrúdúcháin an Ghearáin. Léirigh figiúirí tháirgeacht agus fhostaíocht an ghearánaigh araon gur tháinig laghdú suntasach orthu le linn na tréimhse sin. Ina theannta sin, murab ionann agus maíomh Steelforce a leagtar amach in aithris (9), ba léir ón ngearán gur tháinig laghdú ar sciar margaidh thionscal an Aontais agus gur tháinig méadú faoi dhó beagnach ar allmhairí na Síne idir 2020 agus Tréimhse Imscrúdúcháin an Ghearáin. Léirigh na sonraí maicreacnamaíocha, a soláthraíodh i raonta sa ghearán, freisin go raibh laghdú ag teacht ar tháirgeacht, go raibh laghdú ag teacht ar dhíolacháin, agus gur tháinig laghdú ar an bhfostaíocht. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí na sonraí a soláthraíodh sa ghearán a mheas mar fhianaise leordhóthanach a léiríonn díobháil. |
|
(19) |
Is cleachtas ginearálta é raonta a úsáid in ionad figiúirí iarbhír le haghaidh faisnéis rúnda sa ghearán má sholáthraíonn siad mionsonraí leordhóthanacha chun tuiscint réasúnta a cheadú ar shubstaint na faisnéise a chuirtear isteach faoi rún. Léirigh na raonta a soláthraíodh sa ghearán an treocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus dá bhrí sin fuarthas go raibh siad mionsonraithe go leor. |
|
(20) |
Maidir le maímh Steelforce ó aithris (11), thug an Coimisiún dá aire go raibh comparáid praghsanna in Iarscríbhinn 12 den leagan neamhrúnda den ghearán idir praghas díola gach táirgeora de chuid an Aontais atá ag gearán, ar praghas é a ghearrtar ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas, agus praghas allmhairí ón tSín bunaithe ar staitisticí a léirigh go raibh praghsanna na Síne níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an ghearáin. |
|
(21) |
Bhí méideanna díolacháin chomhiomláin tháirgeoirí an Aontais a rinne gearán le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas in Iarscríbhinn 12 a ghabhann leis an ngearán freisin, rud a léirigh laghdú leanúnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú le titim ghéar idir 2022 agus Tréimhse Imscrúdúcháin an Ghearáin fad is a tháinig méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse céanna. |
|
(22) |
Ina theannta sin, sholáthair an gearánach, sa leagan rúnda den ghearán, samplaí aonair ó tháirgeoirí de chuid an Aontais a raibh orthu a bpraghas díolacháin a laghdú chun a bheith in ann a gcuid táirgí a dhíol agus rinne an gearánach achoimre ar bhunbhrí na ndoiciméad rúnda sin i bpointí 194 agus 195 den ghearán. |
|
(23) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur sholáthair an gearánach fianaise leordhóthanach maidir le sladghearradh praghais, díobháil mhéide agus sochtadh praghsanna a cheanglaítear faoi Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán chun an t-imscrúdú a thionscnamh. |
|
(24) |
Thug an Coimisiún dá aire gur gá go mbeadh an tréimhse imscrúdúcháin a úsáideadh chun críoch na ngearán éagsúil go minic leis an tréimhse a úsáidtear san imeacht féin, i bhfianaise an imeachta ama idir gearán a thaisceadh agus imscrúdú a thionscnamh. Ní leagtar síos leis an mbun-Rialachán aon oibleagáid dhlíthiúil maidir leis an tréimhse i gcomhair na sonraí atá sa ghearán ach sonraítear ann gur cheart faisnéis a bheith ann atá ar fáil go réasúnach don ghearánach. Mheas an Coimisiún go raibh na sonraí a bhí sa ghearán sách nua chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
|
(25) |
Maidir leis an tréimhse faoi bhreathnú do na treochtaí díobhála, thug an Coimisiún dá aire, i gcomhréir lena ghnáthchleachtas, go ndearna sé anailís ar na táscairí díobhála ar feadh 4 bliana roimh an tréimhse imscrúdúcháin agus go ndearnadh measúnú ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 faoin anailís díobhála agus chúisíochta in aithrisí (235), (293), (300) agus (323). Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an tréimhse faoi bhreathnú iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar na treochtaí díobhála. |
|
(26) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh fianaise leordhóthanach sa ghearán lena léiriú gur bhain díobháil do thionscal an Aontais, gur dumpáladh allmhairí ón tSín agus go raibh nasc cúisíoch idir dumpáil agus díobháil. Chinn an Coimisiún gur leor an fhianaise sin chun an t-imscrúdú a thionscnamh agus dhiúltaigh sé d’argóintí na bpáirtithe eile ina leith sin. |
1.5. Sampláil
|
(27) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(28) |
San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn ionadaíochais i dtéarmaí chainníocht táirgthe agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus an tsuímh gheografaigh. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir de chuid an Aontais. Chuimsigh táirgeoirí sampláilte an Aontais breis agus 80 % de tháirgeacht mheasta iomlán an Aontais agus breis agus 70 % de dhíolacháin mheasta an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. |
|
(29) |
Ós rud é nach bhfuarthas aon bharúil maidir leis an sampla sealadach, dheimhnigh an Coimisiún gurb é an sampla cinntitheach é freisin. Is sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais é. |
Sampláil na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe
|
(30) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(31) |
Sholáthair allmhaireoir neamhchomhlachaithe amháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil
|
(32) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Síne táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i bpáirt a ghlacadh san imscrúdú. |
|
(33) |
Sholáthair 11 tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí ar bhonn na cainníochta ionadaíche is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. |
|
(34) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle leis gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na Síne maidir le roghnú an tsampla. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
1.6. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(35) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(36) |
Chuir an gearánach fianaise leordhóthanach ar fáil freisin sa ghearán maidir le saobhadh amhábhair sa tSín maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, mar a fógraíodh san fhógra tionscnaimh, chumhdaigh an t-imscrúdú an saobhadh amhábhar sin chun a chinneadh an gcuirfí forálacha Airteagal 7(2a) agus 7(2b) den bhun-Rialachán i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, sheol an Coimisiún ceistneoirí breise maidir leis sin chuig Rialtas na Síne. |
|
(37) |
Cuireadh ceistneoirí le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus úsáideoirí (5) ar fáil ar líne lá an tionscnaimh. |
|
(38) |
Fuair an Coimisiún freagraí ar an gceistneoir ón trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, ó allmhaireoir neamhchomhlachaithe amháin, agus ó dhá úsáideoir. Thairis sin, fuair sé ceistneoir maidir le sonraí maicreacnamaíocha ón ngearánach. |
|
(39) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le dumpáil, an díobháil dá deasca, agus leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.7. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(40) |
Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 30 Márta 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi imscrúdú
|
(41) |
Is éard atá sa táirge faoi imscrúdú táirgí cothromrollta muilinn stáin, d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad brataithe nó plátáilte le stán, bídís brataithe le hábhar plaisteach agus/nó vearnaiseáilte (‘táirgí stánphlátáilte’) nó ná bídís, a thagann faoi láthair faoi chóid 7210 11 00 , 7210 12 , ex 7210 70 , 7210 90 40 , ex 7210 90 80 , 7212 10 , and ex 7212 40 (TARIC codes 7210 70 10 15, 7210 70 80 20, 7210 70 80 92, 7210 90 80 20, 7212 40 20 10, 7212 40 80 12, 7212 40 80 30, 7212 40 80 80, agus 7212 40 80 85) (‘an táirge faoi imscrúdú’). |
|
(42) |
Is ábhar pacáistithe iad táirgí stánphlátáilte, a úsáidtear go príomha i dtáirgeadh cannaí stáin. Tá siad mar chuid den earnáil cruach mar go dtáirgtear iad go príomha ó chornaí cruach fuar-rollta atá leictreaphlátáilte ansin le stán. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(43) |
Is é an táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na Síne (‘an táirge lena mbaineann’). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(44) |
Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(45) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
2.4. Maímh maidir le raon feidhme an táirge
|
(46) |
D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, Baosteel Group, agus CICS araon eisiamh táirge le haghaidh táirgí stánphlátáilte laghdaithe faoi dhó (‘TSLFD’). Mhaígh siad araon go bhfuil próiseas táirgthe ar leith agus saintréithe fisiciúla ag TSLFD i gcomparáid le táirgí stánphlátáilte eile, sa mhéid go bhfuil sé níos tanaí, níos cothroime, agus níos éasca a phróiseáil, agus go bhfuil neart táirgeachta níos airde aige freisin. Thairis sin, tá a chaighdeáin táirgthe féin ag TSLFD (DIN EN 10203, DIN EN 10202, agus JIS G3303) agus mhaígh Baosteel Group go bhfuil easpa soláthair táirgí stánphlátáilte den sórt sin san Aontas. |
|
(47) |
D’iarr CICS freisin go ndéanfaí táirgí stánphlátáilte tarraingthe agus iarnáilte (‘TSTI’) a eisiamh ó raon feidhme an táirge freisin. Mhaígh siad go n-áirítear i dtáirgeadh TSTI iarnáil a dhéanamh ar an táirge atá tarraingthe amach cheana féin i sorcóir, próiseas a laghdaíonn tiús bhalla agus trastomhas an tsorcóra á choinneáil ag an am céanna. Fágann sé sin go bhfuil na cannaí éadrom agus láidir go leor chun brúnna inmheánacha a sheasamh, atá curtha in oiriúint go sonrach dá phríomhchur i bhfeidhm — úsáid mar channaí dí le haghaidh deochanna carbónáitithe. Mhaígh CICS nach féidir TSTI agus táirgí stánphlátáilte eile a ionadú dá bhrí sin agus chuir sé i dtábhacht go bhfuil a chaighdeán táirgthe féin ag TSTI freisin (DIN EN 10202). Mhaígh CICS freisin gur minic a sháraíonn éileamh an Aontais ar TSTI an soláthar agus chuir sé in iúl gur ghlac Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe (‘DOC’) leis an eisiamh sin laistigh de bhearta Roinn 232 maidir le cruach agus alúmanam (Roinn 232 den Acht um Fhairsingiú Trádála 1962). |
|
(48) |
Chuir an gearánach i gcoinne na maíomh sin, agus níor thacaigh aon úsáideoir leo. D’áitigh an gearánach gur táirgeadh TSLFD ar an líne táirgthe chéanna agus ar an trealamh céanna, ós rud é gurb é an t-aon sainiúlacht amháin go bhfuil luasanna rollta níos airde sa chéim dheiridh den phróiseas. Thairis sin, ní hamháin go gcumhdaíonn caighdeáin DIN EN 10203, DIN EN 10202, agus JIS G3303 TSLFD ach cumhdaíonn siad táirgí stánphlátáilte laghdaithe aonair freisin, agus léiríonn catalóga tháirgeoirí de chuid an Aontais gur minic a bhíonn na húsáidí céanna ag TSLFD agus ag táirgí stánphlátáilte laghdaithe aonair. Ina theannta sin, maidir leis an bhfíoras go bhfuair allmhaireoirí áirithe sna Stáit Aontaithe údarú sealadach ó Bhiúró Tionscail agus Slándála na Stát Aontaithe chun TSTI a allmhairiú bunaithe ar easpa táirgthe SAM den chineál sin táirgí stánphlátáilte, d’áitigh an gearánach nach bhfuil aon tionchar aige sin ar an imscrúdú reatha. |
|
(49) |
Níor chuir Baosteel Group agus CICS fianaise ar fáil agus dá bhrí sin níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil aon saintréith speisialta fhisiceach, cheimiceach nó theicniúil ag TSLFD a d’fhágfadh go mbeadh údar lena eisiamh ó raon feidhme an táirge. An tráth céanna, cumhdaítear go soiléir é leis an sainmhíniú ar an táirge i Roinn 2 den Fhógra Tionscnaimh. Dá bhrí sin, is cuid den táirge lena mbaineann é an táirge stánphlátáilte laghdaithe faoi dhó agus dá bhrí sin tá sé laistigh de raon feidhme an imscrúdaithe. Pléitear agus breithnítear go sonrach i míreanna 28, 30 agus 32 den ghearán táirgí stánphlátáilte laghdaithe faoi dhó sa phróiseas táirgthe agus tá catagóir tiús (‘suas le 0,179mm’) ag struchtúr na n-uimhreacha rialaithe táirgí (‘PCNanna’) sna ceistneoirí lena gcumhdaítear na táirgí stánphlátáilte laghdaithe faoi dhó (6). Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún an iarraidh sin a dhiúltú go sealadach. |
|
(50) |
Maidir le TSTI, cosúil le TSLFD, ní chlúdaíonn an caighdeán táirgthe DIN EN 10202 (a roinneann siad araon) an cineál áirithe táirge seo amháin. Ina theannta sin, léiríonn catalóga na dtáirgeoirí go ndíolann siad cannaí TSTI leis an tionscal pacáistithe bia agus dí, agus dá bhrí sin na húsáideoirí céanna le húsáideoirí cineálacha eile táirgí stánphlátáilte. Ina theannta sin, fiú má áirítear céim shonrach sa phróiseas i dtáirgeadh TSTI, ní thugann sé sin le fios nach gcumhdófaí é ar bhealach ar bith leis an sainmhíniú ar an táirge i Roinn 2 den Fhógra Tionscnaimh. Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis an bhfíoras go bhfuil na Stáit Aontaithe tar éis an táirge seo a eisiamh faoi bhearta Roinn 232, rinneadh an cinneadh sin laistigh de chreat dlíthiúil difriúil ar fad ón imscrúdú atá idir lámha. In aon chás, rinneadh an cinneadh sin toisc nach raibh aon táirgeadh leordhóthanach TSTI ar cháilíocht shásúil i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud nár léiríodh a bheith amhlaidh don Aontas. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh sin go sealadach. |
3. DUMPÁIL
3.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(51) |
Ó tharla gur leor an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe a thug le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán maidir leis an tSín, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(52) |
Dá thoradh sin, chun na sonraí is gá a bhailiú chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, d’iarr an Coimisiún, san fhógra tionscnaimh, ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun táirgí stánphlátáilte a tháirgeadh. Chuir 11 tháirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach. |
|
(53) |
D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, san fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(54) |
Ní bhfuarthas aon fhreagra ó Rialtas na Síne. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. |
|
(55) |
San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. |
|
(56) |
An 19 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an chéad nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh táirgí stánphlátáilte. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún an Airgintín, an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, an Téalainn agus an Tuirc mar na tíortha ionadaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(57) |
Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an gCéad Nóta ón ngearánach, agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha Baoshan Iron and Steel agus WISCO-Nippon Steel (‘Baosteel Group’) agus Shougang Jingtang United Iron and Steel Co., Ltd. (‘Shougang Jingtang’ nó ‘Shougang’). Tugadh aghaidh ar na barúlacha sin sa Dara Nóta agus déantar achoimre orthu thíos. |
|
(58) |
D’iarr Eurofer go n-úsáidfeadh an Coimisiún an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch mar a leagtar amach sa ghearán, agus murarbh fhéidir é sin a dhéanamh, go n-úsáidfeadh sé an Airgintín. |
|
(59) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don Bhrasaíl mar thír ionadaíoch sa Chéad Nóta toisc nach raibh táirgeoir táirgí stánphlátáilte sa ghearán brabúsach in 2023, agus níor chuir Eurofer rogha mhalartach ar fáil. |
|
(60) |
Bhreithnigh an Coimisiún an Airgintín mar thír ionadaíoch iomchuí sa Chéad Nóta agus dhéanfadh sé tuilleadh machnaimh uirthi sa Dara Nóta. |
|
(61) |
Thug Eurofer barúlacha freisin maidir le húsáid na Malaeisia, na Téalainne agus na Tuirce mar thír ionadaíoch, agus d’áitigh sé go bhfuil tionchar mór ag allmhairí saora cruach ón tSín ar thíortha na hÁise agus ar thíortha comharsanacha eile, lena n-áirítear an Tuirc, agus go bhfuil imscrúduithe frithdhumpála leanúnacha ar bun ag an Tuirc agus ag an Malaeisia araon lena ndírítear ar chruach therollta na Síne. Thairis sin, d’áitigh Eurofer go bhfuil ceanglais cheadúnúcháin ag an Malaeisia maidir le honnmhairí amhiarainn agus go bhfuil bliain airgeadais dhifriúil ag tuarascálacha bliantúla tháirgeoirí na Malaeisia ón tSín. Maidir leis an Téalainn, d’áitigh Eurofer gur lú OTI per capita ná leath na Síne, go bhfuil margadh an ghuail gaile sa Téalainn saofa agus nach bhfuil aon sonraí airgeadais 2023 ar fáil go héasca d’aon táirgeoir Téalannach den táirge faoi imscrúdú. Mhaígh Eurofer maidir leis an Tuirc go bhfuil a mhargadh guail saofa ag allmhairí ón Rúis. Mar sin féin, ní dhéanfadh aon cheann de na barúlacha sin ceachtar tír a eisiamh ó bhreithniú sa Dara Nóta. |
|
(62) |
D’aontaigh an Baosteel Group leis an gCoimisiún ina dhiúltú don Bhrasaíl mar thír ionadaíoch, dheimhnigh sé na deacrachtaí a sainaithníodh sa Chéad Nóta maidir le húsáid na hAirgintíne, mar gheall ar easpa allmhairí cruach fuar-rollta agus brabús míréasúnta ard tháirgeoir aitheanta na dtáirgí stánphlátáilte, agus don Tuirc, mar gheall ar leibhéal ard allmhairí de thosca táirgeachta éagsúla ón Rúis, agus thug sé dá aire go bhféadfadh an Mhalaeisia nó an Téalainn a bheith oiriúnach. |
|
(63) |
Thug Shougang dá aire argóintí an Choimisiúin sa Chéad Nóta agus dúirt sé go bhféadfadh an Airgintín nó an Téalainn a bheith ina n-iarrthóirí oiriúnacha don tír ionadaíoch. |
|
(64) |
An 18 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (‘an dara nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh agus an Mhalaeisia ina tír ionadaíoch. |
|
(65) |
Chuir sé in iúl freisin do na páirtithe leasmhara go suífeadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus brabúis ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil maidir leis an gcuideachta Perusahaan Sadur Timah Malaysia (Perstima) Berhad, ar táirgeoir é sa tír ionadaíoch. |
|
(66) |
Fuarthas barúlacha ó Baosteel Group agus ó Shougang Jingtang United Iron and Steel. |
|
(67) |
Rinne Baosteel Group barúlacha sonracha maidir le húsáid tagarmharcanna áirithe le haghaidh amhábhar, a dtabharfar aghaidh orthu thíos. Rinne siad trácht freisin ar ríomh na gcostas SGA don chuideachta a roghnaíodh don fhoinse sonraí sin. |
|
(68) |
Rinne Shougang Jingtang trácht freisin ar úsáid tagarmharcanna áirithe, a dtabharfar aghaidh orthu thíos freisin. |
3.2. An Gnáthluach
|
(69) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir.’ |
|
(70) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús ( ‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’). |
|
(71) |
Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú seo gur ar bhonn na fianaise atá ar fáil, b’iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(72) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil cruach sa tSín (7), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(73) |
Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (8). |
|
(74) |
