|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/60 |
16.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/60 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena dtoibhítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cláraithe eiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) (‘an bun-Rialachán’) iad, agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 21 Samhain 2023, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí eiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’). D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán arna thaisceadh ag Jungbunzlauer S.A. (‘an gearánach’) an 9 Deireadh Fómhair 2023. Ba é tionscal eiritríotóil, an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1608 ón gCoimisiún, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’). |
1.3. Bearta sealadacha
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 21 Meitheamh 2024, chuir an Coimisiún achoimre ar na dualgais bheartaithe ar fáil do na páirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach atá leormhaith chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Laistigh den tréimhse sin, chuir an gearánach iarraidh isteach go ndéanfadh an Coimisiún sonraí onnmhairiúcháin a athsheiceáil, agus chuir dhá allmhaireoir/úsáideoir barúlacha isteach inar díríodh ar shaincheisteanna clárúcháin. Níor chuir ach an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Dongxiao Biotechnology Co., Ltd barúlacha isteach maidir le cruinneas na ríomhanna, is é sin maidir leis an leibhéal CBL in-aisíoctha agus tagarmharcanna le haghaidh dhá sheachtháirge. Cheartaigh an Coimisiún na botúin ríofa a shainaithin Dongxiao Biotechnology Co., Ltd. |
|
(5) |
D’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh na Síne le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach’). |
1.4. Nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(6) |
Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn sin a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘nochtadh sealadach’), chuir táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte dá dtagraítear sa Rialachán sealadach mar Sanyuan Biotechnology Co., Ltd go mba cheart a ainm a cheartú go dtí Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd. I bhfianaise na faisnéise a chuir an chuideachta ar fáil le linn an imscrúdaithe, ghlac an Coimisiún leis an iarraidh. |
|
(7) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd, an gearánach agus an dá úsáideoir Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH International aighneachtaí aonair isteach maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach. Ar an gcaoi chéanna, tar éis do cheithre tháirgeoir onnmhairiúcháin cumhacht a thabhairt do Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhaireoirí agus Onnmhaireoirí Miotal, Mianraí agus Ceimiceán (‘CCCMC’) ionadaíocht a dhéanamh orthu (5), chuir CCCMC barúlacha isteach maidir le díobháil, cúisíocht agus leas an Aontais laistigh den sprioc-am. |
|
(8) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí le CCCMC, Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH International. |
|
(9) |
Lean an Coimisiún de bheith ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí cinntitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí. |
|
(10) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh na Sine (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
|
(11) |
Tar éis an nochta deiridh, d’aimsigh an Coimisiún earráid chléireachais agus an méid réasúnta le haghaidh brabúis á shuí aige faoi Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. An 7 Samhain 2024, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi cheartú na hearráide cléireachais sin agus faoi cheartúcháin a d’eascair as na maímh dá dtagraítear in aithrisí (47) go (50) thíos. Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise. |
|
(12) |
Tar éis an nochta deiridh, reáchtáladh éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta an 14 Samhain 2024 arna iarraidh sin ag Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH International. Bhain na saincheisteanna a thug an dá pháirtí ar aghaidh san éisteacht sin le saincheisteanna substainteacha seachas cearta cosanta. Chuir na páirtithe amhras in iúl faoi na ríomhanna dumpála agus díobhála, d’iarr siad nach gcuirfí cur i bhfeidhm cúlghabhálach na mbeart cinntitheach chun feidhme roimh an 1 Iúil 2024, agus d’agair siad cineálacha áirithe táirgí a eisiamh ó na bearta. Shoiléirigh an Coimisiún an mhodheolaíocht le haghaidh na ríomhanna agus thug sé dá aire ábhair imní agus iarrataí na bpáirtithe. Tugtar aghaidh orthu thíos. |
1.5. Maímh maidir le tionscnamh
|
(13) |
Mheas CCCMC nár thug an Coimisiún aghaidh go leordhóthanach sa Rialachán sealadach ar na maímh nós imeachta sa chéad aighneacht uaidh. D’athdhearbhaigh CCCMC na hábhair imní atá aige inter alia maidir le táscairí eacnamaíocha atá in easnamh sa ghearán agus maidir le hachoimre neamhrúnda easnamhach. Mhaígh sé freisin nach féidir achoimrí neamhrúnda atá sa Rialachán sealadach agus atá ar cháilíocht níos fearr a chur in ionad na sonraí bunaidh sa ghearán agus, dá bhrí sin, nach féidir le CCCMC a cheart cosanta sáraithe a chomhlíonadh ag céim an tionscnaimh. |
|
(14) |
D’athdhearbhaigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris (11) den Rialachán sealadach, go raibh faisnéis leordhóthanach sa ghearán a bhí ar fáil go réasúnta don ghearánach agus go raibh na tosca agus na hinnéacsanna ábhartha a raibh tionchar acu ar staid thionscal an Aontais san achoimre neamhrúnda ar an ngearán, mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) den bhun-Rialachán. Mhínigh sé freisin in aithris (17) den Rialachán sealadach, i bhfianaise gur táirgeoir aonair atá i dtionscal an Aontais, go raibh sé intuigthe gur tugadh tosca díobhála i raonta agus i bhfoirm innéacsaithe sa ghearán. Dá bhrí sin, ní aontaíonn an Coimisiún gur sáraíodh cearta cosanta na gcuideachtaí a ndearna CCCMC ionadaíocht orthu ag céim an tionscnaimh. |
1.6. Sampláil
|
(15) |
Tar éis nochtadh sealadach, cheistigh allmhaireoir ionadaíochas na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar an bhforas go bhfuil onnmhaireoirí beaga de chuid na Síne éagsúil leis na gníomhaithe móra ar go leor bealaí. Ní raibh bunús leis an maíomh, agus rinneadh é ródhéanach sna himeachtaí, agus níor glacadh leis dá bhrí sin. |
|
(16) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le sampláil. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (19) go (26) den Rialachán sealadach. |
1.7. Scrúdú aonair
|
(17) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le scrúdú aonair. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithris (27) den Rialachán sealadach. |
1.8. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(18) |
Cháin Rio Mints & Sweeteners B.V. an tréimhse imscrúdúcháin a roghnaíodh ar an bhforas go raibh sí uathúil i dtéarmaí praghsanna ísle ó sholáthróirí Síneacha, costais ísle loingseoireachta agus costais an-ard amhábhar agus fuinnimh san Aontas. Thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh an maíomh ródhéanach sna himeachtaí agus, in aon chás, dhiúltaigh sé dó toisc go bhfuil an tréimhse imscrúdúcháin i gcomhréir le gnáthchleachtas an Choimisiúin tréimhse imscrúdúcháin a roghnú go díreach roimh thionscnamh imeachtaí. |
|
(19) |
Tar éis an nochta deiridh, cháin Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH réasúnaíocht an Choimisiúin thuas ar an bhforas nár léirigh an Coimisiún ar chomhlíon sé a oibleagáid dhlíthiúil agus conas a chomhlíon sé í chun na himthosca eisceachtúla a chur san áireamh, is cuma cén uair a rinneadh an maíomh faoi na himthosca eisceachtúla. Dhearbhaigh na páirtithe sin go sonrach go raibh costais fuinnimh thar a bheith ard agus costais loingseoireachta an-íseal san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thug an Coimisiún dá aire nár chaith maíomh na bpáirtithe ag an gcéim sin amhras ar oiriúnacht chleachtas an Choimisiúin maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin a roghnú, rud a cuireadh i bhfeidhm sa chás seo freisin. Thug an Coimisiún dá aire freisin, trí scrúdú a dhéanamh ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil thar thréimhse níos faide, ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023, gur chuir sé san áireamh imthosca a d’fhéadfadh a bheith eisceachtúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(20) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú a dtugtar tuairisc uirthi in aithris (33) den Rialachán sealadach. Deimhníodh dá bhrí sin an tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú a dtugtar tuairisc uirthi san aithris sin. |
