European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/45

9.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/45 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Eanáir 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 13 Samhain 2023, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’). D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne ‘an Chomhghuaillíocht um Chothrom Iomaíochta a Athbhunú in Earnáil Trealaimh Rochtana Shoghluaiste an Aontais’ (‘CMAE’) nó (‘an gearánach’) an 29 Meán Fómhair 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal TRS an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

(3)

An 27 Márta 2024, thionscain an Coimisiún imscrúdú frith-fhóirdheontais maidir le hallmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

1.2.   Clárú

(4)

An 15 Eanáir 2024 agus an 12 Márta 2024, chuir an gearánach iarrataí isteach ar chlárú allmhairí TRS de thionscnamh na Síne de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1450 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2024 (4) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe.

1.3.   Bearta sealadacha

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 14 Meitheamh 2024, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Tugadh aghaidh ar na barúlacha i gcás inarb iomchuí.

(7)

An 12 Iúil 2024, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí TRS de thionscnamh na Síne le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1915 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2024 (5) (‘an Rialachán sealadach’).

1.4.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(8)

Tar éis nochtadh na bunfhíoras agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), Rialtas na Síne, an gearánach, Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreacha (‘CCCME’) (6), na táirgeoirí onnmhairiúcháin Hunan Sinoboom Intelligent Equipment Co., Ltd. (‘Sinoboom’), Oshkosh JLG (Tianjin) Equipment Technology Co., Ltd. (‘JLG’), Terex (Changzhou) Machinery Co., Ltd. (‘Terex’), agus Zhejiang Dingli Machinery Co., Ltd. (‘Dingli’), úsáideoir - Construct Machines S.R.L., agus trádálaí - Norbert Wienold GmbH chuir siad aighneachtaí i scríbhinn isteach ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den Rialachán sealadach.

(9)

Sa bhreis ar na barúlacha maidir leis na bearta sealadacha, rinne an gearánach tagairt d’aithris (343) den Rialachán sealadach inar chinn an Coimisiún go sealadach nach ann do na coinníollacha maidir le hAirteagal 7(2a) a chur i bhfeidhm. D’iarr an gearánach ar an gCoimisiún nochtadh breise a sholáthar maidir leis na torthaí faoi chur i bhfeidhm riail na dleachta is lú roimh an nochtadh cinntitheach. D’áitigh sé gur ríthábhachtach an ghné é riail na dleachta is lú a chur i bhfeidhm agus go raibh tionchar ollmhór aige sin ar tháirgeoirí agus ar onnmhaireoirí an Aontais araon agus toisc nach ndearna an Coimisiún na torthaí mionsonraithe a nochtadh, d’fhág sé go raibh sé dodhéanta don ghearánach fianaise bhreise a sholáthar agus sháraigh sé a chearta cosanta.

(10)

Chinn an Coimisiún nár ghá a chinntí maidir le cur i bhfeidhm riail na dleachta is lú a nochtadh go luath don ghearánach toisc go ndéanfadh sé idirdhealú idir na páirtithe leasmhara. Dá ndéanfaí nochtadh maidir leis an tsaincheist chéanna go luath do na páirtithe leasmhara uile, ba é an toradh a bheadh air sin go ndéanfaí idirdhealú idir na hábhair imní a chuir na páirtithe éagsúla in iúl agus go bhféadfadh sé go gcuirfí tús le hiarrataí eile ar nochtadh agus an t-am céanna is de chineál reachtach atá an sprioc-am 10 lá le haghaidh barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh (Airteagal 20(5) den bhun-Rialachán) (7). Sa doiciméad don nochtadh cinntitheach, ós rud é gur soláthraíodh na cúiseanna ar ar a mbonn a thángthas ar an gconclúid nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 7(2a) agus gur iarradh ar an ngearánach agus ar na páirtithe leasmhara uile a mbarúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sin, tugadh urraim do chearta cosanta na bpáirtithe uile.

(11)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí leis an ngearánach, CCCME, agus leis na cuideachtaí Sinoboom, JLG, Terex agus Dingli. An 10 Meitheamh 2024, chuir Sinoboom iarraidh ar éisteacht faoi bhráid an Oifigigh Éisteachta. Tarraingíodh siar an iarraidh an 18 Meitheamh 2024 i bhfianaise éisteacht chomhchosúil a eagraíodh leis an bhfoireann cáis. Cuireadh Sinoboom ar an eolas faoina cheart filleadh ar an Oifigeach Éisteachta i gcás nach bhfuarthas aon réiteach sásúil ag an gcruinniú leis an bhfoireann cáis. Reáchtáladh éisteachtaí le Dingli an 29 Lúnasa 2024, le CCCME agus Terex, an 5 Meán Fómhair 2024, le JLG an 6 Meán Fómhair 2024 agus le Sinoboom an 9 Meán Fómhair 2024.

(12)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a raibh gá léi dá dtorthaí deiridh. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(13)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí TRS de thionscnamh na Sine (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(14)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht freisin. Reáchtáladh éisteachtaí le Dingli agus leis an ngearánach faoi seach an 15 Samhain 2024, agus le JLG agus Terex an 19 Samhain 2024.

(15)

Tar éis barúlacha a fháil maidir leis an nochtadh cinntitheach, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le Dingli, maidir le cuideachtaí comhoibríocha eile san Iarscríbhinn agus maidir le gach cuideachta eile. Rinneadh na ríomhanna dumpála foluiteacha a nochtadh arís agus tugadh deis do Dingli a bharúil a thabhairt. Tugadh deis do na páirtithe leasmhara eile freisin a mbarúil a thabhairt maidir leis na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a ríomhadh le déanaí. Ní bhfuarthas aon bharúil eile a d’fhágfadh go n-athródh sé torthaí an Choimisiúin.

1.5.   Maímh maidir le tionscnamh

(16)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir CCCME i gcoinne thorthaí an Choimisiúin in aithris (14) den Rialachán sealadach nach raibh aon cheart cosanta ag CCCME faoina ainm féin. Chuir CCCME a bharúlacha in iúl arís ar tugadh aghaidh orthu cheana in aithris (14) den Rialachán sealadach agus dúirt sé freisin, dá ndiúltódh an Coimisiún do stádas páirtí leasmhair CCCME, go ndiúltóidh sé do stádas CMAE freisin.

(17)

Dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí agus a chonclúidí in aithris (14) den Rialachán sealadach ach shoiléirigh sé gur measadh gur páirtí leasmhar é CCCME a mhéid a rinne sé ionadaíocht do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a thug cumhacht aturnae dó. Sa chiall sin, ní raibh stádas CCCME éagsúil le stádas CMAE.

1.6.   Sampláil

(18)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais, táirgeoirí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí (16) go (23) den Rialachán sealadach.

1.7.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(19)

Faoi mar a thugtar le fios i Roinn (1.6) den Rialachán sealadach, chumhdaigh an t-imscrúdú dumpáil agus díobháil le linn na tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’ nó ‘IP’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi imscrúdú

(20)

Mar a leagtar amach in aithrisí (33) go (34) den Rialachán sealadach, is éard atá sa táirge faoi imscrúdú trealamh rochtana soghluaiste (‘TRS’) atá ceaptha chun daoine a ardú, é féinghluaiste, ar 6 mhéadar nó níos mó an airde oibre uasta atá aige, agus codanna de atá réamhchóimeáilte nó réidh le cóimeáil, gan comhpháirteanna aonair a áireamh nuair a chuirtear i láthair ar leithligh iad, agus gan trealamh ardaithe daoine atá suite ar fheithiclí faoi Caibidlí 86 agus 87 den Chóras Comhchuibhithe (‘an táirge faoi imscrúdú’) a áireamh, ar trealamh é atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8427 10 10 , ex 8427 20 19 , ex 8428 90 90 , ex 8431 20 00 agus ex 8431 39 00 (cóid TARIC: 8427 10 10 10, 8427 20 19 10, 8428 90 90 20, 8431 20 00 60 agus 8431 39 00 10).

(21)

Áirítear leis an raon táirgí meaisíní a úsáidtear chun daoine a ardú i raon leathan feidhmeanna éagsúla agus áirítear leis ardaitheoirí búm altaigh, ardaitheoirí búm theileascópaigh, ardaitheoirí siosúrtha agus crainn ingearacha.

(22)

Tá ceithre chatagóir i gceist le codanna atá réamhchóimeáilte nó réidh le cóimeáil, go háirithe: 1) fonnadh, 2) túirín nó caschláir, 3) ardán nó ciseáin, 4) meicníocht ardaithe do TRS. Áirítear leis an meicníocht ardaithe búmanna (iad teileascópach nó altach, bíodh géaga orthu nó ná bíodh) le haghaidh ardaitheoir búm theileascópaigh, ardaitheoir búm altaigh nó crann ingearach agus géaga siosúrtha le haghaidh ardaitheoir siosúrtha. Ní áirítear leo comhpháirteanna aonair nuair a chuirtear i láthair ar leithligh iad.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(23)

Mar a leagtar amach in aithris (35) den Rialachán sealadach, is trealamh rochtana soghluaiste de thionscnamh na Síne (‘an táirge lena mbaineann’) é an táirge lena mbaineann.

2.3.   An táirge comhchosúil

(24)

In aithrisí (36) go (37) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur díoladh an táirge lena mbaineann, is é sin an táirge a tháirgtear ar mhargadh intíre na Síne; agus dá bhrí sin, bhí an táirge faoi imscrúdú a tháirg agus a dhíol tionscal an Aontais san Aontas comhchosúil le táirgí de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an gconclúid sin.

2.4.   Maímh maidir leis an raon táirgí

(25)

Chuir CCCME, agus an táirgeoir onnmhairiúcháin Sinoboom barúlacha isteach maidir leis an raon táirgí. Mar fhreagra ar na barúlacha a thug CCCME agus Sinoboom, d’áitigh an gearánach gur cheart go mbeadh an raon táirgí fós gan athrú.

2.4.1.   Éileamh TRS leictreach a eisiamh

(26)

Níor aontaigh CCCME le diúltú an Choimisiúin don éileamh a ndéantar achoimre air in aithrisí (45) go (46) den Rialachán sealadach chun TRS leictreach agus hibrideach a eisiamh ón raon táirgí. Dúirt sé arís go raibh difríocht shoiléir sna tréithe fisiceacha agus teicniúla idir an TRS traidisiúnta, agus an TRS leictreach nó an TRS hibrideach. Luaigh CCCME é arís freisin go raibh difríochtaí bunúsacha idir an dá chatagóir TRS sin maidir le comhpháirteanna meicniúla, gur bhain an dá chatagóir TRS sin úsáid as tiomáint éagsúil agus go raibh feidhmeanna teicniúla éagsúla agus úsáid éagsúil acu. Ina theannta sin, d’áitigh sé gur bhain tionscail éagsúla úsáid astu, amhail an tionscal tógála, an tionscal cothabhála, an tionscal trádstórála nó an tionscal déantúsaíochta. Thug CCCME an sampla go raibh claonadh ann, dar leis, ardaitheoirí siosúrtha a úsáid mar threalamh amuigh faoin aer toisc go bhfuil innill, boinn agus frámaí níos mó ag meaisíní den sórt sin agus, dá bhrí sin, gur féidir iad a bhogadh go héasca trasna tír-raon aimhréidh. Os a choinne sin, bhí sé den tuairim gur ghnách ardaitheoirí siosúrtha leictreacha a úsáid mar threalamh faoi dhíon toisc go bhfuil siad níos lú, níos aclaí agus go bhfuil níos lú cumhachta acu agus, dá bhrí sin, is fearr iad a úsáid i spásanna cúnga. Ar na cúiseanna sin, mheas CCCME nach raibh na buntréithe céanna ag an dá chatagóir sin agus nár tháirgí aonchineálacha iad.

(27)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh CCCME an maíomh maidir leis an difríocht idir cineálacha traidisiúnta TRS agus cineálacha leictreacha TRS. D’áitigh sé go raibh seasamh an Choimisiúin bunaithe ar an tuairimíocht, is é sin ‘go bhféadfaí’ an TRS leictreach a úsáid de réir a chéile i dtimpeallachtaí nó i dtionscail inar úsáideadh TRS a bhfuil gnáth-thiomáint acu roimhe seo. Chosain sé freisin gur admhaigh tionscal an Aontais féin go sainráite gurb é a bhí sa bhundifríocht idir an dá chatagóir táirgí ná an t-inneall tiomána , lenar cinneadh na coinníollacha úsáide, go raibh innill dócháin le haghaidh úsáidí amuigh faoin aer ar thír-raon garbh agus innill leictreacha le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha inmheánacha. D’áitigh CCCME freisin, ós rud é gur bhain an argóint leis an todhchaí, nach raibh sí ábhartha don tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, d’áitigh sé gur sainmhíníodh an raon táirgí go mícheart ón tús, agus bhí amhras ann faoi na torthaí díobhála a fuarthas ar bhonn sainmhíniú earráideach ar an táirge.

(28)

Thug an Coimisiún faoi deara nár thug CCCME argóintí breise ná fianaise bhreise a thabharfadh údar leis an TRS leictreach a eisiamh. Dá bhrí sin, mar a mhínítear in aithrisí (45) go (46) den Rialachán sealadach, d’áitigh sé go raibh na buntréithe céanna ag an dá chatagóir (TRS traidisiúnta agus TRS leictreach nó hibrideach) agus go raibh údar maith ann gur cuid den raon táirgí an dá cheann acu. Thug an Coimisiún faoi deara freisin go raibh margadh TRS ag síorathrú agus i bhfianaise na n-ábhar imní comhshaoil, i measc nithe eile, féadfar an TRS leictreach a úsáid de réir a chéile i dtimpeallachtaí nó i dtionscail inar úsáideadh an TRS a raibh tiomáint thraidisiúnta aige roimhe seo. Dá bhrí sin, ní bheadh sé réasúnach an TRS leictreach a eisiamh ón raon táirgí, de bharr gur mó a úsáidtear iad, sa tréimhse imscrúdúcháin cheana féin, faoi dhíon formhór an ama faoi láthair, i measc cúiseanna eile. Níos tábhachtaí fós, d’ainneoin úsáid TRS faoi dhíon nó amuigh faoin aer, bhí na príomhthréithe bunúsacha agus an úsáid bhunúsach chéanna ag an TRS leictreach agus ag an TRS traidisiúnta, agus tagann an dá cheann acu faoi shainmhíniú an táirge lena mbaineann araon. Dá bhrí sin, d’áitigh an Coimisiún gur sainmhíníodh an raon táirgí i gceart.

2.4.2.   Éileamh maidir le TRS a bhfuil airde oibre 28 méadar nó níos mó aige a eisiamh

(29)

Mar fhreagairt ar na torthaí sealadacha, arna n-athdhearbhú arís tar éis an nochta chinntithigh, chosain CCME freisin go raibh bunús maith freisin lena iarraidh an TRS hibrideach nó an TRS leictreach ar 28 méadar nó níos mó a airde oibre, ar TRSanna iad nár tháirg tionscal an Aontais a eisiamh, rud a bhí contrártha do ráitis an Choimisiúin. Mheas sé freisin nach raibh sé ábhartha gur luaigh an Coimisiún go bhféadfaí na TRSanna sin a tháirgeadh amach anseo toisc, mura ndéanfaí na TRSanna sin a allmhairiú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, go raibh na torthaí maidir le díobháil saofa ós rud é nach bhféadfadh na cineálacha sin dochar a dhéanamh do thionscal an Aontais. D’áitigh CCCME nach bhféadfadh cuideachtaí Dinolift agus Manitou a tháirgeadh ach TRS a raibh airde oibre suas le 28 méadar aige.

(30)

Mheas an Coimisiún gurbh amhlaidh a sonraíodh san fhaisnéis ar leathanach gréasáin na cuideachta Dinolift agus sa tuarascáil bhliantúil ó Manitou go bhféadfaidís TRS a raibh airde oibre suas le 28 méadar aige a tháirgeadh. Níor thug sé sin fianaise, áfach, nach bhféadfadh na táirgeoirí sin ná táirgeoirí eile ar an margadh TRS a raibh airde oibre os cionn 28 méadar aige a tháirgeadh ar chor ar bith, dá mbeadh éileamh ann, nó nach dtosóidís á tháirgeadh go luath amach anseo. Mar a mheas an Coimisiún in aithris (337) den Rialachán sealadach cheana féin, ós rud é nár táirgeadh cineálacha áirithe táirgí chomh minic céanna, ní fhéadfaí teacht ar an gconclúid dá thoradh sin nach raibh na cineálacha táirgí sin in iomaíocht leis na hallmhairí ón tSín ach gurbh é an iarmhairt a bhí ag na hallmhairí dumpáilte é nó a bhí ag an éileamh íseal ar na cineálacha táirgí sin. Thairis sin, mheas an Coimisiún, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nár dhíol táirgeoirí sampláilte an Aontais na cineálacha táirgí uile a bhí ar an margadh, nó os rud é nár dhíol táirgeoirí an Aontais roinnt cineálacha táirgí le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar chor ar bith, mheas an Coimisiún nach raibh tionchar aige sin ar na conclúidí foriomlána maidir le díobháil do thionscal an Aontais. - Dá bhrí sin, d’áitigh an Coimisiún nach raibh aon chúis ann aon cheann de na cineálacha táirgí a eisiamh ón raon táirgí agus chloígh sé lena chonclúidí in aithris (47) den Rialachán sealadach.

2.4.3.   Éileamh chun codanna TRS a eisiamh agus mura bhfuil siad eisiata, iad a liostú i gcuid oibríochtúil an Rialacháin

(31)

Mar fhreagairt ar na torthaí sealadacha agus tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh CCCME nach raibh údar le codanna réamhchóimeáilte ná codanna atá réidh le cóimeáil a áireamh — in éagmais saormhargadh do chodanna TRS san Aontas, ní fhéadfaí aon díobháil ábhartha a dhéanamh do chodanna TRS de chuid táirgeoirí an Aontais mar gheall ar allmhairí an táirge chomhchosúil ón tSín. D’iarr CCCME freisin go ndéanfadh an Coimisiún na codanna lena mbaineann (i.e. an fonnadh, an caschlár, an meicníocht ardaithe agus an t-ardán) a liostú go sainráite sa sainmhíniú ar an raon táirgí sa chuid feidhmiúcháin de na bearta, chun an chomhsheasmhacht leis an gcur chun feidhme a áirithiú agus chun aon mhearbhall maidir leis an raon táirgí a sheachaint.

(32)

Chinn an Coimisiún nach raibh aon argóint bhreise a raibh bunús leo curtha isteach ag CCCME chun codanna a eisiamh. Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún lena chonclúidí a luaitear in aithris (52) den Rialachán sealadach gur cheart na codanna a áireamh fós sa raon táirgí.

(33)

Os a choinne sin, mheas an Coimisiún go raibh údar cuí leis an iarraidh ó CCCME na codanna sa sainmhíniú ar an raon táirgí sa chuid feidhmiúcháin de na bearta a liostú go sainráite, agus rinne sé an chuid oibríochtúil den Rialachán a oiriúnú dá réir.

2.4.4.   Éileamh chun ardaitheoirí damháin alla a eisiamh

(34)

D’iarr an táirgeoir onnmhairiúcháin Sinoboom go ndéanfaí ardaitheoirí damháin alla a eisiamh ó raon feidhme an táirge. D’áitigh sé gur cineál TRS an-áirithe é ardaitheoir damháin alla atá in ann dul isteach trí dhoras cúng agus ag a bhfuil meáchan agus brú talún níos ísle i gcomparáid le cineálacha eile TRS. D’áitigh sé gur féidir ardaitheoir damháin alla a úsáid i dtír-raonta agus i gcomhthéacsanna éagsúla, ach tá sé uathúil ina chumas dul isteach i spásanna cúnga, rud a fhágann go bhfuil sé úsáideach go háirithe d’áiteanna faoi dhíon mar ionaid siopadóireachta, staidiamaí, stáisiúin iarnróid, óstáin agus aerfoirt. D’áitigh Sinoboom freisin nach raibh ach fíorbheagán táirgeachta de na cineálacha sin san Aontas. Mheas Sinoboom ar na cúiseanna sin go léir nach raibh ardaitheoirí damháin alla ón tSín in iomaíocht leis na hardaitheoirí damháin alla a tháirgtear san Aontas agus go ngearrfaí pionós ar allmhaireoirí agus ar úsáideoirí iartheachtacha agus ar thomhaltóirí araon dá bhforchuirfí dleachtanna ar a allmhairí.