Go háirithe, ba é conclúid an Choimisiúin maidir leis an earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh, nach amháin gur ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne, de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (9), ach go bhfuil sé de chumas ag Rialtas na Síne freisin cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (10). |
|
(75) |
Shuigh an Coimisiún thairis sin go mbíonn éifeacht saofa bhreise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (11). |
|
(76) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (12). |
|
(77) |
Rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (13), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (14). |
|
(78) |
Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil iarainn agus cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú seo lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. |
|
(79) |
Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá sa ghearán, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin freisin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (15) (‘an Tuarascáil’), rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh inti freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú. |
|
(80) |
Rinne an Coimisiún an fhianaise sin a fhorlíonadh a thuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, rud a fuarthas freisin in imscrúduithe a rinne sé ina leith sin roimhe seo. |
|
(81) |
Líomhnaíodh sa ghearán, a thagraíonn do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, a foilsíodh den chéad uair an 20 Nollaig 2017 (16), chomh maith leis an Tuarascáil cothrom le dáta, go bhfuil samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena n-áirítear an coincheap maidir le ‘geilleagar margaidh sóisialach’, príomhról Pháirtí Cumannach na Síne nó an córas casta pleanála tionsclaíche, lena ndéantar foráil maidir leis an iliomad idirghabhálacha rialtais agus lena spreagtar iad. |
|
(82) |
Tagann idirghabhálacha substainteacha den sórt sin ón rialtas salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá dheasca sin. Ós rud é go ndéanann saobhadh suntasach a eascraíonn as bunsraitheanna shamhail eacnamaíoch na Síne difear do mhargaí táirgí cruach na Síne, thángthas ar an gconclúid sa ghearán gur cheart an gnáthluach a shuí trí chostais táirgthe neamhshaofa a úsáid i dtír ionadaíoch. |
|
(83) |
Chuir an gearánach samplaí ar fáil d’eilimintí a léirigh go bhféadfadh saobhadh a bheith ann, mar atá liostaithe sa chéad go dtí an séú fleasc d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Chomh maith le tagairtí do chodanna ábhartha na Tuarascála, cuireadh an méid seo a leanas in iúl sa ghearán:
|
|
(84) |
Is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán in earnáil an táirge faoi imscrúdú, - an earnáil iarainn agus cruach. Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí san earnáil faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. I measc na samplaí tá Ansteel Group (17) agus Baowu Steel Group (18), ar cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad araon faoin SASAC lárnach; Grúpa Cruach Baotou, fiontar faoi úinéireacht an Stáit atá i seilbh Rialtas na hIon-Mhongóile; (19) chomh maith le Grúpa Shougang (20), cuideachta faoi úinéireacht stáit 100 % atá i seilbh Beijing State-Owned Asset Management Ltd (21). |
|
(85) |
Cé nach mbeadh faisnéis níos sonraí ar fáil maidir leis an táirge faoi imscrúdú, is é atá san earnáil fo-earnáil den tionscal iarainn agus cruach, agus dá bhrí sin meastar na torthaí maidir leis an earnáil iarainn agus cruach a bheith táscach freisin i dtaca leis an táirge faoi imscrúdú. |
|
(86) |
Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí de chuid na Síne maidir leis an earnáil iarainn agus cruach an tábhacht leanúnach a leagann Rialtas na Síne ar an earnáil, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil chun í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le Tuairim Threorach MIIT maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhas suntasach ar leibhéal nuachóirithe an tslabhra thionsclaíoch (22). |
|
(87) |
Go sonrach, ceanglaítear leis an Tuairim Threorach seo ar Rialtas na Síne ‘[c]umaisc agus atheagrúcháin fiontar a ghéilleadh. Fiontair cheannródaíocha sa tionscal a spreagadh chun cumaisc agus atheagrú a chur chun feidhme agus roinnt grúpaí fiontar cruach ollmhór den scoth a chruthú. Ag brath ar fhiontair cheannasacha an tionscail, cothaíonn siad 1 go 2 phríomhfhiontar speisialaithe i réimsí na cruach dosmálta, na cruach speisialta, (...).‘ |
|
(88) |
Tá sampla eile de rún Rialtas na Síne idirghabháil a dhéanamh san earnáil le fáil sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt (‘an 14ú Plean Cúig Bliana’) ar dá réir ‘cloífidh an earnáil leis an meascán de cheannaireacht sa mhargadh agus de chur chun cinn an rialtais’ agus ‘grúpacuideachtaí ceannródaíocha a chothú ag a bhfuil ceannaireacht éiceolaíoch agus croí-iomaíochas’, (23) agus freisin i bPlean Oibre MIIT 2023 maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Cruach (24) ina leagtar amach na cuspóirí seo a leanas: ‘In2023, [...] coinneofar fás leanúnach ar bun leis an infheistíocht i sócmhainní seasta sa tionscal ar fad, agus cuirfear feabhas suntasach ar na tairbhí eacnamaíocha; sroichfidh infheistíocht T & F an tionscail 1,5 % ar deireadh; sroichfidh fás breisluacha an tionscail thart ar 3,5 %; in 2024, déanfar timpeallacht forbartha an tionscail agus struchtúr an tionscail a bharrfheabhsú tuilleadh, leanfar den aistriú i dtreo táirgí ardleibhéil, cliste agus glasa, agus beidh fás breisluacha an tionscail níos mó ná 4 %’ |
|
(89) |
Foráiltear sa Phlean Oibre freisin do chomhdhlúthú corparáideach sainordaithe ag an rialtas ar an earnáil cruach: ‘[f]iontair atá chun tosaigh sa tionscal a spreagadh chun cumaisc agus éadálacha a chur chun feidhme, grúpaí fiontair iarainn agus cruach ollmhór den chéad scoth a thógáil, agus an leagan amach is fearr is féidir ar acmhainneacht táirgeachta náisiúnta iarainn agus cruach a chothú. Tacú le fiontair speisialaithe a bhfuil cumhacht cheannródaíoch acu go háirithe deighleoga den mhargadh cruach chun acmhainní a chomhtháthú tuilleadh agus éiceachóras tionscail cruach a chruthú. Fiontair iarainn agus cruach a spreagadh chun [...] cumaisc agus atheagrú trasréigiúnacha a dhéanamh [...]. Machnamh a dhéanamh ar thacaíocht bheartais níos fearr a thabhairt d’fhiontair iarainn agus cruach a bhfuil cumaisc agus atheagrú substainteach curtha i gcrích acu.’ |
|
(90) |
Is féidir samplaí comhchosúla de rún údaráis na Síne maoirseacht agus treoir a thabhairt d’fhorbairtí na hearnála a fheiceáil ar an leibhéal cúigeach, amhail in Hebei inar eisigh an rialtas cúigeach an Plean Gníomhaíochta Trí Bliana maidir le Forbairt Braislí i Slabhra an Tionscail Cruach in 2020. Leis an bplean sin, ceanglaítear ar an rialtas ‘forbairt grúpa eagraíochtaí a chur chun feidhme go seasta, dlús a chur leis an athchóiriú ar úinéireacht mheasctha fiontar faoi úinéireacht an stáit, díriú ar chumasc trasréigiúnach agus atheagrú fiontar príobháideach iarainn agus cruach a chur chun cinn, agus iarracht a dhéanamh 1-2 ghrúpa mhóra den chéad scoth a bhunú, 3-5 ghrúpa mhóra a bhfuil tionchar intíre acu mar thacaíocht’ agus ‘bealaí athchúrsála agus cúrsaíochta dramhchruach a leathnú a thuilleadh, scagadh agus aicmiú dramhchruach a neartú.’ (25) |
|
(91) |
Luaitear an méid seo a leanas i bplean Hebei in earnáil na cruach: ‘Cloí le coigeartú struchtúrach agus béim a leagan ar éagsúlú táirgí. Coigeartú struchtúrach agus barrfheabhsú leagan amach an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go docht, comhdhlúthú, atheagrú, claochlú agus uasghrádú fiontar a chur chun cinn, agus forbairt an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go cuimsitheach i dtreo fiontair ar mhórscála, nuachóiriú trealamh teicniúil, éagsúlú próiseas táirgthe, agus éagsúlú táirgí iartheachtacha’ . |
|
(92) |
Tuartar i bPlean Cur Chun Feidhme Henan maidir le Claochlú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach le linn an 14ú Plean 5 Bliana ‘boinn táirgthe cruach saintréitheacha a thógáil [...], 6 bhonn táirgthe cruach saintréitheacha a thógáil in Anyang, Jiyuan, Pingdingshan, Xinyang, Shangqiu, Zhouou, etc., agus scála, diansaothrú agus speisialtóireacht an tionscail a fheabhsú. Ina measc, faoi 2025, déanfar acmhainneacht táirgeachta muciarainn in Anyang a rialú laistigh de 14 mhilliún tona, agus déanfar acmhainneacht táirgeachta amhchruach a rialú laistigh de 15 mhilliún tona.’ (26) |
|
(93) |
Tá tuilleadh cuspóirí beartais thionsclaíoch le feiceáil freisin i ndoiciméid phleanála na gcúigí eile, amhail Jiangsu (27), Shandong (28), Shanxi (29), Liaoning Dalian (30) nó Zhejiang (31). |
|
(94) |
Sampla eile de stiúradh éifeachtach ag Rialtas na Síne trí na pleananna is ea Fógra Choiste Páirtí Ansteel Group Co., Ltd. maidir le spiorad an 20ú Comhdháil Náisiúnta de chuid an Pháirtí a staidéar, a phoibliú agus a chur chun feidhme go coinsiasach (32). Maítear san fhógra go ndéanfaidh Grúpa Ansteel pleananna treorach a chur chun feidhme go coinsiasach agus go gcuirfidh sé in iúl iad do chomhaltaí den Pháirtí, do bhaill foirne agus d’fhostaithe an ghrúpa ar fad ar bhealach níos fearr. |
|
(95) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, ós rud é gur fo-earnáil den earnáil cruach é an táirge faoi imscrúdú, an fhaisnéis atá ar fáil maidir le táirgeoirí cruach, tá sí ábhartha freisin maidir leis an táirge faoi imscrúdú. |
|
(96) |
Mar shampla, feidhmíonn Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí agus Bainisteoir Ginearálta Baoshan Iron and Steel Ltd., táirgeoir táirgí stánphlátáilte arb é Baowu Steel Group a scairshealbhóir rialaithe, mar Rúnaí agus Leas-Rúnaí Choiste Páirtí na cuideachta faoi seach freisin (33). |
|
(97) |
Chomh maith leis sin, tá Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Wuhan Iron and Steel Group, atá faoi rialú Baowu Steel Group freisin, ina Rúnaí ar Choiste an Pháirtí (34). |
|
(98) |
Thairis sin, ‘thionóil Wuhan Iron and Steel Group an deichiú staidéar agus plé láraithe de chuid Ghrúpa Staidéir Teoirice Choiste an Pháirtí in 2022 chun spiorad na Lárchomhdhála Oibre Eacnamaíche a chur in iúl agus staidéar a dhéanamh uirthi agus chun cur chun feidhme chinntí agus shocruithe an 20ú Comhdháil Náisiúnta de chuid an Pháirtí agus spiorad na Lárchomhdhála Oibre Eacnamaíche in Wuhan Iron and Steel Group a chur chun cinn. Bhí [Ionadaí Ginearálta] Cheanncheathrú Baowu Wuhan na Síne, Rúnaí Choiste an Pháirtí agus Cathaoirleach Ghrúpa Wuhan Iron and Steel, i gceannas ar an gcruinniú agus chuir sé ceanglais chun cinn maidir le ceanglais Choiste Lárnach an Pháirtí, Choiste Pháirtí Cúige Hubei agus Choiste Pháirtí Baowu na Síne a chur chun feidhme, agus spiorad na Comhdhála Lárnaí Oibre Eacnamaíche a chur chun feidhme a thuilleadh’ (35). |
|
(99) |
Fónann Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baotou Steel Union, ar le Baotou Steel Group é, mar Rúnaí Páirtí na cuideachta freisin, agus is Leas-Rúnaithe Páirtí iad Bainisteoir Feidhmiúcháin na cuideachta chomh maith le Cathaoirleach cheardchumann na cuideachta (36). |
|
(100) |
Ar deireadh, laistigh de Ghrúpa Shougang, fónann Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí mar Rúnaí Choiste an Pháirtí agus is é an Bainisteoir Feidhmiúcháin Leas-Rúnaí Choiste Páirtí na cuideachta (37). |
|
(101) |
I gcásanna áirithe, léireofar dílseacht Pháirtí Cumannach na Síne in airteagail chomhlachais na cuideachta. Mar shampla, sonraítear in Airteagal 134 d’Airteagail Chomhlachais an táirgeora táirgí stánphlátáilte Baoshan Iron and Steel Ltd. go ndéanfaidh ‘coiste Páirtí na cuideachta a dhualgais i gcomhréir le Bunreacht Pháirtí Cumannach na Síne agus le rialacháin eile an pháirtí: (1) Cur chun feidhme bheartais an Pháirtí agus an stáit sa chuideachta a áirithiú agus a mhaoirsiú’ (38). |
|
(102) |
Sonraítear in Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Chomhlachas Teilgcheárta na Síne go nglacann an Comhlachas leis an treoraíocht ghnó, an mhaoirseacht agus an bhainistíocht ó eintitis an Pháirtí lena mbaineann, e.g. SASAC agus an Aireacht Gnóthaí Sibhialta, agus go soláthraíonn sé na coinníollacha is gá dá rannpháirtíocht (39). |
|
(103) |
Tá foráil chomhionann le fáil in Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais Chomhlachas Iarainn agus Cruach na Síne (40), a bhfuil mórtháirgeoirí iarainn agus cruach ina gcomhaltaí díobh. |
|
(104) |
Tá beartais i bhfeidhm san earnáil iarainn agus cruach lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán, ar beartais iad is infheidhme go ginearálta maidir leis an táirge faoi imscrúdú ós rud é go bhfuil an táirge faoi imscrúdú ar cheann dá fho-earnálacha. |
|
(105) |
Measann Rialtas na Síne gur tionscal ríthábhachtach é an tionscal iarainn agus cruach i gcónaí (41). Deimhnítear é sin san iliomad pleananna, treoracha agus doiciméid eile atá dírithe ar an earnáil, pleananna, treoracha agus doiciméid a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. De réir an 14ú Plean Cúig Bliana, chuir Rialtas na Síne an tionscal iarainn agus cruach in áirithe lena chlaochlú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena choigeartú ar bhonn struchtúrach (42). |
|
(106) |
Liostaítear an earnáil sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, plean is infheidhme freisin maidir leis an tionscal iarainn agus cruach, mar ‘bhunchloch an fhíorgheilleagair’ agus mar ‘phríomhréimse lena múnlaítear buntáiste iomaíoch idirnáisiúnta na Síne’ agus leagtar amach leis roinnt cuspóirí agus modhanna oibre a spreagfadh forbairt na hearnála cruach sa tréimhse ama 2021-2025, amhail uasghrádú teicneolaíochta, feabhas a chur ar struchtúr na hearnála (trí thuilleadh comhchruinnithe corparáideacha ar a laghad) nó an t-aistriú digiteach (43). |
|
(107) |
Léirítear sa Phlean Oibre maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Cruach (féach aithris (88)) conas a chuirtear fócas údaráis na Síne ar an earnáil i gcomhthéacs níos leithne Rialtas na Síne a stiúrann geilleagar na Síne: ‘[i]s gá do chuideachtaí cruach súil ghéar a choinneáil ar riachtanais an bhonneagair nua, an uirbithe nua, athbheochan na tuaithe, agus na dtionscal atá ag teacht chun cinn, duganna le mórthionscadail innealtóireachta a bhaineann leis an ‘14ú Plean Cúig Bliana’ i réigiúin éagsúla, agus gach iarracht a dhéanamh soláthar cruach a áirithiú. Sásraí comhair réamhtheachtacha agus iartheachtacha a bhunú agus a dhoimhniú idir cruach agus príomhearnálacha a úsáideann cruach amhail longthógáil, iompar, tógáil, fuinneamh, gluaisteáin, fearais tí, innealra talmhaíochta, agus trealamh trom, gníomhaíochtaí nasctha éilimh ar tháirgeadh a dhéanamh, agus réimsí feidhme cruach a leathnú go gníomhach‘ (44). |
|
(108) |
Ina theannta sin, maidir leis an amhiarann, ar príomh-amhábhar é a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh, de réir an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, tá sé beartaithe ag an Stát ‘acmhainní mianraí intíre a fhorbairt go réasúnach. Taiscéalaíocht amhiarainn a neartú [...], beartais chánach fhabhracha a chur chun feidhme, glacadh ardteicneolaíochta agus trealaimh a spreagadh chun giniúint dramhaíola soladaí mianadóireachta a laghdú‘ (45) as a dtiocfaidh córas a bhunú do chúltaiscí aschuir amhiarainn agus tailte mianracha ‘a bheidh ina mbeart tábhachtach chun praghas margaidh an amhiarainn a chobhsú agus sábháilteacht an tslabhra thionsclaíoch a áirithiú’ (46). |
|
(109) |
Ar an leibhéal áitiúil, amhail i gcúige Hebei, déanann na húdaráis foráil maidir leis an méid seo a leanas le haghaidh earnáil an iarainn agus na cruach: ‘fóirdheontas lascaine le haghaidh infheistíocht i dtionscadail nua; institiúidí airgeadais a iniúchadh agus a threorú chun iasachtaí ar ús íseal a chur ar fáil d’fhiontair iarainn agus cruach chun aistriú chuig tionscail nua, agus ag an am céanna, cuirfidh an rialtas fóirdheontais lascaine ar fáil‘ (47). |
|
(110) |
Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh na bpríomh-amhábhar a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi imscrúdú. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh a oibriú gan bhac. |
|
(111) |
Cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine san earnáil iarainn agus cruach, de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, níor tháinig an t-imscrúdú ar aon fhianaise lena léiriú nach mbeadh tionchar ag an méid sin ar mhonaróirí an táirge faoi imscrúdú. |
|
(112) |
Ina theannta sin, tá an táirge faoi imscrúdú faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán. Téann an saobhadh sin i gcion ar an earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi imscrúdú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (48). |
|
(113) |
Níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú seo lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d’earnáil an táirge faoi imscrúdú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán. |
|
(114) |
Léiríonn an Plean Oibre maidir leis an bhFás Cobhsaí an cineál sin idirghabhála rialtais go han-mhaith freisin: ‘Institiúidí airgeadais a spreagadh chun seirbhísí airgeadais a sholáthar go gníomhach do chuideachtaí cruach a chuireann cumaisc agus atheagrúcháin, coigeartuithe leagan amach, claochlú agus uasghrádú chun feidhme, i gcomhréir le prionsabail an rialaithe riosca agus na hinbhuanaitheachta gnó.’ Dá bhrí sin, de thoradh ar an idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal. |
|
(115) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála. |
|
(116) |
Dá thoradh sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi imscrúdú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) toisc go ndéanann an idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas difear dá bpraghasmhúnlú, mar a shonraítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, faightear na hidirghabhálacha ón rialtas a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá maidir le hionchur an ionchuir agus mar sin de. |
|
(117) |
Mar achoimre, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi imscrúdú, lena n-áirítear costais amhábhar, fuinnimh agus saothair, toisc go ndéantar difear dóibh trí idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó féideartha a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás seo. |
3.2.2. Barúlacha ó pháirtithe leasmhara
|
(118) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(119) |
Le linn an imscrúdaithe, fuarthas barúlacha ó CICS agus Baoshan Iron and Steel Ltd. |
|
(120) |
Ar an gcéad dul síos, d’áitigh CICS nach gcomhlíonann an Tuarascáil na caighdeáin maidir le fianaise neamhchlaonta agus oibiachtúil agus fianaise a bhfuil luach cruthúnais leordhóthanach aici. D’áitigh sé, ós rud é gur dréachtaíodh an Tuarascáil agus é de chuspóir shonrach aici a éascú do thionscail an Aontais gearán a thaisceadh i réimse na mbeart trádála, go mbaintear go huathoibríoch aon dóchúlacht go ndéanfaí anailís neamhchlaonta oibiachtúil ar gheilleagar na Síne. |
|
(121) |