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
|
(21) |
Mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. nach bhfuil imscrúdú déanta ag an gCoimisiún ar tháirgí cumaiscthe agus nach bhfuil na táirgí sin faoi réir dumpála agus gur cheart iad a choinneáil lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe. Tar éis an nochta deiridh, sheas Rio Mints & Sweeteners B.V. ar a mhaíomh tosaigh agus líomhain sé ag an am céanna nach ndearna an Coimisiún imscrúdú ar tháirgí cumaiscthe toisc nár léiríodh aon ríomh ar an gcomparáid le haghaidh táirgí cumaiscthe don pháirtí. Chuir Hamburg Fructose GmbH an maíomh céanna in iúl maidir le táirgí cumaisc agus orgánacha araon. Thug an dá pháirtí dá n-aire nár thairg an gearánach formáidí pacáistithe atá réidh don tomhaltóir lena n-úsáid. |
|
(22) |
Mheabhraigh an Coimisiún gur ríomhadh corrlaigh dhumpála agus dhíobhála araon ar leibhéal na nUimhreacha Rialaithe Táirgí (PCNanna) lena ndéantar idirdhealú idir táirgí íona agus táirgí cumaisc. Nuair a cuireadh ceistneoirí bána ar fáil ag céim an tionscnaimh, níor mhaígh aon pháirtí gur cheart do PCNanna táirgí orgánacha a aonrú. Dá bhrí sin, leagadh amach an gnáthluach agus na praghsanna onnmhairiúcháin le haghaidh táirgí íona agus táirgí cumaisc araon ar bhonn an idirdhealaithe sin, agus cuireadh an ghné ‘orgánach’ san áireamh sa ghnáthluach. Níor dhíol an gearánach ná táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte eiritríotól i gcrúscaí ná i maidí san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bhí sonraí íogaire sna ríomhanna mionsonraithe agus níor nochtadh iad ach do na páirtithe a d’fhéadfadh barúil fhóinteach a thabhairt maidir leo. Míníodh an mhodheolaíocht don dá pháirtí, áfach, san éisteacht dá dtagraítear in aithris (12). |
|
(23) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna ag táirgí íona agus cumaisc, cé gur féidir iad a idirdhealú i saotharlann. |
|
(24) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH nach raibh an ráiteas thuas ábhartha toisc gur ‘tosca eile’ a bhí sna hairíonna tábhachtacha le haghaidh cumasc, eadhon airíonna céadfacha. D’athdhearbhaigh an Coimisiún, ar bhonn critéir oibiachtúla nach raibh aon cheist ann fúthu, gur áirithíodh comparáid chóir idir praghsanna mar a mhínítear thuas. |
|
(25) |
Ina theannta sin, d’iarr Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH International faoi seach go mba cheart ar a laghad cumaisc fheidhmiúla i dtáirgí tomhaltais atá réidh lena n-úsáid agus eiritríotól orgánach a eisiamh ó raon feidhme na mbeart. Thug an Coimisiún dá aire gur ann dá chonclúid in aithris (22), agus d’ainneoin an tionchair airgeadais ar an dá pháirtí atá i gceist, nach bhfuil aon údar leis na heisiaimh sin. |
2.1. Conclúid
|
(26) |
Dá réir sin, deimhníodh na conclúidí maidir leis an táirge lena mbaineann agus an táirge comhchosúil ar thángthas orthu in aithrisí (34) go (39) arna leasú den Rialachán sealadach. |
3. DUMPÁIL
|
(27) |
Tar éis nochtadh sealadach, rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd, CCCMC, an gearánach agus na húsáideoirí trácht ar na torthaí sealadacha dumpála. |
3.1. An Gnáthluach
|
(28) |
Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (40) go (227) den Rialachán sealadach. |
3.1.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(29) |
Chuir CCCMC in aghaidh bhreithnithe an Choimisiúin maidir le saobhadh suntasach margaidh a bheith ann sa tSín. Chun tacú lena seasamh, mhaígh CCCMC an méid seo a leanas: (i) nach gcomhlíonann an Tuarascáil na caighdeáin maidir le fianaise neamhchlaonta oibiachtúil agus fianaise a bhfuil luach fianaiseach leordhóthanach aici, go háirithe ós rud é gur ullmhaigh an Coimisiún í agus é mar shainchuspóir aige a éascú do thionscail an Aontais gearán a thaisceadh i réimse na mbeart trádála; (ii) de réir dhlí-eolaíocht an chomhlachta achomhairc (6), ceanglaítear ar an gCoimisiún a shuí go dearfach gur ann do chleachtais dumpála; (iii) go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le reachtaíocht EDT, ós rud é nach ndéantar aon tagairt do choincheap an tsaofa shuntasaigh in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, ós rud é nach gceadaítear le hAirteagal 2.2 ach an costas táirgthe sa tír thionscnaimh a úsáid móide méid réasúnta le haghaidh costais agus brabúis riaracháin, díola agus ghinearálta, ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 2.2.1.1 go ndéanfar costais a ríomh de ghnáth ar bhonn taifid arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir atá faoi imscrúdú, ar choinníoll go bhfuil na taifid sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta sa tír is onnmhaireoir agus go léirítear go réasúnta iontu na costais atá bainteach le táirgeadh agus díolacháin an táirge atá i gceist, agus ós rud é go suitear le dlí-eolaíocht EDT, go háirithe DS473 agus DS494, nach mór do na húdaráis imscrúdúcháin na costais táirge a thabhaíonn táirgeoirí nó na honnmhaireoirí iarbhír a úsáid chun na gnáthluachanna ríofa a ríomh. |
|
(30) |
Níorbh fhéidir glacadh leis na hargóintí sin. Maidir leis an gcéad argóint agus an dara hargóint de chuid CCCMC, chuir an Coimisiún in iúl, chun a mheasúnú an ann don saobhadh suntasach agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige, gur bhailigh sé, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán, na sonraí is gá chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach agus an tionchar atá aige sin agus chun a chinneadh an úsáid a bhaintear as an modheolaíocht a fhorordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán ina dhiaidh sin. Cuirtear na sonraí arna mbailiú ag an gCoimisiún agus na cinntí a thagann astu i láthair go mionsonraithe i Roinn 3.2.2. den Rialachán sealadach. Sa Roinn sin tugtar measúnú iomlán an Choimisiúin maidir le saobhadh suntasach a bheith ann, lena n-áirítear fianaise bhreise shubstaintiúil a bhaineann go sonrach leis an imscrúdú nach n-áirítear sa Tuarascáil. Maidir leis an Tuarascáil féin, mheabhraigh an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag údaráis na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh an Tuarascáil i gcomhad an imscrúdaithe ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar frisnéis nó forlíonadh a dhéanamh uirthi, agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sí bunaithe, nó barúil a thabhairt ina leith. Níor sholáthair CCCMC aon fhrisnéis den sórt sin, seachas barúlacha ginearálta nach raibh an Tuarascáil neamhchlaonta ná oibiachtúil. |
|
(31) |
Maidir leis an tríú hargóint ó CCCMC, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thuairim a cuireadh in iúl in aithris (159) den Rialachán sealadach go bhfuil an mhodheolaíocht de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán comhsheasmhach go hiomlán le hoibleagáidí EDT an Aontais. Ar an gcéad dul síos, ní gá do Chomhaltaí EDT téarmaí cruinne Chomhaontú EDT a úsáid ina reachtaíocht cur chun feidhme. Dá bhrí sin, ós rud é nach ann do choincheap an ‘saofa shuntasaigh’ sa Chomhaontú Frithdhumpála, ní chuirtear srian ar an Aontas an téarma sin a úsáid. In aon chás, le dlí EDT arna léirmhíniú ag an gComhlacht Achomhairc in DS473, ceadaítear úsáid a bhaint as sonraí ó thríú tír, arna gcoigeartú mar is cuí i gcás ina bhfuil gá agus bunús leis an gcoigeartú sin. Maidir le DS494, measadh freisin go sonrach san agóid sin i dTuarascáil an Phainéil go raibh na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide. Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl go ndearna an tAontas agus Cónaidhm na Rúise araon achomharc in aghaidh thorthaí an Phainéil, nach bhfuil críochnaitheach agus, dá bhrí sin, i gcomhréir le cásdlí EDT, nach bhfuil stádas dlíthiúil acu i gcóras EDT, ó tharla nár fhormhuinigh an Comhlacht um Réiteach Díospóidí iad le cinntí ó Chomhaltaí EDT. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh CCCMC. |
