|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/80 |
15.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/80 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2025
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas,
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi cheithre ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) atá ann in éanlaith chlóis i gcúige Ontario, ráigeanna a deimhníodh idir an 14 Nollaig 2024 agus an 20 Nollaig 2024 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(6) |
Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi cheithre ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcontaetha Norfolk, Sasana, ráigeanna a deimhníodh an 17 Nollaig 2024 agus an 24 Nollaig 2024 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(7) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 38 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Alabama (1), California (11), Illinois (2), Iowa (4), Kansas (2), Michigan (2), Minnesota (3), Mississippi (1), Missouri (1), Nebraska (1), Ohio (2), Oklahoma (2), South Dakota (4) agus Wisconsin (2), ráigeanna a deimhníodh idir an 12 Nollaig 2024 agus an 27 Nollaig 2024 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(8) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Ceanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
|
(9) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna sin a tharla le déanaí. |
|
(10) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Ceanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a tharla le déanaí a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint. |
|
(11) |
Ina theannta sin, sholáthair Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis cothrom le dáta don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach táirgí áirithe san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(12) |
Chuir Ceanada faisnéis cothrom le dáta isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach i gcúige Alberta, ráig a deimhníodh an 14 Samhain 2024, le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(13) |
Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis cothrom le dáta isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontaetha Yorkshire agus Cornwall, Sasana, ráigeanna a deimhníodh an 5 Samhain 2024 agus an 17 Samhain 2024, faoi seach. |
|
(14) |
Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis cothrom le dáta isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le seacht ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit California agus Washington, ráigeanna a deimhníodh idir an 15 Deireadh Fómhair 2024 agus an 14 Samhain 2024, le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(15) |
Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme. |
|
(16) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe isteach agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le fionraí teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ó na criosanna lena mbaineann mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, gur cheart teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna lena mbaineann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas curtha ar fionraí a athúdarú. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. |
|
(18) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3141 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 trí theacht isteach san Aontas coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a chur ar fionraí ó thrí chrios nua i gCeanada inar tharla ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach: CA-2.245, CA-2.246 agus CA-2.247. Mar sin féin, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/314, níor cuireadh na tuairiscí ar na trí chrios sin i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/404 leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada. Dá bhrí sin, ba cheart Cuid 2 d’Iarscríbhinn V a cheartú dá réir, trí na tuairiscí sin a chur léi. |
|
(19) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil leis na tríú tír sin a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. Ní léir cad iad na suíomhanna geografacha beachta le haghaidh chriosanna CA-2.245, CA-2.246 agus CA-2.247, ónar cuireadh teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ar fionraí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3141. Dá bhrí sin, maidir leis an gceartúchán ar na tuairiscí ar na trí chrios sin a fágadh ar lár sna hiontrálacha a bhaineann le Ceanada i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ba cheart feidhm a bheith ag an gceartúchán sin ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3141. |
|
(20) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún
Ceartaítear Cuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le Cuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, áfach, ón 13 Nollaig 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3141 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L, 2024/3141, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3141/oj).
IARSCRÍBHINN
CUID I
LEASUITHE AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
CUID II
CEARTÚCHÁN AR RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/404 ÓN gCOIMISIÚN
In Iarscríbhinn V, Cuid 2, san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna CA-2.245, CA-2.246 agus CA-2.247 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.244:
|
‘Ceanada |
CA-2.245 |
British Columbia – Latitude 49.08, Longitude –122.15 The municipalities involved are: 3km PZ: Barrowtown 10km SZ: Abbotsford, Chilliwack, Deroche, Dewdney, Atchelitz, Kilgard, Cultus Lake, Arnold, Lindell and Lindell Beach |
|
CA-2.246 |
British Columbia – Latitude 48.49, Longitude –123.41 The municipalities involved are: 3km PZ: Saanich Core 10km SZ: Victoria, Brentwood Bay, Saanichton, Malahat, Millstream, Goldstream, Colwood, Langford, Cordova Bay, Esquimalt, View Royal and Oak Bay |
|
|
CA-2.247 |
Manitoba – Latitude 50.27, Longitude –98.06 The municipalities involved are: 3km PZ: Tin Town 10km SZ: Delta Beach, Oakland and Saint Marks’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/80/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)