|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/55 |
13.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/55 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Eanáir 2025
lena n-athosclaítear an t-iascach le haghaidh cadóg in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu, trí Rialachán (AE) 2024/2813 a aisghairm
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 and (CE) Uimh. 1966/2006 (1) agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2024. |
|
(2) |
An 10 Deireadh Fómhair 2024 thug an Fhrainc fógra don Choimisiún, de bhun Airteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, faoina cinneadh toirmeasc a chur ar iascaireacht a dhéanamh ar chadóga in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 ón 26 Iúil 2024. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2024/2813 ón gCoimisiún (3) cuireadh toirmeasc ar shoithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh ar chadóga in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2. |
|
(4) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún an 8 Samhain 2024 ó údaráis na Fraince, tá cainníocht fós ar fáil don Fhrainc le haghaidh chuóta an stoic sin. Dá bhrí sin, ba cheart an t-iascach le haghaidh cadóg in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc a athoscailt go dtí go bhfógrófar a mhalairt. |
|
(5) |
Ba cheart éifeacht a bheith ag athoscailt an iascaigh sin an 8 Samhain 2024, chun go bhféadfar iascaireacht a dhéanamh ar an gcainníocht cadóg atá i gceist roimh dheireadh na bliana atá ann faoi láthair. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/2813 a aisghairm le héifeacht ón 8 Samhain 2024. |
|
(7) |
Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, mar go bhfuil cuóta fós ar fáil le haghaidh an stoic sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athosclaítear an t-iascach le haghaidh cadóg in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 le haghaidh shéasúr iascaireachta 2024 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc dá dtagraítear san Iarscríbhinn.
Aisghairtear Rialachán (AE) 2024/2813.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 8 Samhain 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Costas KADIS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
(3) Rialachán (AE) 2024/2813 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh cadóg in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu (IO L, 2024/2813, 5.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2813/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
27/TQ257 – Athoscailt |
|
Ballstát |
An Fhrainc |
|
Stoc |
HAD/1N2AB. |
|
Speiceas |
An chadóg (Melanogrammus aeglefinus) |
|
Limistéar |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
|
Dáte an iaimh |
26 Iúil 2024 |
|
Dáta athoscailte |
8 Samhain 2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/55/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)