|
(32) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (40) go (162) den Rialachán sealadach. |
3.1.2. Tír ionadaíoch
|
(33) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH gurbh fhéidir costais táirgthe xilíotóil a chur i gcomparáid níos mó le costais táirgthe an táirge atá faoi imscrúdú ná le costais táirgthe aigéid chitrigh. Diúltaíodh don mhaíomh toisc nach raibh bunús leis agus toisc go ndearnadh é ag céim an-déanach de na himeachtaí. |
|
(34) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Cholóim na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. Deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí (163) go (184) den Rialachán sealadach. |
3.1.3. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa agus tagarmharcanna a bhunú
|
(35) |
Tar éis an nochta shealadaigh, luaigh allmhaireoir go bhféadfaí glacadh le táirgí seachas aigéad citreach mar athróg ionadach iomchuí. Diúltaíodh don mhaíomh toisc nach raibh bunús leis agus toisc go ndearnadh é ag céim an-déanach den imeacht (7). |
|
(36) |
Thug an gearánach dá aire difríocht idir an luach le haghaidh arbhar/arbhar Indiach sa nóta a ghabhann leis an gcomhad maidir leis na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún a úsáid chun an gnáthluach dar dáta an 21 Nollaig 2023 (‘an Chéad Nóta’) a chinneadh i gcomparáid leis an luach le haghaidh arbhair/arbhair Indiaigh i dtábla 1 den Rialachán sealadach. Dheimhnigh an Coimisiún go ndearna sé asbhaint nua sonraí loma chun críche an Rialacháin shealadaigh as ar tháinig an luach i dtábla 1 ann. |
|
(37) |
D’iarr an gearánach coigeartú suas 6,5 % ar an luach tagarmhairc a úsáidtear le haghaidh arbhair/arbhair Indiaigh, ar na forais go bhfuil arbhar na Síne neamh-ghéinmhodhnaithe (‘neamh-GM’) agus go mbíonn luach préimhe ar arbhair neamh-GM ar an margadh, agus chuir sé isteach fianaise maidir le leibhéal íseal táirgiúlachta arbhar neamh-GM. Ríomhadh an luach préimhe bunaithe ar fhaisnéis mhargaidh a bhí ar fáil don iarratasóir. Deimhníodh san imscrúdú go meallann táirgí neamh-GM praghas bisigh, go bhfuil glacadh forleathan le harbhar trasghéineach i measc na bpríomhfhoinsí allmhairiúcháin arbhair isteach sa Cholóim (8) agus go ndéantar eiritríotól Síneach as arbhar neamh-GM. Dá bhrí sin, d’aontaigh an Coimisiún le coigeartú suas 6,5 % ar an luach tagarmhairc le haghaidh arbhair/arbhair Indiaigh a chuirtear i láthair i dtábla 1 den rialachán sealadach. Is é 2,277 CNY/kg an luach tagarmhairc nuashonraithe le haghaidh arbhair/arbhar Indiach, agus is é 2,732 CNY/kg an luach tagarmhairc le haghaidh arbhar/arbhar Indiach orgánach. |
|
(38) |
Maidir leis an gcion substainte tirim i nglúcós leachtach, mheas an gearánach gur ghannmheastachán é an cóimheas cion 71 % a chuir táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte isteach. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh i bhfianaise na faisnéise a fíoraíodh ar leibhéal na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte lena mbaineann. |
|
(39) |
Cháin an gearánach na luachanna le haghaidh seachtháirgí/dramhaíola i dtábla 1 den Rialachán sealadach ar an bhforas gur eolas poiblí é go bhfuil próitéin leachtach i bhfad níos costasaí ná ginidín arbhair agus snáithín arbhair agus go mbeadh luach ginidín arbhair dhá uair níos mó ar a laghad ná an luach le haghaidh snáithín arbhair. Thug an Coimisiún dá aire go raibh an maíomh a rinne an gearánach ag teacht salach ar an éagsúlacht praghsanna ar dá réir a dhíol táirgeoirí sampláilte Síneacha próitéin leachtach laistigh den tír. Maidir leis an maíomh a rinne an gearánach go bhfuil luach an tsnáithín arbhair níos airde ná luach an ghinidín arbhair, ní fhéadfaí aon choigeartú a dheonú. Is meascán de tháirgí é luach tagarmhairc GTA a úsáideann an Coimisiún agus níor léiríodh fós an raibh an luach sin níos gaire do ghinidín arbhair nó do shnáithín arbhair. |
|
(40) |
Líomhain an gearánach nár chuir an Coimisiún uasmhuirear i bhfeidhm ar chúntóirí ná ar chostais táirgthe níos airde a bhaineann le glanadh breise le haghaidh táirgeadh orgánach. Thug an Coimisiún dá aire go raibh sainiúlachtaí an táirgthe orgánaigh curtha san áireamh aige ina ríomhanna a mhéid ab fhéidir, amhail i dtéarmaí cúntóirí agus daonchumhachta éagsúla agus ní raibh sa táirgeadh orgánach ach cuid den táirgeadh foriomlán. Dhiúltaigh an Coimisiún do líomhain an ghearánaigh. |
|
(41) |
Mhaígh an gearánach go bhféadfadh sé go ndearna táirgeoirí sampláilte Síneacha tearcthuairisciú ar chostais, eadhon na táirgeoirí siúd atá comhtháite go hingearach, agus mhol sé sraith cros-seiceálacha. Dheimhnigh an Coimisiún na torthaí a fuarthas ó na cuairteanna fíorúcháin ar na táirgeoirí sampláilte Síneacha, níor aimsigh sé aon tearcthuairisciú maidir leis an bpointe sin agus dhiúltaigh sé don mhaíomh a rinne an gearánach. |
|
(42) |
D’iarr Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd go n-úsáidfí meánphraghas aonaid allmhairí na Colóime ón Airgintín mar thagarmharc do phraghsanna arbhair, glúcóis agus stáirse arbhair ar an bhforas go raibh an Airgintín ina príomhfhoinse allmhairí agus gur beag an difríocht a bhí ann idir meánphraghas aonaid allmhairí arbhair, glúcóis agus stáirse arbhair ón Airgintín de chuid na Colóime agus meánphraghas ualaithe aonaid na bpríomhthíortha allmhairiúcháin. Líomhain Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd go bhféadfadh saobhadh praghsanna a bheith ar allmhairí stáirse arbhair de chuid na Colóime ón mBrasaíl toisc go raibh praghsanna na n-allmhairí sin i bhfad níos airde ná na praghsanna ar arbhar ón mBrasaíl nó ar stáirse arbhair ón Airgintín agus dúirt sé freisin gur cheart allmhairí stáirse arbhair ón mBrasaíl, ón bhFrainc agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’) a eisiamh toisc gurbh iad na tíortha sin amháin a d’imigh ó mheánphraghsanna na bpríomhthíortha allmhairiúcháin. D’athluaigh CCCMC an iarraidh chun allmhairí stáirse arbhair ón mBrasaíl a eisiamh ar an bhforas nach bhfuil an Bhrasaíl i measc na n-onnmhaireoirí stáirse arbhair Indiaigh is mó ar domhan agus go n-onnmhairíonn an Bhrasaíl stáirse arbhair Indiaigh chuig cinn scríbe seachas an Cholóim den chuid is mó. |
|
(43) |
Níor mhaígh Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd go raibh saobhadh i gceist le hallmhairí ó na tíortha sonracha agus níor thug sé aon chúis le difríochtaí praghais a d’fhéadfadh údar a thabhairt le haon cheann de na heisiaimh arna n-iarradh. Thug an Coimisiún dá aire, ós rud é go raibh na praghsanna allmhairiúcháin éagsúil ó fhoinse amháin go foinse eile, nach ionann sin agus a rá per se go raibh praghsanna allmhairiúcháin d’fhoinsí níos costasaí (nó níos saoire) neamhghnách agus/nó gur cheart neamhaird a thabhairt orthu. Os a choinne sin, chinn an Coimisiún, mar shampla, gur gníomhaíocht iomaíoch é táirgeadh stáirse arbhair Indiaigh sa Fhrainc (9) a bhfuil onnmhairí suntasacha aige agus freisin go bhfuil soláthar, éileamh agus onnmhairí suntasacha stáirse arbhair Indiaigh ag an mBrasaíl (10). Níor aimsigh an Coimisiún aon saobhadh mar gheall ar na difríochtaí a thug na páirtithe faoi deara ná na cúiseanna ar cheart neamhaird a thabhairt ar phraghsanna allmhairiúcháin arbhair ón mBrasaíl agus/nó ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, an dá tháirgeoir arbhair is mó ar domhan. Ós rud é nach bhfuil an Bhrasaíl i measc na n-onnmhaireoirí stáirse arbhair Indiaigh is mó ar domhan agus nach í an Cholóim an príomhmhargadh onnmhairithe stáirse arbhair atá ag an mBrasaíl, ní hionann sin agus a rá go bhfuil praghsanna onnmhairiúcháin na Brasaíle neamhghnách nó go dtabharfar neamhaird orthu. Dá bhrí sin, in éagmais údar réasúnaithe chun foinsí sonracha allmhairiúcháin a eisiamh, dheimhnigh an Coimisiún praghsanna tagarmhairc le haghaidh arbhair, glúcóis agus stáirse arbhair bunaithe ar na hallmhairí ábhartha uile d’arbhar, glúcós agus stáirse arbhair isteach sa Cholóim. |