D’áitigh CICS freisin go bhfuil amhras ann faoi luach cruthúnais na Tuarascála toisc go bhfágann an Tuarascáil imthosca fíorasacha, gnéithe fíorasacha agus conclúidí ar lár d’aon turas, rud a thiocfadh salach ar an gcuspóir páirteach dár ullmhaíodh í nó a lagódh an cuspóir sin. |
|
(122) |
Thairis sin, d’áitigh CICS nach féidir leis an gCoimisiún brath ar chásanna roimhe seo chun teacht ar fhianaise dhearfach maidir le cleachtais dumpála san imscrúdú seo, mar a rinne an gearánach chun a chruthú go raibh saobhadh suntasach ann. Leis an dualgas cruthúnais in imscrúduithe frithdhumpála, ceanglaítear ar údarás imscrúdúcháin a shuí go dearfach gurb ann do chleachtais dumpála. |
|
(123) |
Maidir le maoímh Choinbhinsiún Schengen nach bhfuil an Tuarascáil oibiachtúil ná neamhchlaonta, luaigh an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é an Tuarascáil atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí é ó mhí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt air agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sé bunaithe. |
|
(124) |
Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ó shin ar an Tuarascáil agus d’fhoilsigh sé leagan nuashonraithe i mí Aibreáin 2024, mar a leagtar amach in aithris (81) (49). Níor sholáthair CICS aon fhrisnéis maidir leis an tsubstaint ná leis an bhfianaise atá sa Tuarascáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(125) |
Thairis sin, is féidir le gearánaigh brath ar fhianaise agus ar thorthaí imscrúduithe roimhe seo, a mhéid atá siad ábhartha agus nár chuir údarás breithiúnach a ndlíthiúlacht i leataobh. Áirithítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go bhfuil na himeachtaí neodrach agus neamhchlaonta, agus go n-urramaítear cearta cosanta na bpáirtithe uile le linn an imscrúdaithe. |
|
(126) |
Thug an Coimisiún dá aire maidir leis an deis a tairgeadh do ghearánaigh líomhaintí agus fianaise a chur ar aghaidh maidir le saobhadh praghsanna agus costas a d’fhéadfadh a bheith ann i dtíortha ina bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann arb é an Stát is cúis leis, ní féidir é sin a thuiscint mar chleachtas éigeart éagórach a spreagann líomhaintí den sórt sin a thabhairt ar aird. |
|
(127) |
Thairis sin, is ag am an nochta shealadaigh agus/nó chinntithigh mar thoradh ar imscrúdú a dhéantar cinneadh an Choimisiúin an ann don saobhadh suntasach agus a thionchar sin agus an úsáid ina dhiaidh sin as an modheolaíocht a fhorordaítear le hAirteagal 2(6a)(a). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(128) |
Ar an dara dul síos, thug CICS agus Baoshan Iron and Steel Ltd. ar aird gur cosúil nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag luí le Comhaontú Frithdhumpála EDT (‘EDT ADA’). In Airteagal 2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT, ní aithnítear coincheap an tsaofa shuntasaigh agus ní cheadaítear sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí ná ó phraghsanna idirnáisiúnta a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. Go sonrach, ní cheadaítear le hAirteagal 2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT ach an costas táirgthe sa tír thionscnaimh a úsáid móide méid réasúnta le haghaidh costais agus brabúis riaracháin, díola agus ghinearálta agus an gnáthluach á ríomh. |
|
(129) |
D’áitigh Baoshan Iron and Steel Ltd. go gcaithfeadh an saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir teacht faoin sainmhíniú ar dhíolacháin nach mbaineann le ‘gnáthchúrsa trádála’ ná le ‘staid margaidh ar leith’, ach nach dtagann coincheap an tsaofa shuntasaigh faoi aon cheann de na catagóirí sin. |
|
(130) |
De réir CICS agus Baoshan Iron and Steel Ltd., is cosúil go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 agus le léirmhíniú an Chomhlachta Achomhairc air sin, dá bhforáiltear i gcás an Aontais — Bithdhíosal (an Airgintín) (DS473) (‘AE — Bithdhíosal’) lenar suíodh nach mór do na húdaráis imscrúdúcháin na costais táirge a thabhaigh táirgeoirí nó onnmhaireoirí iarbhír a úsáid chun gnáthluachanna ríofa a ríomh. |
|
(131) |
Dá réir sin, d’iarr CICS agus Baoshan Iron and Steel Ltd ar an gCoimisiún glacadh leis na praghsanna agus na costais intíre a thuairiscigh onnmhaireoirí comhoibríocha na Síne, agus ar an gcaoi sin diúltú do shaobhadh suntasach líomhnaithe a bheith ann. |
|
(132) |
Mheas an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí-eolaíocht a luann CICS agus Baoshan Iron and Steel Ltd. Maidir leis an Tuarascáil EDT maidir le cás an Aontais – an Bhithdhíosail, ní raibh baint aici le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ach le foráil shonrach d’Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. Thairis sin, le dlí EDT de réir mar a léirmhínigh Painéal EDT agus an Buanchomhlacht Achomhairc é in an tAontas – Bithdhíosal, ceadaítear sonraí a úsáid ó thríú tír, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá sé réasúnaithe. Más ann do shaobhadh suntasach, ní iomchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. |
|
(133) |
In aon chás, cé go leagtar amach in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ‘córas speisialta lena leagtar síos rialacha chun gnáthluach a chinneadh i gcás onnmhairí ó thíortha ar léiríodh go bhfuil saobhadh suntasach ar a margadh intíre, mar a shainmhínítear san fhoráil sin’, dheimhnigh cásdlí Chúirteanna an Aontais Eorpaigh cheana féin nach gcuimsítear i ndlí EDT ‘rialacha sonracha, áfach, maidir leis an ngnáthluach a ríomh i gcásanna den sórt sin’ (50). Dá bhrí sin, ní féidir seasamh le hargóintí CICS, Baoshan Iron and Steel Ltd.. |
|
(134) |
Sna himthosca sin, beartaítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go ndéantar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na cinn i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal forbartha mar an gcéanna leis an tír is onnmhaireoir. |
|
(135) |
Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ó CICS agus Baoshan Iron and Steel Ltd. |
3.2.3. Conclúid maidir le saobhadh suntasach a bheith ann
|
(136) |
I bhfianaise an mhéid thuas, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a shonraítear sa roinn seo a leanas. |
3.2.4. Tír ionadaíoch
3.2.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(137) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(138) |
Mar a mhínítear in aithrisí (56) agus (64), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. |
|
(139) |
Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu freisin ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa dara nóta maidir le tosca táirgeachta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín
|
(140) |
Sa chéad nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún gur tíortha iad an Airgintín, an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, an Tuirc agus an Téalainn inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche leis an leibhéal atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ iad ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi imscrúdú iontu. |
Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch
|
(141) |
Leagtar amach sa Chéad Nóta agus sa Dara Nóta taighde an Choimisiúin le haghaidh sonraí poiblí atá ar fáil go héasca sna tíortha ionadaíocha féideartha. Bhain na sonraí sin leis an gcuideachta a bheadh ina foinse le haghaidh na méideanna le haghaidh costais SGA agus le haghaidh brabúis; agus na sonraí is gá le haghaidh na dtagarmharcanna is gá chun an gnáthluach a ríomh. |
|
(142) |
Fuarthas sa Chéad Nóta sonraí a bhí ar fáil go héasca ó tháirgeoirí táirgí stánphlátáilte san Airgintín, sa Bhrasaíl, sa Mhalaeisia, sa Tuirc agus sa Téalainn a d’fhágfadh go mbeadh na tíortha sin oiriúnach mar thír ionadaíoch. Chinn sé, áfach, nach raibh táirgeoir táirgí stánphlátáilte sa Bhrasaíl brabúsach le linn 2023 agus nach bhféadfaí a mheas gur tír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaíl. |
|
(143) |
Rinne an Coimisiún anailís bhreise ar allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta isteach sna ceithre thír ionadaíocha fhéideartha sa Dara Nóta. |
|
(144) |
Léiríodh san anailís go ndearna allmhairí suntasacha ó Chónaidhm na Rúise (‘an Rúis’) difear d’allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta isteach sa Tuirc (cruach the-rollta, cruach fhuar-rollta, cóc, gual cóic, gual gáis, gual gaile, agus iarann te brícínithe). Chuir an tAontas smachtbhannaí inter alia ar na tosca táirgeachta sin go léir tar éis an ionraidh iomláin ar an Úcráin agus, dá bhrí sin, ní raibh fáil ag táirgeoirí na n-ionchur sin ar mhórmhargaí onnmhairiúcháin. Mhéadaigh sé sin, dá réir sin, na hacmhainneachtaí breise ábhartha sa Rúis agus d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do phraghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí eile i ngaireacht na Rúise, lena n-áirítear an Tuirc a bhí fós oscailte don onnmhairiú atá i gceist. |
|
(145) |
Tá an ró-acmhainneacht i dtáirgeadh cruach na Rúise leagtha amach i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Chónaidhm na Rúise chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (52). Thairis sin, tá sé beartaithe an acmhainneacht chruach a mhéadú a thuilleadh sna blianta amach romhainn (53). |
|
(146) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin gur fhorchuir Aireacht Trádála Phoblacht na Tuirce dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí táirgí cruach comhréidh teorollta ón tSín, ón India, ón tSeapáin agus ó Chónaidhm na Rúise i mí Dheireadh Fómhair 2024 le Communiqué 2024/33 (54). San imscrúdú a rinne an Aireacht Trádála, rinne sí anailís ar éifeacht allmhairí na Rúise ar an tionscal cruach sa Tuirc agus luaigh sí gur chuir na hallmhairí sin brú ar phraghsanna na hearnála táirgthe intíre ag ráta idir 15 % agus 20 %. Tá cruach chomhréidh theorollta ar cheann de na príomhthosca táirgeachta le haghaidh an táirge atá faoi imscrúdú. |
|
(147) |
Maidir le gual, tá na cúlchistí guail is mó ar domhan ag an Rúis agus tá sí ag leathnú a táirgeachta le deich mbliana anuas mar gheall ar onnmhairí atá ag fás (55). In éineacht leis na smachtbhannaí, tá praghas onnmhairí na Rúise laghdaithe mar gheall ar an imthoisc sin agus tá méadú suntasach tagtha ar allmhairí guail na Rúise ón Tuirc le blianta beaga anuas (56). |
|
(148) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh praghsanna na bpríomhthosca táirgeachta saofa sa Tuirc agus nach bhféadfaí í a mheas mar thír ionadaíoch oiriúnach. |
|
(149) |
Luadh sa Chéad Nóta freisin nach raibh allmhairí cruach fuar-rollta ag an Airgintín, ar ionchar ríthábhachtach é chun táirgí stánphlátáilte a tháirgeadh do tháirgeoirí neamh-chomhtháite. Mar thoradh air sin, thángthas ar an gconclúid sa Dara Nóta nárbh fhéidir an Airgintín a mheas mar thír ionadaíoch oiriúnach. |
|
(150) |
Léiríodh san anailís chéanna go bhféadfaí an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí toisc nach raibh tionchar ábhartha ag allmhairí ón tSín ná ó aon cheann de na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar a n-allmhairí de na príomhthosca táirgeachta, seachas gual gaile (57). |
|
(151) |
Cé nach bhféadfaí a mheas gur tíortha ionadaíocha iomchuí iad an Tuirc agus an Airgintín mar gheall ar na saincheisteanna a leagtar amach in aithrisí (144) agus (149) thuas, sa Dara Nóta nuashonraigh an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar fáil do tháirgeoirí na dtáirgí stánphlátáilte sna tíortha sin, in éineacht leis an Malaeisia agus leis an Téalainn, agus chinn sé go raibh na táirgeoirí san Airgintín, sa Mhalaeisia agus sa Tuirc brabúsach in 2023. Go bunúsach, bhí an táirgeoir sa Téalainn ag an bpointe cóimheá, le brabús níos lú ná 0,5 % den láimhdeachas, agus níor measadh gur brabús réasúnta é sin. |
|
(152) |
Dá réir sin, luadh sa Dara Nóta go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus Perusahaan Sadur Timah Malaysia (PERSTIMA) Berhad (‘Perstima’) a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(153) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na roghanna sin. |
|
(154) |
Níor chuir aon pháirtí leasmhar moladh difriúil ar fáil maidir le tír ionadaíoch ná cuideachta eile maidir le foinse costas SGA agus na mbrabús. Fuarthas barúlacha sonracha, áfach, maidir le roinnt tosca táirgeachta agus ríomh costas SGA agus na mbrabús, a dtugtar aghaidh orthu go mion thíos. |
Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil
|
(155) |
Tar éis a shuí gurbh í an Mhalaeisia an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, ós rud é go gceanglaítear leis an bhforáil sin níos mó ná tír iomchuí amháin a bheith ann. |
3.2.5. Conclúid
|
(156) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Mhalaeisia na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.2.6. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(157) |
Sa chéad nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. |
|
(158) |
Sa dara nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé foinsí intíre chun costais neamhshaofa saothair agus fuinnimh a shuí (58). |
|
(159) |
Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh tionchar diomaibhseach ag tosca áirithe táirgeachta a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a sholáthair faisnéis iomlán ar an gcostas táirgthe iomlán. Mar thoradh air sin, rinneadh na míreanna seo a ghrúpáil le chéile faoin gcatagóir ‘tomhaltáin’. |
|
(160) |
Ríomh an Coimisiún ansin céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí a n-úsáid aige. |
3.2.6.1. Tosca táirgeachta
|
(161) |
I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta táirgí stánphlátáilte
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Amhábhair agus ionchuir
|
(162) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar agus na n-ionchur mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA ar leibhéal an taraife náisiúnta mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. |
|
(163) |
Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61). |
|
(164) |
Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(165) |
De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar amhábhair agus ionchuir a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. |
|
(166) |
Tar éis fhoilsiú an Dara Nóta, d’iarr Baosteel Group go n-athródh an Coimisiún foinse na dtagarmharcanna seo a leanas, seachas sonraí allmhairiúcháin ón Malaeisia a úsáid:
|
|
(167) |
Mheas Baosteel Group go raibh praghas na millíní amhiarainn a allmhairíodh isteach sa Mhalaeisia ró-ard in aghaidh an tona, i gcomparáid le praghas na dtáirgí stánphlátáilte in aghaidh an tona sa tSín agus thug sé dá aire an difríocht sa phraghas idir an dá fhochód le haghaidh millíní amhiarainn, mar atá ‘haemaitít’ agus ‘eile.’ |
|
(168) |
Leis an bhfaisnéis a sholáthair Baosteel Group ina fhreagra ar an gceistneoir agus a bailíodh le linn na cuairte fíorúcháin maidir le millíní amhiarainn a cheannach, léiríodh go ndearnadh an t-aicmiú millíní amhiarainn i gcód HS 2601 12 i gceart. |
|
(169) |
Bhí cainníochtaí suntasacha (os cionn 300 000 tonna) d’allmhairí millíní iarainn isteach sa Mhalaeisia agus, dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an tagarmharc ar bhonn na n-allmhairí isteach sa Mhalaeisia cruinn agus ionadaíoch. |
|
(170) |
Dá bhrí sin, diúltaíonn an Coimisiún d’iarraidh Baosteel Group tagarmharcáil a dhéanamh ar ‘millín foirnéise soinneáin’ ina ionad sin toisc nár léirigh an chuideachta go mbeadh an t-innéacs sin níos iomchuí ná an praghas allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia. |
|
(171) |
Tar éis bharúil Baosteel Group maidir leis an tagarmharc do chruach theorollta, d’aontaigh an Coimisiún lena mheasúnú go bhféadfadh sé nach mbeadh na sonraí ó allmhairí na Malaeisia ionadaíoch toisc go raibh praghas aonaid na cruach teorollta níos ísle ná praghas aonaid allmhairiúcháin na cruach fuar-rollta. Chinn an Coimisiún úsáid sonraí ó Fastmarkets a chur in ionad an phraghais allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia, arb é an t-innéacs ‘Corna teorollta cruach (de thionscnamh na Seapáine, na Cóiré, na Téaváine), allmhairiú, CFR Vítneam’ mar thagarmharc idirnáisiúnta neamhshaofa. |
|
(172) |
Maidir le cruach fhuar-rollta, níor aimsigh an Coimisiún aon chúis nach raibh praghas allmhairiúcháin na Malaeisia ionadaíoch. Thairis sin, cumhdaítear ‘an Áise Thoir’ leis na roghanna malartacha a mhol Baosteel Group agus ní raibh an Coimisiún in ann a dheimhniú cé acu a áiríodh nó nár áiríodh san innéacs sin praghsanna de thionscnamh na Síne ar chruach fhuar-rollta agus cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh na praghsanna sin iad a shaobhadh. |
|
(173) |
Tar éis fhoilsiú an Dara Nóta, d’iarr Baosteel Group go n-áireodh an Coimisiún aolchloch agus aol beo araon mar thomhaltáin le haghaidh Baoshan Iron and Steel seachas tomhaltas na dtosca táirgeachta sin a thagarmharcáil chuig tagarmharc phraghsanna allmhairiúcháin na Malaeisia. |
|
(174) |
Ghlac an Coimisiún leis an iarraidh sin agus measadh gur tomhaltáin iad aolchloch agus aol beo araon. |
|
(175) |
Mar a leagtar amach in aithris (160), ríomh an Coimisiún ansin céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí a n-úsáid aige. |
|
(176) |
Thairis sin, rinneadh tosca táirgeachta féintáirgthe nach raibh ach meáchan diomaibhseach acu i gcostas iomlán táirgthe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus ar leibhéal PCN a ghrúpáil faoi thomhaltáin freisin. |
|
(177) |
Tar éis nochtadh an Dara Nóta, rinne an Coimisiún athmhachnamh ar fhoinse an tagarmhairc do ghual mangainéise agus do ghual púdraithe. Mar gheall ar na hallmhairí teoranta mangainéise isteach sa Mhalaeisia, agus toisc nár tugadh allmhairí guail smidiríní ar leibhéal gráinneach sna sonraí allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia, chinn an Coimisiún tagarmharc idirnáisiúnta neamhshaofa a chur in ionad an phraghais allmhairiúcháin ón Malaeisia. D’aimsigh an Coimisiún na tagarmharcanna sin ar Fastmarkets. I gcás mangainéise ba é sin an t-innéacs ‘Manganese 99.7 % electrolytic manganese flake, in-whs Rotterdam, USD/tonne’ agus i gcás gual mionaithe ba é sin an t-innéacs ‘PCI low-vol, fob DBCT, USD/wmt’. |
|
(178) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha na tíre ionadaíche i bhfeidhm. |
|
(179) |
I gcás inar ann do chostais iompair, an costas iompair arna thabhú ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch as amhábhair a sholáthar, is mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin a shloinn an Coimisiún é agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. |
|
(180) |
Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad. |
Saothar
|
(181) |
D’úsáid an Coimisiún sonraí Roinn Staidrimh na Malaeisia maidir le pá monaraíochta san fho-earnáil ‘24 — monarú bunmhiotal’ a foilsíodh sna Staitisticí Monaraíochta Míosúla Márta 2024 (62). Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún costais saothair na bhfostóirí leis na cláir seo a leanas:
|
Leictreachas
|
(182) |
D’úsáid an Coimisiún na staitisticí maidir le praghsanna leictreachais a d’fhoilsigh Tenaga Nasional Berhad, go sonrach na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais ‘Taraif E2 — Buaictharaif Thionsclaíoch Meánvoltais/Taraif Sheachbhuaice Thionsclaíoch’ le haghaidh buaic-úsáid in kWh (66). |
Gás nádúrtha
|
(183) |
Foilsíonn Coimisiún Fuinnimh na Malaeisia (Suruhanjaya Tenaga) praghas an gháis nádúrtha d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Mhalaeisia go dtí deireadh 2021 (67). |
|
(184) |
Sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige úsáid a bhaint as praghsanna an gháis nádúrtha ó dhoiciméad ina liostaítear rátaí gáis nádúrtha 2022 le haghaidh ceithre shaoráid gáis atá freagrach as an soláthar gáis píopaithe tionsclaíoch i Leithinis na Malaeisia agus i Sabah ar shuíomh gréasáin Suruhanjaya Tenaga (68). |
|
(185) |
Tógadh an modh seo ó chás roimhe seo inar úsáideadh an Mhalaeisia mar thír ionadaíoch. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire gur úsáideadh modh difriúil sa chás sin ar deireadh inar úsáideadh na praghsanna a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Suruhanjaya Tenaga agus inar coigeartaíodh iad ina dhiaidh sin le haghaidh boilscithe. |
|
(186) |
Tar éis breithniú breise a dhéanamh, chinn an Coimisiún an mhodheolaíocht chéanna a úsáid, agus úsáid á baint as boilsciú fuinnimh an Bhainc Dhomhanda (69) chun praghas an gháis nádúrtha a ríomh le haghaidh 2023. |
Uisce
|
(187) |
Foilsíonn an Coimisiún Náisiúnta um Sheirbhísí Uisce (SPAN) taraifí uisce ar a láithreán gréasáin de réir stáit. D’úsáid an Coimisiún an taraif uisce a gearradh in Johor agus is infheidhme maidir le húsáideoirí tionsclaíocha (‘soláthairtí neamhthí’) in 2024 (70). |
Gás guail agus cóic
|
(188) |
Ríomh an Coimisiún praghas an ghuail agus an gháis cóic sa Mhalaeisia trí phraghas an gháis nádúrtha a úsáid agus luach teasa na ngás lena mbaineann á chur san áireamh. |
Gal
|
(189) |
Ríomh an Coimisiún praghas na gaile sa Mhalaeisia trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a mhol Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe (71) ar bhonn chostas an ghuail a bhfuil gá leis chun é a tháirgeadh. |
|
(190) |
D’úsáid an Coimisiún praghas an ghuail mar a d’fhoilsigh an Banc Domhanda é don ríomh sin. |
Fotháirgí agus fuíoll
|
(191) |
Sa Dara Nóta thug an Coimisiún dá aire go n-úsáidfeadh sé an cóimheas idir ceannach an amhábhair ‘íona’ agus an fuíoll i gcás nach raibh aon chód custaim ann don dramhábhar ar leithligh ón amhábhar bunaidh. Leathnaigh an Coimisiún an modh cóimheasa sin freisin chun dramhchruach a chumhdach mar sheachtháirge mar a iarradh i mbarúlacha Shougang Jingtang. |
|
(192) |
Dá bhrí sin, d’úsáid an Coimisiún an modh cóimheasa chun an tagarmharc a ríomh do na tosca táirgeachta seo a leanas:
|
3.2.6.2. Costais SGA agus brabúis
|
(193) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. |
|
(194) |
Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí le haghaidh costais SGA agus na mbrabús, mhol an Coimisiún sa Dara Nóta na sonraí airgeadais le haghaidh 2023 a úsáid le haghaidh an táirgeora Mhalaeisiaigh Perstima trí úsáid a bhaint as a gcuntais bhliantúla fhoilsithe. |
|
(195) |
Nochtadh na costais SGA agus na brabúis atá beartaithe sa Dara Nóta. Fuair an Coimisiún barúlacha maidir le ríomh an dá tháscaire sin ó Baosteel Group. |
|
(196) |
D’aontaigh an Coimisiún le Baosteel Group gur cheart na costais SGA a bheith comhdhéanta de chostais a bhaineann le díolacháin agus riarachán ginearálta, agus iad sin amháin. Chomhaontaigh an Coimisiún freisin go raibh brabús Perstima bunaithe go príomha ar ‘ioncam eile’ seachas ar ioncam ó dhíolacháin. |
|
(197) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir a mheas go raibh brabús Perstima réasúnta, agus dá bhrí sin níor mhór foinse eile a aimsiú chun méid neamhshaofa agus réasúnach a shuí le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús. |
|
(198) |
Fuarthas gurb é Perstima an t-aon táirgeoir táirgí stánphlátáilte sa Mhalaeisia, ar bhonn na faisnéise a bhí ina iarraidh ar údaráis na Malaeisia imscrúdú frithdhumpála a dhéanamh ar allmhairí táirgí stánphlátáilte ón tSín, a tionscnaíodh an 14 Lúnasa 2024 (72). |
|
(199) |
Faoi fhorálacha Airteagal 2(6a)(a), an mhír dheiridh, mheas an Coimisiún ansin cuideachtaí i dtíortha ard-mheánioncaim eile ar táirgeoirí iad den chatagóir ghinearálta chéanna táirgí leis an táirge faoi imscrúdú, i.e. táirgeadh cruach. |
|
(200) |
Roghnaigh an Coimisiún cuideachta a bhfuil ráitis airgeadais phoiblí aici atá ar fáil go héasca a léiríonn méid réasúnta le haghaidh costais SGA agus corrlaigh bhrabúis don tionscal táirgthe cruach, an chuideachta Mhalaeisiach Alliance Steel (M) Sdn. Bhd (73). Bhí an chuideachta brabúsach le linn 2023 (lena gcumhdaítear trí cheathrú den tréimhse imscrúdúcháin). |
3.2.7. Ríomh
|
(201) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(202) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca aonair táirgeachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. D’fhíoraigh an Coimisiún na rátaí tomhaltais sin a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte le linn an fhíorúcháin. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a fuarthas sa tír ionadaíoch. |
|
(203) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sin a d’allmhairigh amhiarann ó thíortha gan líomhaintí maidir le saobhadh faoi Airteagal 2(6a), thóg an Coimisiún an praghas neamhshaofa a d’íoc na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte seachas an tagarmharc a suíodh thuas ó phraghsanna allmhairiúcháin na Malaeisia. |
|
(204) |
Chuir an Coimisiún costais SGA agus brabús Alliance Steel (M) Sdn i bhfeidhm ansin. Bhd le hais an chostais déantúsaíochta. Ba é 6.6 % na costais SGA arna sloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí Díolta (‘COGS’) agus a chuirtear i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa táirgthe. Ba é 8.1 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar na costais táirgthe neamhshaofa. |
|
(205) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(206) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoir nó mar thrádálaí i dtríú tír. |
|
(207) |
I gcás an táirgeora onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
|
(208) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoirí, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. |
|
(209) |
Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas le haghaidh na gcostas uile, costais a d’iompródh allmhaireoir de ghnáth, arna dtabhú ag páirtithe atá comhlachaithe leis an onnmhaireoir agus a raibh baint acu le díolacháin an táirge lena mbaineann. Cuimsíodh leis na costais ábhartha costais SGA na bhfochuideachtaí ábhartha a raibh baint acu leis na díolacháin agus brabús ainmniúil a dhéanann allmhaireoir de ghnáth. |
|
(210) |
Ghlac an Coimisiún 4,72 % le haghaidh brabúis a d’fhabhraigh, arbh é brabús allmhaireora chomhoibríoch neamhchomhlachaithe táirgí stánphlátáilte san Aontas Eorpach é le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
3.4. Comparáid
|
(211) |
Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
|
(212) |
Meabhraítear go gceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanadh ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.4.1. Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach
|
(213) |
Mar a mhínítear in aithris (201), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh costais SGA agus brabúis, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le coigeartuithe chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. |
|
(214) |
I bhfianaise na lamháltas, rinneadh coigeartú ar an ngnáthluach chun an difríocht i gcóireáil CBL idir díolacháin intíre táirgí stánphlátáilte agus a n-onnmhairiú a chur san áireamh. Gearrtar 13 % ar onnmhairí agus ní aisíoctar é sin tríd an gcóras CBL, agus nuair a dhéantar díolachán intíre bailíonn an táirgeoir 13 % CBL ón gceannaitheoir agus seolann sé chuig Rialtas na Síne é. Níor aimsigh an Coimisiún aon chúis le haon lamháltas eile a dhéanamh i leith an ghnáthluacha, ná níor éiligh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte lamháltais den sórt sin. |
3.4.2. Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(215) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar, árachas, láimhseáil agus lódáil chomh maith le pacáil. |
|
(216) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus muirir bhainc. |
|
(217) |
Dhíol Shougang Jingtang táirgí stánphlátáilte leis an gcéad chustaiméir neamhspleách san Aontas trína gcuideachta thrádála chomhlachaithe i Hong Cong. Ós rud é go raibh an chuideachta trádála ag gníomhú mar ghníomhaire a bhí ag obair ar bhonn coimisiúin agus gur tugadh luach saothair di as sin i bhfoirm corrlach brabúis, baineadh costais SGA na cuideachta i Hong Cong agus brabús barúlach 4.72 % mar a shocraítear in aithris (210) le haghaidh brabúis a fhabhraíonn mar choigeartú faoi Airteagal 2(10)(i). |
3.5. Corrlaigh dhumpála
|
(218) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(219) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
|
(220) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. |
|
(221) |
Suíodh an corrlach sin ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Ar an mbonn sin, is é 25,3 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla. |
|
(222) |
Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. |
|
(223) |
Is ionann an leibhéal comhair agus an méid onnmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion de chainníocht iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ar bhonn Eurostat. |
|
(224) |
Mheas an Coimisiún gurb íseal an leibhéal comhoibrithe atá ann sa chás seo ós rud é go raibh thart ar 61 % de mhéid iomlán na n-onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le hallmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. |
|
(225) |
Mheabhraigh an Coimisiún gur cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas san Fhógra Tionscnaimh (74) go bhféadfadh torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán a bheith mar thoradh ar easpa comhair, nó ar chomhar páirteach amháin, rud a d’fhéadfadh torthaí nach bhfuil chomh fabhrach céanna do na páirtithe sin a bheith mar thoradh air. Ós rud é gur léir gur tugadh rabhadh do na páirtithe leasmhara faoi iarmhairtí an neamh-chomhoibrithe, agus go raibh leibhéal an chomhair sa chás seo an-íseal, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an dleacht dumpála iarmharaí a chinneadh bunaithe ar mhéid ionadaíoch díolachán ó Shougang Jingtang leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Measadh go raibh na díolacháin sin ina n-ionadach iomchuí chun léiriú a thabhairt ar iompraíocht dumpála cuideachtaí a roghnaigh gan comhoibriú. |
|
(226) |
Dá bhrí sin, socraíodh an corrlach dumpála iarmharach ag 62.6 %. |
|
(227) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(228) |
Rinne sé tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(229) |
Suíodh gur thart ar 2,1 milliún tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, mar atá, na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ón ngearánach agus ón trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais. Mar a léirítear in aithris (28), is é a bhí sa trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais níos mó ná 80 % de mhéid iomlán measta na táirgeachta maidir leis an táirge comhchosúil. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(230) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn an fhreagra ar an macraicheistneoir a fuarthas ón ngearánach, arna chros-seiceáil, i gcás inar féidir, leis na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais, agus allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas ó thríú tíortha ar bhonn staitisticí Eurostat. |
|
(231) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais (tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(232) |
Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscal an Aontais agus chun an tomhaltas agus na táscairí eacnamaíocha éagsúla i ndáil le staid thionscal an Aontais a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar ghá, agus a mhéid ba ghá, an úsáid a baineadh as táirgeacht thionscal an Aontais i gcás an táirge chomhchosúil a chur san áireamh san anailís. |
|
(233) |
Chinn an Coimisiún go raibh cuid dhiomaibhseach de tháirgeacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas beartaithe le haghaidh úsáid faoi chuing. Mar is léir ó Thábla 2, d’fhan méideanna an mhargaidh faoi chuing thart ar 1 % de thomhaltas an mhargaidh shaoir le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus léirigh siad treocht laghdaitheach. Tháinig forbairt ar thomhaltas an tsaormhargaidh ar an mbealach céanna le tomhaltas iomlán an Aontais i ngach bliain den tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(234) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nach gá idirdhealú a dhéanamh idir margadh faoi chuing agus saormhargadh, toisc nach mbeadh difríocht in iompraíocht an mhargaidh faoi chuing (más ann di) ábhartha don anailís díobhála, i bhfianaise an sciar dhiomaibhsigh den mhargadh faoi chuing i dtomhaltas iomlán an Aontais. |
|
(235) |
Murab ionann agus roinnt margaí eile, níor tháinig meath ar mhargadh na dtáirgí stánphlátáilte le linn na ndianghlasálacha san Aontas sa tréimhse 2020-2021 mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Agus daoine ag fanacht sa bhaile, bhí an t-éileamh ar bhia stánaithe láidir, rud a d’fhág go raibh éileamh réasúnta seasmhach ar tháirgí stánphlátáilte sa dá bhliain. |
|
(236) |
Dá bhrí sin, idir 2020 agus 2022 luainigh tomhaltas an Aontais (lena n-áirítear saor agus faoi chuing) beagán síos, ansin tháinig laghdú géar 19 bpointe céatadáin air in 2023 mar gheall ar dhístocáil agus drochbhuaint glasraí san Aontas, agus laghdú 3 phointe céatadáin eile le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig laghdú 25 % ar an tomhaltas ar an iomlán idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Cainníocht agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(237) |
Shuigh an Coimisiún an chainníocht allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí trí mhéid na n-allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas mhargadh an Aontais. |
|
(238) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 3 Cainníocht na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(239) |
Mar gheall ar imthosca eisceachtúla na dianghlasála sa tSín agus an chur isteach ar thrádáil mhuirí in 2021, tháinig laghdú 20 % ar líon na n-allmhairí ón tSín idir 2020 agus 2021 ar dtús. Agus an t-éileamh san Aontas fós láidir, chaill allmhairí na Síne roinnt sciar den mhargadh sa bhliain sin. |
|
(240) |
De réir mar a laghdaigh imthosca eisceachtúla in 2022, thosaigh méadú suntasach ag teacht ar mhéideanna agus ar sciar den mhargadh allmhairí na Síne in 2022 agus 2023, agus tháinig laghdú beag ar an treocht ó 2023 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig méadú 69 % ar allmhairí ón tSín ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú ar sciar margaidh na Síne ó 10,5 % in 2022 go 23,5 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a léirigh méadú foriomlán 125 %. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(241) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí ar bhonn freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín agus ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. |
|
(242) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann: Tábla 4 Praghsanna na n-allmhairí (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||
|
(243) |
Tháinig méadú ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín go dtí gur sroicheadh buaicphointe de mhéadú 89 % ar phraghsanna in 2022 le hais 2020, agus ansin tháinig laghdú arís orthu gur sroicheadh méadú foriomlán 36 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(244) |
Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:
|
|
(245) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir cineáil le haghaidh idirbheart ar an leibhéal céanna trádála agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh sé go raibh meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir [15 - 25] % i gceist leis na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(246) |
Bhí praghsanna na Síne faoi bhun chostais táirgthe thionscal an Aontais in 2020, 2023, agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ina theannta sin, bhí costais loingseoireachta níos airde ná riamh ann in 2021, rud a thugann le tuiscint go bhféadfadh praghas na n-earraí gan na costais lasta aigéin a chur san áireamh a bheith i bhfad níos ísle. |
|
(247) |
Chuir praghsanna den sórt sin iallach ar tháirgeoirí de chuid an Aontais díol faoi bhun a gcostas táirgthe i ngach bliain seachas 2022. Ós rud é go ndéanann formhór na gcustaiméirí praghsanna ar tháirgí stánphlátáilte a chaibidliú ar bhonn bliantúil le táirgeoirí de chuid an Aontais (seachas allmhairí Síneacha a dhéantar mar spotdíolacháin de ghnáth), agus in R4 2021 is fearr a bhí na táirgeoirí in ann praghsanna réasúnta a chaibidliú. |
|
(248) |
Is é sin, bhí imthosca uathúla 2021 ina gcúis le héiginnteachtaí sa mhargadh: ós rud é go raibh níos lú táirgí stánphlátáilte ar fáil ón tSín agus ó thríú margaí eile mar gheall ar shuaitheadh sa trádáil idirnáisiúnta an bhliain sin, cé go raibh an t-éileamh ar channaí fós láidir, bhí úsáideoirí toilteanach praghas níos airde a íoc chun soláthar a chinntiú ó tháirgeoirí de chuid an Aontais in 2022. Ina theannta sin, agus méadú ag teacht freisin ar an gcostas táirgthe in 2021, bhí táirgeoirí an Aontais in ann praghsanna arda a chaibidliú le haghaidh 2022. |
|
(249) |
Mar sin féin, a luaithe nach raibh dálaí fabhracha margaidh ann a thuilleadh agus a thosaigh allmhairí Síneacha ag teacht i gcainníochtaí níos suntasaí, ní raibh táirgeoirí an Aontais in ann praghsanna a bhí ard go leor a chaibidliú a thuilleadh chun a gcostas táirgthe a chumhdach. Ina ionad sin, b’éigean dóibh iad a laghdú in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin araon, d’ainneoin go raibh na costais táirgthe fós ag dul i méid in 2023. |
|
(250) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh sochtadh praghsanna ann in 2020, 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus ísliú praghsanna in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún gur ghá tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh, i bhfianaise na gcostas loingseoireachta muirí thar a bheith ard in 2021, an raibh sochtadh praghsanna ann in 2021 freisin nó nach raibh. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(251) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(252) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí sa fhreagra ar cheistneoir a chuir an gearánach isteach agus inar cumhdaíodh sonraí a bhaineann le táirgeoirí uile de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte san Aontas. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(253) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an chainníocht díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo. |