(35)

Mheas an Coimisiún nach raibh bunús leis an iarraidh. Bhí na buntréithe céanna ag ardaitheoirí damháin alla, d’ainneoin a saintréithe, leis na cineálacha eile TRS. Chuir Sinoboom féin in iúl go raibh dhá tháirgeoir ardaitheoirí damháin alla ann a léirigh go raibh ardaitheoirí damháin alla á dtáirgeadh san Aontas. Ní rud iad meicníocht ardaithe, cruth nó an cumas dul isteach i spásanna cúnga a athraíonn a úsáid, is é sin é a chur ar a gcumas d’oibreoirí obair a dhéanamh ar aird ar bhealach sábháilte. Dá bhrí sin, bhí na hardaitheoirí damháin alla a allmhairíodh ón tSín in iomaíocht le hardaitheoirí damháin alla a táirgeadh san Aontas. Níor ann d’aon fhianaise chun tacú leis an maíomh nach bhféadfadh an táirgeacht san Aontas freastal ar an éileamh. Fiú dá mba amhlaidh an cás, ní critéar ábhartha é nach féidir le tionscal an Aontais freastal ar an éileamh chun cineál táirge a eisiamh ó raon feidhme an táirge; ba é cuspóir fhorchur na ndleachtanna TRS a allmhairiú ar phraghas cothrom, agus gan allmhairí na n-ardaitheoirí damháin alla sin nó allmhairí TRS eile a chosc. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

2.4.5.   Conclúid maidir leis an raon táirge

(36)

I bhfianaise na gcúiseanna thuasluaite, chinn an Coimisiún cloí lena chonclúidí a leagtar amach in aithris (52) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

(37)

Tar éis an nochta shealadaigh, fuair an Coimisiún barúlacha ó Rialtas na Síne, Dingli, Terex, JLG, Sinoboom agus CCCME maidir leis na torthaí sealadacha i leith dumpála.

3.1.   Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(38)

Cheistigh CCCME agus Sinoboom cinneadh an Choimisiúin ardáin atá suite ar thrucailí a roghnú mar an táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna le TRSanna. D’áitigh CCCME nach raibh bunús le táirgeoir craenach Malaeisiach a chur as an áireamh mar fhoinse oiriúnach chun tagarmharcanna costais SGA agus brabúis a shuí. Chuir an dá pháirtí leasmhara a luaitear thuas in iúl go bhfuil difríochtaí tábhachtacha idir ardáin shoghluaiste atá suite ar thrucailí agus TRSanna, agus d’áitigh siad nach ionann a saintréith theicniúil agus a bpróiseas táirgthe agus saintréith theicniúil agus próiseas táirgthe TRSanna, rudaí a bhfuil tionchar mór acu ar a gcostas táirgthe.

(39)

Mhaígh CCCME, má roghnaíonn an Coimisiún an Bhrasaíl, gur cheart táirgeoir trealaimh ardaithe eile seachas Madal Palfinger S.A. (‘Madal Palfinger’) a roghnú mar fhoinse oiriúnach chun tagarmharcanna neamhshaofa i leith costais SGA agus brabúis a shuí. Mhol Sinoboom monaróir craenacha soghluaiste agus ráillí mar tháirgeoir malartach Brasaíle.

(40)

Ní fhéadfadh an Coimisiún ná páirtithe leasmhara tír inar táirgeadh TRSanna a shainaithint inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche agus an leibhéal atá sa tSín. Dá bhrí sin, roghnaigh an Coimisiún táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna le TRSanna bunaithe ar shaintréithe sainiúla an táirge a imscrúdaíodh, mar a luaitear i Roinn 2 den fhógra tionscnaimh (8), is é sin trealamh ardaithe atá soghluaiste, féinghluaiste, agus a úsáidtear chun daoine a ardú. Dá bhrí sin, d’eisiaigh an Coimisiún craenacha statacha a úsáidtear chun ábhar a láimhseáil. A mhéid a bhaineann le craenacha ráillí soghluaiste, ós rud é go n-eisiatar láimhseálaithe ábhair (9) go sainráite leis an sainmhíniú ar an táirge a ndéantar imscrúdú air, ní féidir a mheas gur táirge iad sa chatagóir ghinearálta chéanna le TRSanna.

(41)

Is léir go bhfuil ardáin shoghluaiste atá suite ar thrucailí soghluaiste agus úsáidtear iad go príomha chun daoine a ardú. An t-aon difríocht idir iad agus TRSanna, baineann sé lena meicníocht tiomána, i gcás TRSanna tá sí ionsuite ach i gcás ardáin shoghluaiste atá suite ar thrucailí, is í an fheithicil a chuireann ar fáil í. D’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid sa dara nóta maidir leis na tosca táirgeachta (‘an dara nóta’) go bhfuil ardáin shoghluaiste atá suiteáilte ar thrucailí sa chatagóir ghinearálta chéanna le TRSanna, i bhfianaise a saintréithe agus a n-úsáide sainiúla comhchosúla, an phróisis táirgthe chomhchosúil a bhaineann leo agus a n-ábhair ionchuir chomhchosúil. Ní raibh na difríochtaí a chuir CCCMA agus Sinoboom chun cinn de chineál a bhainfeadh an bonn de na cosúlachtaí bunúsacha i saintréithe sainiúla an dá tháirge. Diúltaíodh don mhaíomh.

(42)

Níor mhol páirtithe leasmhara aon mhonaróir ardán soghluaiste atá suite ar thrucailí mar fhoinse oiriúnach chun tagarmharcanna costais SGA agus brabúis a shuí. Dá bhrí sin, ba é Madal Palfinger, táirgeoir sa Bhrasaíl a shainaithin an Coimisiún sa dara nóta, an t-aon chuideachta a measadh le haghaidh tuilleadh anailíse.

(43)

D’áitigh CCCME agus Sinoboom nach féidir a mheas go bhfuil cuntais Madal Palfinger iontaofa chun an gnáthluach a ríomh toisc go bhfuil sé faoi úinéireacht cuideachta a bhfuil a ceanncheathrú san Aontas Eorpach (an Ostair) agus nach ndearnadh cuid de na hidirbhearta a gabhadh iontu sa ghnáthchúrsa trádála. Rinne sé tagairt do nótaí chuntais 2023 Madal Palfinger ina raibh an ráiteas ‘go raibh tionchar ag na dálaí deacra eacnamaíocha agus polaitiúla i Meiriceá Laidineach ar tháirgeadh freisin. Coigeartaíodh an acmhainneacht dá réir sin, go háirithe sa Bhrasaíl. Leathnaíodh caidrimh inmheánacha soláthair leis na láithreáin táirgthe sna Stáit Aontaithe mar aon leis an bpróiseas caighdeánaithe [...].’ (10)

(44)

Chinn an Coimisiún nach ndearnadh iontaofacht na n-idirbheart i gcuntais Madal Palfinger chun an gnáthluach a ríomh a chur i mbaol leis an gcoigeartú acmhainneachta laistigh de Palfinger Group a luaitear sna nótaí a ghabhann lena chuntais airgeadais 2023 toisc go raibh formhór mór idirbhearta Madal Palfinger sa mhargadh intíre agus idirnáisiúnta fós iontaofa i dtéarmaí díolachán agus costais ghinearálta agus brabúis.

(45)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid in aithris (197) den Rialachán sealadach nach raibh úinéireacht Madal Palfinger ábhartha don imscrúdú. Léiríonn na sonraí airgeadais a fuarthas ag Madal Palfinger na hidirbhearta díolacháin a rinne an táirgeoir Brasaíleach agus ní a úinéir Eorpach.

(46)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh CCCME a mhaímh a bhaineann le neamhiontaofacht chuntais Madal Palfinger mar gheall ar idirbhearta ionghrúpa. Chomh maith leis sin, luaigh CCCME ráiteas i dTuarascáil 2023 ó Palfinger Group (11) a thagraíonn don Airgintín (12) seachas don Bhrasaíl. Tugadh aghaidh ar na maímh sin cheana féin in aithrisí (44) agus (45).

(47)

Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithris (58) den Rialachán sealadach.

3.2.   An Gnáthluach

3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(48)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le saobhadh suntasach a bheith ann i Roinn 3.3 den Rialachán sealadach.

(49)

Ar fhorchur na ndleachtanna sealadacha, chuir Rialtas na Síne sraith barúlacha isteach an 29 Iúil 2024 inar mhaígh sé an méid seo a leanas: (i) go bhfuil easnaimh sa Tuarascáil; (ii) tá Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le Comhaontú Frithdhumpála EDT; (iii) nach bhfuil cleachtais imscrúdaitheacha an Choimisiúin faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le dlí EDT; (iv) ba cheart don Choimisiún scrúdú cuimsitheach a dhéanamh féachaint an bhfuil saobhadh ann i margadh na tíre ionadaíche agus ina margadh féin. An dáta céanna, chuir CCCME barúlacha isteach ar dá réir: (i) tá Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le comhaontuithe EDT agus le rialú Chomhlacht EDT um Réiteach Díospóide san Aontas Eorpach — Bearta frithdhumpála maidir le cás Bithdhíosail ón Airgintín (13); (ii) nach bhfuil aon saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán in earnáil TRS sa tSín.

(50)

Go sonrach, d’áitigh Rialtas na Síne, ar an gcéad dul síos, go mbuanaíonn an Tuarascáil nuashonraithe fadhb na Tuarascála trí leanúint de mheasúnú suibiachtúil, aontaobhach agus mícheart a dhéanamh ar gheilleagar margaidh na Síne. Is é tuairim Rialtas na Síne gurb amhlaidh atá, go háirithe mar gheall ar an méid seo a leanas: (a) tá geilleagar margaidh sóisialach bunaithe ag an tSín i gcomhréir lena réaltachtaí sonracha féin agus tá geilleagar margaidh sóisialach na Síne feabhsaithe agus forbartha go leanúnach, agus ról cinntitheach ag an margadh i leithdháileadh acmhainní agus ról níos fearr ag Rialtas na Síne maidir le beogacht an gheilleagair a spreagadh go hiomlán. Ní hamhlaidh nach bhfuil ach aon samhail geilleagair margaidh ann, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag an ngeilleagar margaidh le stair, cultúr agus réaltachtaí gach tíre; (b) go bhfuil ábhar na Tuarascála nuashonraithe mícheart, leataobhach agus go n-imíonn sé go mór ón réaltacht oibiachtúil, agus úsáid á baint as buntáistí iomaíocha dlisteanacha thionscail na Síne agus as na gnáthdhifríochtaí institiúideacha idir an tSín agus an Eoraip mar bhonn lena chinneadh an bhfuil saobhadh suntasach sa mhargadh, agus an cheist an ann do shaobhadh suntasach sa mhargadh laistigh den Aontas féin á seachaint go hiomlán; (c) níor eisigh an Coimisiún ach Doiciméid Inmheánacha Oibre maidir leis an tSín agus leis an Rúis a bhfuil amhras ann ina leith gurb iad cúinsí polaitiúla is cúis leis sin, rud is cúis le hábhair imní maidir le cóir an náisiúin barrfhabhair; (d) glacann an Coimisiún leis na líomhaintí suntasacha maidir le saobhadh arna n-ardú ag tionscail intíre, agus úsáid á baint as an Tuarascáil (nuashonraithe) mar an phríomhfhianaise, rud a sholáthraíonn buntáistí do thionscail an Aontais. Bunaithe ar an Tuarascáil, cinneann an Coimisiún cásanna a thionscnamh, imscrúduithe a dhéanamh, agus conclúidí a dhéanamh, rud a fhágann go bhféachann an Coimisiún níos fabhraí ar an bhfianaise a thugann tionscail an Aontais, cleachtas nach bhfuil i gcomhréir le bunphrionsabail dhlíthiúla na cothroime agus an cheartais.

(51)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Ós rud é go bhfuil sonraíochtaí stairiúla agus cultúrtha na Síne i bhfad lasmuigh de chomhthéacs na hanailíse ar shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) de na bun-Rialacháin, dírítear sa Tuarascáil nuashonraithe — ar doiciméad cuimsitheach é atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag údaráis na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile — ar chásanna ina léirítear go bhfuil saobhadh ann de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Tugadh tuairisc mhionsonraithe ar an saobhadh ábhartha i Ranna 3.3.2. go 3.3.8. den Rialachán sealadach, agus ní hamháin an Tuarascáil nuashonraithe á cur san áireamh ach corpas iomlán na fianaise ar an gcomhad, agus níor chuir Rialtas na Síne aon fhaisnéis shonrach leis a chaith amhras ar an anailís sin. Os a choinne sin, maidir le maíomh Rialtas na Síne go bhfuil ról cinntitheach ag an margadh i leithdháileadh acmhainní faoi shamhail an gheilleagair margaidh shóisialaigh, chuir an Coimisiún in iúl go léiríonn fiú na doiciméid bheartais ábhartha is déanaí de chuid na Síne go bhfuil leithdháileadh acmhainní ar bhonn an mhargaidh in easnamh. Go háirithe, i Rún ó Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne (‘CCP’) maidir le hAthchóiriú a Dhoimhniú a Thuilleadh go Cuimsitheach chun Nuachóiriú na Síne a Chur Chun Cinn, a glacadh ag an tríú seisiún iomlánach den 20ú Lárchoiste de chuid Pháirtí Cumannach na Síne an 18 Iúil 2024 (‘an 3ú Rún ón Tionól Iomlánach’), dearbhaítear go soiléir gurb é Marxachas-Leiníneachas an fhealsúnacht threorach is bonn le beartas eacnamaíoch Rialtas na Síne agus geallann sé go sainráite beartais a shaothrú a thagann salach ar leithdháileadh acmhainní bunaithe ar phrionsabail an mhargaidh (14).

(52)

Maidir le maíomh Rialtas na Síne i ndáil le sárú chóireáil an náisiúin barrfhabhair, mheabhraigh an Coimisiún, mar a fhoráiltear le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, nach gcuirfear tuarascáil tíre le chéile maidir le haon tír ach amháin i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin. Ar theacht i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán in 2017, bhí faisnéis den sórt sin ag an gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach i gcás na Síne. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin maidir le saobhadh sa Rúis in 2020 agus thug sé an Tuarascáil ar an tSín cothrom le dáta in 2024. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh tuarascálacha eile a dhéanamh ina dhiaidh sin. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil na tuarascálacha éigeantach chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. Tugtar tuairisc in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ar na coinníollacha faoina n-eiseodh an Coimisiún tuarascálacha tíre, agus de réir Airteagal 2(6a)(d) den bhun-Rialachán níl ar na gearánaigh an tuarascáil a úsáid ná ní coinníoll é tuarascáil tíre a bheith ann chun imscrúdú a thionscnamh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. De réir Airteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán, fianaise leordhóthanach arna tabhairt ag na gearánaigh lena gcruthaítear go bhfuil saobhadh suntasach in aon tír a chomhlíonann na critéir in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, is leor é sin chun imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha i dtaca le saobhadh suntasach, a bhaineann le tír ar leith, maidir le gach tír gan aon idirdhealú, agus beag beann ar thuarascáil a bheith déanta ar thír. Dá thoradh sin, ní sháraíonn na rialacha a bhaineann le saobhadh tíre cóir an náisiún barrfhabhair de réir an tsainmhínithe sin.

(53)

Maidir leis an maíomh go gcuirfeadh an Coimisiún buntáistí ar fáil do thionscail an Aontais trí thuarascálacha ar shaobhadh a fhoilsiú, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a sheasamh gur doiciméad fianaisebhunaithe í an Tuarascáil (nuashonraithe) (féach aithris (51) thuas). Cuireadh i gcomhad an imscrúdaithe í ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar frisnéis nó forlíonadh a dhéanamh ar na fíorais agus ar an bhfianaise ar a raibh sí bunaithe. Mar a luaitear in aithris (55) den Rialachán sealadach, roghnaigh Rialtas na Síne gan argóintí ná fianaise a chur isteach lena mbréagnaítear na foinsí a áirítear sa Tuarascáil. Dá réir sin, seachas cleachtas an Choimisiúin a bheith ar neamhréir le bunphrionsabail dhlíthiúla na cothroime agus an cheartais, ba é Rialtas na Síne nár bhain úsáid as a gcearta nós imeachta ina leith.

(54)

Ar an dara dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag luí le dlí EDT, go háirithe i bhfianaise an mhéid seo a leanas: (a) ní féidir teacht ar choincheap an tsaofa shuntasaigh i gComhaontú Frithdhumpála EDT. Ina ionad sin, tá liosta uileghabhálach in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála de chásanna inar féidir an gnáthluach a chinneadh trí úsáid a bhaint as an ngnáthluach ríofa nó as an modheolaíocht praghsanna maidir le honnmhairí chuig tríú tír. Ní bhaineann ‘saobhadh suntasach ar an margadh’ le haon cheann de na cásanna sin; (b) Airteagal 2.2. Ceanglaítear leis an gComhaontú Frithdhumpála go ndéanfar an gnáthluach a ríomh trí chostas táirgthe sa tír thionscnaimh a úsáid móide méid réasúnta le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh brabús. Soiléirítear thairis sin in Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála go ndéanfar costais a ríomh ar bhonn na dtaifead arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir atá faoi imscrúdú, ar choinníoll go mbeidh taifid den sórt sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta sa tír is onnmhaireoir agus go dtugann siad léiriú réasúnta ar na costais atá bainteach le táirgeadh agus le díol an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, téann Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán thar rialacha EDT maidir le húsáid an ghnáthluacha ríofa.

(55)

Níorbh fhéidir glacadh leis na hargóintí sin. Mheas an Coimisiún go bhfuil foráil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na féidearthachtaí an gnáthluach a ríomh dá bhforáiltear in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála. Mar a shoiléirigh Comhlacht Achomhairc EDT go sonrach in DS473 (15), ceadaítear le dlí EDT sonraí ó thríú tír a úsáid, agus iad coigeartaithe go cuí nuair is gá an coigeartú sin agus nuair a bhíonn bunús leis an gcoigeartú sin. Mheabhraigh an Coimisiún i ndáil leis sin gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ceadaítear freisin leis an bhforáil chéanna den bhun-Rialachán úsáid a bhaint as costais intíre, más rud é go suitear go dearfach nach bhfuil siad saofa. Sa chomhthéacs sin, bhí an deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise a chur ar fáil go raibh a gcostais éagsúla SGA féin agus/nó a gcostais ionchuir eile neamhshaofa. I ranna 3.3.2 go 3.3.8 den Rialachán sealadach, áfach, rinne an Coimisiún amach gur ann do shaobhadh san earnáil TRS agus ní raibh aon fhianaise dheimhneach ann a léirigh nach ndearnadh saobhadh ar thosca táirgeachta de chuid táirgeoirí onnmhairiúcháin ar leith. Dá bhrí sin, bíodh sé gur coinníodh taifid chuideachtaí na Síne i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta sa tSín, nó bíodh gur léiríodh go réasúnta leis na taifid na costais a bhí bainteach le táirgeadh agus díol an táirge faoi imscrúdú sa tSín, ní fhéadfaidh ceachtar den dá chás sin difear a dhéanamh don chonclúid maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(56)

Ar an tríú dul síos, mhaígh Rialtas na Síne go bhfuil cleachtais imscrúdaitheacha an Choimisiúin ar neamhréir leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, a mhéid nár scrúdaigh an Coimisiún an raibh taifid onnmhaireoirí na Síne i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta sa tír is onnmhaireoir nó ar léirigh siad costais táirgthe agus díola an táirge atá faoi imscrúdú go réasúnta, ach dhiúltaigh sé taifid onnmhaireoirí na Síne ar an bhforas go ndearnadh saobhadh suntasach mar a thugtar air ar an margadh, rud atá ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT agus le torthaí an Bhuanchomhlachta Achomhairc in DS473 agus an Phainéil in DS494, inar cuireadh i dtábhacht, de réir Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála, fad is a léirítear go cruinn agus go hiontaofa i dtaifid chostais an táirgeora na costais go léir a tabhaíodh iarbhír agus go bhfuil siad bainteach go fírinneach le táirgeadh agus díol an táirge atá faoi bhreithniú, gur cheart iad a mheas mar ‘léiriú réasúnta ar na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge atá faoi bhreithniú’ agus úsáidfidh an t-údarás imscrúdúcháin na taifid sin chun costais táirgthe an fhiontair atá faoi imscrúdú a chinneadh. Dá bhrí sin, d’iarr Rialtas na Síne ar an gCoimisiún a chleachtas a cheartú chun é a dhéanamh comhsheasmhach leis na ceanglais sin de chuid EDT.

(57)

Níor mhór don Choimisiún diúltú do na maímh sin. Maidir le comhréireacht thaifid onnmhaireoirí na Síne le prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo, tugadh aghaidh ar an argóint sin cheana féin in aithris (54) - (56) thuas. Thairis sin, i ndáil le DS494, meabhraíonn an Coimisiún go ndearna an tAontas agus Cónaidhm na Rúise araon achomharc in aghaidh thorthaí an Phainéil, nach críochnaitheach na torthaí sin agus dá bhrí sin, i gcomhréir le cásdlí EDT, níl stádas dlíthiúil acu i gcóras EDT, ó tharla nár fhormhuinigh an Comhlacht um Réiteach Díospóidí iad le cinntí ó Chomhaltaí EDT. In aon chás, measadh go sonrach i dTuarascáil an Phainéil san agóid sin go raibh forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide.