|
(44) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CCCMC ar an gCoimisiún praghas allmhairiúcháin stáirse arbhair Indiaigh de chuid na Brasaíle a eisiamh ó ríomh an tagarmhairc ar an bhforas go raibh sé thar a bheith ard toisc go raibh an deilte idir stáirse arbhair Indiaigh agus arbhar Indiach sa Bhrasaíl níos airde ná mar a bhí san Airgintín. I gcás CCCMC, ós rud é gur cuireadh praghsanna allmhairiúcháin níos airde ar stáirse arbhair Indiaigh na Brasaíle san áireamh, ní raibh praghas allmhairiúcháin foriomlán GTA ar stáirse arbhair Indiaigh sa Cholóim ionadaíoch, agus ag an am céanna rinneadh idirdhealú idir onnmhaireoirí Síneacha arbh é stáirse arbhair Indiaigh a bpríomhábhar ionchuir. Shonraigh an gearánach go raibh contrárthacht in argóintí CCCMC ar an bhforas gur áitigh CCCMC go bhfuil sé ceart an Bhrasaíl a chur san áireamh sa thagarmharc arbhair, ach go bhfuil sé mícheart stáirse arbhair Indiaigh a chur leis nuair is í an Bhrasaíl an t-onnmhaireoir is mó de stáirse arbhair Indiaigh agus stáirse arbhair Indiaigh chuig an gColóim. Tháinig an gearánach ar an gconclúid go raibh praghsanna arbhair na Brasaíle ró-íseal agus go raibh corrlaigh arda ag táirgeoirí stáirse arbhair as arbhar agus táirgeoirí glúcóis as arbhar. Níor aimsigh an t-imscrúdú go raibh an deilt idir stáirse arbhar agus stáirse arbhar sa Bhrasaíl míréasúnta. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún an praghas tagarmhairc le haghaidh stáirse arbhair Indiaigh bunaithe ar na hallmhairí ábhartha uile de stáirse arbhair Indiaigh isteach sa Cholóim. |
|
(45) |
Tar éis an nochta deiridh, chuir Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd in iúl go raibh an luach stáirse arbhair a d’úsáid an Coimisiún míchuí. Dheimhnigh an páirtí nach raibh sé in amhras an raibh praghsanna allmhairiúcháin saofa nó neamhiontaofa. Líomhain an páirtí nár sholáthair an Coimisiún mínithe réasúnaithe chun údar a thabhairt le héagsúlachtaí praghsála i measc tíortha agus dúirt sé gurb é an t-aon mhíniú inchreidte maidir le praghsanna níos airde stáirse arbhair ó SAM, ón bhFrainc agus ón mBrasaíl gur díoladh stáirse arbhair Indiaigh mar earra tomhaltóra. |
|
(46) |
Mar a chuir an páirtí féin i dtábhacht, leis na cóid HS le haghaidh stáirse arbhair Indiaigh, ní rabhthas in ann idirdhealú a dhéanamh idir stáirse arbhair Indiaigh a úsáidtear mar earra tomhaltóra agus stáirse arbhair a úsáidtear mar ábhar ionchuir. In éagmais na faisnéise sin nó aon fhianaise thacaíochta eile maidir leis an mbearna i bpraghsanna stáirse arbhair Indiaigh (más ann di) a díoladh mar earra tomhaltóra in aghaidh stáirse arbhair a díoladh mar ionchur sa Cholóim le linn na tréimhse imscrúdúcháin, dheimhnigh an Coimisiún an praghas tagarmhairc le haghaidh stáirse arbhair Indiaigh bunaithe ar na hallmhairí ábhartha uile stáirse arbhair Indiaigh isteach sa Cholóim mar an mhodheolaíocht chun ‘breith agus an dá rogha’ de ghnéithe gnáthluacha is fearr a oireann do leasanna sonracha a sheachaint. Thairis sin, mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta in CCCME, is cinnte go bhfuil leibhéal áirithe comhfhogasaithe i gceist le cóid HS a úsáid chun praghsanna neamhshaofa tosca áirithe táirgeachta a shuí (11). |
|
(47) |
Tar éis an nochta deiridh, d’iarr Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd go ndéanfaí athbhreithniú ar na ríomhanna ar an bhforas go ndearnadh an tagarmharc do chostas an tsaothair a chomhaireamh faoi dhó a mhéid a bhaineann le costais slándála sóisialta. |
|
(48) |
Ghlac an Coimisiún leis an maíomh. An méid 23,04 CNY/uair an chloig an duine a léirítear sa nóta a ghabhann le comhad an 19 Iúil 2024 (12) ina mínítear an mhodheolaíocht chun costais neamhshaofa a chinneadh agus brabús a dhéanamh, áiríodh go mícheart ann dhá mhéid amhail costais slándála sóisialta arna dtabhú ag an bhfostóir. Dheimhnigh an Coimisiún gur léirigh an 18 CNY/uair an chloig an duine dá dtagraítear i dtábla 1 agus in aithris (209) den Rialachán sealadach an pá in aghaidh na huaire san earnáil tionscail sa Cholóim sa tréimhse imscrúdúcháin lena n-áirítear ranníocaíochtaí amhail an tslándáil shóisialta a d’íoc an fostóir. |
|
(49) |
Tar éis an nochta deiridh, dúirt Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd go raibh earráid i ríomh tomhaltán dá chuid féin, rud a d’fhág go raibh luach ró-ard ann a chuir an chuideachta faoi mhíbhuntáiste. |
|
(50) |
Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin agus cheartaigh sé an earráid chléireachais. |
|
(51) |
Mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. gur cheart an gnáthluach a sheiceáil in aghaidh foinsí eile, amhail liostaí praghsanna foilsithe, staitisticí oifigiúla allmhairiúcháin agus tuairisceáin chustaim. Mheabhraigh an Coimisiún gur suíodh an gnáthluach i bhfianaise na modheolaíochta sa bhun-Rialachán (agus a thuairiscítear freisin i roinn 3.1 den Rialachán sealadach) agus dhiúltaigh sé don mhaíomh. |
|
(52) |
Mar thoradh ar an earráid chléireachais dá dtagraítear in aithris (11), tugadh na céatadáin in aithris (227) den Rialachán sealadach cothrom le dáta. Ba é 21,4 % méid na gcostas díola, ghinearálta agus riaracháin (SGA) nuashonraithe arna shloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí a Díoladh (‘COGS’) agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 13,9 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. |
|
(53) |
In éagmais barúlacha eile, mar thoradh ar na céatadáin nuashonraithe le haghaidh costais SGA agus brabúis, deimhníodh na ceartúcháin a bhfuil achoimre orthu in aithris (11) agus na tagarmharcanna nuashonraithe le haghaidh arbhar/arbhar Indiach (orgánach) dá dtagraítear in aithris (37) thuas, torthaí maidir leis an ngnáthluach mar a leagtar amach in aithrisí (40) go (227) den Rialachán sealadach. Ar mhaithe le soiléireacht, cuireann an Coimisiún i láthair thíos tábla 1 den Rialachán sealadach mar a tugadh cothrom le dáta é ag an gcéim chinntitheach: Tábla 1
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(54) |
Chuir an gearánach i gcoinne mhéid agus phraghas na n-allmhairí Síneacha arna meas chun críche na ríomhanna. D’iarr an gearánach ar an gCoimisiún cros-seiceálacha breise a dhéanamh. Rinne an Coimisiún cros-seiceálacha inmheánacha a mhéid ab fhéidir ach níorbh fhéidir leis na líomhaintí agus na sonraí a chuir an gearánach ar fáil don Choimisiún faoi rún amháin a chur faoi bhráid na bpáirtithe leasmhara eile. Tar éis an nochta deiridh, d’easaontaigh an gearánach leis an gcur chuige a lean an Coimisiún trí sheiceálacha ‘iomlána’ a iarraidh agus trína lua go raibh sonraí mionsonraithe ag an gCoimisiún ar a láimh féin ag cur figiúirí a chuir Baolingbao Biology Co., Ltd. faoi cheist, lena n-áirítear barúlacha Rio Mints & Sweeteners B.V. nach raibh praghsanna Baolingbao Biology Co., Ltd. níos airde ná praghsanna na n-onnmhaireoirí eile. Thug an Coimisiún dá aire nach bhféadfaí an fhaisnéis a chuir an gearánach ar fáil don Choimisiún maidir le Baolingbao Biology Co., Ltd. a réiteach ar bhealach ar bith ach amháin faoi rún agus nach bhféadfaí an fhaisnéis a d’fhíoraigh agus a dheimhnigh an Coimisiún ag áitreabh Baolingbao Biology Co., Ltd. a réiteach a thuilleadh agus, dá bhrí sin, níor breithníodh a thuilleadh iad. Thug an Coimisiún dá aire freisin nach gá go raibh barúlacha Rio Mints & Sweeteners B.V. maidir le praghsanna Baolingbao Biology Co., Ltd. ionadaíoch ar phraghsanna onnmhairiúcháin Baolingbao Biology Co., Ltd. ina n-iomláine. Dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí sealadacha agus níor ghlac sé leis na maímh thuas. |
|
(55) |
In éagmais barúlacha eile, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithris (228) den Rialachán sealadach. |
3.3. Comparáid
|
(56) |
I bhfianaise na forbartha a tháinig ar na costais loingseoireachta le himeacht ama, cheistigh Rio Mints & Sweeteners B.V. leibhéal an choigeartaithe le haghaidh iompair dá dtagraítear in aithris (230) den Rialachán sealadach. Thug an Coimisiún dá aire gur measadh leis an gcoigeartú costais iompair mar a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte iad féin, agus dhiúltaigh sé don mhaíomh. |
