|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/72 |
17.1.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/72 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe do mheaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le táirge ar cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm ina leith agus ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní mór do na Ballstáit a mheas go gcomhlíonann an táirge sin ceanglais ábhartha uile an bhirt cur chun feidhme is infheidhme lena mbaineann na caighdeáin sin. Leagtar síos na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún (3) agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tar éis gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán sin ina socraítear ceanglais shonracha maidir le lipéadú, foilseoidh an Coimisiún tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm le linn measúnú comhréireachta táirge, measfar go bhfuil na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe á gcomhlíonadh ag an múnla. Leagtar síos na ceanglais tomhais agus ríofa le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún (5) agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 3518 ón gCoimisiún (6), chuir an Coimisiún iarraidh isteach chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) chun athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe do mheaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2023 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 (an ‘iarraidh’). Bhí gá leis an athbhreithniú chun an glantach tagartha ina bhfuil an tsubstaint sárbhóráit sóidiam dá dtagraítear sa chaighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A11:2020, nach bhfuil le cur ar an margadh tar éis an 27 Bealtaine 2023 a ionadú i gcomhréir le hAirteagal 56(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus le hiontráil 48 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin. Leis an iarraidh freisin bhíothas in ann an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh, athruithe eagarthóireachta a thabhairt isteach, agus slánú na n-uimhreacha tuairiscithe a ailíniú leis na leasuithe a rinneadh le Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún (8) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 ón gCoimisiún (9). |
|
(4) |
Ar bhonn na hiarrata, rinne Cenelec athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A11:2020, a foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 ón gCoimisiún (10). An toradh a bhí air sin gur glacach an leasú EN 60456:2016/A11:2020. |
|
(5) |
In éineacht le Cenelec rinne an Coimisiún measúnú maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an iarraidh le caighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016 arna leasú le EN 60456:2016/A12:2023. |
|
(6) |
Comhlíonann an caighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A12:2023, na ceanglais is aidhm leis a chumhdach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2023 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
Le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 tugtar tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 agus Rialachán (AE) 2019/2023 faoi seach. Chun a áirithiú go liostófar in aon ghníomh amháin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú leis na Rialacháin sin, ba cheart na tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016 arna leasú le EN 60456:2016/A12:2023 a chur sna hIarscríbhinní sin. |
|
(8) |
Is gá an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A11:2020, a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhfuil an caighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A12:2023 á chur ina ionad. Is gá, dá bhrí sin, an tagairt sin a scriosadh ó Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).
(3) Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2023/oj).
(4) Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/2014/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)3518 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(8) Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/424, (AE) 2019/1781, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, (AE) 2019/2021, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023 agus (AE) 2019/2024 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe, fearais chuisniúcháin, foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, taispeántais leictreonacha, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/341/oj).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (IO L 68, 26.2.2021, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/340/oj).
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe do mheaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2023 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 (IO L 204, 10.6.2021, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/936/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/72/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)