(58)

Ar an gceathrú dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne gur ghlac an Coimisiún le sonraí na tíre ionadaíche agus gur úsáid sé iad chun costas táirgeoirí Síneacha a ionadú gan measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil aon saobhadh suntasach sa Bhrasaíl i gcomhréir leis na sé chritéar de bhun Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Dar le Rialtas na Síne, ba cheart don Choimisiún, imscrúdú a dhéanamh go réamhghníomhach agus fianaise a thabhairt maidir le cé acu is ann nó nach ann do shaobhadh sna tíortha ionadaíocha, seachas fanacht go héighníomhach ar na páirtithe a bhaineann leis an gcás fianaise a chur isteach. Thairis sin, d’ainneoin aighneachtaí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne maidir le bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh ar ábhair chruach sa Bhrasaíl, ní dhearna an Coimisiún imscrúdú i dtaobh an ndearna na bearta sriantacha allmhairiúcháin sin sa Bhrasaíl saobhadh ar phraghsanna tháirgeoirí ábhartha na Brasaíle ach dhiúltaigh sé go treallach d’argóintí tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Mar sin féin, maidir leis na sonraí costais sa Bhrasaíl, ghlac Rialtas na Síne an seasamh, ós rud é go bhfuair an Coimisiún gur bhain saobhadh suntasach le táirgí ó fhiontair Shíneacha ar bhonn idirbhearta ionghrúpa, gur cheart don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh freisin agus a chruthú an ndearnadh ‘saobhadh’ ar phraghsanna na bhfiontar roghnaithe sa Bhrasaíl mar gheall ar idirbhearta ionghrúpa agus na fiontair ionadaíocha á roghnú aige. Thairis sin, mhaígh Rialtas na Síne gur cheart don Choimisiún scrúdú cuimsitheach a dhéanamh féachaint an bhfuil saobhadh i margadh inmheánach an Aontais. Measann Rialtas na Síne gurb amhlaidh atá toisc, mar shampla, gur ghlac institiúidí an Aontais agus na Ballstáit cineálacha éagsúla cur chuige atá cosúil le cur chuige na Síne chun a ngeilleagair agus a dtionscail a threorú, lena n-áirítear i measc nithe eile treoraíocht na n-údarás a eisiúint, lena gceanglaítear ar an gcóras airgeadais, go háirithe bainc thráchtála, freagracht shóisialta a ghlacadh, cláir faoisimh eacnamaíoch a chur chun feidhme, agus beartais fuinnimh a cheapadh lena spreagtar agus lena dtreoraítear earnáil na cumhachta.

(59)

Níor mheas an Coimisiún go raibh na hargóintí sin ceart. A mhéid a bhaineann le measúnú ar na sonraí sa tír ionadaíoch, mheabhraigh an Coimisiún gur i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ríomhann an Coimisiún an gnáthluach ar bhonn sonraí seachas praghsanna agus costais intíre (mura suitear go dearfach nach bhfuil na costais saofa) sa tír is onnmhaireoir i gcás ina suíonn sé gurb iomchuí na sonraí sin chun praghsanna agus costais neamhshaofa a léiriú agus sa chás sin amháin. Sa phróiseas sin, tá an Coimisiún faoi cheangal sonraí neamhshaofa amháin a úsáid. Ina leith sin, is fada ó bheith ag fanacht go héighníomhach a bhíonn an Coimisiún a dhéanann a anailís féin agus a iarrann ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar na foinsí atá beartaithe chun an gnáthluach a chinneadh i gcéimeanna tosaigh an imscrúdaithe, is é sin trí na nótaí a ghabhann leis na foinsí neamhshaofa a bhfuil sé i gceist aige a úsáid go luath sa nós imeachta. Cuirtear na barúlacha uile a fhaightear ó na páirtithe, chomh maith le taighde an Choimisiúin féin, san áireamh ina n-iomláine sa chinneadh deiridh ón gCoimisiún maidir leis na sonraí neamhshaofa ba cheart a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar ghnéithe ábhartha uile na hanailíse i Roinn 3.4 den Rialachán sealadach, lena n-áirítear in aithris (199) maidir leis na hidirbhearta ionghrúpa agus in aithris (201) i ndáil leis na bearta frithdhumpála agus frithchúitimh sa Bhrasaíl. Maidir leis an saobhadh líomhnaithe san Aontas, chuir an Coimisiún in iúl cheana féin, mar fhreagairt ar argóint chomhchosúil a d’ardaigh CCCME, in aithris (179) den Rialachán sealadach nach bhfuil aon ábharthacht ag beartais an Aontais i gcomhthéacs measúnú arna dhéanamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. D’athdhearbhaigh an Coimisiún go ndéantar anailís, de réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag eilimint saofa amháin nó níos mó a liostaítear san fhoráil sin, agus go ndéantar an anailís i ndáil le costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir. Níl an struchtúr costais agus na sásraí um mhúnlú praghsanna i margaí eile, amhail san Aontas, mar chuid den anailís sin.

(60)

Maidir leis na hargóintí a d’ardaigh CCCME, ar an gcéad dul síos, d’athdhearbhaigh an comhlachas an maíomh a rinne sé níos luaithe nach gceadaítear leis an gComhaontú Frithdhumpála ná le Prótacal Aontachais na Síne le EDT, ná le rialú an Bhuanchomhlachta um Réiteach Díospóide, don Choimisiún imeacht ón modheolaíocht ghinearálta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2.2.1 den Chomhaontú Frithdhumpála, i.e. úsáid a bhaint as costais agus praghsanna an táirgeora onnmhairiúcháin ná as na costais agus na praghsanna sin atá sa tír is onnmhaireoir, ar an bhforas go bhfaightear amach go bhfuil saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir. D’áitigh CCCME ina leith sin nár thug an Coimisiún aghaidh ar a argóint chuige sin, a cuireadh isteach an 3 Eanáir 2024.

(61)

Ós rud é go bhfuil argóint CCCME comhionann den chuid is mó leis an gceann a d’ardaigh Rialtas na Síne agus ar tugadh aghaidh air in aithrisí (54) — (57) thuas, rinne an Coimisiún tagairt dá sheasamh a leagtar amach sna haithrisí sin.

(62)

Ar an dara dul síos, maidir leis an easpa saobhadh suntasach a líomhnaítear in earnáil TRS sa tSín, d’áitigh CCCME an méid seo a leanas: (a) gur oscail an tSín a córas airgeadais le seacht mbliana anuas agus gur chuir sí fáilte roimh infheistíochtaí eachtracha ar a críoch, lena n-áirítear táirgeoirí TRS na Stát Aontaithe agus na hEorpa; (b) Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an tSín maidir lena cosaint maoine intleachtúla a neartú agus rinne sí athchóirithe tábhachtacha freisin ar chreat na bhfiontar faoi úinéireacht stáit, rud a laghdaíonn ró-acmhainneachtaí agus a mhéadaíonn a n-iomaíochas; (c) ní thagraíonn an 14ú Plean Cúig Bliana ach d’earnáil an innealra tógála, agus ní luaitear earnáil TRS, i.e. tionscal trealaimh thionsclaíoch d’ardáin oibre ar airde fiú sa 14ú Plean Cúig Bliana. Ós rud é go n-úsáidtear TRS go minic i gcomhthéacs oibreacha tógála, ní thugann sé sin údar, dar le CCCME, le cur chuige an Choimisiúin chun earnáil TRS a mheas mar chuid de thionscal an innealra tógála; (d) tá réasúnaíocht an Choimisiúin maidir le láithreacht an stáit i ngnólachtaí hipitéiseach toisc nach n-áirítear aon cheann de na cuideachtaí dá dtagraíonn an Coimisiún, amhail XCMG nó Liugong sa sampla den imscrúdú reatha agus, dá bhrí sin, ní hionann iad agus príomhfhórsa thionscal na Síne. Thairis sin, má mheasann an Coimisiún gurb é scairshealbhú stáit i dtáirgeoirí TRS is cúis le saobhadh an mhargaidh, ba cheart don Choimisiún teacht ar an gconclúid freisin go bhfuil Ballstáit an Aontais, amhail an Fhrainc, an Ghearmáin nó an Pholainn, ag saobhadh an mhargaidh freisin trí scaireanna de chuid cuideachtaí stocmhalartáin liostaithe a bheith ina seilbh acu.

(63)

Ní raibh an Coimisiún in ann glacadh leis na hargóintí sin. Níor chuir CCCME aon fhianaise shonrach ar fáil lenar bréagnaíodh anailís an Choimisiúin i Ranna 3.3.2., 3.3.5. agus 3.3.7. den Rialachán sealadach, ní raibh ann ach ráiteas go gcuirtear fáilte roimh infheistíochtaí coigríche sa tSín nó nach féidir le hathchóirithe a rinneadh ar chreat na bhfiontar faoi úinéireacht stáit athrú a dhéanamh ar mheasúnú an Choimisiúin ina leith sin. Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl go léiríonn doiciméid bheartais de chuid na Síne le déanaí, amhail an 3ú Rún ón Tionóil Iomláin, go bhfuil sé d’aidhm ag próiseas athchóirithe na bhfiontar faoi úinéireacht stáit go príomha láithreacht fiontar faoi úinéireacht stáit i dtionscail straitéiseacha a chomhdhlúthú agus a neartú (16). Ó tharla nach luaitear earnáil TRS go sonrach sa 14ú Plean Cúig Bliana, thug an Coimisiún tuairisc in aithrisí (130) — (138) den Rialachán sealadach ar chóras pleanála na Síne lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna d’údaráis ar leibhéal an rialtais lárnaigh, chúige agus áitiúil, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil forálacha sainráite don táirge lena mbaineann ar na leibhéil fholárnacha sa chóras sin, fiú mura luaitear earnáil TRS go sonrach sa 14ú Plean Cúig Bliana náisiúnta. Maidir le stáit an Aontais a bhfuil scaireanna acu i gcuideachtaí, tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún cheana féin nach bhfuil an líne argóinteachta sin ábhartha in aithris (59) thuas. Thairis sin, leag an Coimisiún amach freisin in aithrisí (107) — (111) agus (171) den Rialachán sealadach go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le rialú an Stáit ar tháirgeoirí TRS na Síne ná úinéireacht agus gurb ionann é agus saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a) (b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

(64)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh CCCME a mhaímh a bhaineann le neamh-chomhoiriúnacht Airteagal 2(6a) le Comhaontú EDT. Tugadh aghaidh ar na maímh sin cheana in aithrisí (51) go (61).

(65)

I bhfianaise a bhfuil thuas, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh i Roinn 3.3 den Rialachán sealadach.

3.2.2.   Tír ionadaíoch

(66)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CCCME, ós rud é nach bhfuil aon tír eile inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche agus an leibhéal atá sa tSín agus ina dtáirgtear TRSanna, gur cheart don Choimisiún tír eile seachas an Bhrasaíl a roghnú ina dtáirgtear táirge comhchosúil a bhaineann leis an gcatagóir ghinearálta chéanna. D’athdhearbhaigh CCCME a mholadh an Mhalaeisia a roghnú mar thír ionadaíoch mhalartach.

(67)

In aithris (60) den Rialachán sealadach, bhréagnaigh an Coimisiún an maíomh sin cheana féin agus chuir sé eilimintí breise leis in aithris thuas (41).

(68)

Deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithris (203) den Rialachán sealadach.

3.2.3.   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

3.2.3.1.   Tosca táirgeachta

(69)

Mhaígh Sinoboom go raibh toradh míréasúnta ar úsáid an Global Trade Atlas (GTA) (17) maidir le tosca táirgeachta áirithe amhail innill agus ábhair eile (18), ar mhaígh Sinoboom difríochtaí suntasacha praghais ina leith idir a chostais féin agus an tagarmharc. Mhaígh an chuideachta gur cheart don Choimisiún sonraí tuairiscithe Sinoboom nó modh malartach a úsáid chun tagarmharcanna neamhshaofa a fháil ina leith sin.

(70)

Mheas an Coimisiún go raibh sonraí Sinoboom faoi réir saobhadh suntasach arna shuí i gcás na Síne mar a chinntear i Roinn 3.2.1 thuas agus in aithrisí 64-185 den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir é a úsáid chun an gnáthluach ríofa a ríomh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a ríomh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh freisin go léiríonn difríochtaí idir praghsanna saofa na dtosca táirgeachta a úsáideann an chuideachta agus praghsanna tagarmhairc a aisghabhtar ó GTA go bhfuil praghsanna GTA ‘neamhionadaíoch’.

(71)

D’áitigh Sinoboom go bhfuil difríocht idir na cóid CC a roghnaigh an Coimisiún le haghaidh tosca táirgeachta áirithe agus na cóid a tuairiscíodh le linn fhíorú a fhreagra ar an gceistneoir. D’iarr an chuideachta go n-úsáidfí na cóid CC a tuairiscíodh.

(72)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na tagarmharcanna le haghaidh na dtosca táirgeachta a luaitear in aithris (71) chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na cóid CC a thuairiscigh Sinoboom. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gur ghá aonad tomhais difriúil a úsáid uaireanta chun cóid CC mhalartacha a úsáid. Thiontaigh an Coimisiún na tagarmharcanna faoi seach ar bhonn an tábla comhshó a sholáthair an chuideachta. Nochtadh na cóid CC a úsáideadh, mar aon leis na coigeartuithe do Sinoboom.

(73)

Chuir Sinoboom in iúl, i gcás roinnt tosca táirgeachta, gur sloinneadh praghsanna in aonaid tomhais éagsúla sa nochtadh sealadach ó na praghsanna sin a tuairiscíodh le haghaidh na n-ábhar comhfhreagrach sa fhreagra ar an gceistneoir. D’áitigh an chuideachta gur féidir le hathrú ar an aonad tomhais saobhadh soiléir a chruthú i ríomh ghnáthluach Sinoboom, ós rud é go gcuirfear na luachanna tagarmhairc sin i bhfeidhm maidir le rátaí tomhaltais ábhair arna ríomh ar bhonn aonaid tomhais éagsúla. Ba é an toradh a bhí air sin ‘neamhréir maidir leis an bhfaisnéis faoi chostais’ a líomhnaigh Sinoboom. Mhaígh an chuideachta gur cheart don Choimisiún dul i muinín bunachar sonraí malartach i gcás na dtosca táirgeachta sin.

(74)

Chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh agus dhiúltaigh sé don argóint gur cheart dó dul i muinín bunachar sonraí malartach toisc gur áirithigh sé úsáid cheart aonaid tomhais choibhéisigh i gcomhréir leis an gceann a thuairiscigh Sinoboom trí bheith ag brath ar an aonad tánaisteach (19) mar a thuairiscítear in GTA. I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar shainiúlachtaí tosca táirgeachta áirithe, d’úsáid an Coimisiún aonad malartach tomhais agus rinne sé an tagarmharc a thiontú dá réir.

(75)

Líomhain Sinoboom go raibh neamhréireachtaí i bpraghsanna na dtosca táirgeachta ar fud iarscríbhinní éagsúla réamhnochta le haghaidh ceithre thoisc tháirgeachta (20). Ní hionann an praghas aonaid tagarmhairc a léirítear in iarscríbhinn 4.1 agus in iarscríbhinn 2.2 a ghabh leis an doiciméad réamhnochta. D’iarr Sinoboom ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an neamhréireacht agus í a cheartú.

(76)

Ag an gcéim chinntitheach, nocht an Coimisiún iarscríbhinn nua 4.1 lenar ceartaíodh an earráid chléireachais agus an neamhréireacht a eascraíonn as sin idir praghsanna na dtosca táirgeachta.

(77)

Mhaígh Dingli gur bhain an Coimisiún úsáid as tagarmharc mícheart le haghaidh toisc tháirgeachta a raibh agus sciar suntasach dá chostas i gceist léi. Mhol an chuideachta tagarmharc eile a úsáid.

(78)

Tar éis dó anailís a dhéanamh air, ghlac an Coimisiún leis an maíomh. Mar thoradh air sin, rinne an Coimisiún gnáthluach na cuideachta a athríomh, rud a d’fhág gur tháinig laghdú air.

(79)

Thug Terex dá aire gur cheart praghsanna dhá thoisc tháirgeachta (21) a athrú chun earráid chléireachais a rinne an Coimisiún a cheartú. D’áitigh an chuideachta, ag an gcéim shealadach, mar gheall ar earráid chléireachais, gur mhí-chlóscríobh an Coimisiún toisc tháirgeachta amháin agus gur úsáid sé tagarmharc mícheart le haghaidh ceann eile.

(80)

D’admhaigh an Coimisiún an earráid chléireachais agus ghlac sé leis an maíomh maidir leis an gcéad thoisc tháirgeachta agus cheartaigh sé an tagarmharc dá réir. Maidir leis an maíomh i leith an dara praghas a bhain le toisc tháirgeachta, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus shoiléirigh sé go raibh an tagarmharc a úsáideadh bunaithe ar an aonad tánaisteach a foilsíodh in GTA. Mar thoradh air sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a choigeartú.

(81)

Chuir CCCME a mhaíomh isteach arís go bhfuil sé míchuí ábhar atá níos lú ná 1 % de chostas iomlán an táirgthe a ghrúpáil i gcatagóir na dtomhaltán, agus é ag maíomh go bhféadfadh suas leis an gcúigiú cuid de chostas iomlán an táirgthe a bheith i gceist leis na hionchuir sin i gcás roinnt táirgeoirí sampláilte.

(82)

Thug an Coimisiún dá aire nár chuir CCCME i gcoinne a chleachtais chomhsheasmhaigh tomhaltáin a shloinneadh mar chéatadán de na hamhábhair ar bhonn na sonraí costais a thuairiscigh na táirgeoirí. Ós rud é nár grúpáladh na príomhítimí costais, amhail innill, ceallraí, comhlaí, boinn agus úmacha, a raibh níos mó ná 80 % den chostas tairgthe iomlán i gceist leo, measadh go raibh an mhodheolaíocht a úsáideadh iomchuí. Thairis sin, mheas an Coimisiún go raibh an líon tosca táirgeachta thar a bheith ard, suas le 200 ítim, ionas go gcuirfí castacht nach bhfuil gá léi leis an imscrúdú dá sainaithneofaí tagarmharcanna le haghaidh gach ceann acu agus nach mbeadh toradh difriúil ann dá bharr i bhfianaise an tsaofa ghinearálta is infheidhme i margadh na Síne. Thug an Coimisiún dá aire gur ghrúpáil ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte féin tosca táirgeachta ina fhreagra ar an gceistneoir. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(83)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Dingli gur ghá an tagarmharc le haghaidh dhá thoisc táirgeachta (22) a cheartú.

(84)

I gcás an chéad tagarmhairc, chuir Dingli fianaise isteach a chruthaíonn go raibh an t-ionchur a úsáideadh ina phróiseas táirgthe faoi chód custaim difriúil leis an gcód a d’úsáid an Coimisiún. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin agus d’athraigh sé an tagarmharc. Nochtadh an tagarmharc nua do Dingli. I gcás an dara tagarmharc, áfach, níor soláthraíodh aon fhianaise a thacaigh leis an maíomh. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

3.2.3.2.   Amhábhair

(85)

D’iarr CCCME ar an gCoimisiún na sonraí bunaidh GTA a baineadh as an mbunachar sonraí le haghaidh thagarmharcanna na Brasaíle a nochtadh do na páirtithe leasmhara uile, lena léirítear an mheaitseáil uathoibríoch a rinne an t-algartam idir cóid chustaim ó dhlínsí éagsúla, a úsáideadh chun luach neamhshaofa na n-amhábhar a ríomh.

(86)

Glacadh leis an iarraidh, agus chuir an Coimisiún na sonraí arna n-iarraidh sa nochtadh do páirtithe leasmhara.

(87)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CCCME nár leor na sonraí GTA a nochtadh de réir aithris (86) chun a chearta cosanta a fheidhmiú. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh, ós rud é gur lig na sonraí a nochtadh do na páirtithe leasmhara uile a fheiceáil cén mhodheolaíocht, cé na tagarmharcanna agus cé na luachanna a úsáideadh.

(88)

Mhaígh Sinoboom gur cheart don Choimisiún praghsanna SAB a úsáid le haghaidh comhpháirteanna a ceannaíodh laistigh den tír, trí chostais a bhaineann le hiompar, le hárachas, etc. a asbhaint den phraghas CAL mar a léirítear in GTA. Cheannaigh Sinoboom amhábhair agus ionchur eile ón margadh intíre, agus dá thoradh sin ní áirítear aon chostas lasta aigéin agus táillí árachais sna praghsanna SAB. Áiríodh i bpraghsanna allmhairiúcháin GTA a d’úsáid an Coimisiún an costas lasta aigéin, táillí árachais, agus i roinnt cásanna, dleachtanna allmhairiúcháin.

(89)

D’úsáid an Coimisiún costais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá cosúil leis an tSín chun an gnáthluach a ríomh, mar a fhoráiltear in Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán (23). Áirítear leis na praghsanna sin, arna n-aisghabháil ón GTA, iompar, árachas agus dleachtanna, agus measadh go raibh siad i gcomhréir leis na costais táirgthe sa tír ionadaíoch. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire cé go gceannaíonn táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín roinnt ábhair ionchuir ó fhoinsí intíre chun TRSanna a mhonarú, nach gciallaíonn sé sin go bhfaigheann monaróirí na Brasaíle an t-ábhar ionchuir céanna ó mhargadh intíre na Brasaíle. Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint.

3.2.3.3.   Saothar

(90)

Chuir Dingli agus CCCME a maíomh isteach arís gur cheart úsáid a bhaint as an tábla staitisticí saothair don Bhrasaíl atá i leagan 1.1 de Pesquisa Industrial Anual (‘PIA’) (24) chun na costais saothair a ríomh in ionad Tábla PIA 2.2 (25) toisc go raibh sé éasca teacht ar shonraí na hearnála tionsclaíocha 28.22 a chuimsíonn monaraíocht meaisíní, trealaimh agus trealaimh chun ualaí agus daoine a iompar agus a ardú, in éineacht le sonraí a bhaineann go sonrach leo ann.