|
(57) |
In éagmais barúlacha eile, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (229) go (230) den Rialachán sealadach. |
3.4. Corrlaigh dhumpála
|
(58) |
Mar a thuairiscítear in aithris (53), tar éis maímh ó pháirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún na corrlaigh dhumpála a athríomh. |
|
(59) |
D’iarr an t-úsáideoir Rio Mints & Sweeteners B.V. iniúchadh a dhéanamh ar na ríomhanna dumpála. D’athdhearbhaigh an páirtí a iarraidh tar éis an nochta deiridh. D’iarr Hamburg Fructose GmbH freisin imscrúdú a dhéanamh ar na ríomhanna dumpála tar éis an nochta deiridh. Thug an Coimisiún dá aire nach nochtar ríomhanna dumpála, i bhfianaise a rúndachta, ach amháin do na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann siad. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. Mar sin féin, mhínigh an Coimisiún don dá pháirtí an mhodheolaíocht le haghaidh na ríomhanna san éisteacht dá dtagraítear in aithris (12). |
|
(60) |
Mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. go raibh an difríocht idir na corrlaigh dhumpála éagórach. Thug an Coimisiún dá aire go mbíonn tionchar ní hamháin ag éagsúlachtaí i bpraghsanna onnmhairiúcháin agus i meascáin táirgí agus freisin ag difríochtaí sna gnáthluachanna ríofa ar na corrlaigh, rud a léiríonn costais táirgthe neamhshaofa na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte aonair, a d’úsáid ionchuir éagsúla ag rátaí éagsúla. Tar éis an nochta deiridh, d’iarr Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH go ndéanfaí athbhreithniú ar an mbearna idir na corrlaigh dhumpála aonair a d’eascair as an modheolaíocht a úsáideadh chun gnáthluachanna a ríomh, eadhon go raibh ábhair ionchuir éagsúil ann i measc táirgeoirí onnmhairiúcháin. D’iarr na páirtithe go mbreithneofaí leibhéal costais na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín. Mheabhraigh an Coimisiún aithris (159) den Rialachán sealadach, ina luaitear gur ar leibhéal na tíre go suitear an ann do shaobhadh suntasach, rud is cúis le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus, i gcás ina suitear gur ann dó, go mbeidh sé míchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh. |
|
(61) |
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(62) |
In éagmais barúlacha maidir le cinneadh thionscal an Aontais agus tháirgeadh an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (236) go (238) den Rialachán sealadach. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(63) |
In éagmais barúlacha maidir le tomhaltas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (239) go (241) den Rialachán sealadach. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(64) |
Mhaígh CCCMC, ós rud é nár nocht an Coimisiún sa Rialachán sealadach an soláthraí speisialaithe faisnéise margaidh a chuir na sonraí ar fáil maidir leis na hallmhairí ón tSín, nach bhfuil sé in ann bailíocht na bhfigiúirí a chuir an Coimisiún ar fáil faoi aithris (247) den Rialachán sealadach a fhíorú, rud is cúis imní, de réir CCCMC, maidir lena chearta cosanta. Ina theannta sin, chuir CCCMC in iúl nach bhfuil sonraí den sórt sin iontaofa agus go bhféadfaí a mheas nach fianaise dheimhneach iad atá oiriúnach chun scrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar thosca díobhála. |
|
(65) |
Thug an Coimisiún dá aire maidir leis an maíomh thuas gur sholáthair sé sa Rialachán sealadach sonraí iomlána agus neamh-innéacsaithe maidir le hallmhairí eiritríotóil ón tSín. Dá bhrí sin, cuireadh ar a chumas do CCCMC na sonraí a sheiceáil i gcomparáid lena chuid foinsí nó le haon sonraí allmhairiúcháin eile a bhfuil rochtain aige orthu. Tugtar faoi deara freisin, mar a léirítear in aithris (243) den Rialachán sealadach, go ndearnadh na sonraí atá i gceist arna gcur ar fáil ag an soláthraí faisnéise margaidh a chros-seiceáil le foinsí staidrimh eile a bhí ar fáil agus leis na freagraí ar an gceistneoir samplála ón tSín. I bhfianaise an mhéid thuas, d’easaontaigh an Coimisiún nár urramaíodh cearta cosanta CCCMC. |
|
(66) |
In éagmais aon bharúil eile sa roinn seo, deimhníodh aithrisí (242) go (248) den Rialachán sealadach. |
4.3.1. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(67) |
In éagmais barúlacha maidir le praghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, sladghearradh praghais agus sochtadh praghsanna, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (249) go (257) den Rialachán sealadach. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(68) |
Mheas CCCMC go bhfuil tionchar ag eiritríotól mar ghnáth-earra tráchtála ar fheidhmiú an mhargaidh eiritríotóil agus ar iompraíocht a tháirgeoirí, agus, dá bhrí sin, go bhfuil socrú praghsanna le haghaidh eiritríotóil á dhéanamh ar bhonn domhanda, agus nach bhfuil sé ag brath ar dhálaí an mhargaidh áitiúil. |
|
(69) |
Thug an Coimisiún dá aire, gan beann ar cé acu is tráchtearra é eiritríotól nó nach ea, go bhfuil an maíomh go bhfuil socrú praghsanna le haghaidh eiritríotóil a dhéanamh ar bhonn domhanda ag teacht salach ar an bhfíoras go raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ag díol an táirge i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte lena ndearnadh praghsanna tháirgeoir an Aontais a shladghearradh agus a chosc. |
|
(70) |
Mhaígh CCCMC freisin go bhfuil sé de chumhacht ag an aon táirgeoir amháin de chuid an Aontais cinntí a dhéanamh a mbeidh tionchar acu ar mhargadh iomlán an Aontais, rud a chaitheann amhras, dar leis, ar iontaofacht, ionadaíochas agus oibiachtúlacht na sonraí feidhmíochta maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha a cuireadh isteach mar fhreagra ar cheistneoir tháirgeoirí an Aontais. |
|
(71) |
Thug an Coimisiún faoi deara go raibh cumas an táirgeora de chuid an Aontais tionchar a imirt ar mhargadh iomlán an Aontais teoranta toisc go raibh sé faoi réir iomaíocht shuntasach ó allmhairí ón tSín, a raibh sciar den mhargadh os cionn 60 % acu go comhsheasmhach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur fíoraíodh na sonraí uile go hoibiachtúil le linn an imscrúdaithe, agus nár tháinig aon imní chun cinn maidir lena n-iontaofacht ná lena n-oibiachtúlacht. A mhéid a bhaineann le hionadaíocht, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil na sonraí a sholáthraíonn an t-aon táirgeoir amháin de chuid an Aontais ionadaíoch ar thionscal an Aontais de réir sainmhínithe. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha – Táscairí micreacnamaíocha
|
(72) |
Mhol CCCMC gur chinn táirgeoir an Aontais níos mó ná 20 milliún euro a infheistiú in acmhainneacht táirgeachta a leathnú mar chuid de straitéis chun ullmhú don imscrúdú frithdhumpála atá ann faoi láthair agus chun toradh fabhrach a fháil air sin. |
|
(73) |
Thug an Coimisiún dá aire gur fhíoraigh sé go ndearnadh cinneadh infheistíochta tháirgeoir an Aontais in 2019, i.e. níos mó ná 4 bliana sular tionscnaíodh an t-imscrúdú reatha. Thug sé faoi deara freisin, i bhfianaise staid an mhargaidh, go háirithe i bhfianaise an fháis láidir ar thomhaltas an Aontais (39 % in 2021) agus úsáid an-ard acmhainneachta (83 % in 2020, 100 % in 2021), nach raibh cuma neamhloighciúil ar an gcinneadh infheistíochta. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon bhunús le líomhain CCCMC. Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. nach féidir tosca 2020 agus 2021 a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar fhóntacht cinnidh infheistíochta a rinneadh in 2019. Thug an Coimisiún dá aire, sa bhreis ar an uainiú, gur fhíoraigh sé freisin go raibh údar maith ag táirgeoir an Aontais leis an gcinneadh infheistíochta trí réamhaisnéisí maidir le fás láidir ar an margadh agus leibhéil arda úsáide acmhainneachta. Úsáideadh na sonraí ó 2020 agus 2021, a bhí ar fáil mar chuid den tréimhse faoi bhreathnú, chun a léiriú go raibh na réamhaisnéisí sin ag freagairt d’fhorbairtí iarbhír ar dhálaí an mhargaidh. |
|
(74) |
Mhaígh CCCMC freisin nár cheistigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh stad táirgeachta tháirgeoir an Aontais ina chinneadh corparáideach straitéiseach i gcomhthéacs sheoladh an imscrúdaithe reatha. |
