|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/79 |
16.1.2025 |
ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE CINNEADH TARMLIGTHE Uimh. 202/24/COL
an 27 Samhain 2024
maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún [2025/79]
TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú, go háirithe Airteagal 1(1)(e) agus 1(2) agus Airteagal 3 de Phrótacal 1 de.
Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 13 i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE,
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1) , arna leasú agus arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe Airteagal 257(1) agus Airteagal 259(1)(c) de,
Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 13a i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE,
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe maidir le galair a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas lena mbaineann riosca suntasach maidir leis na galair liostaithe sin a leathadh (‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882’) (2) , arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe in Airteagail 1 agus 2 de agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis,
Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 13e i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE,
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (‘Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687’) (3), arna leasú agus arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe Airteagail 21, 39 agus 55 de,
arna oiriúnú do Chomhaontú LEE le pointe 4(d) de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE
De bharr an mhéid seo a leanas:
Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil ardphataigineach (‘HPAI’) in éin agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’) agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, bíonn baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagraítear do HPAI in Airteagal 9(1)(a)(i) de Rialachán (AE) 2016/429 mar ghalar liostaithe atá faoi réir na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a leagtar síos sa rialachán sin. San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 liostaítear galar HPAI mar ghalar de chatagóirí A, D agus E mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán sin.
Le hAirteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear ar Údarás Faireacháin CSTE (‘an tÚdarás’) athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta éigeandála arna nglacadh ag údaráis inniúla na hIorua de bhun Airteagal 257(1) den Rialachán céanna i gcás ráig de ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) (‘bearta na hIorua’), lena n-áirítear HPAI. Le hAirteagal 259(1)(c), ceanglaítear ar an Údarás, i gcás ina measfaidh sé gur gá, chun cur isteach gan údar maith ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí a sheachaint, na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 257(1) lena bhformheasfar bearta na hIorua a ghlacadh.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le rialú ghalair de chatagóirí A, B agus C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. Déantar foráil in Airteagal 21 den Rialachán sin maidir le criosanna cosanta agus faireachais a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear HPAI, mar aon le criosanna srianta eile más gá. Cuirtear an réigiúnú sin i bhfeidhm go háirithe chun stádas sláinte na n-éan a chaomhnú sa chuid eile de chríoch na hIorua trí chosc a chur le tabhairt isteach an oibreáin phataiginigh agus trí luathbhrath an ghalair a áirithiú.
An 14 Samhain 2024, thug an Iorua fógra faoi ráig dheimhnithe de HPAI i ngabháltas príobháideach ina bhfuil 96 éan i mbraighdeanas ar oileán Frøya i mbardas Trøndelag (4). Tá na bearta rialaithe galar is gá déanta ag údaráis inniúla na hIorua i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear criosanna cosanta agus faireachais a bhunú mórthimpeall na ráige sin.
Chun cosc a chur le haon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh de LEE, is gá tuairisc a thabhairt go pras ar na criosanna cosanta agus faireachais a bhunaigh an Iorua i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
Tá scrúdú déanta ag an Údarás ar na bearta rialaithe galar i gcomhar leis an Iorua, agus tá sé sásta go bhfuil teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais, a bhunaigh údaráis inniúla na hIorua, sách fada amach ó aon ghabháltas ina bhfuil ráig de HPAI deimhnithe.
Dá bhrí sin, ba cheart don Údarás na criosanna cosanta agus faireachais a bhaineann le HPAI san Iorua a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 259(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 agus a liostú in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo mar aon le ré na mbeart is infheidhme ann de réir Airteagail 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche in LEE a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.
An 26 Samhain 2024, chuir an tÚdarás, trí Chinneadh Tarmligthe Uimh. 201/24/COL (Doiciméad Uimh. 1499138) uaidh, an dréacht-Chinneadh faoi bhráid Choiste Tréidliachta agus Fíteasláintíochta CSTE i gcomhréir le hAirteagal 259(1) agus Airteagal 266(2) de Rialachán (AE) 2016/429. An 27 Samhain 2024, thug Coiste Tréidliachta agus Fíteasláintíochta CSTE tuairim dhearfach uaidh maidir leis an dréacht-Chinneadh. Dá réir sin, tá an dréacht-Chinneadh i gcomhréir le tuairim an Choiste.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an Iorua i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tar éis ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis nó in éin i mbraighdeanas, agus fad na mbeart rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta i gcomhréir le hAirteagal 39, agus sna criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe sin, tá siad formheasta agus liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Áiritheoidh an Iorua:
|
a) |
maidir leis na criosanna cosanta arna mbunú ag a húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1)(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimsíonn siad, ar a laghad, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
b) |
go gcoinnítear ar bun na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, dá bhforáiltear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna cosanta a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 3
Áiritheoidh an Iorua:
|
a) |
maidir leis na criosanna faireachais arna mbunú ag a húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(1)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimsíonn siad, ar a laghad, na limistéir a liostaítear mar chriosanna faireachais i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
b) |
go gcoinnítear ar bun na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna faireachais, dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad go dtí na dátaí le haghaidh na gcriosanna faireachais a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a shínithe.
Airteagal 5
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an dáta is déanaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, ar dáta é ar a scoirfidh bearta rialaithe galar in aon cheann de na criosanna cosanta nó faireachais de bheith infheidhme i gcomhréir le hAirteagail 39 nó 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, de réir mar is ábhartha.
Airteagal 6
Is chuig an Iorua a dhírítear an Cinneadh seo.
Airteagal 7
Beidh an cinneadh seo barántúil sa Bhéarla.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Samhain 2024.
Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE, ag gníomhú dó faoi Chinneadh Tarmligthe Uimh. 130/20/COL,
Árni Páll ÁRNASON
An Comhalta den Choláiste atá Freagrach
Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS
Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,
Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin
(1) Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.
(2) Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.
(3) Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Chomhchoiste LEE an 5 Feabhra 2021.
(4) Doiciméad Uimh. 1499135.
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Na criosanna cosanta san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
NO-HPAI(NON-P)-2024-00012 |
Na codanna d’oileán Frøya i mbardas Trøndelag atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS: domhanleithead 63.69999; domhanfhad 8.81327 |
9.12.2024 |
Cuid B
Na criosanna faireachais san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 3
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
NO-HPAI(NON-P)-2024-00012 |
Na codanna d’oileán Frøya i mbardas Trøndelag atá laistigh de gha 10 gciliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS: domhanleithead 63.69999; domhanfhad 8.81327 |
18.12.2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2025/79/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)