(91)

Diúltaíodh don mhaíomh in aithris (223) den Rialachán sealadach, agus áitíodh go soláthraíonn Tábla PIA 2.2 sonraí maidir le catagóirí atá i bhfad níos sonraí ó thaobh gnó de. Chuir Dingli agus CCCMA fianaise ar fáil go bhféadfaí an t-idirdhealú sin a dhéanamh agus Tábla PIA 1.1 á úsáid, agus mar sin, glacadh leis an maíomh. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar ríomh na gcostas saothair agus úsáid á baint as sonraí ar Thábla PIA 1.1 le haghaidh na bliana 2022.

(92)

Chuir CCCME a mhaíomh isteach arís gur cheart don Choimisiún costais slándála sóisialta a theorannú do na ranníocaíochtaí leis an Instituto Nacional do Seguro Social (‘INSS’) agus leis an Fundo de Garantia do Tempo de Serviço (‘FGTS’) toisc nár cuireadh san áireamh ach dleachtanna INNS agus FGTA chun críocha ríomh na ranníocaíochta slándála sóisialta i nóta 17 a ghabhann le ráitis airgeadais Madal Palfinger (26).

(93)

In aithris (225) den Rialachán sealadach, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh céanna go sealadach, toisc gur nocht an t-imscrúdú gur ann do chineálacha eile ranníocaíochta slándála sóisialta sa Bhrasaíl agus gur féidir rátaí éagsúla a bheith i gceist leo. Níor chuir CCCME aon ghné shubstainteach bhreise isteach a léirigh, contrártha do chonclúid shealadach an Choimisiúin, in aithris (225) den Rialachán sealadach, nach raibh aon chineál ranníocaíochta slándála sóisialta féideartha eile sa Bhrasaíl seachas táillí INSS agus FGTS. Dheimhnigh an Coimisiún diúltú an mhaímh sin.

(94)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh CCCME a mhaíomh nár cheart ach dleachtanna INSS agus FGTS a chur san áireamh chun ranníocaíocht slándála sóisialta a ríomh. Tugadh aghaidh ar an maíomh sin cheana in aithris (93).

(95)

D’áitigh Dingli nár cheart a mheas ach muirir shóisialta a íocann an fostóir ar son foireann táirgthe maidir le ríomh an chostais saothair agus gur cheart na muirir shóisialta a íoctar ar son ball foirne neamhtháirgthe a bhaint. Ba cheart leithdháileadh na ranníocaíochta a bheith bunaithe ar an ráta idir tuarastal iomlán na foirne táirgthe agus neamhtháirgthe.

(96)

Chinn an Coimisiún go raibh fiúntas ag baint le hargóint Dingli toisc nár cheart ach costais a bhaineann le táirgeadh an táirge faoi imscrúdú a chur san áireamh agus tagarmharc maidir le costais saothair á ríomh agus d’athríomh sé méid na muirear sóisialta dá réir.

(97)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Dingli, cé gur ghlac an Coimisiún leis an maíomh mar a luaitear in aithris (96), nár léirigh athríomh mhéid na muirear sóisialta é sin.

(98)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh toisc gur athríomhadh na muirir shóisialta tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach. Ríomh an Coimisiún luach na ranníocaíochtaí agus roinn sé iad sin ar líon na bhfostaithe i dtáirgeadh, gan na daoine nach bhfuil baint acu le táirgeadh a chur san áireamh i ndáiríre.

(99)

Chuir Dingli in iúl nár chuir an Coimisiún an ráta malairte le haghaidh 2021 i bhfeidhm agus é ag tiontú costas saothair in aghaidh na huaire ó real na Brasaíle (‘BRL’) go yuan na Síne (‘CNY’). Sna ríomhanna sealadacha, baineann an ráta malairte a úsáideadh chun BRL a thiontú go euro (‘EUR’) leis an mbliain 2022; baineann an ráta malairte a úsáideadh chun EUR a thiontú go CNY leis an tréimhse imscrúdúcháin. Ag an gcéim chinntitheach, chun teacht ar chostais saothair in aghaidh na huaire le linn na tréimhse imscrúdúcháin, chuir an Coimisiún innéacs na gcostas saothair le haghaidh 2023 i bhfeidhm ar na sonraí is déanaí atá ar fáil ó 2022. Ansin, tiontaíodh an costas saothair a d’eascair as go CNY agus rátaí malairte na tréimhse imscrúdúcháin á úsáid.

(100)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh gur cheart dó ráta malairte 2021 a chur i bhfeidhm mar gur éirigh sé neamhábhartha ag an gcéim chinntitheach toisc gur úsáideadh sonraí 2022.

(101)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Dingli, trí chostais saothair 2022 na Brasaíle a choigeartú go figiúirí 2023, agus ansin iad a thiontú ina RMB tríd an ráta malairte is infheidhme le linn na tréimhse imscrúdúcháin a úsáid, go ndearna an Coimisiún boilsciú a chomhaireamh faoi dhó. Mhaígh Dingli gur cheart na rátaí malairte don tréimhse imscrúdúcháin a úsáid gan choigeartú, nó má rinneadh coigeartú, ansin ba cheart rátaí malairte 2022 a úsáid.

(102)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh, toisc nár léirigh Dingli go raibh an t-athrú ar innéacs na gcostas saothair ó 2022 go 2023 nasctha go heisiach le boilsciú. Ní léiríonn innéacs costais saothair na Brasaíle an éagsúlacht i luach na dtuarastal ach an costas iomlán a bhaineann leis an lucht saothair a fhostú ar bhonn in aghaidh na huaire a bhféadfadh fachtóirí eile seachas boilsciú dul i bhfeidhm air. Thairis sin, ní raibh áireamh dúbailte mar thoradh ar an gcoigeartú comhthreomhar ar innéacs 2022 agus ar úsáid an ráta malairte sa tréimhse imscrúdúcháin, dá bhrí sin. Os a choinne sin, áirithíodh leis na coigeartuithe gur léirigh an tagarmharc an costas saothair a bhí le híoc le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí idir lámha.

(103)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CCCME gur bhain an Coimisiún úsáid mhícheart as an innéacs praghsanna do thomhaltóirí chun costas saothair 2022 a choigeartú de réir chostas saothair na tréimhse imscrúdúcháin. Dar le CCCME, bhí sé níos iomchuí úsáid a bhaint as an innéacs meánioncaim.

(104)

D’úsáid an Coimisiún an meánphraghas náisiúnta do thomhaltóirí sa tréimhse imscrúdúcháin, arna dhíorthú ó staidreamh Instituto Brasileiro de Geografia e Estatística (27) (IBGE) chun costais saothair a innéacsú. Níor chuir CCCME fianaise isteach a léiríonn cén fáth nach raibh an mhodheolaíocht sin cruinn. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(105)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CCCME go raibh an mhodheolaíocht chun uaireanta oibre bliantúla a ríomh mícheart. In ionad meánlíon na n-uaireanta seachtainiúla a oibríodh iarbhír a bhaineann le catagóir gníomhaíochta geilleagair 28, monarú innealra agus trealaimh a fuarthas ó ILOSTAT a iolrú faoi líon iomlán na seachtainí i mbliain féilire, ríomhadh ar dtús na huaireanta oibre laethúla trí na huaireanta oibre seachtainiúla a roinnt ar 5 lá oibre in aghaidh na seachtaine, agus ansin rinneadh na huaireanta oibre laethúla arna ríomh amhlaidh a iolrú faoi na 220 lá oibre líomhnaithe atá ar fáil in aghaidh na bliana.

(106)

Thagair an Coimisiún do na ríomhanna a cuireadh ar fáil do pháirtithe leasmhara inar sonraíodh conas a ríomhadh an tagarmharc a bhaineann leis an gcostas saothair. Go háirithe, d’úsáid an Coimisiún na costais saothair bhliantúla iomlána in aghaidh an fhostaí i gcás cuideachtaí a bhfuil níos mó ná 30 fostaí acu agus rinne sé iad a choigeartú trí úsáid a bhaint as meán na tréimhse innéacs praghsanna náisiúnta do thomhaltóirí sa bhliain 2022 thar mheán na tréimhse imscrúdúcháin. Úsáideadh staitisticí EIS chun meánlíon na n-uaireanta seachtainiúla a oibríodh sa Bhrasaíl le haghaidh 2022 san earnáil a ríomh (gníomhaíocht leibhéal 2 ISIC 28). Rinneadh an meánchostas bliantúil in aghaidh an fhostaí atá nasctha le táirgeadh (innéacsaithe) a roinnt ar na meánuaireanta seachtainiúla thuasluaite chun an luach ar an gcostas saothair a dhéanamh amach. Ar an mbonn sin, agus in éagmais barúlacha níos sonraí, diúltaíodh don mhaíomh. Ar bhonn a bhfuil thuas, shocraigh an Coimisiún an costas saothair in aghaidh na huaire ag 70,60 CNY sa tír ionadaíoch.

3.2.3.4.   Leictreachas agus Gás nádúrtha

(107)

Chuir CCCME agus Dingli an maíomh isteach arís gur cheart don Choimisiún 17,5 % CBL a bhaint ó chostas leictreachais agus gáis agus thagair siad do na cleachtais is déanaí de chuid an Choimisiúin inar glacadh leis an maíomh sin.

(108)

Ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus bhain an méid CBL ó chostas leictreachais agus gáis nádúrtha, toisc go ndearna sé amach go raibh cuideachtaí Brasaíleacha i dteideal creidmheasanna cánach le haghaidh ICMS (28) ar leictreachas agus gás a úsáidtear le haghaidh táirgeadh tionsclaíoch.

(109)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CMAE gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na rátaí ICMS gáis agus leictreachais is infheidhme i stáit Rio Grande do Sul, áit a raibh Madal Palfinger lonnaithe.

(110)

Shuigh an Coimisiún go bhfuil a ráta ICMS féin ag gach earra, agus é á iompar chuig stát eile laistigh den Bhrasaíl, de réir a áite tionscnaimh. Dá bhrí sin, measadh nach raibh rátaí ICMS in Rio Grande do Sul le haghaidh gáis agus leictreachais, a fuarthas ó eangach náisiúnta, ábhartha do na tosca táirgeachta sin. Ina theannta sin, léirigh fianaise CMAE a cuireadh isteach chun tacú leis an maíomh gur 17 % a bhí i gceist le ICMS le haghaidh leictreachais, nár chumhdaigh an ráta sin leictreachas le haghaidh úsáid thionsclaíoch in 2024 (29). Dá bhrí sin, d’úsáid an Coimisiún meánráta ICMS 17.5 % don Bhrasaíl ina hiomláine le haghaidh leictreachais agus gáis araon, ráta a measadh a bheith cruinn. Diúltaíodh don mhaíomh.

(111)

Ar an mbonn sin, shocraigh an Coimisiún Eorpach gur 0,89 CNY/kWh a bhí i bpraghas an leictreachais le haghaidh úsáid thionsclaíoch agus gur 0,452 CNY/kWh i bpraghas an gháis le haghaidh úsáid thionsclaíoch sa tír ionadaíoch.

3.2.3.5.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(112)

D’athdhearbhaigh CCCME an maíomh, an ‘coigeartú i leith luach láithreach’, a baineadh de chostais airgeadais Madal Palfinger, gur cheart freisin gan an coigeartú sin a chur i bhfeidhm maidir le hioncam airgeadais ós rud é nach féidir a mheas gur tabhaíodh iad sa ghnáthchúrsa trádála. Mheas CCCME gurbh earráid í an chóir neamhshiméadrach sin. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh.

(113)

Chuir Dingli an maíomh isteach arís ós rud é gur suíodh praghas onnmhairiúcháin tháirgeoirí na Síne ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha, ós rud é go bhfuil sonraí ar fáil go héasca ag an gCoimisiún maidir le costais loingseoireachta, árachas loingseoireachta agus coimisiúin, ba cheart iad sin a bhaint de chostais SGA Madal Palfinger chun a áirithiú go suífí an gnáthluach ríofa ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha dá réir sin. D’áitigh Dingli go seasann an oibleagáid praghsanna a chur i gcomparáid ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha gan beann ar mhaíomh an Choimisiúin in aithris (245) den Rialachán sealadach nach raibh faisnéis leordhóthanach aige maidir le hioncam agus costais a bhaineann le loingseoireacht, árachas loingseoireachta agus coimisiúin a shainaithint lena gceadaítear costais a bhaineann le honnmhairiú agus díolacháin intíre a dheighilt.

(114)

Tar éis an mhaímh sin, shainaithin an Coimisiún i Nóta 17 i ráiteas airgeadais 2023 Madal Palfinger luachanna sonracha le haghaidh costais lasta agus coimisiún (30). Chun teacht ar leibhéal díreach ón monarcha le haghaidh an ghnáthluacha, dhealaigh an Coimisiún costas an lasta agus na gcoimisiún ón gcostas díola a úsáideadh chun na costas SGA a ríomh.

(115)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CMAE nár cheart aon asbhaint a dhéanamh le haghaidh costais iompair agus coimisiúin ó na costais díola a úsáideadh chun costais SGA; a chinneadh agus an gnáthluach á ríomh.

(116)

Níor chinn an Coimisiún go raibh bunús leis an maíomh agus nár athraigh sé an chonclúid in aithris (113). Áiríodh le costais díola Madal Palfinger méid lena gcumhdaítear costais lasta agus choimisiúin ba ghá a asbhaint chun a áirithiú gur cuireadh praghas onnmhairiúcháin díreach ón monarcha i gcomparáid le gnáthluach ríofa díreach ón monarcha. Diúltaíodh don mhaíomh.

(117)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CMAE, má chinn an Coimisiún costais iompair le haghaidh ionchur a eisiamh, nach mór dó costas na n-earraí a díoladh chun costais SGA a ríomh a choigeartú freisin trí mhéid an chostais iompair chun amhábhar agus ionchuir na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a cheannach a bhaint de ‘Costas na n-earraí agus na seirbhísí a díoladh’, arna thuairisciú ag Madal Palfinger.

(118)

Diúltaíodh don mhaíomh toisc, mar a mhínítear in aithris (115), gur chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin ar leibhéal díreach ón monarcha. Agus an gnáthluach díreach ón monarcha á ríomh, ós rud é nach mór dó sin costais a léiriú faoi mar a bhí siad ag geata na monarchan, ní féidir costais a bhaineann le hiompar an táirge a ndearnadh imscrúdú air a chur san áireamh. Thairis sin, níor chuir CMAE fianaise thacaíochta ar fáil gur bhain na costais iompair le hionchuir freisin. Go deimhin, is fíor-ítim chostais iad costais iompair an amhábhair a úsáidtear i monarú an táirge a ndearnadh imscrúdú air nach mór a chur san áireamh agus an gnáthluach á ríomh agus is rud é a bhaineann de ghnáth le costas na n-ionchur agus nach dtuairiscítear ar leithligh.

(119)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CMAE, ós rud é nár ceadaíodh le cuntais airgeadais Madal Palfinger idirdhealú a dhéanamh idir díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairiúcháin, nár cheart costas iompair agus coimisiúin a asbhaint ó na costais SGA.

(120)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh toisc gur ghá an gnáthluach a shuí ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha, mar sin b’éigean na costais sin a asbhaint chun costais SGA agus brabús a shuí sa tír ionadaíoch, gan beann ar cheann scríbe na n-earraí a díoladh.

(121)

D’áitigh CCCME nár cheart don Choimisiún céatadán ríofa na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar ná céatadán na bhforchostas monaraíochta in ionad chostais na monaraíochta arna dtabhú iarbhír ag táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a úsáid chun luach neamhshaofa tomhaltán agus forchostas a eachtarshuí. Mhaígh CCCME freisin go ndearna an Coimisiún earráid trí chostas iompair iarbhír tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chun amhábhair a sholáthar a shloinneadh mar chéatadán de chostas iarbhír gach amhábhair agus ansin tríd an gcéatadán céanna a chur i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa an amhábhair chéanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Cheistigh CCCME toradh chur i bhfeidhm an mhodha sin trína áitiú go dtiocfadh tagarmharc saofa as, dar ndóigh, ós rud é go gcuirtear in iúl é mar chéatadán de chostas amhábhar nó de chostais dhíreacha a líomhnaítear a bheith saofa. Ba cheart don Choimisiún tagarmharc na dtomhaltán, na bhforchostas monaraíochta agus an chostais iompair a shainaithint ar leithligh ó amhábhair ionchuir eile nó glacadh le costas iarbhír tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne maidir le tomhaltáin, forchostais mhonaraíochta agus costas iompair.

(122)

Cheistigh CCCME argóint an Choimisiúin in aithris (237) den Rialachán sealadach, má chuirtear céatadán le haghaidh forchostais monaraíochta leis an gcostas monaraíochta neamhshaofa arna ríomh bunaithe ar sciar na bhforchostas arna shloinneadh i gcostais monaraíochta táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, go bhfágfar leis sin torthaí níos beaichte ná luach na bhforchostas a fháil ó ráitis airgeadais Madal Palfinger. Dúirt CCCME freisin gur féidir an rud céanna a rá maidir le costais SGA agus brabús agus ba cheart don Choimisiún méid neamhshaofa na gcostas SGA agus brabús na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a ríomh ar an mbealach céanna, seachas a bheith ag brath ar shonraí airgeadais Madal Palfinger.

(123)

Thug an Coimisiún dá aire in aithris (82) go ndearnadh ítimí costais ar luach diomaibhseach, mar a thuairiscigh táirgeoirí onnmhairiúcháin, a ghrúpáil ina dtomhaltáin. Sloinneadh forchostais mar chéatadán den luach arna thuairisciú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin le haghaidh na gcostas díreach uile. Sloinneadh na costais iompair mar chéatadán de chostas an amhábhair a tuairiscíodh.

(124)

Dhiúltaigh an Coimisiún don togra chun an costas arna thuairisciú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin a úsáid le haghaidh tomhaltán, forchostas monaraíochta agus iompair toisc nach féidir costais intíre a úsáid faoi Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán (31) ach amháin a mhéid a shuitear go dearfach nach bhfuil siad saofa. Níor suíodh é sin sa chás seo.

(125)

Ní raibh aon argóint bhailí i maíomh CCCME a thug bunús leis an bhfáth ar cheart don Choimisiún imeacht óna chleachtas bunaithe chun na sonraí airgeadais a fháil ó na táirgeoirí a shainaithnítear sa tír ionadaíoch. Ós rud é go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ag feidhmiú i dtimpeallacht eacnamaíoch shaofa, ní féidir a mheas go dtagann céatadán a gcostais SGA agus a mbrabús le gnáthdhálaí oibríochtúla. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.3.   Ríomh

3.3.1.   An Gnáthluach

(126)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar leibhéal trádála díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán (32), mar a shonraítear in aithrisí (247)-(251) den Rialachán sealadach.

(127)

Chuir an Coimisiún costais SGA agus brabús Madal Palfinger i bhfeidhm ar na costais táirgthe a suíodh mar a shonraítear sna haithrisí roimhe seo.

(128)

Ba é 20,37 % méid na gcostas díola, ghinearálta agus riaracháin (SGA) arna shloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí a Díoladh (‘COGS’) agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 7,62 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Mheas an Coimisiún go raibh na méideanna sin réasúnach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán le haghaidh leibhéal na trádála díreach ón monarcha.

(129)

In aithris (26) den Rialachán sealadach, chinn an Coimisiún go sealadach fíorais a bhí ar fáil chun gnáthluach JLG a ríomh a chur i bhfeidhm go páirteach toisc nach raibh an Coimisiún in ann a fhíorú, le linn na cuairte fíorúcháin, gur baineadh na sonraí a cuireadh isteach sa fhreagra ar an gceistneoir ó chóras cuntasaíochta na cuideachta. Tar éis mínithe breise a chuir JLG ar fáil agus fíorú breise a dhéanamh ar a chuntais ar an láthair, fuair an Coimisiún amach gur baineadh an fhaisnéis a cuireadh isteach ar dtús i bhfreagra JLG ar an gceistneoir go díreach ó chóras cuntasaíochta na cuideachta. I bhfianaise an scrúdaithe bhreise sin, ní dheachaigh an Coimisiún i muinín na bhfíoras a bhí ar fáil.

(130)

I gcás Sinoboom, mar a mhínítear in aithris (25) den Rialachán sealadach, tháinig saincheist chun cinn le linn na cuairte fíorúcháin maidir le páirteanna struchtúracha féintáirgthe agus ceannaithe a thuairisciú. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis na sonraí a bhain le costais agus a chuir Sinoboom isteach, nár léiriú cruinn iad ar na costais a tabhaíodh iarbhír.

(131)

Dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí sealadacha in aithrisí (25) agus (27) den Rialachán sealadach maidir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán (33) a chur i bhfeidhm go páirteach ar shonraí áirithe i bhfreagra Sinoboom ar an gceistneoir nach bhféadfaí a fhíorú. Míníodh an ríomh in aithris (267) den Rialachán sealadach.

3.3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(132)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithris (252) den Rialachán sealadach. Sholáthair an Coimisiún mionsonraí sonracha maidir leis an ríomh sin sa nochtadh a bhaineann go sonrach leis an gcuideachta tar éis dleachtanna sealadacha a fhorchur. Níor tharraing aon pháirtí leasmhar aon saincheist anuas ina leith sin. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithris (252) den Rialachán sealadach.