|
(75) |
Thug an Coimisiún dá aire gur cuireadh stop leis an táirgeacht le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus gur tháinig méadú comhsheasmhach ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín ó [62-70] % go [77-87] % le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus gur tháinig laghdú mór ar phraghsanna na n-allmhairí sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin (-19 % i gcomparáid le 2022 agus -36 % i gcomparáid le 2021). Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh sa Rialachán sealadach gurbh é ba chúis leis an bhfionraí iomlán nach mór ar tháirgeacht tháirgeoir an Aontais nach raibh sé in ann dul san iomaíocht i gcoinne allmhairí dumpáilte ón tSín a tháinig isteach ar phraghsanna a bhí go mór faoi bhun chostas táirgthe thionscal an Aontais ó 2022 i leith. |
|
(76) |
Mhaígh CCCMC freisin nár fhíoraigh an Coimisiún ar bhain táirgeoir an Aontais úsáid as an acmhainneacht bhreise le haghaidh táirgeacht eiritríotóil chun comhdhúile eile a tháirgeadh. |
|
(77) |
Thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus an méid a líomhnaíonn CCCMC, gur fhíoraigh sé go raibh stop éifeachtach curtha ag táirgeoir an Aontais le líne táirgeachta eiritríotóil go héifeachtach, agus nár chuir sé tús leis an líne táirgeachta arís chun comhdhúile eile a tháirgeadh. Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. gur cheart don Choimisiún, os a choinne sin, imscrúdú a dhéanamh féachaint an sábhálfaí athdháileadh den chineál sin costais thionscal an Aontais agus an ndéanfaí costais a choigeartú dá réir sin. Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil raon feidhme na n-imeachtaí reatha teoranta don táirge lena mbaineann. |
|
(78) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh ó CCCMC, agus in éagmais aon bharúil eile maidir leis na táscairí maicreacnamaíocha, deimhnítear na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (262) go (287) den Rialachán sealadach. |
4.4.3. Conclúid maidir le díobháil
|
(79) |
Diúltaíodh do mhaímh uile na bpáirtithe tar éis an Rialacháin shealadaigh. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, de bhun na dtorthaí a nochtadh sa Rialachán sealadach, gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
5. CÚISÍOCHT
5.1. Barúlacha maidir le cúisíocht
|
(80) |
Mhaígh CCCMC gurbh é an t-ardú ar chostais amhábhar agus fuinnimh ba chúis le fadhbanna tháirgeoir an Aontais, seachas allmhairí dumpáilte ón tSín. Dhearbhaigh CCCMC freisin nár tháinig méadú ar allmhairí ach amháin chun freastal ar éileamh an mhargaidh mar thoradh ar tháirgeacht tháirgeoir an Aontais a bheith curtha ar fionraí beagnach go hiomlán. |
|
(81) |
Mar a leagtar amach sa Rialachán sealadach, thug an Coimisiún dá aire gur chuir an t-ardú ar chostais amhábhar agus fuinnimh le fadhbanna tháirgeoir an Aontais, go háirithe trína chostas táirgthe aonaid a mhéadú. Mar sin féin, tharla an bhuaic i bpraghsanna fuinnimh agus arbhair Indiaigh (an príomh-amhábhar le haghaidh glúcóis) in 2022, agus an bhliain sin bhí táirgeoir an Aontais, trí phraghsanna díolacháin a ardú, fós in ann leibhéal díolachán intíre a choinneáil ar bun a bhí coibhéiseach le 2020, leibhéal táirgeachta 14 % níos airde ná mar a bhí in 2020 agus leibhéal fónta brabúsachta [7-10 %]. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, áfach, níorbh fhéidir é sin a dhéanamh a thuilleadh i bhfianaise laghdú géar ar an bpraghas agus méadú suntasach ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín, mar a leagtar amach in aithris (75). Mar thoradh, b’éigean do thionscal an Aontais stop a chur leis an táirgeadh, toisc go mbeadh air a phraghas díola a ísliú faoi bhun an chostais táirgthe dá leanfadh sé de bheith ag díol. Thairis sin, mar a leagtar amach in aithris (75), bhí sciar den mhargadh a bhí ag an tSín ag fás go comhsheasmhach cheana féin sna blianta roimhe sin, agus níor tháinig méadú ar an sciar sin mar thoradh ar stad táirgeachta tháirgeoir an Aontais. |
5.2. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(82) |
Diúltaíodh do mhaímh uile na bpáirtithe tar éis an Rialacháin shealadaigh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar na torthaí a nochtar sa Rialachán sealadach, go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus mar gheall ar thosca eile, leo féin nó le chéile, nár maolaíodh ná nár briseadh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
6.1. Corrlach díobhála
|
(83) |
In éagmais aon bharúil lena dtugtar údar maith leis an athbhreithniú ar na corrlaigh dhíobhála, is é seo a leanas an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus gach cuideachta eile:
|
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(84) |
In éagmais barúlacha maidir le leas thionscal an Aontais, deimhnítear aithrisí (334) go (335) den Rialachán sealadach. |
7.2. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(85) |
In éagmais barúlacha eile maidir le hallmhaireoirí an Aontais, deimhnítear na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (338) go (339) den Rialachán sealadach. |
7.3. Leas úsáideoirí, tomhaltóirí agus soláthróirí
|
(86) |
Líomhain úsáideoirí go mbeadh orthu a bpraghas díola a mhéadú go dtí níos mó ná dhá oiread an leibhéil a bhí ann roimhe seo mar gheall ar na bearta, rud a d’fhágfadh go ndíliostódh miondíoltóirí móra a dtáirgí athsholáthair siúcra atá bunaithe ar eiritríotól, rud a chuirfeadh cosc ar aiste bia níos sláintiúla do go leor tomhaltóirí. |
|
(87) |
Mar a mhínítear in aithris (342) den Rialachán sealadach, ní raibh tionchar ag praghsanna na Síne ar thomhaltas eiritríotóil in 2021 nuair a bhí siad 56 % níos airde ná mar a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin, bliain inar taifeadadh an tomhaltas ab airde le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, áitíonn an Coimisiún nach gcuirfeadh praghsanna a d’fhéadfadh a bheith níos airde cosc ar úsáideoirí ná tomhaltóirí deiridh eiritríotól a úsáid. |
|
(88) |
Mhaígh úsáideoir amháin go ndéanfadh na bearta difear do chéatadán níos airde dá láimhdeachas ná na figiúirí a luaitear in aithris (342) den Rialachán sealadach. Mhaígh an t-úsáideoir freisin go mbeidh tionchar diúltach suntasach aige sin ar a staid eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé i gcoinne na mbeart. I ndáil leis sin, tugtar faoi deara gur bhain na figiúirí a luaitear san aithris seo le costas foriomlán na n-earraí a díoladh. Thairis sin, ós rud é go mbeadh láimhdeachas na n-úsáideoirí ag brath ar leibhéal thomhaltas an Aontais, níl coinne leis go mbeidh tionchar suntasach ag forchur na mbeart ar láimhdeachas, mar a mhínítear san aithris (87) roimhe seo. |
7.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(89) |
Diúltaíodh do mhaímh uile na bpáirtithe tar éis an Rialacháin shealadaigh, agus dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh sealadach nach bhfuil aon chúis láidir ann le teacht ar an gconclúid nach mbeadh sé chun leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh na Síne. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
8.1. Bearta cinntitheacha
|
(90) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann. |
|
(91) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(92) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a chonacthas le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(93) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (16). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(94) |
Mhol úsáideoirí dleacht sheasta ar an ábhar eiritríotóil amháin ar bhulc-allmhairí do gach soláthróir Síneach. Dar leo, d’áiritheofaí le dleacht sheasta cóir níos cothroime d’allmhairí cumasc agus, dá bhrí sin, choinneofaí roghanna malartacha milsithe níos sláintiúla ar fáil do thomhaltóirí. |
|
(95) |
