European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/75

14.1.2025

CINNEADH (CBES) 2025/75 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Eanáir 2025

maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i dtionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 46(6) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1639 ón gComhairle an 5 Samhain 2020 lena mbunaítear na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO (2), agus go háirithe Airteagal 2(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315, foráiltear go gcinnfidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann tríú Stát, ar Stát é ar mian leis na Ballstáit atá rannpháirteach i dtionscadal buanchomhair struchtúrtha (PESCO) cuireadh a thabhairt dó páirt a ghlacadh sa tionscadal sin, na ceanglais arna mbunú ag an gComhairle.

(2)

An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (3), lenar bunaíodh liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO. Le hAirteagal 1 den Chinneadh sin, foráiltear do thionscadal dar teideal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’, ina bhfuil 25 chomhalta tionscadail, lena n-áirítear an Ísiltír ina cáil mar chomhordaitheoir tionscadail.

(3)

An 5 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1639 lenar bunaíodh na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO. Foráiltear le hAirteagal 2(4) den Chinneadh sin go bhfuil an Chomhairle le cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar fhógra ó chomhordaitheoir nó ó chomhordaitheoirí tionscadail PESCO agus tar éis don Choiste Polaitiúil agus Slándála tuairim a thabhairt uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) CAE agus le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315, cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann rannpháirtíocht an tríú Stát sa tionscadal sin na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(4)

An 26 Meán Fómhair 2024, chuir an Eilvéis a hiarraidh ar rannpháirtíocht i dtionscadal Soghluaisteacht Mhíleata PESCO chuig comhordaitheoir an tionscadail sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Rinne comhaltaí an tionscadail measúnú ansin, ar bhonn na faisnéise a chuir an Eilvéis ar fáil, an gcomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(5)

An 25 Deireadh Fómhair 2024, thug comhordaitheoir thionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO fógra don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, gur chomhaontaigh comhaltaí tionscadail an tionscadail sin de chuid PESCO d’aon toil an méid seo a leanas: gur mian leo cuireadh a thabhairt don Eilvéis a bheith rannpháirteach sa tionscadal sin; maidir le raon feidhme, foirm agus céimeanna ábhartha rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal sin; agus go gcomhlíonann an Eilvéis na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(6)

An 12 Samhain 2024, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuairim faoin bhfógra ó chomhordaitheoir thionscadal Soghluaisteacht Mhíleata PESCO maidir leis an iarraidh ón Eilvéis a bheith rannpháirteach sa tionscadal sin (‘an fógra’). Go háirithe, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire an tuairisc ar thionscadal Soghluaisteacht Mhíleata PESCO mar a fhoráiltear san fhógra, lena n-áirítear a chuspóirí, a eagrú agus a chinnteoireacht chomh maith le réimsí fócais na hoibre. Thug sé dá aire freisin nach gcomhroinntear aon fhaisnéis rúnaicmithe ná íogair de chuid an Aontais laistigh den tionscadal agus nach gcuirtear an tionscadal chun feidhme le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) de réir bhrí Airteagal 3, pointe (g), de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Thairis sin, thug sé dá aire nach bhfuil soláthar armála, taighde agus forbairt cumais, ná úsáid agus onnmhairiú arm nó cumas agus teicneolaíocht i gceist le tionscadal Soghluaisteacht Mhíleata PESCO. Thug sé dá aire freisin, nach bhfuil baint ag eintitis, infheistíochtaí ná cistiú ó Bhallstáit atá rannpháirteach in PESCO leis ná ag iarrataí ar chistiú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí tionscadail.

(7)

D’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála freisin le raon feidhme molta, foirm mholta agus méid molta rannpháirtíocht na hEilvéise i dtionscadal Soghluaisteacht Mhíleata PESCO mar a thuairiscítear san fhógra iad. D’admhaigh sé go raibh sé curtha in iúl ag an Eilvéis go dtacaíonn sí go hiomlán le raon feidhme an tionscadail sin mar a shainítear san fhógra é.