(133)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Dingli, bunaithe ar thuarascáil ar phraghsáil aistrithe a cuireadh isteach mar iarscríbhinn a ghabhann le freagra Magni Germany ar an gceistneoir (34), gur léirigh an leibhéal brabúis a thuairiscigh Magni Germany idirbhearta ar neamhthuilleamaí, dá bhrí sin, ba cheart an corrlach brabúis arna thuairisciú ag Magni Germany a úsáid agus an praghas onnmhairiúcháin á ríomh.

(134)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh, toisc gur cumhdaíodh an bhliain 2021 sa tuarascáil tacaíochta ar phraghsáil aistrithe seachas an tréimhse imscrúdúcháin. Ina theannta sin, bhí an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis a roinn bainistíocht Magni agus níor fíoraíodh í. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 2(9) go ndéanfar an praghas onnmhairiúcháin a ríomh ar bhonn an phraghais ar a n-athdhíoltar na táirgí allmhairithe den chéad uair le ceannaitheoir neamhspleách. Sa chás sin, ní mór an praghas a choigeartú ar ais go dtí teorainn an Aontais trí bhrabús allmhaireora neamhchomhlachaithe a asbhaint. Sa chás i dtrácht, níor cháiligh Magni Germany mar allmhaireoir neamhchomhlachaithe.

(135)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Dingli gur cheart corrlach brabúis níos ísle ná 5 % a chur i bhfeidhm nuair a d’athdhíol Magni Italy le Magni Germany, toisc nach raibh baint ag Magni Italy le himréiteach custaim, stórasú ná iompar na n-earraí. Chuir Magni Germany na feidhmeanna sin i gcrích é féin.

(136)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh ar an bhforas nár cuireadh aon fhianaise ar fáil a cheadódh difreáil ar an mbrabús a asbhaint bunaithe ar na feidhmeanna iarbhír a dhéanann an t-allmhaireoir comhlachaithe. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún gur mheastachán réasúnta a bhí i mbrabús 5 % bunaithe ar chorrlach na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a úsáideadh i gcásanna comhchosúla.

(137)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Dingli, maidir le hathdhíolacháin Magni Italy le custaiméirí neamhchomhlachaithe inarb é an custaiméir a rinne an t-imréiteach custaim, gur cheart don Choimisiún brath ar an bpraghas díola idir Magni Italy agus an custaiméir chun an praghas CAL a shuí.

(138)

In éagmais fianaise thacaíochta maidir leis an luach CAL a dhearbhaigh custaiméirí neamhchomhlachaithe Magni Italy, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(139)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Dingli gur cheart an luach CAL atá le húsáid le haghaidh idirbhearta trí Magni Germany d’úsáideoirí deiridh a bhunú ar an luach a dhearbhaigh Magni Germany don lucht custaim. Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar comhad, ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus choigeartaigh sé an praghas onnmhairiúcháin agus an corrlach dumpála dá réir.

3.3.3.   Comparáid

(140)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (253) go (263) den Rialachán sealadach. Sholáthair an Coimisiún mionsonraí sonracha maidir leis an ríomh sin sa nochtadh a bhaineann go sonrach leis an gcuideachta tar éis dleachtanna sealadacha a fhorchur.

(141)

Mhaígh Dingli gur cheart don Choimisiún, seachas corrlach brabúis 5 % a úsáid, an corrlach brabúis réasúnta a úsáid le haghaidh cuideachtaí a dhéanann oibríochtaí comhchosúla i ngrúpa Dingli. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh ar an bhforas nach bhféadfaí brath ar an gcorrlach brabúis molta a bhaineann le hidirbhearta idir páirtithe comhlachaithe.

(142)

Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithris (253) den Rialachán sealadach.

3.3.4.   Coigeartuithe

(143)

An maíomh go bhfeidhmíonn na heintitis éagsúla Terex a raibh baint acu le táirgeadh agus díol TRS mar eintiteas eacnamaíoch aonair, diúltaíodh go sealadach dó in aithris (263) den Rialachán sealadach.

(144)

Tar éis fhoilsiú an rialacháin shealadaigh, mhaígh Terex go bhfuil a chleamhnaithe a bhfuil baint acu le díolacháin TRS chuig an Aontas faoi rialú comhchoiteann, gurb é TGG, cuideachta a bhfuil a ceanncheathrú san Eilvéis, a stiúrann táirgeadh agus díolacháin uile ghrúpa Terex don Aontas, agus gurb é TGG a iompraíonn rioscaí airgeadais. Thug Terex maíomh an eintitis eacnamaíoch aonair isteach don ghrúpa iomlán cuideachtaí ina raibh Terex Changzhou, TGG, agus dhá thrádálaí chomhlachaithe atá bunaithe san Aontas: Genie France agus Terex Italia.

(145)

Ina theannta sin, rinne Terex trácht ar na cúiseanna a leagtar amach in Aithrisí (258) go (262) den Rialachán sealadach lenar diúltaíodh go sealadach dá iarraidh ar stádas an eintitis eacnamaíoch aonair.

(146)

Ag an gcéim shealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach eintiteas eacnamaíoch aonair iad Terex Changzhou agus TGG ar thaobh amháin, ná TGG agus an dá dháileoir chomhlachaithe (Genie France agus Terex Italia) ar an taobh eile, faoi seach, toisc go n-áirítear ina gconarthaí íocaíocht uasmharcála, clásal lena bhforáiltear go bhfuil na páirtithe ag gníomhú ina gcáil mar chonraitheoirí neamhspleácha, clásal maidir le rogha dlí agus dlínse i gcás díospóide agus clásal lena sainítear gurb é ‘díoltóir agus ceannaitheoir’ an caidreamh atá idir na páirtithe.

(147)

Mhaígh Terex go bhfuil oibleagáid agus cleachtas Terex Changzhou maidir le TGG a aisíoc i gcás táirgí nach gcomhlíonann na sonraíochtaí riachtanacha an-teoranta, gur ann do réiteach díospóidí trí bhreithniú seachtrach idir na heintitis Terex éagsúla mar gheall ar theimpléad caighdeánach conartha a úsáid agus nár baineadh leas as riamh, in ainneoin gur chomhaontaigh TGG agus Terex Changzhou ina gconarthaí le méid margadhbhunaithe gur uasmharcáil costais plus ráthaithe é an luach saothair eatarthu, nach ndíolann TGG TRSanna san Aontas arna monarú ag aon eintiteas neamhchomhlachaithe agus nach bhfuil caidreamh conarthach díreach ag Terex Changzhou le cuideachtaí díolacháin cleamhnaithe an Aontais, Terex Italia agus Genie France.

(148)

Bhreithnigh an Coimisiún na mínithe a dtugtar tuairisc orthu in aithris (146) thuas, ach shuigh sé, in ionad a léiriú gur ann d’eintiteas eacnamaíoch aonair idir cuideachtaí i ngrúpa Terex, gur chuir siad i dtábhacht gur cuideachtaí dlúthchomhlachaithe iad Terex Changzhou, TGG, Genie France agus Terex Italia a bhaineann leis an ngrúpa céanna a bhfuil roinnt prótacal inmheánach bainistíochta agus cuntasaíochta comhroinnte acu. Níor chuir an Coimisiún ina choinne sin riamh, áfach. D’fhéadfadh na prótacail bainistíochta comhroinnte agus cuntasaíochta sin a bheith ann idir cuideachtaí comhlachaithe sa ghrúpa céanna gan eintiteas eacnamaíoch aonair a bheith ann dá bharr.

(149)

Maidir le maíomh Terex gur annamh a dhéantar aisíocaíochtaí agus nach dtéitear ar iontaoibh réiteach díospóidí sa chaidreamh eacnamaíoch idir Terex Changzhou agus TGG, thug an Coimisiún dá aire, in ainneoin an chleachtais sin, go gceadaítear leis an gcreat conarthach idir na heintitis sin aisíocaíochtaí den sórt sin (bíodh go bhfuil siad annamh tarlaíonn siad mar sin féin mar a d’admhaigh an chuideachta í féin) agus réiteach díospóidí den sórt sin agus cuireann sé in iúl nach ionann a gcaidreamh agus caidreamh idir monaróir agus a ‘roinn díolacháin’. Go deimhin, léirigh na clásail ábhartha go raibh easpa dlúthpháirtíochta idir na páirtithe.

(150)

Maidir leis an maíomh, in ionad na bpraghsanna margaidh a luaitear sa chonradh idir na heintitis, léirigh an réaltacht eacnamaíoch le linn na tréimhse imscrúdúcháin go bhfuair Terex Changzhou táille mhonaraíochta le haghaidh costas agus uasmharcála ó TGG as a chuid táirgí, chinn an Coimisiún gur féidir le brabús ráthaithe agus an t-aistriú airgeadais inmheánach a eascraíonn as sin idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu le díolacháin a bheith ina ghné de chomhpháirtíocht nach bhfuil ag eintiteas eacnamaíoch aonair. Ina theannta sin, ní dhéantar bréagnú ar phraghsanna a athchaibidlítear go rialta a bheith sa chonradh idir na heintitis, mar a thuairiscítear in aithris (146), leis an gcleachtas praghsála uasmharcála costais plus a bhí idir na heintitis chéanna roimhe seo.

(151)

D’fhíoraigh an Coimisiún an argóint nach ndíolann TGG TRSanna san Aontas arna monarú ag aon eintiteas neamhchomhlachaithe agus ghlac sé léi, ach thug sé dá aire, sa bhreis ar TRS arna tháirgeadh ag Terex Changzhou sa tSín, go ndíolann TGG TRSanna arna dtáirgeadh ag cuideachtaí comhlachaithe i Meicsiceo, san Iodáil, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus san India. Dar leis an gCoimisiún, is léiriú é sin ar chomhpháirtíocht an-dlúth idir na cuideachtaí comhlachaithe éagsúla sa ghrúpa seachas caidreamh inarb iad TGG, Genie France agus Terex Italia na ‘ranna díolacháin’ eisiacha atá ag Terex Changzhou.

(152)

An maíomh gur TGG seachas Terex Changzhou a bhfuil caidreamh conarthach díreach aige le cuideachtaí díolacháin cleamhnaithe an Aontais, Terex Italia agus Genie France, bhí sé doiléir agus gan bhunús. Ar thaobh amháin, mhaígh Terex gur eintiteas eacnamaíoch aonair iad na heintitis sin go léir, ar an taobh eile tá Terex ag tabhairt le fios nach bhfuil aon iarmhairt ag an gcaidreamh conarthach atá ann cheana idir TGG agus Terex Italia agus Genie France maidir le stádas an eintitis eacnamaíoch aonair eatarthu a chinneadh.

(153)

I bhfianaise aithrisí (147) go (151), diúltaíodh don mhaíomh maidir leis na heintitis éagsúla JLG a raibh baint acu le táirgeadh agus díol TRS, go bhfeidhmíonn siad mar eintiteas eacnamaíoch aonair.

(154)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Terex nach mór don Choimisiún breathnú níos faide ná foirmiúlachtaí a fhágann go bhfuil eintitis chomhlachaithe leithleach go dlíthiúil agus ‘réaltacht eacnamaíoch’ an chaidrimh a mheas agus measúnú á dhéanamh aige ar mhaíomh i leith eintiteas eacnamaíoch aonair.

(155)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Rinne an Coimisiún anailís ar na forálacha conarthacha idir na heintitis agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh dlúthpháirtíocht eacnamaíoch eatarthu. Níor soláthraíodh aon fhaisnéis bhreise faoin gcaidreamh conarthach idir na heintitis. Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise chun cinn go raibh an caidreamh, mar a shonraítear tríd an socrú conarthach, míchruinn. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid mar sin go raibh clásail sna conarthaí ábhartha nach raibh i gcomhréir leis an maíomh gur léirigh réaltacht eacnamaíoch an chaidrimh idir an trádálaí comhlachaithe agus an monaróir an gaol idir monaróir agus roinn inmheánach díolacháin.

(156)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Terex a maímh maidir le clásail bharánta agus clásail um réiteach díospóidí sna conarthaí idir comhaltaí an ghrúpa, íocaíochtaí idir eintitis Terex agus díolacháin TRSanna arna dtáirgeadh ag monaróirí Terex seachas Terex Changzhou ag TGG. Shoiléirigh Terex freisin a aighneacht roimhe seo maidir leis an gcaidreamh idir Terex Changzhou agus Genie France agus Terex Italy, faoi seach. Ag gach pointe d’áitigh Terex gur cheart don Choimisiún brath ar an réaltacht eacnamaíoch seachas ar mhionsonraí na gconarthaí agus measúnú á dhéanamh aige ar a thionchar ar mhaíomh an eintitis eacnamaíoch aonair.

(157)

Tugadh aghaidh ar na maímh sonracha cheana féin in aithrisí (148) agus (151). Saintréith den ghaol iarbhír idir na heintitis éagsúla ba ea na forálacha conarthacha ab infheidhme eatarthu. Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise chun cinn go raibh an caidreamh, mar a shonraítear tríd an socrú conarthach, míchruinn. Ar an mbonn sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(158)

Thug JLG isteach maíomh eile chun caitheamh le roinnt cuideachtaí mar eintiteas eacnamaíoch amháin. Mhaígh siad go bhfeidhmíonn JLG Industries, Inc., JLG EMEA, JLG Tianjin agus cleamhnaithe Oifig Díolachán agus Seirbhíse (SSO) an Aontais (35) a bhfuil baint acu le díolacháin leis an Aontas mar eintiteas eacnamaíoch aonair, toisc go bhfuil na cleamhnaithe JLG a bhfuil baint acu le díolacháin TRS chuig an Aontas faoi rialú comhchoiteann, gurb é JLG Industries, Inc. a stiúrann táirgeadh agus díolacháin uile ghrúpa JLG óna cheanncheathrú sna Stáit Aontaithe agus gurb iad JLG Industries, Inc. a iompraíonn rioscaí airgeadais.

(159)

Monaraíonn JLG Tianjin TRSanna a dhíoltar le JLG Industries (atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe). I gcás díolacháin san Aontas, athdhíolann JLG Industries na TRSanna sin le JLG EMEA san Ísiltír. Díolann na trádálaithe sin le custaiméirí neamhspleácha deiridh nó leis na trádálaithe comhlachaithe: JLG Deutschland GmbH, JLG France, JLG Sverige AB, JLG Industries (Italia) agus Plataformas Elevadoras (JLG Spain). Mhaígh an chuideachta gur eintiteas eacnamaíoch aonair iad na heintitis uile a bhfuil baint acu le monarú agus díol TRSanna.

(160)

Chinn an Coimisiún go bhfuil forálacha sa chomhaontú dáileacháin idir JLG EMEA agus JLG Industries a léiríonn nach bhfuil aon eintiteas eacnamaíoch amháin eatarthu, mar shampla, tá clásail eadrána ina gconarthaí, ‘agus tá páirtithe sa chonradh i dteideal gach leigheas atá ar fáil a lorg, lena n-áirítear gach leigheas dlíthiúil’. Tá JLG EMEA údaraithe a dhualgais go léir mar dháileoir a chomhlíonadh chun TRSanna a dhíol faoin gconradh go neamhspleách agus dá rogha féin agus áiritheoidh sé go bhfuil a chustaiméirí ar an eolas go n-oibríonn sé agus go ndíolann sé ina ainm féin. Is ceapachán neamheisiach é ceapachán JLG EMEA mar dháileoir agus níl aon ní ina gconradh a chuireann teorainn le JLG Industries chun dáileoirí eile a cheapadh do mhargadh an Aontais. Féadfaidh JLG EMEA seirbhísí neamhiomaíochta a sholáthar do thríú páirtithe ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtithe.

(161)

Ina theannta sin, chinn an Coimisiún go bhfuil forálacha sa chomhaontú caighdeánach um dháileadh idir JLG EMEA agus na SSOnna lena léirítear nach bhfuil dlúthpháirtíocht ann agus dá thoradh sin, nach eintiteas eacnamaíoch aonair atá ann. Mar shampla, clásal eadrána lena sonraítear nach mór an eadráin a dhéanamh i gcomhréir le Rialacha Eadrána Institiúid Eadrána na hÍsiltíre, liosta praghsanna molta ó JLG EMEA atá le húsáid ag dáileoirí ach lena gceadaítear dóibh praghsanna éagsúla a ghearradh, céatadán cúitimh socraithe a bhfuil dáileoirí ina theideal le haghaidh gach díola, gan beann ar an bpraghas deiridh.

(162)

Chinn an Coimisiún gur léirigh an míniú ar rialú comhchoiteann, ar threo na ndíolachán agus ar an riosca airgeadais a d’iompair JLG Industries, Inc., go bhfuil dlúth-chomhpháirtíocht eacnamaíoch idir na heintitis lena mbaineann ach nach gá gurb eintiteas eacnamaíoch aonair iad. Is féidir leis an gcineál ceannais agus rialaithe a dtugann JLG tuairisc air a bheith ann idir cuideachtaí comhlachaithe a bhaineann leis an ngrúpa céanna a bhfuil freagrachtaí réamhshainithe orthu mar thrádálaí, mar mhonaróir agus mar dháileoir.

(163)

D’áitigh JLG maidir le frisnéisí na n-argóintí in Aithrisí (258) go (262) den Rialachán sealadach lena ndiúltaítear don mhaíomh eintiteas eacnamaíoch aonair a bheith in Terex, nach raibh siad infheidhme maidir le JLG.

(164)

Ní dhearna an Coimisiún mionscrúdú ar an maíomh nach bhfuil na cúiseanna le diúltú do mhaíomh an eintitis eacnamaíoch aonair ó Terex infheidhme maidir le JLG. Tá na hargóintí atá mar bhonn taca le diúltú mhaíomh JLG féinchuimsitheach agus sonrach don chuideachta, mar a thuairiscítear go mionsonraithe in aithrisí (159), (160) agus (161).

(165)

I bhfianaise na n-aithrisí (159), (160) agus (161) thuas, diúltaíodh go sealadach don mhaíomh maidir leis na heintitis éagsúla JLG a raibh baint acu le táirgeadh agus díol TRS, go bhfeidhmíonn siad mar eintiteas eacnamaíoch aonair.

(166)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh JLG a mhaíomh go raibh JLG Group ag feidhmiú mar eintiteas eacnamaíoch aonair. D’áitigh JLG an ‘réaltacht eacnamaíoch’ laistigh d’oibriú an ghrúpa agus d’áitigh sé gur cheart don Choimisiún neamhaird a thabhairt ar na forálacha conartha idir eintitis éagsúla den ghrúpa.

(167)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Chomhaontaigh na páirtithe na forálacha conarthacha go saor. Níor thug JLG aon údar le gan iad a chur i bhfeidhm. Rinne an Coimisiún anailís ar na forálacha conarthacha sin idir na heintitis agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh dlúthpháirtíocht eacnamaíoch eatarthu. Níor soláthraíodh aon fhaisnéis bhreise faoin gcaidreamh conarthach idir na heintitis. Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise chun cinn go raibh an caidreamh, mar a shonraítear tríd an socrú conarthach, míchruinn. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid mar sin go raibh clásail sna conarthaí ábhartha nach raibh i gcomhréir leis an maíomh gur léirigh réaltacht eacnamaíoch an chaidrimh idir an trádálaí comhlachaithe agus an monaróir an gaol idir monaróir agus roinn inmheánach díolacháin.

3.3.5.   Corrlaigh dhumpála

(168)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Hunan Sinoboom Intelligent Equipment Co., Ltd.

49,3  %

Oshkosh JLG (Tianjin) Equipment Technology Co., Ltd

66,7  %

Terex (Changzhou) Machinery Co., Ltd

48,7  %

Zhejiang Dingli Machinery Co., Ltd

20,6  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

48,1  %

Gach cuideachta eile

66,7  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Maíomh maidir le hanailís díobhála agus cúisíochta ar leith ar TRSanna a bhfuil innill leictreacha nó innill hibrideacha agus gnáthinnill acu

(169)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh CCCME gur cheart measúnú ar leithligh a dhéanamh ar na tosca díobhála agus cúisíochta san imscrúdú i gcás TRS ina bhfuil innill leictreacha nó hibrideacha agus gnáthinnill mar fhoghrúpaí nó mar dheighleoga fomhargaidh, ós rud é gur áitigh sé nach raibh na TRSanna sin inmhalartaithe mar gheall ar na difríochtaí bunúsacha eatarthu ó thaobh saintréithe táirgí, úsáidí deiridh agus braistintí margaidh. Ina theannta sin, d’áitigh sé nár chinntigh an Coimisiún go ndéanfaí scrúdú oibiachtúil ar na gnéithe díobhála mar a iarrtar le hAirteagal 3(2) den bhun-Rialachán. D’athdhearbhaigh CCCME an argóint tar éis an nochta chinntithigh gan aon ghné nua a chur leis chun tacú lena mhaíomh.