Thug an Coimisiún dá aire go mbeadh beart a chur i bhfeidhm maidir leis an gcion eiritríotóil amháin faoi réir riosca suntasach imchéimniúcháin. Ina theannta sin, le himeacht ama, tá an baol ann go n-éireoidh beart atá bunaithe ar dhleachtanna seasta neamhéifeachtach nó róshriantach mar fheidhm den chaoi a bhforbraíonn praghsanna allmhairiúcháin, rud a ndéanann boilsciú foriomlán agus go háirithe luaineachtaí i bpraghsanna phríomhspreagthaí costais an táirge lena mbaineann difear dó. I gcás eiritríotóil, is arbhar Indiach/arbhar agus fuinneamh iad, a raibh luaineachtaí suntasacha i gceist leo roimhe seo araon. Ós rud é nach mó ná 7 % an sciar de chumaisc i dtomhaltas an Aontais, agus ós rud é gur féidir le húsáideoirí aistriú chuig milseoirí eile a dhíol nó b’fhéidir cumaisc atá bunaithe ar eiritríotól a cheannach ó tháirgeoir an Aontais, is mó, dar leis an gCoimisiún, na rioscaí thuasluaite ná leas na n-úsáideoirí. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb í dleacht ad valorem an cineál birt is iomchuí i gcónaí. |
|
(96) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta idir dhleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne’. |
|
(97) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má chuirtear sonrasc i láthair údaráis chustaim na mBallstát lena gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an dleachtráta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(98) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, féadfar imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(99) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(100) |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) nach bhfuil sé comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) gur onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla. |
8.2. Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha
|
(101) |
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a aimsíodh agus i bhfianaise leibhéal na díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú leis an dleacht shealadach frithdhumpála arna forchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach. |
8.3. Cúlghabhálacht
|
(102) |
Mar a luaitear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe. |
|
(103) |
Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha. |
|
(104) |
Leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán na critéir maidir le cibé acu is féidir nó nach féidir dleachtanna a bhailiú le linn na tréimhse clárúcháin. |
|
(105) |
Measann an Coimisiún go gcomhlíonann an Rialachán clárúcháin critéar (a), eadhon gur cláraíodh na hallmhairí i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán. |
|
(106) |
Measann an Coimisiún gur tugadh deis d’allmhaireoirí barúlacha a thabhairt maidir le critéar (b) le foilsiú an Rialacháin shealadaigh agus le foilsiú an Rialacháin clárúcháin. |
8.3.1. Stair na dumpála nó na feasachta faoin dumpáil nó faoin díobháil a rinne an t-allmhaireoir
|
(107) |
De bhun Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán, ní mór ‘teist maidir le dumpáil thar thréimhse fhada a bheith ann maidir leis an táirge i dtrácht, nó an t-allmhaireoir a bheith ar an eolas faoin dumpáil i dtaobh mhéid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe nó cruthaithe, nó ar choinníoll go mba cheart é a bheith ar an eolas faoi’. Sa chás seo, measann an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil maidir le méid na dumpála agus na díobhála a líomhnaítear a rinneadh nó a fuarthas ó dháta tionscnaimh an imscrúdaithe, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi. |
|
(108) |
Thairis sin, bhí roinnt ráiteas agus míreanna fianaise san fhógra tionscnaimh agus sa leagan neamhrúnda den ghearán a thacaíonn le méid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe agus a luann an méid sin. Mar thoradh, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí agus úsáideoirí ar an eolas faoi na cleachtais dumpála líomhainte, faoi mhéid na dumpála agus faoin díobháil líomhainte, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi na cleachtais sin. |
|
(109) |
Thairis sin, chuir an gearánach fianaise isteach a léireodh gur cuireadh allmhaireoirí agus dáileoirí san Aontas ar an eolas faoin imscrúdú frithdhumpála agus gur gríosaíodh iad chun eiritríotól a cheannach agus a allmhairiú sular forchuireadh bearta sealadacha. Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH International go ndearnadh dochar dá gcearta cosanta toisc nach bhfaca siad an fhianaise sin. Thug an Coimisiún dá aire go raibh an fhianaise a chuir an gearánach isteach de chineál rúnda (17) agus neamhrúnda araon (18). |
|
(110) |
Ar deireadh, tugtar faoi deara go ndearnadh anailís leordhóthanach ar an gcritéar sin in aithrisí (8) go (11) den Rialachán maidir le clárú. |
|
(111) |
Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur comhlíonadh an critéar sin maidir le bailiú cúlghabhálach dleachtanna. |
8.3.2. Ardú suntasach breise in allmhairí ar dócha go mbainfidh sé an bonn go tromchúiseach d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha frithdhumpála
|
(112) |
De bhun Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán, is gá ‘ardú suntasach breise ar allmhairí a bheith ann i dteannta leibhéal na n-allmhairí a bhí ina gcúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdaithe’. |
|
(113) |
Ba é 1 097 dtona an meánmhéid míosúil allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. De réir sonraí (a bhí ar fáil suas go dtí Lúnasa 2024 agus Lúnasa 2024 san áireamh), ba é 1 749 dtona an meánmhéid míosúil allmhairí ón tSín sa tréimhse dar tús an chéad mhí iomlán tar éis fhoilsiú fhógra tionscnaimh an imscrúdaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dar críoch an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach (Nollaig 2023-Meitheamh 2024), i.e. 59 % níos airde ná mar a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin. Sa tréimhse chéanna, ba é 12 240 tona méid iomlán na n-allmhairí. |
|
(114) |
Mar gheall ar an tréimhse ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh agus an mhí inar forchuireadh bearta sealadacha san áireamh (i.e. Nollaig 2023 - Iúil 2024), tá meánmhéid míosúil allmhairí 1 586 thona ann, atá 45 % níos airde ná an meán míosúil sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(115) |
Léiríonn an dá anailís go raibh méadú suntasach ar mhéideanna allmhairí tar éis an tionscnaimh. |
|
(116) |
D’admhaigh úsáideoirí a thug barúil tar éis chlárú na n-allmhairí go raibh orthu dul i muinín stoc-charnadh eiritríotóil chun a bheith in ann a n-oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh, go háirithe chuig slabhraí móra miondíola. Tar éis an nochta deiridh, chuir Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH International ina choinne sin, ach d’admhaigh siad gur ordaigh siad earraí chun a n-oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh ar phraghsanna réamhaontaithe. Thug an Coimisiún dá aire gurb ionann iompar den sórt sin agus stoc-charnadh in oirchill chur chun feidhme na mbeart. |
|
(117) |
Léirítear san anailís ar thomhaltas sa tréimhse ó mhí na Nollag 2023 go mí Iúil 2024 meánmhéadú míosúil 50 % i ndáil le meán míosúil na tréimhse imscrúdúcháin. Sa tréimhse chéanna, cé gur thosaigh táirgeoir an Aontais ag táirgeadh arís, níor tháinig méadú ar a dhíolacháin i ndáil le 2022, bliain den tréimhse faoi bhreathnú nach raibh tionchar ag a dhúnadh táirgeachta ar dhíolacháin. Tháinig laghdú 12 phointe céatadáin ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh i gcomparáid leis an mbliain chéanna 2022. Is comhartha soiléir é sin go ndearnadh tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais. |
|
(118) |
Ó thaobh méideanna de, áiríodh allmhairí sa tréimhse chlárúcháin sa mheasúnú ar an ‘méadú breise ar allmhairí’ agus thit allmhairí sa tréimhse chlárúcháin ina n-aonar i gcomparáid leis na leibhéil réamhchlárúcháin, ach bhí siad fós suntasach ó thaobh méideanna de. |
|
(119) |
Thairis sin, lean praghsanna allmhairiúcháin sa tréimhse ó mhí na Nollag 2023 go mí Iúil 2024 de bheith ag titim níos mó ná praghsanna thairgeoir an Aontais. Bhí an meánphraghas allmhairiúcháin sa tréimhse sin 7 % faoi bhun an mheánphraghais allmhairiúcháin sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, tháinig méadú breise ar an sladghearradh sa tréimhse chlárúcháin go [45 % go 65 %] ar an meán. |
|
(120) |
Mar a léirítear in aithris (116), d’aimsigh an Coimisiún fianaise ar stoc-charnadh tar éis thionscnamh an imscrúdaithe. |