|
(254) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.4.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(255) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(256) |
Cé gur tháinig méadú beag ar mhéideanna táirgeachta thionscal an Aontais idir 2020 agus 2021, léirigh siad treocht laghdaitheach leanúnach sa chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 8 bpointe céatadáin ar chainníocht na táirgeachta ó 2021 go 2022, tháinig laghdú 15 phointe céatadáin eile uirthi in 2023, agus tháinig laghdú 2 phointe céatadáin eile uirthi le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig laghdú 34 % ar chainníocht na táirgeachta ar an iomlán idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin mar gheall ar laghdú ar dhíolacháin. |
|
(257) |
Bhí tionchar diúltach ag an laghdú ar chainníocht na táirgeachta ar úsáid acmhainneachta, rud a thit dá réir, ó 85 % in 2020 go 57 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, laghdú 33 %. |
4.4.2.2. An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
(258) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(259) |
D’fhan díolacháin thionscal an Aontais seasmhach go leor idir 2020 agus 2021 agus ansin tháinig laghdú leanúnach orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú 36 % orthu ar an iomlán. |
|
(260) |
Tháinig méadú 5 phointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais idir 2020 agus 2021, ó 78 % go 83 %, agus ansin léirigh sé treocht laghdaitheach leanúnach sa chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú, agus thit sé go 67 % den sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdúcháin. |
4.4.2.3. Fás
|
(261) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar thomhaltas, ar tháirgeadh agus ar dhíolacháin an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Le linn na tréimhse céanna tháinig méadú ar allmhairí ón tSín, rud a d’fhág gur tháinig méadú níos mó ná dúbailt ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín i margadh an Aontais. |
|
(262) |
Mar a léirítear i dTábla 2 thuas, bhí laghdú leanúnach ag teacht ar thomhaltas san Aontas in 2021 agus 2022, sular thit sé go suntasach in 2023 agus sular laghdaigh sé a thuilleadh sa tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig laghdú 25 % ar an iomlán ar an tomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn go bhfuil an margadh ag laghdú. |
|
(263) |
Mar a léirítear i dTáblaí 5 agus 6 thuas, léiríonn méideanna táirgeachta agus díolacháin an Aontais treocht laghdaitheach ghinearálta freisin, agus tháinig laghdú 34 % agus 36 % orthu, faoi seach, idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an laghdú sin i bhfad níos suntasaí ná an laghdú 25 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse céanna. Tháinig laghdú freisin ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh ó 78 % go 66 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(264) |
An tráth céanna, léirigh allmhairí ón tSín treocht mhéadaitheach ghinearálta i dtéarmaí méideanna agus sciartha den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú 69 bpointe céatadáin ar allmhairí ón tSín agus d’ardaigh a sciar den mhargadh ó 10,4 % go 23,4 % ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(265) |
Níor aisiompaíodh na treochtaí thuas go sealadach go dtí 2021. Mar gheall ar imthosca eisceachtúla na dianghlasála sa tSín agus cur isteach ar thrádáil mhuirí, tháinig laghdú 15 % ar allmhairí ón tSín agus thit a sciar den mhargadh ó 10,4 % go 8,7 % idir 2020 agus 2021. An tráth céanna, tháinig méadú ar tháirgeacht agus ar mhéid díolachán thionscal an Aontais, agus mhéadaigh tionscal an Aontais a sciar den mhargadh faoi 5 phointe céatadáin. |
|
(266) |
A luaithe a thosaigh an trádáil idirnáisiúnta ag normalú in 2022, áfach, tháinig méadú suntasach ar allmhairí na Síne agus ar an sciar den mhargadh araon, agus tháinig ardú os cionn leibhéil 2020 orthu, agus lean siad de bheith ag dul i méid in 2023, le moilliú beag le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(267) |
An tráth céanna, in 2022, thit méid táirgeachta, méideanna díolachán agus sciar den mhargadh thionscal an Aontais go léir go leibhéil faoi bhun na leibhéal in 2020 agus lean siad de bheith ag dul i laghad in 2023. Mar gheall ar an margadh a bheith ag laghdú beagán sa tréimhse imscrúdúcháin, is é an sciar den mhargadh an t-aon cheann de na trí tháscaire sin a d’fhan réasúnta cobhsaí idir 2023 agus an tréimhse imscrúdúcháin, agus tháinig laghdú ar mhéideanna táirgeachta agus díolacháin araon sa tréimhse imscrúdúcháin freisin. |
4.4.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(268) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(269) |
Tháinig laghdú comhsheasmhach ar an líon fostaithe freisin le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú beag air in 2022 amháin. Tháinig laghdú 6 phointe céatadáin ar líon na bhfostaithe in 2021 sular tháinig méadú 3 phointe céatadáin air in 2022. Tháinig laghdú suntasach 9 bpointe céatadáin air arís in 2023 agus lean sé de bheith ag laghdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, tháinig laghdú 23 % ar an líon fostaithe. |
|
(270) |
Tháinig forbairt ar an táirgiúlacht i gcomhréir leis na hathruithe ar tháirgeadh agus ar fhostaíocht, agus tháinig méadú measartha uirthi idir 2020 agus 2021, agus tháinig laghdú uirthi ansin go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tráth a sroicheadh 86 % de tháirgiúlacht 2020. Tháinig méadú ar an táirgiúlacht in 2021, i gcomhréir le méideanna táirgeachta agus díolacháin thionscal an Aontais a bheith ar an méid is airde sa bhliain sin as an tréimhse iomlán faoi bhreathnú. |
|
(271) |
Is féidir an laghdú ar tháirgiúlacht sna blianta atá fágtha a mhíniú freisin trí chainníocht táirgeachta a bheith ag dul i laghad níos mó ná líon na bhfostaithe idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin. |
4.4.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo
|
(272) |
Bhí na corrlaigh dhumpála uile go mór os cionn an leibhéil de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise chainníocht agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann. |
|
(273) |
Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag dumpáil san am atá thart. |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.4.3.1. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
|
(274) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Praghsanna díola san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(275) |
Thosaigh costas táirgthe an Aontais ag dul i méid in 2021, mar gheall ar an méadú ar chostais amhábhar amhail amhiarann agus gual cóic. Mhéadaigh an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus an méadú breise ar chostais amhábhar an costas táirgthe go suntasach, 67 phointe céatadáin, in 2022 agus 5 bpointe céatadáin eile in 2023, agus is le linn na tréimhse imscrúdúcháin amháin a tháinig laghdú 8 bpointe céatadáin ar an gcostas táirgthe. Tháinig méadú 64 % ar an gcostas táirgthe ar an iomlán ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(276) |
Tháinig méadú ar mheánphraghas díola an Aontais idir 2020 agus 2022 agus thosaigh sé ag dul i laghad in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig méadú 64 % ar na praghsanna díola foriomlána idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(277) |
D’fhan meánphraghsanna díola thionscal an Aontais faoi bhun na meánchostas táirgthe i ngach bliain seachas 2022. Mar a míníodh cheana in aithrisí (246) go (250) thuas, bhí allmhairí dumpáilte na Síne ag cur praghsanna thionscal an Aontais faoi chois in 2020, agus ba iad ba chúis le sochtadh praghsanna agus le hísliú praghsanna 2023 agus leis an tréimhse imscrúdúcháin, rud a d’fhág go raibh tionscal an Aontais ag díol ar chaillteanas. |
|
(278) |
Mar a mhínítear cheana féin in aithrisí (247) agus (248), ós rud é go ndéanann na custaiméirí praghsanna a chaibidliú le tionscal an Aontais ar bhonn bliantúil de ghnáth, agus mar gheall ar éiginnteachtaí sa mhargadh in 2021, bhí táirgeoirí de chuid an Aontais in ann praghsanna arda a chaibidliú in 2022, rud a chuir ar a gcumas dóibh díol ar bhrabús. |
|
(279) |
A luaithe a normalaíodh an sreabhadh trádála idirnáisiúnta, áfach, bhí ar tháirgeoirí de chuid an Aontais a bpraghsanna a laghdú arís. |
4.4.3.2. Costais saothair
|
(280) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||||||
|
(281) |
Tháinig méadú 17 bpointe céatadáin ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí lánaimseartha in 2021 agus tháinig laghdú 11 phointe céatadáin eile air in 2022, ansin tháinig laghdú 16 phointe céatadáin in 2023 agus tháinig méadú 7 bpointe céatadáin eile air le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, tháinig méadú 19 % ar chostais saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.4.3.3. Fardail
|
(282) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(283) |
D’ainneoin gur tháinig laghdú ar na leibhéil táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, d’fhan na dearbhleibhéil stoic réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus shroich siad íosphointe 85 % de chainníocht stoic deiridh 2020 in 2023. |
|
(284) |
An stoc coibhneasta mar chéatadán den táirgeacht, tar éis marbhántacht tosaigh idir 2020 agus 2021, tháinig méadú leanúnach air le linn na coda eile den tréimhse faoi bhreathnú agus shroich sé méadú 38 % faoin tréimhse imscrúdúcháin. |
4.4.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú
|
(285) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(286) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí an bhrabúsacht diúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú cé is moite de 2022, nuair a shroich an brabús 5,4 %. |
|
(287) |
Tharla caillteanais thionscal an Aontais in 2021 mar gheall ar imthosca margaidh sonracha sa bhliain sin. Go deimhin, mar a leagtar amach in aithrisí (247) agus (301), is iondúil go socraítear praghsanna idir táirgeoirí stánphlátáilte an Aontais agus a gcustaiméirí ar feadh bliain féilire amháin agus is beag deis atá ann coigeartú a dhéanamh ar phraghsanna. Socraíodh praghsanna tháirgeoirí an Aontais le haghaidh 2021 ar bhonn chostais 2020, ach tháinig méadú suntasach ar an gcostas táirgthe in 2021. Dá bhrí sin, bhí sé d’oibleagáid ar thionscal an Aontais a tháirgí a dhíol faoi bhun a chostais táirgthe agus, an tráth céanna, méideanna díolacháin a choinneáil ar bun agus fiú iad a mhéadú beagán, rud a d’fhág go raibh caillteanais shuntasacha ann an bhliain sin. |
|
(288) |
Tar éis na gcaillteanas a tabhaíodh mar gheall ar phraghsanna ísle agus ar chostais táirgthe a bhí ag ardú in 2021, rinne tionscal an Aontais praghsanna 70 % níos airde a chaibidliú in 2022 chun an t-ardú suntasach ar chostais táirgthe a léiriú. Mar a míníodh cheana in aithrisí (247) go (249), agus (277) agus (278) thuas, ba í 2022 an t-aon bhliain amháin ar éirigh le tionscal an Aontais táirgí stánphlátáilte a dhíol os cionn a gcostas táirgthe, mar gheall ar an seasamh fabhrach a bhí aige agus praghsanna á gcaibidliú aige don bhliain sin ag deireadh 2021. Bhí brabúsacht dhearfach mar thoradh air sin ar ndóigh. |
|
(289) |
Lean an treocht i nglansreabhadh airgid an éabhlóid sa bhrabús den chuid is mó, ach d’fhan sí dearfach áfach in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin mar gheall ar dhíolacháin onnmhairiúcháin agus gluaiseachtaí luachála fardail sna blianta sin. |
|
(290) |
Cé gur tháinig laghdú níos mó ná dúbailt ar infheistíochtaí in 2021, tháinig méadú faoi dhó orthu in 2022, agus tháinig méadú 72 phointe céatadáin breise orthu in 2023, sular tháinig laghdú beag orthu le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(291) |
Tá an sciar is mó den infheistíocht sin inchurtha, áfach, i leith infheistíocht mhór chothabhála arna déanamh ag táirgeoir amháin de chuid an Aontais chun cothabháil rialta a dhéanamh ar cheann dá fhoirnéisí soinneáin. Níorbh fhéidir an tionscadal seo a chur siar go réasúnta toisc go gcaithfear athchóiriú mór den sórt sin a dhéanamh go tráthrialta chun feidhmiúlacht foirnéise soinneáin a áirithiú agus dá bhrí sin tá sé riachtanach chun oibríochtaí na cuideachta ar fad a chothabháil. Ina theannta sin, rinneadh roinnt infheistíochtaí comhlíontachta comhshaoil le linn na tréimhse sin, rud a mhéadaigh figiúirí infheistíochta a thuilleadh. |
|
(292) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. D’fhan an toradh ar infheistíocht diúltach agus cobhsaí le linn na tréimhse le heisceacht shuntasach dhiúltach agus dhearfach in 2021 agus 2022 faoi seach, agus lean sé na treochtaí maidir le brabúsacht díolachán den chuid is mó. |
4.4.4. Conclúid maidir le díobháil
|
(293) |
Léiríodh leis na príomhtháscairí díobhála ar fad go raibh treocht dhiúltach ann thar an tréimhse faoi bhreathnú. Maidir le díolacháin, brabúsacht, sreabhadh airgid, agus toradh ar infheistíocht, tháinig feabhas sealadach ar staid thionscal an Aontais in 2022 ach tháinig laghdú uirthi arís ó 2023 ar aghaidh. Bhí an bhrabúsacht fós diúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú cé is moite den mhéadú sealadach go 5,4 % in 2022, mar gheall ar imthosca eisceachtúla sa mhargadh tar éis phaindéim COVID-19. Mar a mhínítear in aithrisí (287) agus (301), ba é ba chúis leis an laghdú ar an mbrabúsacht in 2021 imthosca sonracha, is é sin le rá ardú gan choinne ar roinnt gnéithe de chostais táirgthe, agus ní raibh táirgeoirí an Aontais in ann a bpraghsanna a mhéadú go leordhóthanach mar gheall ar chineál na gconarthaí atá acu lena gcustaiméirí. |
|
(294) |
Is cosúil gurbh iad na hinfheistíochtaí an t-aon táscaire a léirigh treochtaí dearfacha. Mar sin féin, seachas an méadú ar infheistíocht a bheith ina chomhartha ar staid shláintiúil thionscal an Aontais, mar a luaitear thuas, ba iad an chothabháil agus an comhlíonadh comhshaoil ba ghá ba chúis leis na hinfheistíochtaí sin. |
|
(295) |
Léirigh na táscairí díobhála eile go léir treochtaí laghdaitheacha. Tháinig laghdú 34 % ar mhéideannatáirgeachta thionscal an Aontais, i gcomhréir le díolacháin an Aontais ar tháinig laghdú 36 % orthu idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an laghdú sin níos suntasaí ná an laghdú ar thomhaltas an Aontais, ar tháinig laghdú 25 % air le linn na tréimhse céanna. Dá bhrí sin, thit an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 78 % in 2020 go 66 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(296) |
Idir an dá linn, tháinig méadú 69 % ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an borradh is mó ar allmhairí in 2023, tráth a laghdaigh an t-éileamh an méid is mó, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar sciar margaidh na Síne ó 10,4 % in 2020 go 23,4 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(297) |
D’fhéadfaí coinne a bheith le caillteanas áirithe méideanna díolachán i gcomhthéacs margadh atá ag laghdú. Mar sin féin, bhí an laghdú ar dhíolacháin thionscal an Aontais i bhfad níos suntasaí ná an laghdú ar éileamh an Aontais agus bhí méideanna na n-allmhairí ón tSín ag méadú fiú agus an t-éileamh ag titim. Dá bhrí sin, bhí treochtaí éabhlóide an sciar den mhargadh i gcomhréir inbhéartach go hiomlán beagnach maidir le díolacháin thionscal an Aontais agus díolacháin na Síne, rud a léirigh díobháil shoiléir do mhéideanna. |
|
(298) |
Bhí ar thionscal an Aontais dul i ngleic le méadú suntasach ar an gcostas táirgthe, ar tháinig méadú 65 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ba iad costais níos airde na bpríomh-amhábhar agus an fhuinnimh ba chúis leis an méadú ar an gcostas den chuid is mó. Mhéadaigh tionscal an Aontais a phraghsanna díola go leordhóthanach chun an mórmhéadú costais sin a fhritháireamh (méadú 64 % idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin). |
|
(299) |
Bhí tionscal an Aontais caillteach ar feadh na tréimhse ar fad lena mbaineann beagnach, cé is moite de 2022. Mar sin féin, tháinig laghdú ar a bhrabúsacht fhoriomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó –4,6 % in 2020 go –7,6 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus tháinig laghdú eisceachtúil air in 2021 agus tháinig méadú eisceachtúil air ina dhiaidh sin in 2022 mar a leagtar amach in aithrisí (287) go (288). |
|
(300) |
Rinneadh na treochtaí laghdaitheacha sin a aisiompú go sealadach in 2021 agus 2022, toisc go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar an margadh. Agus daoine ag fanacht sa bhaile, bhí éileamh láidir ar bhia stánaithe in 2021, rud a d’fhág go raibh éileamh cobhsaí ar tháirgí stánphlátáilte. Ag an am céanna, tháinig laghdú 20 % ar allmhairí ón tSín in 2021, is dócha mar gheall ar chur isteach ar lasta aigéin agus dianghlasálacha sa tSín, rud a spreag úsáideoirí dul níos mó chuig soláthraithe an Aontais. Dá bhrí sin, tháinig méadú beag ar mhéideanna díolachán thionscal an Aontais agus tháinig méadú 5 phointe céatadáin ar a sciar den mhargadh sa bhliain sin. |
|
(301) |
Mar a mhínítear thuas, ós rud é go ndéantar praghsanna le táirgeoirí de chuid an Aontais a chaibidliú ar bhonn bliantúil de ghnáth ag deireadh na bliana roimhe sin, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais, dá bhrí sin, brabús leordhóthanach a dhéanamh ón méadú sin ar mhéideanna díolachán in 2021, toisc go raibh siad na praghsanna a caibidlíodh in 2020 daingnithe. |
|
(302) |
Os a choinne sin, i bhfianaise na n-éiginnteachtaí margaidh a thuairiscítear thuas a tháinig chun cinn in 2021, ag an gcaibidlíocht le haghaidh conarthaí 2022, bhí na húsáideoirí toilteanach praghsanna níos airde a íoc chun soláthar seasta a chinntiú. Agus méadú ag teacht freisin ar an gcostas táirgthe in 2021, bhí táirgeoirí an Aontais in ann praghsanna arda a chaibidliú le haghaidh 2022. Dá bhrí sin, bhí tionscal an Aontais in ann sreabhadh airgid ard agus brabúsacht dhearfach a bhaint amach sa bhliain sin. |
|
(303) |
A luaithe a thosaigh sreafaí trádála idirnáisiúnta ag normalú, áfach, thosaigh na táscairí sin go léir ag laghdú arís, toisc gur thosaigh tionscal an Aontais ag cailleadh sciar den mhargadh agus go raibh air a phraghsanna a laghdú in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin araon, d’ainneoin na costais táirgthe a bheith ag dul i méid. |
|
(304) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
|
(305) |
Níor mheas an Coimisiún, dá bhrí sin, gur ghá scrúdú a dhéanamh ar na maímh maidir leis an mbagairt díobhála ag an gcéim sin. |
5. CÚISÍOCHT
|