(170)

Mar a shonraítear i Roinn 2.4.1, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na buntréithe céanna ag an dá chatagóir (gnáthTRS agus TRS leictreach nó hibrideach) agus go raibh údar maith, dá bhrí sin, leis an dá cheann a bheith mar chuid de raon feidhme an táirge agus lena mheas go raibh an dá cheann sa deighleog mhargaidh chéanna. Ní raibh na difríochtaí idir an dá chatagóir de chineál a thabharfadh údar le hanailís díobhála agus cúisíochta ar leith ó tharla go raibh na táirgí in iomaíocht le chéile. Mar a mhínítear i Roinn 2.4.1, d’fhéadfaí TRSanna leictreacha nó hibrideacha a chur in ionad níos mó TRSanna gnáth-inneall de réir a chéile amach anseo agus d’fhéadfaí iad a úsáid níos mó lasmuigh. Dá bhrí sin, bhí réimse úsáide an dá chatagóir TRS sin ag athrú, rud a bhí ina argóint bhreise i gcoinne measúnú ar leithligh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh údar maith le measúnú ar leithligh a dhéanamh ar na tosca díobhála agus cúisíochta le haghaidh an dá chatagóir TRS.

4.2.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(171)

In éagmais barúlacha maidir leis an sainmhíniú ar thionscal an Aontais, deimhníodh aithrisí (273) go (275) den Rialachán sealadach.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

(172)

In éagmais barúlacha maidir le tomhaltas an Aontais, deimhníodh aithrisí (276) go (278) den Rialachán sealadach.

4.4.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.4.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(173)

In éagmais aon bharúil maidir leis na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, deimhníodh aithrisí (279) go (281) den Rialachán sealadach.

4.4.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann: sladghearradh praghais agus sochtadh praghsanna

(174)

In aithrisí (286) go (288) den Rialachán sealadach, shonraigh an Coimisiún an mhodheolaíocht chun an sladghearradh praghais a chinneadh agus tháinig sé ar an gconclúid go ndearna allmhairí na Síne sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais agus gur shocht siad iad.

(175)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh JLG, maidir le JLG EMEA, nach rabhthas in ann comparáid chóir a dhéanamh idir praghsanna díola JLG san Aontas agus praghsanna thionscal an Aontais leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun an luach CAL a shuí. Ós rud é gurb é JLG EMEA amháin a d’eagraigh na gníomhaíochtaí díolacháin uile a bhaineann leis an Aontas, níor cheart don Choimisiún a bhrabús ná a chostais SGA a asbhaint agus an praghas onnmhairiúcháin á ríomh. D’áitigh JLG freisin nár chumhdaigh an praghas aistrithe laistigh den chuideachta a ghearr JLG Tianjin ach costas monaraíochta, forchostais ghléasra agus corrlach brabúis 7 % (bunaithe ar chostais), rud nach raibh mar an gcéanna le spriocphraghas thionscal an Aontais a bunaíodh bunaithe ar an spriocbhrabús agus ar chostais SGA iarbhír arna sloinneadh mar chéatadáin de na praghsanna díola.

(176)

Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint toisc nach mór an praghas sin a ríomh trí úsáid a bhaint as praghas athdhíola an allmhaireora chomhlachaithe leis an gcéad chustaiméir neamhspleách mar thúsphointe chun praghas allmhairiúcháin iontaofa ar neamhthuilleamaí a shuí. Chun an t-athríomh sin a dhéanamh, is ábhartha iad na rialacha maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin mar atá in Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán frithdhumpála agus cuirtear i bhfeidhm de réir analaí iad. Le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán, cuirtear d’oibleagáid ar an údarás imscrúdaitheach praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shuí ag teorainn an Aontais trí choigeartú a dhéanamh de réir na gcostas uile a thabhaítear idir an t-allmhairiú agus an t-athdhíol, agus de réir brabúis a fhabhraíonn. Cur i bhfeidhm Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán de réir analaí, is rud é sin trínar féidir teacht ar phraghas atá go hiomlán inchomparáide leis an bpraghas a úsáidtear nuair a dhéantar scrúdú ar díolacháin le custaiméirí neamhghaolmhara agus tá sé inchomparáide freisin le praghas díola de chuid thionscal an Aontais.

(177)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Terex, maidir le TGG, nár cheart don Choimisiún brabús agus costais SGA a asbhaint agus an praghas onnmhairiúcháin á ríomh chun go bhféadfar comparáid chothrom a dhéanamh idir praghas díola Terex san Aontas agus praghas thionscal an Aontais. Níor chlúdaigh an praghas aistrithe idir cuideachtaí idir Terex Changzhou agus TGG ach costais mhonaraíochta, forchostais ghléasra agus brabús. Ní raibh sé sin mar an gcéanna le spriocphraghas thionscal an Aontais, arna shuí bunaithe ar an spriocbhrabús agus ar na costais SGA iarbhír a sloinneadh mar chéatadáin de na praghsanna díola.

(178)

Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint toisc nach mór an praghas sin a ríomh trí úsáid a bhaint as praghas athdhíola an allmhaireora chomhlachaithe leis an gcéad chustaiméir neamhspleách mar thúsphointe chun praghas allmhairiúcháin iontaofa ar neamhthuilleamaí a shuí. Chun an t-athríomh sin a dhéanamh, is ábhartha iad na rialacha maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin mar atá in Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán frithdhumpála agus cuirtear i bhfeidhm de réir analaí iad. Le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán, cuirtear d’oibleagáid ar an údarás imscrúdaitheach praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shuí ag teorainn an Aontais trí choigeartú a dhéanamh de réir na gcostas uile a thabhaítear idir an t-allmhairiú agus an t-athdhíol, agus de réir brabúis a fhabhraíonn. Cur i bhfeidhm Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán frithdhumpála de réir analaí, is rud é sin trínar féidir teacht ar phraghas atá go hiomlán inchomparáide leis an bpraghas a úsáidtear nuair a dhéantar scrúdú ar dhíolacháin le custaiméirí neamhchomhlachaithe agus tá sé inchomparáide freisin le praghas díola thionscal an Aontais.

4.4.2.1.   Leibhéal trádála

(179)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh an gearánach, CCCME, Sinoboom agus Dingli nach raibh sé soiléir ón nochtadh sealadach cé acu a choigeartaigh nó nár choigeartaigh an Coimisiún praghas tháirgeoirí an Aontais i gcás inar dhíol siad trí eintitis chomhlachaithe agus an sladghearradh praghais (agus gearrdhíol) á ríomh, mar a rinne sé le praghas tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte na Síne.

(180)

Shoiléirigh an Coimisiún go ndearnadh na coigeartuithe céanna do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín agus do tháirgeoirí an Aontais araon, agus dá bhrí sin go ndearna an Coimisiún comparáid idir na praghsanna ar an leibhéal trádála céanna.

4.4.2.2.   Coigeartú i leith dleacht chustaim

(181)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh an gearánach nár cheart don Choimisiún coigeartú córasach a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin faoi 4,5 % den dleacht chustaim toisc nach raibh allmhairí faoi chód TARIC 8428.90.90.20 faoi réir dleacht chustaim ar chor ar bith. D’áitigh sé nár cheart an coigeartú a dhéanamh ach amháin le haghaidh onnmhairí atá faoi réir dleachtanna bunaithe ar na sonraí a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha isteach, agus i gcás nár tuairiscíodh an fhaisnéis, bunaithe ar shonraí iarthionscnaimh trí chion na n-allmhairí atá faoi réir dleachtanna a shainaithint i gcomparáid le hallmhairí a raibh na dleachtanna cothrom le nialas ina leith. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus rinne sé an praghas onnmhairiúcháin a laghdú dá réir.

(182)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh CCCME gur cheart don Choimisiún brath ar shonraí onnmhairiúcháin iarbhír gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte seachas ar shonraí allmhairiúcháin sa tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Shoiléirigh an Coimisiún go raibh an coigeartú bunaithe ar shonraí iarbhír na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin lenar ceadaíodh a shuí cé acu a bhí nó nach raibh na díolacháin onnmhairiúcháin faoi réir na dleachta custaim.

4.4.2.3.   Inchomparáideacht na dtáirgí

(183)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Sinoboom agus an gearánach barúlacha isteach maidir le haicmiú agus inchomparáideacht táirgí.

(184)

Thagair Sinoboom don nochtadh sealadach agus don fhíoras gur chumasc an Coimisiún PCNanna chun an corrlach díobhála a ríomh, rud a d’fhág go ndearna an Coimisiún comparáid idir ardaitheoirí búm a raibh airde oibre an-éagsúil acu, rud a líomhnaítear a raibh rómheastachán ar an gcorrlach díobhála mar thoradh air.

(185)

Ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus rinne sé comparáid ar bhonn códuimhir tháirge agus rinne sé na ríomhanna a choigeartú dá réir. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú ar an gcorrlach díobhála.

(186)

Chuir Sinoboom in iúl freisin go raibh a chorrlach dumpála sealadach níos airde ná corrlaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin eile. Dar le Sinoboom, d’fhéadfadh an mhodheolaíocht a ghlac an Coimisiún chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna agus anailís ar chorrlach díobhála a bheith ina cúis leis an difríocht sin. Rinne sé tagairt d’aicmiú uimhreacha rialaithe táirgí (‘PCN’) a nochtadh agus d’áitigh sé nach raibh go leor ama ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar an gcomparáid PCN a chuir na páirtithe isteach lá amháin roimh an sprioc-am le haghaidh barúlacha maidir leis na bearta sealadacha. Mheas sé go raibh neamhrialtachtaí in aicmiú PCN ag táirgeoirí an Aontais, agus tharraing sé aird ar chineálacha táirgí a d’fhéadfadh a bheith mí-aicmithe nó i gcás nach bhféadfadh sé an t-aicmiú ceart a fhíorú bunaithe ar an tuairisc ar na cineálacha táirgí.

(187)

Mar fhreagairt ar na barúlacha ó CCCME, mheas an gearánach nach raibh bunús leis na maímh ós rud é go raibh na táirgí aicmithe go maith nó nár táirgeadh nó nár úsáideadh iad le haghaidh na comparáide.

(188)

D’fhíoraigh an Coimisiún na mí-aicmithe líomhnaithe agus shuigh sé gur thuairiscigh ceann de na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais dhá chineál TRS faoi PCN mícheart. Cheartaigh an Coimisiún aicmiú na gcóduimhreacha táirge dá réir.

(189)

Mhaígh Sinoboom freisin go bhféadfadh táirgeoirí an Aontais roinnt cineálacha táirgí a dhíol i méideanna neamhionadaíocha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le praghsanna arda saorga ar na táirgí sin. Más amhlaidh a bhí, ba cheart don Choimisiún na díolacháin atá i gceist a athaicmiú agus iad a áireamh sa chóduimhir tháirge ar leith is gaire dá raibh díolacháin ionadaíocha ag táirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(190)

D’fhíoraigh agus dheimhnigh an Coimisiún maidir leis na cineálacha táirgí a dhíol tionscal an Aontais agus a cuireadh i gcomparáid leis na cineálacha táirgí céanna a dhíolann Sinoboom, nár bhain siad le cainníochtaí neamhionadaíocha. Dá bhrí sin, ní raibh aon ghá leis na códuimhreacha táirge a athaicmiú.

(191)

Mheas an gearánach go raibh mí-aicmiú dealraitheach ann maidir le cineálacha áirithe táirgí arna ndearbhú ag JLG maidir le húsáid thionsclaíoch na mbúmanna roghnaithe nó maidir lena n-úsáid ar thír-raon garbh agus maidir le hairde oibre crann ingearach áirithe.

(192)

Le linn phróiseas fíorúcháin na gcuideachtaí comhlachaithe ag an gcéim chinntitheach, chomhaontaigh na cuideachtaí na táirgí sin a athaicmiú sna códuimhreacha cearta.

4.4.2.4.   Conclúid maidir le praghsanna allmhairí agus sochtadh praghsanna

(193)

Tar éis na gceartúchán a rinneadh ar na ríomhanna corrlaigh sladghearrtha (agus gearrdhíola), mar a mhínítear thuas agus i Roinn 3.3.2, shuigh an Coimisiún meánchorrlach sladghearrtha ualaithe de 11,9 %.

(194)

Chomh maith leis an sladghearradh praghais, bhí na corrlaigh ghearrdhíola in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin shampláilte fós suntasach. Ar an mbonn sin, choinnigh an Coimisiún an chonclúid in aithris (288) go ndearna allmhairí na Síne sochtadh suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais, ar ghá dó díol ar chostais faoi bhun na gcostas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

(195)

Sa Rialachán sealadach (roinn 4.5), shonraigh an Coimisiún táscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Chinn an Coimisiún in aithris (320) den Rialachán sealadach, go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

(196)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir le leibhéal na dtáscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. In éagmais aon bharúil maidir le leibhéal na dtáscairí sin, deimhnítear na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí (289) go (316) den Rialachán sealadach.

4.5.1.   Conclúid maidir le díobháil

(197)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug CCCME, Rialtas na Síne agus an gearánach barúil ar chonclúidí an Choimisiúin maidir leis an measúnú ar na táscairí díobhála agus ar an díobháil.

(198)

Mheas CCCME gur léirigh na táscairí díobhála go raibh tionscal TRS an Aontais ag fás agus nach raibh aon fhianaise dhearfach ann go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Thagair sé d’fhás na táirgeachta faoi 100 %, don mhéadú 88 % ar úsáid acmhainneachta agus don mhéadú 62 % ar mhéideanna díolachán thionscal an Aontais. D’áitigh sé freisin go raibh an méadú ar phraghsanna 16 % níos airde ná an méadú 14 % ar chostais. Ina theannta sin, d’áitigh sé gur tháinig méadú 40 % ar an bhfostaíocht i dtionscal an Aontais, gur tháinig méadú 43 % ar an táirgiúlacht, agus gur tháinig laghdú 35 % ar an stoc deiridh sa táirgeacht. D’athdhearbhaigh CCCME argóintí comhchosúla tar éis an nochta chinntithigh agus d’áitigh sé nár thug na sonraí maidir le táscairí díobhála a nochtadh do na páirtithe leasmhara léargas áititheach ar dhíobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níor chuir sé gnéithe nua ar fáil, áfach, chun tacú leis an maíomh.

(199)

Ina theannta sin, tharraing CCCME aird ar thuarascálacha airgeadais Manitou a léirigh méadú tábhachtach ar bhrabús agus ar dhíolacháin i dTuaisceart na hEorpa agus i nDeisceart na hEorpa (36), agus ar dhá alt ina luaitear gur mhéadaigh Haulotte a dhíolacháin (37). Tar éis an nochta chinntithigh, dúirt CCCME freisin gur thagair ráitis airgeadais Manitou do ‘dheighilt táirgí’ ina raibh TRS agus, de réir na ráiteas, ‘a bhain tairbhe iomlán as éifeacht na méaduithe ar phraghsanna, rud a chuir 13 % le fás díolacháin in 2023’. D’áitigh sé freisin gur luadh sna ráitis freisin ‘gur théarnaigh na margaí agus earnálacha gnó uile go han-láidir’ (38).

(200)

Thagair Rialtas na Síne freisin don mhéadú ar an acmhainneacht táirgeachta, ar an méid táirgeachta, ar an méid díolachán, ar an líon fostaithe, ar an bpraghas díola agus ar tháscairí eile tháirgeoirí an Aontais. D’áitigh sé nár bhreithnigh an Coimisiún na fíorchúiseanna leis an meath ar bhrabúsacht thionscal an Aontais.

(201)

Ar an taobh eile, mheas an gearánach gur gnáthrud é gur léirigh tionscal díobhálaithe fiú méadú éigin ar mhéid na táirgeachta agus na ndíolachán, ós rud é nach dócha go mairfeadh an tionscal mar gheall ar mharbhántacht nó laghdú i gcomhthéacs tomhaltas a bheith ag dul in airde 122 %. D’áitigh sé, dá réir sin, gur ghá an borradh tábhachtach sa mhargadh a chur san áireamh.

(202)

Chuir an gearánach i dtábhacht freisin gur tháinig méadú níos mó ná 226 % ar allmhairí ón tSín ó 2020 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, méadú a bhí níos mó ná an méadú ar thomhaltas, agus gur tháinig méadú 47 % ar an sciar den mhargadh, rud a léirigh teacht ionsaitheach tapa allmhairí na Síne ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, d’ainneoin an mhéadaithe ar tháirgeacht thionscal an Aontais idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, bhí a staid fós díobhálach. D’áitigh an gearánach freisin go raibh sé sin amhlaidh toisc go raibh tionchar ag staid na paindéime ar an mbliain 2020 agus go raibh an táirgeacht in 2020 íseal. D’fhan an méadú ar tháirgeacht ina dhiaidh sin i bhfad faoi bhun an mhéadaithe ar thomhaltas, rud a d’fhág nach bhféadfadh tionscal an Aontais táirgeadh agus díol i gcomhréir le héilimh an mhargaidh. Chuir an gearánach i dtábhacht freisin gur fhás an fhostaíocht níos lú ná mar a d’fhás an táirgeacht, mar gheall ar an ngá le costais a laghdú.

(203)

D’áitigh an gearánach freisin gur bhain na ráitis airgeadais a luaigh CCCME le gnó iomlán Manitou, cé nach raibh sa táirge lena mbaineann ach 11,6 % dá ghníomhaíochtaí in 2023. D’áitigh sé freisin san alt inar luadh na díolacháin mhéadaithe ag Haulotte, gur luadh freisin nach bhféadfadh Haulotte a fhiacha a íoc, nach raibh sé in ann praghsanna a shocrú ar leibhéal meá ar mheá, agus gurbh iad monaróirí na Síne ba chúis le fadhbanna airgeadais agus díolacháin Haulotte.

(204)

Thairis sin, chuir tionscal an Aontais i dtábhacht gur bhliain thar a bheith suntasach a bhí sa bhliain 2022 maidir le díobháil an Aontais, agus nár léiríodh leis an bhfeabhsú beag in 2023 nach raibh díobháil á déanamh dó a thuilleadh.

(205)

Rinne an Coimisiún measúnú ar mhaímh na bpáirtithe éagsúla. Mheas sé, murab ionann agus an méid a d’áitigh CCCME agus Rialtas na Síne, maidir le roinnt de na táscairí amhail an táirgeacht, úsáid acmhainneachta, méideanna díolachán, praghas agus fostaíocht thionscal an Aontais, nach bhféadfaí treocht dhearfach a léiriú ina n-aonar le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar chomhartha ar thionscal atá ag fás agus a bhfuil dea-bhail air. Rinne an Coimisiún tagairt d’aithris (318) den Rialachán sealadach, inar mhínigh sé go raibh tionchar ag staid na paindéime in 2020 ar tháscairí uile thionscal an Aontais, amhail táscairí go leor tionscal eile. Bhí táirgeacht, úsáid acmhainneachta, díolacháin agus fostaíocht thionscal an Aontais ar leibhéal an-íseal in 2020 dá bharr, agus ós rud é gurbh í 2020 an bhliain tagartha, léiríodh méadú.

(206)

Chun an méid thuas a léiriú, roimh an bpaindéim, in 2019, bhí méid táirgeachta agus acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais níos airde ná mar a bhí in 2020 agus ar leibhéal cosúil leis an leibhéal le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is é a bhí i gceist le táirgeacht thionscal an Aontais in 2019 34 669 n-aonad i gcomparáid le 35 402 aonad le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus is é a bhí i gceist le díolacháin thionscal an Aontais in 2019 27 765 aonad i gcomparáid le 23 794 aonad le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Laghdú 14 % a bhí i gceist leis na díolacháin idir 2019 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Ar an gcaoi chéanna, idir 2019 agus an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú 7 % ar an bhfostaíocht.

(207)

Mheas an Coimisiún, dá bhrí sin, nach comhartha de thionscal a bhí ag fás go sláintiúil a bhí i roinnt táscairí idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, ach comhartha gur ag filleadh ar leibhéil réamh-COVID a bhí sé, go háirithe i margadh inar tháinig méadú 122 % ar thomhaltas, idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, ó 28 481 aonad in 2020 go 63 086 aonad le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, d’fhásfadh díolacháin thionscal an Aontais i gcomhréir leis an méadú atá ag teacht ar an tomhaltas. Ní raibh sé sin amhlaidh, áfach, mar idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, níor tháinig ach méadú 62 % ar na díolacháin i gcomparáid leis an méadú 122 % ar thomhaltas. Cé gur tháinig méadú 40 % ar an leibhéal fostaíochta idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, bhí sé 60 % níos ísle ná an méadú ar tháirgeacht ar tháinig méadú 100 % uirthi le linn na tréimhse céanna.

(208)

Ina theannta sin, mheabhraigh an Coimisiún gur bhain caillteanais thábhachtacha do thionscal an Aontais idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Cé gur tháinig laghdú ar chaillteanais ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, lean an tionscal de bheith i staid chaillteanais, ach i margadh TRS a bhfuil borradh faoi, faoi ghnáthdhálaí margaidh, ba cheart go mbeadh sé tar éis filleadh ar staid bhrabúsach.

