European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/70

24.1.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/70 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Samhain 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), Airteagal 13(1), an dara fomhír, agus Airteagal 15(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme na gclár um sholáthar faisnéise agus na gclár cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta, is léir anois go bhfuil comhlachtaí na hearnála agraibhia a bhfuil misean seirbhíse poiblí atá sainithe go soiléir curtha ar a n-iontaoibh ag an mBallstát lena mbaineann chun faisnéis a sholáthar maidir le táirgí talmhaíochta agus chun na táirgí sin a chur chun cinn, go meastar go bhfuil siad ionadaíoch ar na hearnálacha lena mbaineann an clár. Dá bhrí sin, níl gá a thuilleadh le hAirteagal 1(1), pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 ón gCoimisiún (2), lena gceanglaítear ar chomhlachtaí na hearnála agraibhia ionadaíochas na n-earnálacha a léiriú le modhanna eile seachas misean seirbhíse poiblí atá sainithe go soiléir a chur ar iontaoibh faisnéis a sholáthar maidir le táirge talmhaíochta agus é a chur chun cinn, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014.

(2)

Leis na coinníollacha faoinar féidir le heagraíochtaí tairisceana togra a chur isteach le haghaidh clár faisnéise agus clár cur chun cinn maidir le táirgí talmhaíochta, ba cheart rochtain fhorleathan ag eagraíochtaí tairisceana a spreagadh. Ba cheart a áirithiú leis na coinníollacha sin freisin nach bhfaigheann eagraíochtaí tairisceana tacaíocht le haghaidh níos mó ná dhá chlár faisnéise agus cur chun cinn maidir leis an táirge céanna nó leis an scéim chéanna, ar cláir iad a dhéantar ar chríoch na spriocthíre céanna, nó ar chuid di, go comhleanúnach nó go comhthreomhar. Chuige sin, ba cheart leasú a dhéanamh ar an riail atá in Airteagal 1(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 lena gcuirtear toirmeasc ar eagraíocht tacaíocht a fháil don chlár faisnéise agus cur chun cinn céanna a dhéantar sa mhargadh geografach céanna níos mó ná dhá uair as a chéile.

(3)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme na gclár um sholáthar faisnéise agus na gclár cur chun cinn maidir le táirgí talmhaíochta, ba cheart na coinníollacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc a neartú. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar na heagraíochtaí tairisceana a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann le linn ullmhú an togra arna chur isteach le haghaidh meastóireachta de bhua Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014, agus le linn cur chun feidhme cláir chomh maith.

(4)

Ina theannta sin, d’fhonn an cosc ar choinbhleachtaí leasa a threisiú, leis na coinníollacha lena rialaítear nósanna imeachta comórtais le haghaidh comhlachtaí cur chun feidhme a roghnú, ba cheart a cheangal ar eagraíochtaí tairisceana na Ballstáit a chur ar an eolas faoi bhearta arna nglacadh chun roghnú neamhchlaonta agus oibiachtúil na gcomhlachtaí atá freagrach as cláir shimplí a chur chun feidhme a neartú a thuilleadh.

(5)

De réir Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829, is i bhfoirm aisíocaíocht costas incháilithe arna dtabhú go hiarbhír ag an eagraíocht tairisceana a bheidh na deontais. Chun simpliú a dhéanamh agus chun an t-ualach riaracháin i mbainistiú airgeadais na gclár a laghdú, ba cheart modh malartach a thabhairt isteach san Airteagal sin le haghaidh ríomh na gcostas incháilithe bunaithe ar na méideanna a bhunaítear le cnapshuimeanna.