(306) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. Aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh an díobháil sin síos do na hallmhairí dumpáilte. Seo a leanas na tosca sin: tomhaltas atá ag laghdú, allmhairí ó thríú tíortha, agus feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais. |
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(307) |
Mar a léirítear i dTábla 1 thuas, bhí laghdú leanúnach ag teacht ar thomhaltas san Aontas in 2021 agus 2022, sular thit sé go suntasach in 2023 agus sular tháinig laghdú breise air sa tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig laghdú 25 % ar an iomlán ar an tomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn go bhfuil an margadh ag laghdú. |
|
(308) |
Mar a léirítear i dTáblaí 5 agus 6 thuas, léiríonn méideanna táirgeachta agus díolacháin an Aontais treocht laghdaitheach ghinearálta freisin, agus tháinig laghdú 34 % agus 36 % orthu, faoi seach, idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an laghdú sin i bhfad níos suntasaí ná an laghdú 25 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse céanna. Tháinig laghdú freisin ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh ó 78 % go 66 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(309) |
An tráth céanna, léirigh allmhairí ón tSín treocht mhéadaitheach ghinearálta i dtéarmaí méideanna agus sciartha den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, tháinig méadú 69 % ar mhéid na n-allmhairí ón tSín i ndearbhthéarmaí agus tháinig ardú ar a sciar den mhargadh ó 10,4 % go 23,4 % (is é sin le rá ardú 125 %) ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(310) |
Níor aisiompaíodh na treochtaí thuas go sealadach go dtí 2021. Mar gheall ar imthosca eisceachtúla na dianghlasála sa tSín agus cur isteach ar thrádáil mhuirí, tháinig laghdú 15 % ar allmhairí ón tSín agus thit a sciar den mhargadh ó 10,4 % go 8,7 % idir 2020 agus 2021. An tráth céanna, tháinig méadú ar tháirgeacht agus ar mhéid díolachán thionscal an Aontais, agus mhéadaigh tionscal an Aontais a sciar den mhargadh faoi 5 phointe céatadáin. Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris (287), mar gheall ar na praghsanna díola bliantúla ísle a socraíodh le haghaidh 2021 agus mar gheall ar an méadú ar chostais táirgthe, bhí sé d’oibleagáid ar thionscal an Aontais díol faoi bhun a gcostais táirgthe agus dá bhrí sin thabhaigh sé caillteanais shuntasacha sa bhliain sin. |
|
(311) |
A luaithe a thosaigh an trádáil idirnáisiúnta ag normalú in 2022, áfach, tháinig méadú suntasach ar allmhairí na Síne agus ar an sciar den mhargadh araon, agus tháinig ardú os cionn leibhéil 2020 orthu, agus lean siad de bheith ag dul i méid in 2023, le moilliú beag le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(312) |
An tráth céanna, thit méid táirgeachta, méideanna díolachán agus sciar margaidh thionscal an Aontais go léir go leibhéil faoi bhun na leibhéal in 2020 agus lean siad de bheith ag dul i laghad in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mar gheall ar an laghdú beag atá ag teacht ar an margadh, is é an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais an t-aon cheann de na trí tháscaire sin a d’fhan réasúnta cobhsaí idir 2023 agus an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(313) |
Mhaígh CICS agus Steelforce nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis le haon díobháil. Mhaígh CICS nach bhfuil aon chomhghaol idir méideanna allmhairí Síneacha agus treocht na dtáscairí díobhála agus cé gur mhaígh Steelforce, fiú dá mbeidís ag fáil sciar breise den mhargadh, go raibh sciartha margaidh tíortha eile thíos leis. |
|
(314) |
Ina theannta sin, mhaígh CICS nach bhféadfadh praghsanna na Síne a bheith ina gcúis le díobháil ós rud é gur bhog siad i gcomhréir le treochtaí an mhargaidh. Dúirt Steelforce freisin go raibh praghsanna thionscal an Aontais faoi bhun phraghsanna na Síne in 2021 agus beagnach mar an gcéanna in 2022, rud a thugann le fios go raibh táirgeoirí de chuid an Aontais in ann a mbeartas praghsála féin a shaothrú. Ina theannta sin, mhaígh Steelforce, dá mbeadh sé níos ciallmhaire go heacnamaíoch, go deimhin, go bhféadfadh táirgeoirí de chuid an Aontais aistriú ó chonarthaí bliantúla go spotdíolacháin, rud a d’áiritheodh go mbeidís in ann táirgí a dhíol ar bhrabús. |
|
(315) |
Mar a achoimrítear in aithrisí (307) go (312) thuas, tá treochtaí mhéideanna agus sciartha margaidh na n-allmhairí Síneacha agus díolacháin agus sciartha margaidh thionscal an Aontais beagnach go hiomlán inbhéartach. Murab ionann agus maímh CICS, léiríonn sé sin comhghaol soiléir le treocht na méideanna díolachán agus na dtáscairí díobhála. |
|
(316) |
Maidir le praghsanna, cé go raibh praghsanna allmhairí Síneacha níos airde go deimhin ná praghsanna an Aontais in 2021 agus mar an gcéanna a bheag ná a mhór in 2022, ba mar gheall ar na himthosca eisceachtúla thuasluaite a tharla sé sin agus ar an gcaoi go bhfuil táirgeoirí an Aontais faoi ghlas i gcomhaontuithe bliantúla leis an gcuid is mó dá gcustaiméirí. |
|
(317) |
Mar a mhínítear in aithrisí (239), (246), (265) agus (310) thuas, i measc nithe eile, mar gheall ar shuaitheadh sa trádáil mhuirí agus dianghlasálacha sa tSín, tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí chuig an Aontas in 2021, agus is cosúil gur tháinig méadú ar phraghsanna i dtír os cionn phraghsanna díolacháin tháirgeoirí an Aontais. Mar sin féin, agus táirgeoirí an Aontais á gcur faoi ghlas i bpraghsanna arna socrú le conarthaí fadtéarmacha a caibidlíodh ag deireadh 2020, ní raibh siad in ann brabús leordhóthanach a bhaint as na coinníollacha fabhracha sin chun a bpraghsanna díolacháin a mhéadú. An tráth céanna, thosaigh an costas táirgthe ag méadú go suntasach in 2021, rud a chuir le caillteanais thionscal an Aontais an bhliain sin. |
|
(318) |
Mar a mhínítear in aithris (288), chuir suaitheadh sa mhargadh in 2021 agus conarthaí a caibidlíodh go bliantúil, ar an taobh eile, táirgeoirí an Aontais i staid fhabhrach i leith a gcustaiméirí agus praghsanna á gcaibidliú acu le haghaidh 2022 – mar gheall ar éiginnteachtaí 2021, bhí fonn ar na húsáideoirí soláthar leordhóthanach a chinntiú in 2022. Chuir sé sin ar chumas thionscal an Aontais praghsanna a ardú agus a bheith brabúsach in 2022 an t-aon tráth amháin sa tréimhse lena mbaineann. |
|
(319) |
Thairis sin, mar a mhínítear in aithrisí (244) agus (245) thuas, suíodh sladghearradh praghais suntasach de réir cineáil. Ina theannta sin, tugadh tuairisc ar threocht agus ar éifeacht phraghsanna na Síne in aithrisí (246) go (250) thuas, agus tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh praghsanna allmhairiúcháin na Síne ina gcúis le sochtadh praghsanna in 2020, 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, agus le hísliú praghsanna in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(320) |
Níl sé sin neamhbhailí fiú más rud é, mar a mhaíonn CICS, gur tháinig forbairt ar phraghsanna Síneacha ar an gcaoi chéanna le praghsanna ó thríú margaí eile nó praghsanna thionscal an Aontais. Bhí praghsanna na Síne níos ísle ná praghsanna allmhairiúcháin beagnach gach tríú tír eile i mbeagnach gach bliain den tréimhse faoi bhreathnú, cé is moite den India (féach Tábla 12 thíos). Ina theannta sin, is ag allmhairí na Síne a bhí an sciar is mó den mhargadh a bhí ag na hallmhairí uile , agus bhí idir 0,7 % agus 3,2 % den sciar den mhargadh ag na chéad chúig thír allmhairiúcháin eile is mó ina n-aonar in aon bhliain den tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, is léir go raibh an tionchar ba mhó ag allmhairí ón tSín ar iompraíocht praghsanna sa mhargadh. |
|
(321) |
Ar deireadh, chuir an Coimisiún in iúl, mar a mhaígh Steelforce, dá mbeadh táirgeoirí an Aontais in ann a mbeartas praghsála féin a shaothrú agus/nó aistriú chuig spotdíolacháin a mbeadh brabúsacht mar thoradh orthu i ngach bliain, gan amhras go ndéanfaidís amhlaidh. Níor cuireadh aon fhianaise i láthair maidir leis an bhfáth a ndéanfadh tionscal an Aontais díobháil dó féin d’aon ghnó. |
|
(322) |
Ina ionad sin, mar a mhínigh an gearánach, is caighdeán margaidh iad na praghsanna a chaibidlítear go bliantúil le haghaidh táirgí stánphlátáilte, agus cuirtear brú orthu ó bhun an tslabhra soláthair. Éilíonn miondíoltóirí móra praghsanna idirbheartaithe go bliantúil óna soláthraithe bia stánaithe, a éilíonn, ar a seal, an rud céanna óna soláthraithe cannaí. Éilíonn táirgeoirí cannaí, mar phríomhúsáideoirí táirgí stánphlátáilte, an rud céanna ar thionscal an Aontais chun foinse chobhsaí soláthair a ráthú. |
5.2. Éifeachtaí tosca eile
5.2.1. Tomhaltas
|
(323) |
Bhí tionchar ar leith ag paindéim COVID-19 ar an éileamh ar tháirgí stánphlátáilte. Le linn dhianghlasálacha 2020 agus 2021, rinne daoine níos mó bia stánaithe a ithe agus a stoc-charnadh. D’fhan an t-éileamh ar channaí, agus dá bhrí sin ar tháirgí stánphlátáilte, réasúnta cobhsaí sna blianta sin agus in 2022, agus chuaigh sé i laghad de bheagán. |
|
(324) |
Ag deireadh na tréimhse sin, tháinig laghdú géar 19 bpointe céatadáin ar thomhaltas san Aontas in 2023, agus 3 phointe céatadáin eile le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is féidir an titim ghéar in 2023 a chur i leith dístocáil ó bhlianta roimhe sin agus drochfhómhar glasraí san Eoraip in 2022. Tháinig laghdú 25 % ar an tomhaltas ar an iomlán idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(325) |
Mhaígh CICS agus Steelforce gurbh é crapadh margaidh den sórt sin ba chúis leis an díobháil go príomha. |
|
(326) |
Mar sin féin, cé gur tháinig laghdú ar an éileamh san Aontas, thug an Coimisiún dá aire nach féidir caillteanas méideanna díolachán agus brabúsacht thionscal an Aontais a bhí i mbun laghdaithe in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin a chur san áireamh leis sin. |
|
(327) |
Mar a míníodh thuas cheana féin, tháinig laghdú 36 % ar mhéideanna díolacháin thionscal an Aontais, beagnach 50 % níos mó ná an crapadh ar thomhaltas, agus lean méideanna allmhairí na Síne de bheith ag dul i méid, fiú agus an margadh ag laghdú. |
|
(328) |
Thairis sin, bhí allmhairí den sórt sin ag teacht isteach san Aontas ar phraghsanna a rinne praghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh, a shochtadh agus a ísliú. |
|
(329) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin, fiú sa mhargadh atá ag laghdú ina gcaillfeadh tionscal an Aontais roinnt méideanna díolachán, gurbh iad allmhairí na Síne an phríomhthoisc ba chúis le díobháil. |
5.2.2. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(330) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(331) |
Mar a léirítear i dTábla 12 thuas, bhí allmhairí ó thríú tíortha eile (gan an tSín a áireamh) íseal go stairiúil. San iomlán, bhí sciar 12 % den mhargadh ag na hallmhairí sin in 2020, sciar a thit go 10 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, toisc gur tháinig laghdú 37 % ar a méideanna allmhairí le linn na tréimhse sin. Is í an tSín an t-allmhaireoir is mó go mór fada isteach san Aontas, agus bhí idir 0,7 % agus 3,2 % den sciar den mhargadh ina n-aonar ag na chéad chúig allmhaireoir eile is mó le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(332) |
Bhí praghsanna allmhairiúcháin ó thríú tíortha eile níos airde ná praghsanna thionscal an Aontais in 2020 agus 2021, agus ar an leibhéal céanna in 2022. Bhí siad 7 % níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais in 2023, agus 10 % níos ísle le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(333) |
Mar sin féin, bhí méid na n-allmhairí sin agus a sciar den mhargadh íseal agus, ina theannta sin, thit siad go mór idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidís tionchar chomh suntasach céanna a imirt ar thionscal an Aontais agus a d’fhéadfaidís a imirt ar allmhairí ón tSín, rud a mhéadaigh go suntasach ó thaobh méide agus sciar den mhargadh de. |
|
(334) |
Is í an eisceacht shuntasach ón méid thuas allmhairí ón India, ar tháinig méadú 4 000 tona orthu idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, agus a ghnóthaigh 0,6 % den sciar iomlán den mhargadh le linn na tréimhse sin, agus a díoladh leis an Aontas ar phraghsanna níos ísle ná allmhairí na Síne i ngach bliain seachas 2021. |
|
(335) |
Mar sin féin, ós rud é go raibh éileamh iomlán an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin os cionn 2 mhilliún tona, mheas an Coimisiún gur diomaibhseach aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méadú den sórt sin ar allmhairí ón India ar mhargadh an Aontais agus nach bhféadfadh sé díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais, fiú dá mbeadh a bpraghsanna faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais. |
|
(336) |
Thairis sin, bhí praghsanna allmhairí na Síne 14 % níos ísle ar an meán ná praghsanna thionscal an Aontais in 2023 agus 19 % níos ísle le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thángamar ar an gconclúid mar sin nach bhféadfadh allmhairí ó thríú tíortha díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais. |
5.2.3. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(337) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 13 Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(338) |
Tháinig forbairt ar mhéideanna onnmhairiúcháin thionscal an Aontais ar an gcaoi chéanna lena ndíolacháin leis an Aontas: bhí siad ag dul i laghad de réir a chéile ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, go háirithe gan an méadú a chonacthas i margadh an Aontais in 2022, rud a threisigh a thuilleadh an chonclúid gur bhliain eisceachtúil a bhí ann ar mhargadh an Aontais. |
|
(339) |
Mar sin féin, ní raibh sa laghdú sin ar mhéideanna onnmhairiúcháin ach 24 % idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, agus tháinig laghdú 36 % ar na díolacháin chuig margadh an Aontais le linn na tréimhse céanna. |
|
(340) |
Tháinig méadú ar an meánphraghas onnmhairiúcháin go dtí 2022, áit ar tháinig méadú faoi dhó air i gcomparáid le 2020. Ó 2022 ar aghaidh, thosaigh praghsanna onnmhairiúcháin ag dul i laghad ach d’fhan siad ag 75 % os cionn phraghsanna 2020 le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(341) |
Thairis sin, bhí praghsanna onnmhairiúcháin beagán níos ísle ná praghsanna díolacháin chuig an Aontas in 2020 agus 2021, ach bhí siad níos airde in 2022, 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(342) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh í feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais ba chúis leis an díobháil a rinneadh. |
5.2.4. Costas táirgthe agus infheistíochtaí
|
(343) |
D’áitigh CICS agus Steelforce go ndearnadh féindíobháil do thionscal an Aontais: toisc go raibh na costais táirgthe ag dul i méid agus go raibh méadú suntasach ag teacht ar infheistíochtaí thionscal an Aontais mar sin féin. |
|
(344) |
Ar an gcéad dul síos, shoiléirigh an Coimisiún ina leith sin go raibh tionchar ag an méadú domhanda ar chostas táirgthe agus, go háirithe, ar amhábhair agus ar fhuinneamh, ar gach gníomhaí sa mhargadh ar bhealach comhchosúil leis an bhfianaise gur tháinig méadú suntasach ar phraghsanna allmhairí ó gach tríú tír eile lena n-áirítear an tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, ní raibh méadú den sórt sin ar chostais ina ghné a bhí uathúil do thionscal an Aontais amháin. |
|
(345) |
An tráth céanna, níor chuir CICS, Steelforce ná aon pháirtí leasmhar eile fianaise i láthair a léireodh go ndéanfaí difear ar bhealach éagsúil do ghníomhaithe eile sa mhargadh, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha. |
|
(346) |
Mar a mhínítear in aithrisí (291) agus (294), ceanglaíodh ar infheistíochtaí thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú caighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh nó bhí siad riachtanach chun acmhainneachtaí atá ann cheana a choinneáil ar bun trí dheisiúcháin agus athsholáthairtí fíor-riachtanacha a dhéanamh. |
|
(347) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir na costais táirgthe a bhí ag dul i méid leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an gcaoi chéanna, infheistíochtaí a cheanglaítear leis an dlí nó atá riachtanach chun táirgeadh sábháilte a choinneáil ar bun, ní féidir a mheas gur chuir siad le díobháil do thionscal an Aontais. |
5.2.5. Conarthaí fadtéarmacha idir táirgeoirí agus úsáideoirí an Aontais
|
(348) |
Mar a mhínítear in aithris (317), bhí díolacháin thionscal an Aontais i margadh an Aontais bunaithe de ghnáth ar chonarthaí bliantúla le custaiméirí lena socraítear praghsanna don bhliain dár gcionn agus níorbh fhéidir ach coigeartuithe eisceachtúla a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin nach féidir le praghsanna éagsúlachtaí gearrthéarmacha costais a tharlaíonn laistigh den bhliain ar leith a leanúint. Dá bhrí sin, teastaíonn roinnt ama ó thionscal an Aontais chun a phraghsanna a choigeartú d’athruithe ar dhálaí an mhargaidh. Go deimhin, le linn 2021, ceanglaíodh orthu praghsanna a caibidlíodh in R4/2020 a thairiscint ach tháinig méadú 15 % ar chostais táirgthe ó 2020 go 2021. Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris (318), chuir suaitheadh sa mhargadh in 2021 agus an laghdú dá bharr sin ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna ísle ar chumas tháirgeoirí an Aontais praghsanna i bhfad níos airde a chaibidliú le haghaidh 2022, rud a léirigh a gcostais táirgthe mhéadaithe agus a mbrabúsacht a fháil ar ais. |
|
(349) |
Dá bhrí sin, an t-aga moille idir an méadú ar chostas na n-amhábhar agus an méadú ar na praghsanna díolacháin mar gheall ar na conarthaí bliantúla, ní cosúil go gcuirfeadh sé cosc ar thionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a chur in oiriúint do chostas méadaitheach na táirgeachta thar an tréimhse atá á breithniú. Mar thoradh air sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nach ndearnadh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a rinneadh a mhaolú trí na praghsanna díolacháin a shocrú i gconarthaí bliantúla. |
5.3. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(350) |
I margadh a bhí ag dul i laghad, agus tar éis margadh an Aontais a bheith cosanta go sealadach ar allmhairí ón tSín in 2021, bhí méadú ag teacht ar mhéid na n-allmhairí ón tSín agus ar an sciar den mhargadh a bhí á fháil acu in 2022, 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus bhí méideanna na ndíolachán agus sciar thionscal an Aontais den mhargadh thíos leis, a bhí ag dul i laghad dá réir. |
|
(351) |
Bhí allmhairí Síneacha den sórt sin ag teacht isteach san Aontas ar phraghsanna a rinne sladghearradh ar phraghsanna an Aontais, rud ba chúis le sochtadh agus ísliú praghsanna. Ba é 2022 an t-aon eisceacht nuair a bhí tionscal an Aontais, mar thoradh ar éiginnteachtaí sa mhargadh sa bhliain roimhe sin, in ann praghsanna a bhaint amach a bhí ard go leor chun a gcostais táirgthe a chumhdach. Bhí na hallmhairí dumpáilte ón tSín ag tarraingt anuas ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, rud a bhí ag déanamh caillteanais cheana féin ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(352) |