(8)

Sa tuairim chéanna, dhearbhaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an tuairim arna comhaontú d’aon toil ag comhaltaí an tionscadail go gcomhlíonann an Eilvéis na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639, mar seo a leanas:

Comhlíonann an Eilvéis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2020/1639 ina gceanglaítear go ndéanfaidh sí a cuid féin de na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 2 CAE iad, agus de na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 21(1) CAE, maille le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) mar a leagtar síos é in Airteagal 21(2), pointí (a), (b), (c) agus (h), CAE; ní sháraíonn siad leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear urramú phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta leis na Ballstáit, agus a bheith páirteach in idirphlé polaitiúil leis an Aontas, lenar cheart gnéithe slándála agus cosanta a chumhdach freisin agus páirt á glacadh i dtionscadal de chuid PESCO;

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (b), de Chinneadh (CBES) 2020/1639 ó thaobh bhreisluach substaintiúil na hEilvéise do thionscadal Soghluaisteacht Mhíleata PESCO, tugtar achoimre mhionsonraithe san fhógra ar rannchuidiú na hEilvéise, lena n-áirítear maidir le raon feidhme, foirm agus méid a rannpháirtíochta sa tionscadal, a thacaíonn le comhlíonadh an choinníll sin;

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (c), de Chinneadh (CBES) 2020/1639, rannchuideoidh rannpháirtíocht na hEilvéise i dtionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO le CBSC leibhéal uaillmhéine an Aontais a neartú, lena n-áirítear chun tacú le misin agus oibríochtaí CBSC, mar a shonraítear freisin san fhógra;

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (d), de Chinneadh (CBES) 2020/1639, ní chuimsíonn tionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO soláthar armála, taighde agus forbairt cumais, ná úsáid agus onnmhairiú arm nó cumas agus teicneolaíochta; ní dhéantar aon chumas ná teicneolaíocht a fhorbairt leis an tionscadal. Dá bhrí sin, le rannpháirtíocht na hEilvéise sa tionscadal sin, ní bheidh aon spleáchais ar Eilvéis ná ní fhorchuirfidh an Eilvéis aon srianta i gcoinne aon Bhallstáit de chuid an Aontais;

na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (e), de Chinneadh (CBES) 2020/1639 a mhéid a bhaineann le comhsheasmhacht rannpháirtíocht na hEilvéise leis na gealltanais ábhartha níos ceangailtí de chuid PESCO, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2315, de réir mar a shonraítear a thuilleadh san fhógra. Ós rud é nach tionscadal atá dírithe ar chumas é tionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO, níl an coinníoll maidir le rannchuidiú rannpháirtíocht na hEilvéise chun na tosaíochtaí a eascraíonn as an bPlean Forbraíochta um Chumas agus as an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) a chomhlíonadh, ná maidir le tionchar dearfach a imirt ar Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB), níl an coinníoll sin infheidhme sa chomhthéacs seo;

comhlíontar an ceanglas a leagtar amachin Airteagal 3, pointe (f), de Chinneadh (CBES) 2020/1639 mar go bhfuil an Comhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú (4) i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2008;

níl an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (g), de Chinneadh (CBES) 2020/1639 infheidhme sa chás seo, ós rud é nach gcuirtear tionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO chun feidhme le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus níl, dá bhrí sin, gá le socrú riaracháin a bhfuil éifeacht aige le GEC;

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (h), de Chinneadh (CBES) 2020/1639, tá gealltanas tugtha ag an Eilvéis go bhféachfar le Socrú Riaracháin tionscadal-sonrach a thabhairt i gcrích mar aon le haon doiciméadacht eile is gá i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2017/2315 agus Cinneadh (CBES) 2018/909 (5) a bhaineann le rialacha rialachais PESCO.

(9)

Ar deireadh, sa tuairim uaidh, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh dearfach i dtaobh an gcomhlíonann rannpháirtíocht na hEilvéise i dtionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(10)

Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh go gcomhlíonann rannpháirtíocht na hEilvéise i dtionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Glacfaidh an Eilvéis páirt sa tionscadal sin ar an dáta a shonrófar sa socrú riaracháin atá le comhlíonadh ag an Eilvéis agus ag comhaltaí an tionscadail, i gcomhréir le hAirteagal 2(7) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Déanfaidh an Chomhairle a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639 agus féadfaidh sí cinntí breise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (3) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Comhlíonann rannpháirtíocht na hEilvéise i dtionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)   IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj.

(2)   IO L 371, 6.11.2020, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1639/oj.

(3)  Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/340/oj).

(4)  Comhaontú idir Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach maidir leis na nósanna imeachta slándála chun faisnéis rúnaicmithe a mhalartú (IO L 181, 10.7.2008, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/568/oj).

(5)  Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/909/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/75/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)