(209)

Mheas an Coimisiún freisin gur cumhdaíodh le ráitis airgeadais Ghrúpa Manitou gníomhaíochtaí uile Ghrúpa Manitou, nach raibh TRS ach ina chuid bheag díobh agus nár bhain siad le díolacháin TRS go sonrach. Rinne an Coimisiún na sonraí uile le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin a bhaineann go sonrach le TRS do gach táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais a mheasúnú agus a fhíorú. Dá bhrí sin, ní raibh ráitis den chineál sin i ráitis airgeadais Manitou ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar na táscairí eacnamaíocha a fíoraíodh agus a measúnaíodh i ndáil leis an táirge lena mbaineann agus leis an tréimhse imscrúdúcháin go sonrach (nár tharla i gcomhthráth le bliain airgeadais na cuideachta). Dá bhrí sin, níorbh fhéidir aon chonclúid a bhaint as na ráitis sin a mhéid a bhaineann leis an táirge lena mbaineann. Bhí an rud céanna i gceist leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh maidir le Grúpa Haulotte. Bhunaigh an Coimisiún a thorthaí ar shonraí fíoraithe ón dá chuideachta, rud a léirigh an staid eacnamaíoch nár bhain ach le táirgeadh agus díolacháin TRS le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(210)

Tar éis an nochta chinntithigh a dhéanamh, d’áitigh CCCME freisin nár bhain tagairt an Choimisiúin do tháscairí in 2019 ach leis na táscairí maicreacnamaíocha agus ní le sonraí micreacnamaíocha, agus dá bhrí sin, go raibh neamhréireacht shoiléir i dtréimhse ama an mheasúnaithe ar dhíobháil. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a eisiamh, dar leis, go mbeadh pictiúr saofa de dhíobháil mar thoradh ar an anailís ar tháscairí díobhála a bhaineann le tréimhse neamhréireach atá á breithniú. Thairis sin, d’áitigh CCCME gur cheart don Choimisiún an tréimhse gar don tréimhse imscrúdúcháin a chur san áireamh toisc go léireodh an measúnú sin ar an mbealach is cruinne cé acu a bhain nó nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus toisc nár suíodh dumpáil, sladghearradh agus gearrdhíol ach le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin.

(211)

Mar sin féin, ní síneadh ar an tréimhse faoi bhreathnú é gur thagair an Coimisiún do staid thionscal an Aontais in 2019, ná níor chiallaigh sé gur úsáideadh tréimhse dhifriúil chun measúnú a dhéanamh ar na táscairí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha. Cuireadh isteach an tagairt don staid in 2019 chun tacú leis na conclúidí maidir leis an staid le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na tréimhse faoi bhreathnú, go háirithe ós rud é go ndearna staid na paindéime difear don bhliain 2020 a glacadh mar thagairt don anailís. Níor tháinig aon athrú ar an tréimhse imscrúdúcháin ná ar an tréimhse faoi bhreathnú, ar ar a bonn a thángthas ar na conclúidí (féach Roinn 1.7). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(212)

I bhfianaise na gcaillteanas tábhachtach a thabhaigh tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, an chaillteanais shuntasaigh ar an sciar den mhargadh (thart ar 14 phointe céatadáin), agus an mheatha ar tháscairí airgeadais eile amhail sreabhadh airgid, infheistíochtaí, agus toradh ar infheistíochtaí (féach aithris (313) den Rialachán sealadach), ní fhéadfaí a mheas gur tionscal sláintiúil é tionscal TRS an Aontais.

(213)

Dá bhrí sin, níor athraigh an Coimisiún a chonclúid go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(214)

In aithris (323) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh iad na hallmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann ón tSín ba chúis leis an díobháil ábhartha a rinneadh do thionscal an Aontais.

(215)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir CCCME, Rialtas na Síne agus an gearánach barúlacha isteach maidir leis an gconclúid.

(216)

D’áitigh CCCME dá ndéanfaí neamhaird den bhliain 2020, a ndearna staid na paindéime difear di, go bhfanfadh an sciar den mhargadh atá ag allmhairí Síneacha sách cobhsaí, agus mionmhéadú trí phointe céatadáin i gceist leis, agus gur tháinig méadú beagnach 50 % ar leibhéal na bpraghsanna. D’áitigh sé gur tháinig méadú ar tháscairí tionscail an Aontais sa tréimhse chéanna. Tríd an mbliain 2020 a eisiamh mar bhliain neamhghnách a raibh tionchar ag an bpaindéim uirthi, d’fhan an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais sa chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú sách cobhsaí, agus ní raibh ach titim bheag 2 phointe céatadáin i gceist leis. An tráth céanna, bhí an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne cobhsaí, agus tháinig méadú beagnach 50 % ar a phraghas.

(217)

Thug an Coimisiún dá aire ar dtús, go deimhin, nach raibh sa mhéadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne ó 2021 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin ach 3 phointe céatadáin. Mar sin féin, i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar thomhaltas sa tréimhse chéanna, i ndearbhthéarmaí, ba ionann an méadú 3 phointe céatadáin sin ar an sciar den mhargadh agus méadú 104 % ar allmhairí, ó 23 124 aonad a allmhairíodh in 2021 go 33 946 aonad a allmhairíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a bhí suntasach. Chomh maith leis sin, ós rud é gur tharla an príomh-mhéadú i dtús na tréimhse faoi bhreathnú agus ní ag an deireadh, i dtéarmaí an sciar den mhargadh atá ag allmhairí Síneacha, níor mhaolaigh sé an nasc cúisíoch, ach mhínigh sé cén fáth a raibh tionscal an Aontais ag cailleadh airgid le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú.

(218)

Ina theannta sin, i gcomparáid leis an mbliain roimh an bpaindéim, bhí thart ar 8 800 aonad i méid na n-allmhairí ón tSín in 2019. Dá bhrí sin, ó 2019 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú 285 % ar mhéid na n-allmhairí ón tSín, ó 8 800 aonad a allmhairíodh in 2019 go 33 946 aonad a allmhairíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i.e. léirigh siad méadú an-suntasach. Cé gur tháinig méadú ar phraghsanna allmhairí Síneacha go deimhin, d’fhan siad sin i bhfad faoi bhun phraghsanna díolacháin thionscal an Aontais.

(219)

A mhéid a bhaineann leis an mbrabúsacht, d’áitigh CCCME go raibh brabús diúltach ag tionscal an Aontais ó thús na tréimhse faoi bhreathnú. Mheas sé nár thacaigh aon fhianaise leis an líomhain go raibh tionchar ag an méadú ar allmhairí ón tSín cheana féin ar staid airgeadais thionscal an Aontais, ar cuireadh tús leis in 2018, agus nach raibh bunús leis an líomhain dá bhrí sin.

(220)

Mar a luaitear in aithris (281) den Rialachán sealadach, ag tús na tréimhse faoi bhreathnú in 2020, bhí allmhairí ón tSín suntasach cheana féin agus bhí os cionn 10 000 aonad i gceist leo. Léirigh na sonraí a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne ar fáil méid chosúil allmhairí in 2019. Léirigh sé sin go soiléir go raibh tionchar cheana féin ag na hallmhairí ar phraghas íseal ar thionscal an Aontais ó bhí 2018 ann.

(221)

Mheas CCCME freisin go raibh an toradh ar infheistíocht thionscal an Aontais luaineach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ós rud é gur shroich sé leibhéal an-ard in 2021, nuair a bhí sé suas le 35-40 %, agus ansin thit sé go leibhéal diúltach in 2022, sular tháinig feabhas beag air le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thug sé le fios gur tháinig méadú suntasach ar an toradh ar infheistíocht thionscal an Aontais sa bhliain inar tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tSín freisin, agus gur tharla an laghdú ar an toradh ar infheistíocht sa bhliain go dtí an tréimhse imscrúdúcháin nuair a d’fhan an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín sách cobhsaí. Dá bhrí sin, mhaígh CCCME nach bhféadfaí teacht ar an gconclúid gurbh é an méadú ar allmhairí ón tSín ba chúis leis an drochfheidhmíocht sin.

(222)

Mheas an Coimisiún maidir leis an méadú ar an toradh ar infheistíochtaí idir 2020 agus 2021, rud a tharla sa bhliain chéanna leis an méadú suntasach ar allmhairí na Síne, nach raibh aon tionchar aige ar chonclúid an Choimisiúin go ndearna allmhairí dumpáilte na Síne díobháil do thionscal an Aontais, toisc nach gá go n-imreodh allmhairí na Síne tionchar ar thoradh ar infheistíochtaí na bliana céanna agus gur cheart breathnú orthu thar thréimhse níos faide. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tharla a fhorbairt mar thoradh ar allmhairí ón tSín sna blianta roimhe sin agus ar an bhfíoras nach raibh tionscal an Aontais brabúsach sa tréimhse chéanna. Ar an iomlán, tháinig laghdú níos mó ná 400 % ar an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse sin. Chomh maith leis sin, mar a luaitear in aithris (313) den Rialachán sealadach, ó bhí 2020 ann, tháinig laghdú 64 % ar leibhéal na n-infheistíochtaí ó tháirgeoirí an Aontais, rud a bhí suntasach.

(223)

D’áitigh Rialtas na Síne freisin gur tháinig feabhas suntasach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2022, agus é ag méadú thart ar 10 bpointe céatadáin arís. D’áitigh sé gur léirigh sé sin nárbh iad praghsanna na Síne ar na hallmhairí ba chúis leis an laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais.

(224)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún nach bhféadfaí a mheas gur comhartha téarnaimh é gur tháinig feabhas ar chaillteanais idir [(-15 %) agus (-10 %)] agus [(-5 %) go (0 %)] idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin. De réir shonraí thionscal an Aontais, is éard ba chúis leis an laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais in 2022, méadú 25-30 % ar chostais amhábhar agus na cuideachtaí gan a bheith in ann praghsanna a mhéadú i gcás orduithe a caibidlíodh cheana. Dá bhrí sin, bhí na caillteanais in 2022 fíorard. Mar a luaitear thuas, áfach, ní fhéadfaí a mheas gur comhartha téarnaimh é gur tháinig laghdú ar chaillteanais ina dhiaidh sin idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin toisc gur bhain caillteanais mhóra do thionscal an Aontais fós féin, rud ba thoradh go príomha ar an sochtadh praghsanna a raibh allmhairí Síneacha ar phraghsanna ísle ina gcúis leis. Chinn sé dá bhrí sin nach raibh bunús leis an maíomh.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

5.2.1.   Costas arda táirgthe

(225)

Mheas CCCME gurbh é an méadú ar phraghsanna amhábhar, agus costais eile amhail costais saothair, ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais.

(226)

D’áitigh Rialtas na Síne freisin nach bhféadfaí an laghdú ar bhrabúsacht chuideachtaí an Aontais in 2022 a mhíniú le praghsanna táirgí allmhairithe, go háirithe ós rud é nár athraigh praghsanna táirgí allmhairithe go mór. D’áitigh Rialtas na Síne nár bhreithnigh an Coimisiún tionchar diúltach na bpraghsanna amhábhar a bhí ag ardú go leanúnach le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais agus gur chuir sé an díobháil i leith allmhairí na Síne trí dhearmad.

(227)

D’áitigh an gearánach, os a choinne sin, gur tháinig ardú as cuimse ar phraghsanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ar fud an domhain agus ar mhargadh an Aontais, mar gheall ar an méadú ar chostais agus nach raibh tionscal an Aontais in ann an méadú ar chostais a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí mar gheall ar an mbrú ó onnmhaireoirí na Síne. Mheas sé, áfach, nach mbeadh an méadú costais féin díobhálach do chuideachtaí dá mbeadh cothrom iomaíochta ann. Mar gheall ar bhrú ar phraghsanna ó allmhairí dumpáilte na Síne, bhí sé dodhéanta do tháirgeoirí an Aontais praghsanna a ardú go leordhóthanach, conarthaí atá ann cheana a athchaibidliú ná an méadú ar chostais a chumhdach. Mar thoradh air sin, bhain caillteanas don tionscal.

(228)

Mheas an Coimisiún ina anailís tionchar diúltach na bpraghsanna amhábhar a bhí ag ardú go leanúnach ach tháinig sé ar an gconclúid nár mhaolaigh an méadú sin an nasc cúisíoch. Faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, d’fhéadfadh laghdú ar an mbrabúsacht tarlú i dtréimhse theoranta ama i gcás nach mbeadh an tionscal in ann praghsanna a ardú a mhéid céanna le méaduithe ar chostais i ngeall ar chonarthaí atá ann cheana, ach tar éis roinnt ama d’fhéadfaí conarthaí a athchaibidliú chun na costais ar a laghad a chumhdach, go háirithe i margadh a bhfuil borradh mór faoi mar atá sa chás seo. Mar sin féin, ós rud é go raibh praghsanna na n-allmhairí ón tSín i bhfad níos ísle ná praghsanna an Aontais le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, agus i bhfianaise an mhéadaithe ollmhóir ar mhéideanna na n-allmhairí dumpáilte sa tréimhse chéanna, ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú i gcomhréir leis an méadú costais. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí an nasc cúisíoch a suíodh idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú leis an méadú ar chostais agus gurbh é an méadú ar allmhairí ar phraghas íseal ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais den chuid is mó.

5.3.   Maímh eile

(229)

D’áitigh Rialtas na Síne, ós rud é go raibh meánphraghsanna onnmhairiúcháin thionscal an Aontais níos ísle ná a bpraghsanna díola i margadh an Aontais agus go raibh na díolacháin onnmhairiúcháin sin brabúsach, léirigh sé nach raibh aon bhunús leis an maíomh gur chuir na hallmhairí ón tSín ar phraghas íseal iallach ar thionscal an Aontais táirgí TRS a dhíol ar phraghsanna ísle, rud a rinne difear dá mbrabúsacht.

(230)

Mheas an Coimisiún, áfach, toisc go raibh na praghsanna onnmhairiúcháin níos ísle ná na praghsanna díola intíre, cé go raibh siad brabúsach, nach bhféadfaí teacht ar an gconclúid nach ndearna na hallmhairí ón tSín ar phraghas íseal difear do bhrabúsacht thionscal an Aontais. Ba é ba chúis leis na díolacháin onnmhairiúcháin a bhí brabúsach den chuid is mó, difríocht i meascán na dtáirgí a díoladh ar na margaí onnmhairiúcháin agus intíre sa tréimhse chéanna. In aon chás, ós rud é go raibh na díolacháin onnmhairiúcháin brabúsach, níor mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(231)

D’áitigh CCCME freisin nach raibh tionscal an Aontais in ann raon iomlán TRS leictrigh a thairiscint, go háirithe TRS leictreach le huasairde níos airde.

(232)

Ar an taobh eile, mheas an gearánach go raibh na líomhaintí nach bhféadfadh táirgeoirí an Aontais an t-éileamh ar TRS leictreach a shásamh gan bhunús agus bréagach. Chosain sé nach raibh sé fíor go raibh táirgeoirí Síneacha ag díriú go háirithe ar TRS leictreach: Rinneadh táirgeoirí de chuid an Aontais méideanna móra TRS leictrigh a tháirgeadh agus a dhíol freisin. Mar shampla, ba mheaisíní leictreacha iad níos mó ná 70 % de na meaisíní a dhíol Haulotte idir 2020 agus 2022 (na sonraí is déanaí a bhí ar fáil go poiblí). D’áitigh sé gur thairg Haulotte raon leathan meaisíní leictreacha: níl a chrainn ingearacha, mar shampla, ar fáil ach amháin i bhformáidí leictreacha, agus bhí a siosúr agus a ardaitheoirí altacha ar fáil le hinneall dócháin inmheánaigh agus le hinneall leictreach araon.

(233)

Mar a luaitear in aithris (336) den Rialachán sealadach, d’athdhearbhaigh an Coimisiún gur léirigh an chomparáid idir na cineálacha táirgí arna n-allmhairiú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus na cineálacha táirgí arna ndíol ag tionscal an Aontais go raibh, i dtéarmaí ginearálta, níos mó ná 90 % de na cineálacha táirgí arna ndíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais inchomparáide leis na cineálacha táirgí arna n-allmhairiú ón tSín. Thairis sin, le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhain níos mó ná 60 % de dhíolacháin tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar mhargadh an Aontais le TRS leictreach. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an meascán táirgí a dhíol na táirgeoirí onnmhairiúcháin inchomparáide leis an meascán táirgí a dhíol tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh aon difríochtaí líomhnaithe sa mheascán táirgí a bheith ina gcúis leis an díobháil do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(234)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh CCCME nach raibh tionscal an Aontais iomaíoch, mar gheall ar an raon teoranta TRS leictrigh a bhí aige. Thagair sé do ráiteas i dtuarascáil ón táirgeoir Síneach Xiamen Liteng Engineering Machinery Co., Ltd, inar luadh go raibh cuideachtaí ag streachailt chun coinneáil suas le héileamh an mhargaidh ar mheaisíní nua, go háirithe meaisíní gairmiúla agus leictreacha, agus le ham seachadta níos faide, i gcomhthéacs an téarnaimh ó staid na paindéime. Tharraing CCCME aird freisin ar an tuarascáil ó 2022 ó Manitou, inar luadh, sa chomhthéacs céanna (téarnamh ó phaindéim COVID), suaitheadh soláthair agus deacrachtaí iompair, agus ó Haulotte, inar luadh deacrachtaí sa slabhra soláthair, boilsciú, moill ar tháirgeadh agus luach an fhardail mar riosca don chuideachta.

(235)

Thug an Coimisiún dá aire ar dtús gur bhain an ráiteas ón táirgeoir Síneach le margadh domhanda seachas le margadh an Aontais go háirithe. Ina theannta sin, mar aon leis na tuarascálacha luaite ó Manitou agus Haulotte, tharraing sé aird ar thréimhse idir 2020 agus 2022 ina raibh tionchar ó staid na paindéime ar fud an domhain uirthi, ach nár mhair ach ar feadh tréimhse theoranta. Mar a shonraítear thuas, bhí raon iomlán na dtáirgí leictreacha ag táirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus ní raibh aon tionchar ag staid na paindéime ar a staid eacnamaíoch a thuilleadh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh go raibh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar thoradh ar a easpa iomaíochais.

(236)

Mheas CCCME freisin gurbh é ba chúis eile leis an díobháil do thionscal an Aontais nach raibh sé in ann coinneáil suas le horduithe, rud ba chúis le hamanna seachadta (fada), agus moilliú i margadh tógála an Aontais. D’athdhearbhaigh sé an argóint tar éis an nochta chinntithigh, agus tharraing sé aird ar ráitis i dtuarascálacha airgeadais Manitou inar luadh fionraí sealadach ar orduithe. Chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis na hargóintí. Os a choinne sin, mar a léirítear in aithris (277) den Rialachán sealadach, tháinig méadú 122 % ar an tomhaltas idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, rud a léirigh go raibh méadú mór ag teacht ar an éileamh ar TRS, éileamh nach ndearna an moilliú líomhnaithe ar mhargadh tógála an Aontais difear dó. Ina theannta sin, luadh go soiléir i dtuarascáil airgeadais Manitou agus in ailt sa phreas dá dtagraíonn CCCME gur bhain na hamanna seachadta níos faide leis an tréimhse tar éis phaindéim COVID, nach raibh ann ach tréimhse shealadach i gceist léi (39). Conclúid maidir le cúisíocht

(237)

Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar na dtosca aitheanta eile uile agus barúlacha na bpáirtithe leasmhara á gcur san áireamh agus ba é a chonclúid nár mhaolaigh na tosca sin an nasc cúisíoch. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí in aithrisí (339) go (340) den Rialachán Sealadach go raibh nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ón tSín, rud nár maolaíodh leis na tosca a luaitear thuas.

6.   LEIBHÉAL NA MBEART

(238)

Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte.

(239)

Sa chás seo, mhaígh na gearánaigh go raibh saobhadh amhábhar ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. In aithris (343) den Rialachán sealadach, shuigh an Coimisiún go sealadach nach ann do na coinníollacha chun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. Déantar an measúnú ar láithreacht an tsaofa amhábhar a mhionsonrú a thuilleadh thíos.

6.1.   Scrúdú ar an gcorrlach a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais

6.1.1.   Corrlach díobhála

(240)

Sa Rialachán sealadach (aithrisí (347) go (354)), shonraigh an Coimisiún an mhodheolaíocht a úsáideadh chun corrlaigh a shuí a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.

(241)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh an gearánach, ós rud é gur dhíol Haulotte France agus Haulotte Arges sa Rómáin araon beagnach go heisiach trí bhíthin cuideachtaí dáileacháin comhlachaithe, gur cheart an spriocphraghas a mhéadú leis na costais SGA a chruthaigh na heintitis díola chomhlachaithe sin. Ina theannta sin, mhaígh sé nár cuireadh aon costais SGA de chuid Haulotte Arges leis an spriocphraghas.

(242)

D’easaontaigh an Coimisiún gur cheart costais SGA breise na ndáileoirí comhlachaithe a bheith curtha leis chun spriocphraghas iomchuí a shuí. Agus an spriocphraghas á ríomh, ní chuirtear ach costais SGA de chuid an táirgeora leis, agus ní costais na n-eintiteas comhlachaithe. Níor cuireadh costais SGA de chuid eintitis díolacháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin leis an bpraghas onnmhairiúcháin ach oiread agus, dá bhrí sin, dá gcuirfí costais bhreise leis ar thaobh tháirgeoirí an Aontais dhéanfaí difear do chomparáid chóir. Ar an taobh eile, níor thuairiscigh Haulotte Arges aon chostas SGA de réir leibhéal na códuimhreach táirge chun an spriocphraghas a ríomh, agus dá bhrí sin níor áiríodh aon chostas den sórt sin go sealadach. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún coigeartú chun na costais SGA arna dtuairisciú ag Haulotte Arges sa chuid ghinearálta den fhreagra ar an gceistneoir, arna bhfíorú, a chur leis an spriocphraghas de réir na códuimhreach táirge.