(6)

Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (d) i mír 1;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Cé is moite de chláir a dhéantar chun gnáth-dhálaí an mhargaidh a athbhunú i gcás ina mbeidh suaitheadh mór sa mhargadh, i gcás go gcaillfear muinín an tomhaltóra nó i gcás ina dtarlóidh fadhbanna sonracha eile, ní bhfaighidh eagraíocht tairisceana tacaíocht i leith níos mó ná dhá chlár faisnéise agus cur chun cinn maidir leis an táirge céanna nó leis an scéim chéanna, a dhéantar go comhthreomhar nó i ndiaidh a chéile ar chríoch na spriocthíre céanna, nó cuid di. Tar éis tacaíocht a fháil le haghaidh dhá chlár faisnéise agus cur chun cinn a dhéantar go comhthreomhar nó i ndiaidh a chéile ar an táirge céanna nó ar an scéim chéanna, ní fhéadfaidh an eagraíocht tairisceana tacaíocht a fháil le haghaidh cláir faisnéise agus cur chun cinn ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

déanfaidh an eagraíocht tairisceana iarratas ar chlár nua tar éis dheireadh chur chun feidhme na gclár roimhe sin; agus

(ii)

beidh dáta tosaigh chur chun feidhme an chláir nua 12 mhí ar a laghad tar éis dheireadh chur chun feidhme na gclár roimhe sin.

Chun críoch na chéad fhomhíre, déantar dhá chlár faisnéise agus cur chun cinn go comhthreomhar nuair a fhorluíonn a dtréimhsí cur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach, agus déantar iad i ndiaidh a chéile nuair a cuireadh tús le cur chun feidhme an dara clár tráth níos lú ná 12 mhí tar éis dheireadh chur chun feidhme an chéad chláir.’

;

(c)

cuirtear isteach mír 5:

‘5.   Áiritheoidh an eagraíocht tairisceana nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann le linn ullmhú an togra arna chur isteach le haghaidh meastóireachta de bhun Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014, agus le linn chur chun feidhme an chláir chomh maith.’

;

(2)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní mór d’eagraíochtaí tairisceana comhlachtaí a roghnú atá freagrach as cláir shimplí a chur chun feidhme lena n-áiritheofar an luach is fearr ar airgead agus lena n-áiritheofar nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann. Agus an méid sin á dhéanamh ag na heagraíochtaí tairisceana, ní mór dóibh gach beart a dhéanamh, lena n-áirítear bearta le linn ullmhú an togra, chun cosc a chur ar aon chás ina gcuirtear cur chun feidhme neamhchlaonta oibiachtúil an chláir i mbaol ar chúiseanna a bhaineann le leas eacnamaíoch, cleamhnacht pholaitiúil nó náisiúnta, naisc theaghlaigh nó mhothúchánacha nó aon leas coiteann eile.

Cuirfidh na heagraíochtaí tairisceana na Ballstáit ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh chun an luach is fearr ar airgead a áirithiú agus na comhlachtaí atá freagrach as cláir shimplí a chur chun feidhme á roghnú acu agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann, sula dtabharfar na conarthaí chun críche chun cláir shimplí a chur chun feidhme.’

;

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh feidhm ag na critéir atá sonraithe faoi phointí (a) agus (d) den fhomhír sin maidir le cnapshuimeanna.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, beidh feidhm ag na critéir a léirítear faoi phointí (b), (c), (e) agus (f) den fhomhír sin maidir le cnapshuimeanna chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014.’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna 4 agus 5 seo a leanas:

‘4.   Sonrófar sa ghlao ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 an cineál deontais a mheastar a bheith incháilithe do chistiú ón Aontas as measc na gcineálacha seo a leanas:

(a)

aisíocaíocht na gcostas incháilithe arna dtabhú go hiarbhír ag tairbhí le linn chur chun feidhme an chláir, seachas na costais a bhaineann le tuarascálacha críochnaitheacha agus le meastóireacht mar aon le haisíocaíocht na gcostas incháilithe indíreach dá dtagraítear i mír 3;

(b)

cnapshuimeanna.

5.   Bunóidh an eagraíocht tairisceana na méideanna le haghaidh an deontais dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe ar an méid seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;

(ii)

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair; nó

(iii)

gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcnapshuimeanna comhfhreagracha is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí comhchosúla;

(c)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcnapshuimeanna comhfhreagracha arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh gníomhaíochtaí comhchosúla.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 4.11.2014, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1144/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1829 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha (IO L 266, 13.10.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/1829/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/70/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)