Níor suíodh go raibh aon toisc eile ina cúis le díobháil den sórt sin do thionscal an Aontais. |
|
(353) |
Rinne an Coimisiún idirdhealú agus deighilt idir éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Bhí éifeacht an laghdaithe ar thomhaltas, allmhairí ó thríú tíortha eile, agus feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais ar fhorbairtí diúltacha thionscal an Aontais i dtéarmaí caillteanas méideanna díolachán, praghsanna, agus brabúsacht laghdaitheach teoranta, más ann dó. |
|
(354) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go raibh na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh na dtosca eile, arna meas ar bhonn aonair nó go comhpháirteach. Is éard a bhí sa díobháil den chuid is mó caillteanas sciar den mhargadh, sladghearradh praghsanna, sochtadh agus ísliú praghsanna, agus brabúsacht a bhí ag titim. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(355) |
Sa chás seo, mhaígh an gearánach go raibh saobhadh amhábhar ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, maidir le cruach theorollta. Dá bhrí sin, chun an measúnú a dhéanamh ar leibhéal iomchuí na mbeart, shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go gcuirfí deireadh leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Scrúdaigh sé ansin an mbeadh corrlach dumpála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte níos airde ná a gcorrlach díobhála. |
6.1. Corrlach díobhála
|
(356) |
Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. |
|
(357) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shocrú, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %. |
|
(358) |
I dtús báire, bhunaigh an Coimisiún bunbhrabús a chumhdaigh na costais iomlána sna gnáthdhálaí iomaíochta. Ós rud é nach bhféadfadh gach táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais sonraí iontaofa a sholáthar chun brabúsacht ar dhíolacháin le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a thaispeáint roimh an méadú ar allmhairí ón tír atá faoi imscrúdú, shuigh an Coimisiún an spriocbhrabús chun an praghas neamhdhíobhálach a chinneadh ag 6 %, i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán. |
|
(359) |
Ar an mbonn sin, ríomhadh an praghas neamhdhíobhálach, tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite de 6 % a chur i bhfeidhm maidir le costas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(360) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascróidh as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, costais a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Ar bhonn na fianaise a chuir táirgeoirí sampláilte an Aontais i láthair, shuigh an Coimisiún costas breise do gach táirgeoir de chuid an Aontais, as ar bhain sé an costas iarbhír a bhain le comhlíonadh na gcoinbhinsiún sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin don táirgeoir féin, rud as ar tháinig toradh EUR [0 – 70]/tona. Cuireadh an difríocht sin leis an bpraghas neamhdhíobhálach a luaitear in aithris (359) thuas. |
|
(361) |
Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún spriocphraghas aonaid deiridh idir 1 323 agus EUR 1 821/tona le haghaidh táirge comhchosúil thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite (féach aithris (358) thuas) a chur le costas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin de réir cineáil agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) a chur leis. |
|
(362) |
Ansin chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála ar bhonn comparáid idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sa tSín, mar a suíodh i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú. |
|
(363) |
Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’ agus le haghaidh ‘gach cuideachta eile’ ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin (féach aithrisí (220) go (227) thuas).
|
6.2. Scrúdú ar an gcorrlach a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais
|
(364) |
Mar a mhínítear san fhógra tionscnaimh chuir an gearánach fianaise leordhóthanach ar fáil don Choimisiún go raibh saobhadh amhábhar sa tír lena mbaineann maidir leis an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, san imscrúdú seo scrúdaíodh an saobhadh líomhainte chun a mheas, más ábhartha, ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil. |
|
(365) |
Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na corrlaigh a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil níos airde ná na corrlaigh dhumpála, mheas an Coimisiún, ag an bpointe sin, nach raibh sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar an ngné sin. |
6.3. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(366) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
|
(367) |
Tar éis dó a chinneadh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé a chinneadh go soiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás seo, d’ainneoin an chinnidh maidir le dumpáil dhíobhálach, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(368) |
Tá ceithre tháirgeoir i dtionscal an Aontais, ar tháinig meath suntasach ar a ndíolacháin agus ar a sciar den mhargadh le linn an dara leath den tréimhse faoi bhreathnú, agus bhí tionchar diúltach acu sin ar a bhrabúsacht, ar a leibhéal fardail agus ar a fhostaíocht. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. |
|
(369) |
Mura bhforchuirfear bearta sealadacha, is dócha, mar thoradh ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte, go gcuirfear iallach ar thionscal an Aontais deireadh a chur le táirgeadh táirgí stánphlátáilte mar gheall ar chaillteanas an sciar den mhargadh agus caillteanais charntha. Mar sin féin, tar éis bearta sealadacha frithdhumpála a fhorchur, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar mhéideanna díolachán agus ar phraghsanna thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, rud a chuirfidh feabhas ar bhrabúsacht agus ar tháscairí airgeadais eile an tionscail sin agus a chuirfidh cosc ar dhúnadh saoráidí táirgthe. |
|
(370) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go mbeadh bearta sealadacha frithdhumpála chun leas thionscal an Aontais. |
7.2. Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe
|
(371) |
Chuir allmhaireoir amháin, Steelforce, freagra an cheistneora isteach, freagra a fíoraíodh. Thionóil seirbhísí an Choimisiúin éisteacht le Steelforce freisin inar thug an chuideachta tuilleadh sonraí faoina seasamh. |
|
(372) |
Fostaíonn Steelforce thart ar [50-70] duine agus bhí sé freagrach as sciar mór d’allmhairí iomlána na Síne le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mhaígh an t-allmhaireoir go mbeadh forchur na ndleachtanna in aghaidh leas an Aontais. Ós rud é gur bhain formhór argóintí Steelforce mar thaca leis an maíomh sin leis an tionchar a bheadh ag na dleachtanna ar úsáideoirí, déantar anailís ar na barúlacha sin in éineacht le barúlacha na n-úsáideoirí i roinn 7.3 thíos. |
|
(373) |
Agus measúnú á dhéanamh aige ar an tionchar a bheadh ag na dleachtanna ar an allmhaireoir sin, thug an Coimisiún dá aire, cé gur allmhairigh Steelforce sciar suntasach d’allmhairí iomlána na Síne isteach san Aontas, gur allmhairigh sé go leor táirgí eile freisin. Go deimhin, ní raibh in athdhíol táirgí stánphlátáilte ach sciar réasúnta beag de láimhdeachas iomlán na cuideachta. |
|
(374) |
Ós rud é go raibh an chuideachta brabúsach le linn na tréimhse imscrúdúcháin i ngach deighleog dá gnó agus go raibh sciar suntasach de mhargadh allmhairí na dtáirgí stánphlátáilte aici, agus go raibh tromlach dá gnó nach mbaineann le táirgí stánphlátáilte aici freisin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanfadh na dleachtanna dochar suntasach don allmhaireoir sin. |
|
(375) |
Ós rud é nár tháinig aon allmhaireoir ná trádálaí eile chun cinn chun cur i gcoinne na ndleachtanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dócha go mbeidh tionchar diúltach suntasach ag na dleachtanna ar staid allmhaireoirí agus trádálaithe san Aontas. |
7.3. Leas úsáideoirí
|
(376) |
Thug dhá úsáideoir freagraí ar an gceistneoir, Massilly Holding S.A.S (‘Massilly’) agus Trivium Packaging B.V. (‘Trivium’). Thug Massilly agus úsáideoir eile, Pirlo Holding GmbH (‘Pirlo’), barúlacha freisin i gcoinne dleachtanna a fhorchur, mar a rinne comhlachas úsáideoirí amháin, Metal Packaging Europe (‘MPE’). |
|
(377) |
Mhaígh Massilly, Pirlo, agus MPE go léir go mbeadh forchur dleachtanna i gcoinne leas an Aontais, toisc go mbeadh tionchar diúltach tromchúiseach aige ar ghnólachtaí úsáideoirí. Rinne Steelforce maímh chomhchosúla, go háirithe i gcomhthéacs na cosanta atá ag earnáil na dtáirgí stánphlátáilte cheana féin leis na bearta coimirce. |
|
(378) |
Mhaígh Steelforce agus MPE freisin nach bhfuil acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach san Aontas agus, dá bhrí sin, go bhfuil allmhairí fíor-riachtanach chun cobhsaíocht an tsoláthair a ráthú, toisc go bhfuil moill shuntasach ar úsáideoirí an Aontais cheana féin ar sheachadtaí ó tháirgeoirí de chuid an Aontais. Thairis sin, ós rud é go bhfuil éileamh mór ar tháirgí stánphlátáilte ar fud an domhain, tá acmhainneachtaí breise le haghaidh onnmhairí chuig an Aontas teoranta agus, i gcás ar bith, cosnaítear iad leis na bearta coimirce. |
|
(379) |
Ina theannta sin, mhaígh MPE, Steelforce, Pirlo, agus Massilly go gcuirfeadh dleachtanna frithdhumpála brú ar bhrabúsacht na monaróirí miotail, ós rud é go bhfuil a bpríomhmhargadh (tionscal bia agus deochanna pacáistithe) thar a bheith íogair ó thaobh praghsanna de, agus nach féidir leo na méaduithe ar phraghsanna a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí iartheachtacha. Ina theannta sin, dhéanfadh aon mhéadú ar phraghas dochar dá n-iomaíochas i gcoinne mhonaróirí cineálacha eile pacáistíochta, go háirithe plaisteach agus Tetra Pak. |
|
(380) |
Mhaígh Steelforce agus Massilly go ndéanfadh sé sin dochar thairis sin do bheartais chomhshaoil an Aontais ós rud é go bhfuil in-athchúrsáilteacht i bhfad níos airde ag cannaí cruach ná cineálacha eile pacáistíochta. |
|
(381) |
Mhaígh Steelforce agus CICS freisin go ndéanfadh dleachtanna frithdhumpála dochar don slabhra soláthair ina iomláine, go háirithe tionscal an bhia stánaithe, rud a chuirfeadh dlús leis an dífheistiú lasmuigh den Aontas. Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar allmhairí táirgí iartheachtacha (cannaí folmha) nó táirgí críochnaithe (cannaí a líontar le bia/deochanna) chuig an Aontas, is cinnte go gcuirfidh dleachtanna frithdhumpála ar tháirgí stánphlátáilte le treochtaí dífheistithe den sórt sin. |
|
(382) |
Maidir leis na bearta coimirce a luaitear in aithris (244) agus maidir leis na maímh ó pháirtithe leasmhara ina leith sin a ndéantar achoimre orthu in aithrisí (363) agus (378), thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil sé de chuspóir ag bearta coimirce cosaint a thabhairt ar allmhairí dumpáilte agus nach féidir leo sin a dhéanamh. Mar a luaitear in aithris (244), chuir an Coimisiún san áireamh na dleachtanna a íocadh ar chainníochtaí den táirge faoi imscrúdú a allmhairíodh os cionn na gcuótaí ráta taraife saor ó dhleacht a socraíodh leis na bearta coimirce, agus shuigh sé go raibh an corrlach sladghearrtha fós suntasach, idir [15-25] %. |
|
(383) |
Maidir leis na hacmhainneachtaí a bhí ar fáil, sháraigh acmhainneacht thionscal an Aontais éileamh iomlán an Aontais ar tháirgí stánphlátáilte faoi bheagnach aon mhilliún tona fiú sa bhliain éilimh ba mhó in 2020. Ina theannta sin, díoladh allmhairí ó roinnt tríú tíortha go comhsheasmhach le margadh an Aontais. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh ganntanas soláthair ann. |
|
(384) |
Maidir le tionchar na ndleachtanna ar na húsáideoirí, léiríodh sna freagraí ceistneora ó Trivium agus Massilly gurb ionann táirgí stánphlátáilte agus thart ar [35-55] % ina gcostais táirgthe iomlána, cé go bhfoinsíonn siad sciar réasúnta beag dá dtáirgí stánphlátáilte ón tSín. |
|
(385) |
Bhí Massilly agus Trivium araon brabúsach in 2023, agus choinnigh Trivium leibhéil chomhchosúla bhrabúsachta ar bun le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus níor sholáthair Massilly figiúirí brabúsachta le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(386) |
Ar bhonn na sonraí neamhfhíoraithe atá ar fáil, mheas an Coimisiún, fiú le dleacht 50 % ar tháirgí stánphlátáilte Síneacha a cheannaíonn na húsáideoirí sin, agus na heilimintí eile go léir fós gan athrú, go dtiocfadh méadú níos lú ná 2 % ar chostais fhoriomlána táirgthe an dá úsáideoir sin sa deighleog den ghnó atá ag brath ar tháirgí stánphlátáilte. |
|
(387) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh na húsáideoirí sin fós brabúsach, fiú mura bhféadfaidís cuid den mhéadú costais a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, agus gur diomaibhseach an tionchar a bheadh ag dleachtanna orthu. |
|
(388) |
Níor tugadh fianaise chuimsitheach mar bhunús leis na maímh maidir le hiomaíocht mhéadaithe ón gcoigríoch in earnálacha iartheachtacha ná leis an aistriú chuig ábhair eile i dtionscal na pacáistíochta mar a cheaptar mar thoradh ar dhleachtanna frithdhumpála. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann fírinneacht na maíomh sin a fhíorú ná a thromchúisí a d’fhéadfadh tionchar den sórt sin a bheith a chainníochtú. |
|
(389) |
Ar an gcaoi chéanna, ní fhéadfadh an Coimisiún meastachán a dhéanamh ar a mhéid a bheadh tionchar diúltach ag na dleachtanna ar a bheartais chomhshaoil dá bhrí sin. |
|
(390) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nach mbeadh tionchar diúltach suntasach ag forchur dleachtanna ar úsáideoirí. |
7.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(391) |
Mar a léirítear thuas, tá tionscal táirgí stánphlátáilte an Aontais i staid fhorbhásach, ós rud é go raibh sé neamhbhrabúsach don chuid is fearr den tréimhse faoi bhreathnú. Os a choinne sin, thug an Coimisiún dá aire ina leith sin go raibh an t-allmhaireoir comhoibríoch agus an dá úsáideoir a chuir freagraí ar an gceistneoir isteach brabúsach. |
|
(392) |
Ar an gcaoi chéanna, ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil dó ó úsáideoirí comhoibríocha, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go ndéanfadh na dleachtanna difear diúltach tromchúiseach do ghnó úsáideora táirgí stánphlátáilte. Ní fhéadfadh méadú 2 % ar an gcostas táirgthe a bheith chomh díobhálach céanna d’úsáideoir agus atá timpeallacht ghnó atá ag dul in olcas go comhsheasmhach do tháirgeoirí an Aontais. |
|
(393) |
Ar deireadh, luaigh ceann de na húsáideoirí féin ina fhreagra ar an gceistneoir go dtairgeann táirgeoirí de chuid an Aontais solúbthacht seirbhíse agus agaí tionscanta gearra, rud a thugann le fios go mbaineann na húsáideoirí féin tairbhe as táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith i láthair agus dá bhrí sin gur chun a leasa é gan imeacht as an tionscal. |
|
(394) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis láidir nach mbeadh sé le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí táirgí stánphlátáilte de thionscnamh na Síne, le linn na céime seo den imscrúdú. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA
|
(395) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(396) |
Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí tairgí stánphlátáilte de thionscnamh na Síne, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála agus na corrlaigh dhumpála i gcomparáid le chéile (aithrisí (363) thuas). Is ar leibhéal an chorrlaigh dumpála nó an chorrlaigh díobhála, cibé acu luach ab ísle, a socraíodh méid na ndleachtanna. |
|
(397) |
I bhfianaise a bhfuil thuas ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(398) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de tionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.’ Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(399) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne.’ |
|
(400) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(401) |
Má thagann méadú suntasach ar an gcainníocht onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. |
|
(402) |
Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta nó dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
9. CLÁRÚ
|
(403) |
Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an fhéidearthacht ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. |
|
(404) |
I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart scor de chlárú na n-allmhairí nó deireadh a chur leis an gclárú. |
|
(405) |
Ní féidir cinneadh a dhéanamh ag an gcéim seo den nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach féideartha i ndáil le bearta frithdhumpála. |
10. FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH
|
(406) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. |
|
(407) |
Fuarthas barúlacha ó Baosteel Group agus Shougang Jingtang, ach níor léirigh aon cheann de na barúlacha sin aon ábhar imní maidir le cruinneas na ríomhanna, agus tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na barúlacha a thug na páirtithe sin ag an gcéim chinntitheach. |
11. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(408) |
Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta. |
|
(409) |
Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta ó mhuileann stáin d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad brataithe nó plátáilte le stán, bíodh siad brataithe le hábhar plaisteach agus/nó vearnaiseáilte nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC 7210 11 00 , 7210 12 , ex 7210 70 , 7210 90 40 , ex 7210 90 80 , 7212 10 , agus ex 7212 40 (cóid TARIC 7210 70 10 15, 7210 70 80 20, 7210 70 80 92, 7210 90 80 20, 7212 40 20 10, 7212 40 80 12, 7212 40 80 30, 7212 40 80 80, agus 7212 40 80 85) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála sealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála shealadach |
Cód breise TARIC |
||||
|
Baosteel Group:
|
14,1 % |
89LB |
||||
|
Shougang Jingtang United Iron & Steel Co., Ltd. |
47,1 % |
89LC |
||||
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
25,3 % |
|
||||
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne |
62,6 % |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir leis na tonaí de tháirgí stánphlátáilte a díoladh lena n-onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
4. An táirge dá dtagraítear i mír 1, beidh a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta a sholáthar a bheidh comhionann le méid na dleachta sealadaí.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Cuirfidh páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha i scríbhinn maidir leis an Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Maidir leis na páirtithe leasmhara ar mian leo éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh ar iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.