|
(121) |
San éisteacht dá dtagraítear in aithris (12), chuir Rio Mints & Sweeteners B.V. agus Hamburg Fructose GmbH International in aghaidh na conclúide sin, agus mhaígh siad, ós rud é go bhfuil an méid tagtha isteach sa mhargadh cheana féin agus go bhfuil sé á dhíol ar phraghsanna a comhaontaíodh de réir conartha, nach gcuireann cur i bhfeidhm cúlghabhálach dleachtanna frithdhumpála aon rud i gcoinne na dumpála agus nach bhfuil tionchar aige ar phraghsanna an mhargaidh. I gcodarsnacht leis sin, mhaígh siad go ndéanann an méid sin dochar suntasach dóibh. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin i bhfianaise na fianaise a cuireadh i láthair in aithrisí (107) go (120) agus dheimhnigh sé an chonclúid gur bhain an t-ardú suntasach breise ar allmhairí, i bhfianaise a uainithe agus a mhéide, chomh maith lena mheánphraghsanna atá ag laghdú tuilleadh, an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta cinntithí frithdhumpála. |
|
(122) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach na dleachta cinntithí frithdhumpála. Dá bhrí sin, ba cheart dleacht frithdhumpála chinntitheach a thobhach ar an táirge lena mbaineann, a cuireadh faoi réir a chláraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1608. Ba cheart leibhéal na dleachta atá le bailiú go cúlghabhálach a shocrú ar leibhéal na ndleachtanna sealadacha arna bhforchur faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, a mhéid atá siad níos ísle ná leibhéal na ndleachtanna cinntitheacha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo. |
9. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(123) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(124) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála cinntitheach ar allmhairí eiritríotóil, ina fhoirm íon nó atá i gcumaisc ina bhfuil níos lú ná 10 % de tháirgí eile de réir meáchain, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2905 49 00 i gcás eiritríotóil ina fhoirm íon agus faoi chóid AC ex 2106 90 92 agus ex 2106 90 98 i gcás táirgí cumaiscthe (cóid TARIC 2905 49 00 15, 2106 90 92 65, agus 2106 90 98 15), agus de thionscnamh na Síne.
2. Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag na táirgí a dtugtar tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleachtráta cinntitheach frithdhumpála (%) |
Cód breise TARIC |
|
Baolingbao Biology Co., Ltd. |
34,4 |
89 BG |
|
Dongxiao Biotechnology Co., Ltd. |
78,4 |
89 BH |
|
Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd. |
156,7 |
89 BI |
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
152,9 |
|
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
233,3 |
C999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar le hainm agus le feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir leis an méid i gcileagraim d’eiritríotól a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Na méideanna fuarthas trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh na Síne, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach.
Airteagal 3
1. Toibhítear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eiritríotóil, ina fhoirm íon nó atá i gcumaisc ina bhfuil níos lú ná 10 % de tháirgí eile de réir meáchain, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2905 49 00 i gcás eiritríotól ina fhoirm íon agus faoi chóid AC ex 2106 90 92 agus ex 2106 90 98 i gcás táirgí cumaiscthe (cóid TARIC 2905 49 00 15, 2106 90 92 65, agus 2106 90 98 15), agus de thionscnamh na Síne, a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1608 ón gCoimisiún.
2. Is mar a leanas a bheidh na rátaí maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag na táirgí a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1608 ón gCoimisiún agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleachtráta frithdhumpála (%) |
Cód breise TARIC |
|
Baolingbao Biology Co., Ltd. |
31,9 |
89 BG |
|
Dongxiao Biotechnology Co., Ltd. |
76,9 |
89 BH |
|
Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd. |
156,5 |
89 BI |
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
152,9 |
|
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
233,3 |
C999 |
Airteagal 4
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ón tSín a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023); |
|
(b) |
nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus |
|
(c) |
gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin. |
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Sraith IO C (C/2023/1020), 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1020/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1608 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2024 lena gcuirtear allmhairí eiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L, 2024/1608, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1608/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2024/1959 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/1959, 19.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1959/oj).
(5) Baolingbao Biology Co., Ltd., Dongxiao Biotechnology Co., Ltd., Shandong Sanyuan Biotechnology Co., Ltd agus Yusweet Co., Ltd.
(6) DS379, US – Definitive Antidumping and Countervailing Duties on Certain Products from China [Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh Cinntitheacha ar Tháirgí Áirithe ón tSín], Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, mír 354.
(7) Sa dara nóta maidir leis na foinsí chun gnáthluach a shuí an 12 Aibreán 2024, tugtar le fios nár chuir aon pháirtí i gcoinne chonclúid an Choimisiúin gur táirge iomchuí é aigéad citreach sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna leis an táirge faoi imscrúdú d’fhonn luach neamhshaofa a shainaithint i dtír ionadaíoch a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá comhchosúil le leibhéal na Síne le haghaidh na dtosca táirgeachta a úsáidtear i dtáirgeadh eiritríotóil (t24.003150).
(8) Maidir leis an mBrasaíl agus an Airgintín, féach https://biotec-latam.com/en/. Maidir le Stáit Aontaithe Mheiriceá, féach https://www.fda.gov/food/consumers/ agricultural-biotechnology.
(9) Tá sonraí agus staitisticí maidir le stáirse arbhair na Fraince le fáil, inter alia, ag https://www.usipa.fr/chiffres-cles/.
(10) https://www.euromonitor.com/starches-and-starch-products-in-brazil-isic-1532/report.
(11) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Eile v An Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 77.
(12) t24.006198.
(13) Tá an mharcáil suas le haghaidh arbhar orgánach/arbhar Indiach orgánach bunaithe ar an meándifríocht ualaithe i bpraghsanna idir arbhar/arbhar Indiach ceannaithe nó cáilíocht chaighdeánach agus arbhar/arbhar Indiach de cháilíocht orgánach a cheannach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín.
(14) Tá an mharcáil suas le haghaidh stáirse arbhair orgánaigh bunaithe ar an meándifríocht ualaithe i bpraghsanna idir stáirse arbhair Indiaigh ceannaithe nó an cháilíocht chaighdeánach agus stáirse arbhair Indiaigh de cháilíocht orgánach ceannaithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín.
(15) Luachanna a bhaineann go sonrach le cuideachta mar gheall ar a cóimheas idir a praghas ar ábhar príomhúil agus a praghas ar dhramhábhar a dhíorthaítear uaidh.
(16) European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussels, BELGIQUE/BELGIË.
(17) t24.003137 – Eiritríotól – Jungbunzlauer – Iarraidh ar allmhairí a chlárú (Iarscríbhinn_Information_from_importers_open),
(18) t24.006674 – Eiritríotól – Barúlacha maidir leis an nochtadh sealadach – íogair agus oscailte, (Iarscríbhinn 12, 05_2024_04_07_Promptly Purchase Erythritol before The EU Anti-Dumping Duties is Announced).
(19) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (Sraith L IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nach ndearnadh sampláil orthu
|
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
Shandong Xiangchi Jianyuan Bio-Tech Co., Ltd. |
89BJ |
|
Yusweet Co., Ltd. |
89BK |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/60/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)