European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/64

13.1.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/64 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Eanáir 2025

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh scadán i limistéir 6b agus 6aN; in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b i gcás soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú lena leasaítear Rialacháin (CE) 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2024 ídithe ag gabhálacha an stoic scadán i limistéir 6b agus 6aN; in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí idirnáisiúnta in 5b a rinne soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu nó atá cláraithe in Éirinn.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

An cuóta iascaireachta a cionroinneadh ar Éirinn le haghaidh an stoic scadán i limistéir 6b agus 6aN; in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí an Aontais in 5b le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Toirmeascfar, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí a bhfuil bratach na hÉireann ar foluain acu nó atá cláraithe in Éirinn. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Costas KADIS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

33/TQ257

Ballstát

Éire

Stoc

HER/5B6ANB

Speiceas

Scadán (Clupea harengus)

Limistéar

6b agus 6aN; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 5b

Dáta deiridh

13 Nollaig 2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/64/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)