Airteagal 3
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2731 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024.
2. Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh aon bhearta cinntitheacha i bhfeidhm, sin nó go dtí go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ar feadh tréimhse 6 mhí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) San Fhógra Tionscnaimh, úsáideadh an t-ainm gearr ‘stánphláta’. San Ainmníocht Chomhcheangailte, áfach, nóta breise 1 (an dara fleasc) a ghabhann le Caibidil 72 (féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=OJ:L_202402522), sainmhíníodh stánphláta mar seo a leanas: chun críocha fho-cheannteidil 7210 12 20 , 7210 70 10 , 7212 10 10 agus 7212 40 20 , táirgí cothromrollta (de thiús
níos lú ná 0,5 mm) brataithe le sraith miotail ina bhfuil, de réir meáchain, 97 % nó níos mó de stán. Ós rud é go bhfuil an táirge a chumhdaítear leis an imscrúdú seo níos leithne ná an sainmhíniú sin, chinn an Coimisiún ‘táirgí stánphlátáilte’ a úsáid ina ionad sin chun an táirge faoi imscrúdú a shainiú.
(3) IO C, C/2024/3112, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3112/oj.
(4) IO L, 2024/2731, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2731/oj.
(5) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2726.
(6) A bhfuil, de réir Baosteel Group, tiús faoi bhun 0,17 mm aige de ghnáth.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1444/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/100/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj.
(8) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 80; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 208.
(9) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 60; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 38; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 192.
(10) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí 66-68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 40; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 193-4. Cé go bhféadfaí a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (agus triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad inti mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne a chuid maíomh chun cinntí gnó a rialú i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit mar phrionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin go bhfuil brú á chur ag Páirtí Cumannach na Síne ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus brú méadaitheach ann go mbeadh an focal deiridh ag eagraíochtaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ndáil leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú agus soláthróirí a gcuid ionchur.
(11) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí 61-65; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 59; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 43; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 195-201.
(12) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 62; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 52; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 74; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 202.
(13) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 72; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 33; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 75; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 203.
(14) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris 73; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 204.
(15) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2024)91, an 10 Aibreán 2024, le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=en.
(16) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2017)483, 20 Nollaig 2017, le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en.
(17) Féach http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 24 Meán Fómhair 2024).
(18) Féach:http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 24 Meán Fómhair 2024).
(19) Féach https://www.baoganggf.com/gsjj (arna rochtain an 24 Meán Fómhair 2024).
(20) Féach https://www.shougang.com.cn/en/ehtml/ShougangNews/20180416/1028.html (arna rochtain an 2 Deireadh Fómhair 2024).
(21) Féach https://www.shougang.com.cn/sgweb/html/index.html (arna rochtain an 24 Meán Fómhair 2024).
(22) Féach:https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-02/08/content_5672513.htm (arna rochtain an 26 Meán Fómhair 2024).
(23) Féach Roinn IV, Foroinn 3 den 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt.
(24) Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 26 Meán Fómhair 2024).
(25) Féach Plean Gníomhaíochta Trí Bliana Cúige Hebei maidir le Forbairt Braisle sa Slabhra Tionscal Cruach, Caibidil I, Roinn 3; le fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20200717/1089773.shtml (arna rochtain an 3 Deireadh Fómhair 2024).
(26) Féach Plean Cur Chun Feidhme Henan maidir le hAthchóiriú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach le linn an 14ú Plean Cúig Bliana, Caibidil II, Roinn 3; le fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211210/1192881.shtml (arna rochtain an 26 Meán Fómhair 2024).
(27) Plean Oibre Chúige Jiangsu maidir leis an Earnáil Cruach a Athchóiriú agus a Uasghrádú agus Optamú a dhéanamh ar an Leagan Amach 2019-2025; le fáil ag: http://www.jiangsu.gov.cn/art/2019/5/5/art_46144_8322422.html (arna rochtain an 26 Meán Fómhair 2024).
(28) An 14ú Plean 5 Bliana de chuid Chúige Shandong maidir le Forbairt an Tionscail Cruach; le fáil ag: https://m.mysteel.com/21/1119/11/DFD9D26D73D90F7D_abc.html (arna rochtain an 4 Deireadh Fómhair 2024).
(29) Plean Gníomhaíochta 2020 Chúige Shanxi um Chlaochlú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach; le fáil ag: https://m.mysteel.com/20/0715/11/7BF7729C99CEB3EA_abc.html (arna rochtain an 14 Deireadh Fómhair 2024).
(30) An 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Bhardas Liaoning Dalian maidir le Tionscal Monaraíochta a Fhorbairt: ‘Faoi 2025, sroichfidh luach aschuir tionsclaíoch na n-amhábhar nua 15 mhilliún yuan, agus is léir go bhfuil feabhas tagtha ar chumas ráthaíochta trealaimh agus príomhábhair.’; le fáil ag: https://www.dl.gov.cn/art/2021/12/20/art_854_1995411.html (arna rochtain an 5 Nollaig 2023).
(31) Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang chun Forbairt Ardchaighdeáin ar an Tionscal Cruach a Chothú: ‘ Cumaisc agus atheagrú fiontair a chothú, an próiseas comhchruinnithe a luathú, líon na bhfiontar bruithnithe cruach a laghdú go dtí thart ar 10 bhfiontar ’; le fáil ag: https://www.jiaxing.gov.cn/art/2022/4/20/art_1228922756_59529426.html (arna rochtain an 14 Deireadh Fómhair 2024).
(32) Féach: http://www.ansteel.cn/dangdejianshe/dangjiandongtai/2023-03-17/12429.html (arna rochtain an 26 Meán Fómhair 2024).
(33) Féach Baoshan Iron and Steel Ltd. Tuarascáil bhliantúil 2023, leathanach 41 https://static.sse.com.cn/disclosure/listedinfo/announcement/c/new/2024-04-27/600019_20240427_B5D4.pdf (arna rochtain an 4 Deireadh Fómhair 2024).
(34) Féach https://www.wuganggroup.cn/people/3143 (arna rochtain an 3 Deireadh Fómhair 2024).
(35) Féach https://mp.weixin.qq.com/s?__biz=MjM5Njg2NjIwMQ==&mid=2654952836&idx=1&sn=505b807e2826f1e3e6f08ba15b727722&chksm=bd294c728a5ec5641240246649545fda2b2065c015f861fa599249b2165962ca848a25a1faa2&token=1369557425&lang=zh_CN#rd (arna rochtain an 3 Deireadh Fómhair 2024).
(36) Féach:https://www.baoganggf.com/ggry (arna rochtain an 3 Deireadh Fómhair 2024).
(37) Féach: https://www.shougang.com.cn/sgweb/html/gsld.html (arna rochtain an 3 Deireadh Fómhair 2024).
(38) Féach leathanach 32 d’Airteagail Chomhlachais Baoshan Iron and Steel Ltd., le fáil ag: https://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESH_STOCK/2023/2023-11/2023-11-22/9654968.PDF (arna rochtain an 4 Deireadh Fómhair 2024).
(39) Féach https://foundry.org.cn/%e5%8d%8f%e4%bc%9a%e7%ab%a0%e7%a8%8b (arna rochtain an 27 Meán Fómhair 2024).
(40) Féach https://www.chinaisa.org.cn/gxportal/xfgl/portal/content.html?articleId=5b2ddec5eba936fba45d7bd801b09f6ff30d867762906011672eaeda213c54ac&columnId=0227750914a0f2a722c5b71b220e0aa19ceb0ee2cd7a7e325a35f6591cdbf66a (arna rochtain an 27 Meán Fómhair 2024)
(41) Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lch. 346 agus na línte seo a leanas.
(42) Féach Daon-Phoblacht na Síne, an 14ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ar: https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 26 Meán Fómhair 2024).
(43) Féach go háirithe Roinn I agus II den 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na n-Amhábhar a Fhorbairt.
(44) Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 3 Deireadh Fómhair 2024).
(45) Féach an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, lch. 22.
(46) Féach https://en.ndrc.gov.cn/news/mediarusources/202203/t20220325_1320408.html (arna rochtain 26 Meán Fómhair 2024).
(47) Féach Plean Gníomhaíochta Iarann agus Cruach Bardas Hebei Tangshan 1 + 3 2022, Caibidil 4, Roinn 2; le fáil ag: http://www.chinaisa.org.cn/gxportal/xfgl/portal/content.html?articleId=e2bb5519aa49b566863081d57aea9dfdd59e1a4f482bb7acd243e3ae7657c70b&3columnId764755 2b7b82cda039ef70be46ee37f9385ed3198f68a (arna rochtain an 26 Meán Fómhair 2024).
(48) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 63; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 33.
(49) Féach fonóta 15.
(50) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 21 Feabhra 2024, Sinopec Chongqing SVW Chemical Co. Ltd e. a. v an Coimisiún, Cás T-762/20, ECLI:EU:T:2024:113, mír 43, a ndearnadh achomharc ina choinne in C-319/24 P, an Coimisiúnv Sinopec e. a, ar feitheamh.
(51) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(52) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Chónaidhm na Rúise chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, SWD(2020) 242 final, https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2020)242&lang=en, féach Caibidil 14.1 (arna rochtain an 18 Nollaig 2024).
(53) OECD, Latest developments in steelmaking capacity and outlook until 2026 ‘ECFE, Na forbairtí is déanaí maidir le hacmhainneacht agus ionchas déanta cruach go dtí 2026’, DSTI/SC(2024)3/FINAL, 12.06.2024, https://one.oecd.org/document/DSTI/SC(2024)3/FINAL/en/pdf.
(54) https://www.ticaret.gov.tr/ithalat/ticaret-politikasi-savunma-araclari/damping-ve-subvansiyon/sorusturmalar/tamamlanan-sorusturmalar-completed-investigations/ds-teblig-no2024-33-sicak-haddelenmis-yassi-celik-cin-halk-cumhuriyeti-hindistan-cumhuriyeti-japonya-rusya-federasyonu-hot-rolled-flat-steel-china-p-r-republic-of-india-japan-russian-federation (arna rochtain an 18 Nollaig 2024))
(55) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Chónaidhm na Rúise chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, féach Caibidil 10.2.3.
(56) Féach mar shampla: https://www.reuters.com/markets/commodities/turkey-track-become-europes-top-coal-burner-2024-2024-01-30/ (arna rochtain an 18 Nollaig 2024).
(57) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33) arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/749 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2017 (IO L 113, 29.4.2017, lch. 11).
(58) I gcás saothair: https://www.dosm.gov.my/portal-main/release-subthemes/manufacturing, i gcás leictreachais: https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1, i gcás gás nádúrtha: https://www.st.gov.my/ agus https://www.st.gov.my/contents/files/highlights/2022-12-27/1672105122.pdf, agus le haghaidh uisce: https://www.span.gov.my/document/upload/n8sVd7sPHPq3A68TTVeLYLvJiU1sC3Ta.pdf.
(59) Ní úsáidtear an tagarmharc seo do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin a léirigh nach ndéanann saobhadh faoi Airteagal 2(6a) difear dá gceannacháin
(60) Ní úsáidtear an tagarmharc seo do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin a léirigh nach ndéanann saobhadh faoi Airteagal 2(6a) difear dá gceannacháin
(61) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(62) https://www.dosm.gov.my/portal-main/release-subthemes/manufacturing (arna rochtain an 12 Samhain 2024)
(63) https://www.kwsp.gov.my/en/employer/responsibilities/mandatory-contribution (arna rochtain an 25 Samhain 2024)
(64) https://www.perkeso.gov.my/en/our-services/employer-employee/kadar-caruman.html (arna rochtain an 25 Samhain 2024)
(65) https://www.mida.gov.my/setting-up-content/human-resources-development-fund/ (arna rochtain an 25 Samhain 2024)
(66) https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1 (arna rochtain an 12 Samhain 2024)
(67) https://www.st.gov.my/en/web/consumer/details/2/10 (arna rochtain an 25 Samhain 2024)
(68) https://www.st.gov.my/contents/files/highlights/2022-12-27/1672105122.pdf (arna rochtain an 12 Samhain 2024)
(69) https://www.worldbank.org/en/research/brief/inflation-database (arna rochtain an 25 Samhain 2024)
(70) https://www.span.gov.my/document/upload/n8sVd7sPHPq3A68TTVeLYLvJiU1sC3Ta.pdf (arna rochtain an 12 Samhain 2024)
(71) https://www1.eere.energy.gov/manufacturing/tech_assistance/pdfs/steam15_benchmark.pdf.
(72) MITI.S.600-2/2/34; PN(PU2)529/JLD.32.
(73) http://alliancesteel.com.my/?lang=en (arna rochtain an 18 Nollaig 2024)
(74) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, iad plátáilte nó brataithe le stán (‘stánphláta’), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne an 16 Bealtaine 2024, (C/2024/3112).
(75) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1782 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún, lena n-áirítear an fadú arna chur leis an mbeart coimirce ar allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L, 2024/1782, 25.6.2024, ELI, le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1782/oj.
IARSCRÍBHINN
TÁIRGEOIRÍ ONNMHAIRIÚCHÁIN COMHOIBRÍOCHA DE CHUID NA SÍNE NÁR SAMPLÁLADH
|
Ainm na Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
Jiangsu Youfu Sheet Technology Co., Ltd. |
89LD |
|
Hesteel Group Hengshui Strip Processing Co., Ltd. agus Handan Steel Group Hengshui Cold Rolling Steel Co., Ltd. |
89LE |
|
Handan Jintai Packing Material Co., Ltd. |
89LF |
|
Jiangsu Suxun New Material Co.,Ltd. |
89LG |
|
Jiangyin Comat Metal Products Co., Ltd. |
89LH |
|
GDH Zhongyue (Qinhuangdao) Tinplate Industrial Co.,Ltd. agus GDH Zhongyue (Zhongshan) Tinplate Industry Co., Ltd. |
89LI |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/81/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)