(243)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh an gearánach nár bhain na costais SGA a thuairiscigh Haulotte Arges ach le costais iompair agus, dá bhrí sin, nár cheart iad a mheas. Mhol sé na costais SGA a thuairiscigh Haulotte France, a bhí níos airde, a úsáid ina ionad sin.

(244)

Mheas an Coimisiún gur cheart an spriocphraghas do Haulotte Arges a bhunú ar na sonraí a sholáthair Haulotte Arges agus ar na costais a thabhaigh sé seachas ar shonraí cuideachta eile, cé go raibh an chuideachta sin mar chuid den ghrúpa céanna. Dá bhrí sin, d’easaontaigh sé gur cheart sonraí Haulotte France a úsáid chun costais SGA de chuid Haulotte Arges a shuí. In aon chás, fiú i gcás ina mbeadh na méideanna le méadú go dtí an leibhéal a thuairiscigh Haulotte France, bheadh tionchar an athraithe sin ar an gcorrlach gearrdhíola neamhábhartha. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(245)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh an gearánach freisin gur shuigh an Coimisiún an spriocbhrabús ar leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tSín, i.e. in 2018. Mheas sé go raibh sé sin contrártha leis an mbun-Rialachán inar sonraíodh go gcaithfeadh leibhéal na brabúsachta a bheith ar an leibhéal chun costais agus infheistíochtaí iomlána, taighde agus forbairt agus nuálaíocht a chumhdach agus gur cheart é a chur ar chumas na cuideachta nuálaíocht, infheistíocht agus fás a dhéanamh. Mheas sé go raibh an leibhéal brabúsachta in 2018 míchuí, toisc go raibh athrú struchtúrach tagtha ar mhargadh an Aontais idir 2018 agus 2023. Thug an gearánach samplaí freisin de roinnt tionscal eile, réamhtheachtach agus iartheachtach, chun a mhaíomh go raibh an 7 % a shuigh an Coimisiún ró-íseal. D’áitigh an gearánach freisin go raibh ar thionscal TRS aghaidh a thabhairt ar infheistíochtaí agus costais oibriúcháin a bhí níos airde ná riamh le blianta beaga anuas mar gheall ar an gclaochlú glas agus digiteach amhail forbairt nua-theicneolaíochtaí amhail ceallraí litiam agus leictriú TRS. Ina thuairim, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh go raibh gá leis na hinfheistíochtaí sin agus ba cheart dó iad a chur san áireamh agus an spriocphraghas á shuí aige.

(246)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Bhí an spriocbhrabús bunaithe ar na sonraí a thug an tionscal féin agus measadh gur brabús é sular bhain díobháil don tionscal de dheasca allmhairí dumpáilte, agus dá bhrí sin, ba cheart costais infheistíochtaí, taighde agus forbartha, agus nuálaíochta a chumhdach leis faoi ghnáthdhálaí. Ní raibh éabhlóid leanúnach na gcineálacha TRS sonrach don tionscal seo agus bhain sé le roinnt tionscail eile freisin, dá bhrí sin ní fhéadfadh sé bonn cirt a thabhairt do spriocbhrabús níos airde, gan aon nasc le brabúis a rinneadh san am atá thart. Bhí an maíomh ón ngearánach leathan freisin agus níor chuir na cuideachtaí aon fhianaise isteach a ligfeadh don Choimisiún a spriocbhrabús a bhunú ar bhonn difriúil. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(247)

Mhaígh an gearánach freisin go raibh an spriocbhrabús a d’úsáid an Coimisiún bunaithe ar luach láimhdeachais phraghsanna díola iarbhír na n-earraí — tar éis a ndáilte — cé gur cuireadh i bhfeidhm é iarbhír ar chostas táirgthe a sheas an táirgeoir sampláilte nach raibh costais dáileacháin san áireamh ann. Mheas an gearánach dá bhrí sin nár cheart na costais dáileacháin a chur san áireamh i ríomh an spriocbhrabúis. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh. 7.7 % a bhí sa spriocbhrabús ceartaithe.

(248)

Rinne an gearánach trácht freisin ar na costais shóisialta agus chomhshaoil a bheidh ann amach anseo. Mheas sé go raibh méid na gcostas sóisialta agus comhshaoil a chuirfidh an Coimisiún leis an spriocphraghas amach anseo ró-íseal, agus gur cheart don Choimisiún costais CO2 atá leabaithe sa táirgeadh leictreachais agus na costais a eascraíonn as cur chun feidhme na treorach maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach a chur san áireamh.

(249)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún gur chuir sé san áireamh san imscrúdú reatha costais indíreacha CO2 san ídiú fuinnimh ach nár bhreithnigh sé costais nár thug na cuideachtaí fianaise leordhóthanach ina leith maidir leis na méideanna iarbhír, amhail costais indíreacha atá leabaithe sa táirgeadh cruach nó i gcás nár eascair na costais as aon cheanglas éigeantach faoi Chomhaontú Iltaobhach Comhshaoil nó ó Choinbhinsiúin EIS. B’amhlaidh a bhí i gcás na gcostas chun TRS leictreach a tháirgeadh agus na gcostas a bhaineann le cur chun feidhme na treorach maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach. Rinne an Coimisiún ceartúcháin, áfach, ar na hearráidí cléireachais agus is é a bhí i gceist le méid foriomlán na gcostas sóisialta agus comhshaoil a bheidh ann amach arna gcur leis an spriocbhrabús 2,1 EUR go 41,5 EUR in aghaidh an aonaid, ag brath ar an gcuideachta.

(250)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh an gearánach gur cheart don Choimisiún glacadh freisin leis na costais a bhaineann leis na costais CO2 atá leabaithe i dtáirgeadh cruach agus a thuairiscigh Manitou, toisc gur úsáid an gearánach an fhoinse chéanna faisnéise chun na costais sin a chinneadh agus a d’úsáid sé chun CO2 san fhuinneamh a chinneadh (gníomhaireacht phoiblí Fhrancach atá i gceannas ar an gcomhshaol ADEME), agus toisc gur ghlac an Coimisiún leis na costais CO2 san fhuinneamh.

(251)

Mheas an Coimisiún gur cé gur thug ADEME tuairisc ar chostais CO2 i dtáirgeadh fuinnimh agus i dtáirgeadh cruach araon, níor rud é sin a thug údar leis an gcur chuige a mhol an gearánach. Cé gur ídigh Manitou an fuinneamh go díreach agus go bhféadfaí a ídiú a ríomh, ba ábhar í cruach a úsáideadh sna codanna arna n-úsáid i dtáirgeadh TRS. Níorbh fhéidir leis an gcuideachta, dá bhrí sin, a léiriú go leordhóthanach cé mhéad a tugadh cuntas ar na costais agus cé acu a cuireadh nó nár cuireadh na costais sin ar aghaidh chuig Manitou nó cé acu a ghlac táirgeoirí na bpáirteanna a cheannaíonn an chruach isteach iad.

(252)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh Sinoboom go raibh earráid chléireachais i gceann de na táblaí a cuireadh isteach tráth an nochta chinntithigh. Cheartaigh an Coimisiún an earráid nach raibh tionchar aici, áfach, ar chorrlach díobhála Sinoboom.

(253)

Mar a luaitear in aithris (353) en Rialachán sealadach, chinn an Coimisiún ansin leibhéal an chorrlaigh gearrdhíola ar bhonn comparáid idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sa tSín, mar a suíodh i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú.

6.1.2.   Comparáid idir corrlach dumpála agus corrlach gearrdhíola

(254)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. Chuige sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus spriocphraghas thionscal an Aontais. Taispeántar toradh na ríomhanna sin sa tábla thíos:

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach díobhála (%)

Hunan Sinoboom Intelligent Equipment Co., Ltd.

49,3

54,9

Oshkosh JLG (Tianjin) Equipment Technology Co., Ltd.

66,7

22,5

Terex (Changzhou) Machinery Co., Ltd.

48,7

22,9

Zhejiang Dingli Machinery Co., Ltd.

20,6

47,6

Cuideachtaí comhoibríocha eile

48,1

30,1

Gach cuideachta eile

66,7

54,9

(255)

Ós rud é go raibh an corrlach gearrdhíola le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin JLG agus Terex níos ísle ná an corrlach dumpála, rinne an Coimisiún measúnú lena fháil amach an raibh saobhadh amhábhar ann maidir leis an táirge lena mbaineann de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán.

6.2.   Saobhadh amhábhar a bheith ann faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán

(256)

Shuigh an Coimisiún go sealadach, in aithris (375) den Rialachán sealadach, nár ann do na coinníollacha chun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(257)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, dúirt an gearánach go bhfuil iarann nó cruach saofa sa tSín, go bhfuil difríocht shuntasach sa phraghas idir táirgí cruach na Síne agus táirgí cruach an Aontais agus gurb iad iarann agus cruach an príomhionchur in TRS, a bhfuil 17 % den chostas táirgthe i gceist leo. Mhaígh an gearánach gur cheart don Choimisiún a mheas freisin go bhfuil iarann agus cruach leabaithe in ionchur nó i gcomhpháirt eile den táirge atá faoi imscrúdú.

(258)

Shuigh an Coimisiún gur leathnaigh barúlacha an ghearánaigh raon feidhme an mhaímh maidir le saobhadh amhábhar ó chruach theorollta, mar a leagtar amach in Airteagal 4.2 den fhógra tionscnaimh (40) chun cruach agus iarann a chumhdach go ginearálta.

(259)

Chun a mheas ar comhlíonadh coinníollacha Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, shainaithin an Coimisiún ar dtús, i gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin sampláilte, go raibh tosca táirgeachta ann a tuairiscíodh faoi chóid CC 720837, 720851, 720852, 720853 agus 7208 54 (i.e. táirgí cruach teorollta), agus ansin rinne sé comparáid idir a luach iomlán, bunaithe ar thagarmharcanna na Brasaíle agus costas fíoraithe na monaraíochta do gach cuideachta. Chinn an Coimisiún go raibh níos lú ná 17 % den chostas táirgthe i gceist leis an gcruach i úsáidtear i dtáirgeadh TRS i gcás na ceithre tháirgeoir shampláilte faoi leith. Níor aimsíodh aon saobhadh amhábhar eile i gcás aon toisc tháirgeachta a bhfuil níos mó ná 17 % den chostas táirgthe i gceist leis.

(260)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh gur cheart iarann agus cruach atá leabaithe in ionchur nó i gcomhpháirt eile den táirge a chur san áireamh maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán (41), toisc go luaitear go soiléir san Airteagal sin nach mór d’amhábhar aonair a bheith cothrom le 17 % ar a laghad den chostas, seachas catagóir ghinearálta táirgí.

(261)

I bhfianaise a bhfuil thuas, shuigh an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha chun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(262)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CMAE nach ndearna an Coimisiún scrúdú cuí ar shaobhadh amhábhar i gcás iarainn agus cruach agus gur cheart don Choimisiún táirgí cruach teorollta atá leabaithe in ionchuir eile, amhail páirteanna nó comhpháirteanna, a mheas freisin agus measúnú á dhéanamh aige ar an tairseach 17 %.

(263)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. Ar an gcéad dul síos, rinne sé measúnú ar na táirgí a thagann faoi Chaibidil 72 ‘Iarann agus Cruach’ den Chóras Comhchuibhithe (‘CC’) agus faoi Chaibidil 73 ‘Earraí Déanta as Iarann nó As Cruach’. I ndáil leis sin, bhreathnaigh an Coimisiún ar na hábhair a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte mar ionchuir. Ar an dara dul síos, d’fhíoraigh an Coimisiún an raibh na hábhair sin faoi réir saofa, mar a liostaítear in Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Ina dhiaidh sin, shuigh an Coimisiún nach raibh aon fhianaise sa chomhad gur bhain amhábhar, lena n-áirítear cruach theorollta atá leabaithe i gcodanna agus i gcomhpháirteanna a cheannaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte óna soláthróirí, le níos mó ná 17 % de chostas táirgthe na dtáirgeoirí, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán.

7.   LEAS AN AONTAIS

(264)

Tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach, chuir an gearánach, Rialtas na Síne, CCCME, úsáideoir — cuideachta Construct Machines S.R.L. agus déileálaí/mórdhíoltóir, cuideachta Norbert Wienold GmbH, barúlacha isteach maidir le leas an Aontais.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(265)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh CCCME nach bhfuil aon léiriú ann go mbeadh tionchar dearfach ag tionscal an Aontais má fhorchuireann an Coimisiún bearta frithdhumpála. Mheas sé gur léirigh sonraí a chuir an Coimisiún i láthair gur tháinig fás suntasach ar thionscal an Aontais agus, dá bhrí sin, go raibh méadú ag teacht ar an tionscal.

(266)

Rinne an Coimisiún tagairt do roinn 4.3 thuas inar tháinig sé ar an gconclúid, cé go raibh forbairt dhearfach ar chuid de na táscairí díobhála, go raibh tionchar diúltach ag allmhairí dumpáilte na Síne ar thionscal an Aontais. In éagmais beart, is dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha suntasacha breise ar thionscal an Aontais i dtéarmaí díolacháin níos ísle, méid táirgeachta agus úsáid acmhainneachta, agus brú breise ar phraghsanna as a dtiocfaidh meath breise airgeadais ar a staid eacnamaíoch ó thaobh brabúsachta agus infheistíochtaí de. Chuirfeadh na himthosca sin ina n-iomláine inmharthanacht thionscal an Aontais i mbaol.

(267)

I bhfianaise a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúil nó maíomh gaolmhar eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (356) go (360) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

7.2.   Leas na soláthróirí réamhtheachtacha

(268)

I bhfianaise a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúil ghaolmhar eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (361) go (362) a dheimhniú.

7.3.   Leas na n-úsáideoirí, na ndáileoirí agus na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe

(269)

D’áitigh CCCME nach raibh forchur na mbeart frithdhumpála chun leasa allmhaireoirí agus úsáideoirí deiridh an Aontais toisc go bhfágfadh sé nach mbeadh rogha leathana táirgeoirí agus praghsanna acu. Mheas sé go gcuirfeadh forchur na mbeart frithdhumpála bac breise roimh na cíoschuideachtaí rochtain a fháil ar raon iomlán cineálacha TRS ar chostas réasúnta agus aga réasúnta idir ordú agus seachadadh. D’áitigh CCCME freisin go gcuirfí baint amach sprioc aistrithe ghlais na hearnála tionsclaíche sin i mbaol dá dteorannófaí an rochtain ar tháirgí Síneacha a dhíríonn go bunúsach ar shamhlacha faoi thiomáint leictreach, toisc gur áitigh sé nach raibh tionscal an Aontais in ann an bhearna a líonadh. D’athdhearbhaigh CCCME an argóint sin tar éis an nochta chinntithigh. Mheas sé freisin, i bhfianaise easpa soláthair TRS ar mhargadh an Aontais, go háirithe na samhlacha leictreacha, nár ráthaíodh sábháilteacht na ndálaí oibre ar airde.

(270)

Mheas Rialtas na Síne go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta ar leibhéal na hiomaíochta ar mhargadh an Aontais ós rud é go bhfágfadh iomaitheoirí na Síne margadh an Aontais. D’áitigh sé freisin go mbeadh tionchar diúltach ag forchur na mbeart ar allmhaireoirí agus ar úsáideoirí iartheachtacha agus go mbeadh sé ina chúis leis na cíoschuideachtaí a bpraghsanna a mhéadú agus, dá bhrí sin, an méadú a chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí. D’áitigh sé freisin go soláthródh láithreacht tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne níos mó roghanna, agus táirgí agus seirbhísí níos fearr do thionscail agus do thomhaltóirí iartheachtacha. Mheas sé freisin nach raibh na bearta comhsheasmhach le beartais an Aontais maidir le forbairt ghlas agus maidir le hiomaíochas na dtionscal a fheabhsú.

(271)

Ar an taobh eile, d’áitigh an gearánach nach mbeadh sé d’éifeacht ag na dleachtanna cosc a chur ar TRS Síneach ar mhargadh an Aontais, ach deireadh a chur le héifeachtaí cleachtas éagórach trádála. Thairis sin, mheas sé, mar a léiríodh sa ghearán, go raibh an soláthar ó thríú tíortha seachas an tAontas agus an tSín saibhir agus éagsúil.

(272)

D’áitigh an t-úsáideoir, an chuideachta Construct Machines S.R.L. gur chuir TRS feabhas mór ar chaighdeáin sábháilteachta. Mheas sé go dtiocfadh méadú ar phraghsanna cíosa TRS dá bhforchuirfí bearta, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar na cuideachtaí meánmhéide. Níor chomhoibrigh an chuideachta leis an imscrúdú, áfach, agus níor chuir sí freagra ar an gceistneoir isteach.

(273)

Mheas an chuideachta Norbert Wienold GmbH, déileálaí/mórdhíoltóir TRS arna tháirgeadh ag Sinoboom, nach ndearna tionscal an Aontais méid leordhóthanach búmanna teileascópacha/altacha (airde oibre 12-24 m) agus ardaitheoirí siosúrtha (airde oibre 6-16 m) ardleibhéil a tháirgeadh, agus nach raibh tionscal an Aontais iomaíoch.

(274)

D’áitigh Norbert Wienold GmbH freisin go mbeadh tionchar suntasach ag na bearta sealadacha frithdhumpála ar allmhairí TRS ar fheidhmíocht na ndéileálaithe, na gcíoschuideachtaí beaga agus meánmhéide agus na gcustaiméirí deiridh, agus gur beag tairbhe a bhainfeadh tionscal an Aontais astu. D’áitigh sé, dá bhforchuirfí na bearta, go dtiocfadh méadú ar phraghsanna TRS ar fud na hEorpa, rud a dhéanfadh difear don slabhra soláthair, amhail déileálaithe, cíoschuideachtaí agus úsáideoirí deiridh. Níor chomhoibrigh an chuideachta leis an imscrúdú, áfach, agus níor chuir sí freagra ar an gceistneoir isteach ach oiread.

(275)

An t-aon úsáideoir comhoibríoch amháin, Kiloutou, níor chuir sé barúlacha isteach maidir leis na bearta sealadacha.

(276)

Mheas an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh maidir leis an méid neamhleor líomhnaithe a tháirg tionscal an Aontais de bhúmanna teileascópacha/altacha (airde oibre 12-24 m) agus ardaitheoirí siosúrtha (airde oibre 6-16 m) ardleibhéil caighdeánacha agus gur luaigh an chuideachta féin gur tháirg táirgeoirí de chuid an Aontais Manitou agus Haulotte an dá chineál.

(277)

Ina theannta sin, thagair an Coimisiún dá chonclúidí in aithrisí (364) go (373) den bhun-Rialachán. D’athdhearbhaigh sí, cé go rabhthas ag súil go dtiocfadh méadú ar leibhéal foriomlán na bpraghsanna TRS, nach raibh an tionchar ar na húsáideoirí, arbh iad na cíoschuideachtaí iad den chuid is mó, chomh suntasach céanna agus a bheadh dá mba iad na tomhaltóirí díreacha iad. Léireodh aon mhéadú ar phraghas TRS méadú ar a sócmhainní, agus sa mhéid is gur úsáideadh na meaisíní thar thréimhse níos faide, laghdaíodh, i dtuairim an Choimisiúin, an éifeacht dhiúltach a bheadh ann dá méadófaí an praghas.

(278)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh éifeacht dhíréireach ag bearta ar chíoschuideachtaí agus gur mó tairbhí foriomlána na mbeart ná an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann d’allmhaireoirí agus d’úsáideoirí. Mheas an Coimisiún freisin, ós rud é go bhfuil sé i gceist leis na dleachtanna cothrom iomaíochta a athbhunú, go meastar go mbeidh tionchar dearfach acu ar leibhéal na hiomaíochta ar mhargadh an Aontais agus go raibh sé tábhachtach freisin do na príomhúsáideoirí — na cíoschuideachtaí — go leanann táirgeadh TRS de bheith ar siúl i margadh an Aontais, chun a gcabhlaigh a éagsúlú. Dá bhrí sin, ní chuirfeadh forchur na ndleachtanna baint amach sprioc aistrithe ghlais na hearnála tionsclaíche sin i mbaol.

(279)

Tar éis an nochta chinntithigh, luaigh Sinoboom gur ardaíodh cúisíocht thromchúiseach agus ábhair imní maidir le leas an Aontais i ngnéithe áirithe den chás, a bhaineann le sainmhíniú an-leathan ar an táirge atá faoi imscrúdú agus leis na difríochtaí suntasacha i bpunanna TRS tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus tháirgeoirí an Aontais, nár tugadh aghaidh orthu. D’áitigh sé gur chuir leibhéal íseal rannpháirtíochta úsáideoirí an Aontais cosc ar phlé níos fónta ar an tionchar a mheastar a bheidh ag bearta frithdhumpála ar mhargadh an Aontais, toisc gur thairg soláthróirí Síneacha raon níos leithne táirgí go háirithe ó thaobh samhlacha, airde oibre agus giniúint cumhachta de ná táirgeoirí an Aontais, rud a d’fhág go raibh láithreacht éifeachtach chuideachtaí na Síne i margadh an Aontais fíor-riachtanach.

(280)

Mheas Sinoboom freisin nach raibh an Coimisiún in ann teagmháil cheart a dhéanamh le cíoschuideachtaí a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach go hiomlán mar pháirtithe leasmhara san imscrúdú agus teagmháil a dhéanamh leo, agus nár luadh ceann de na cíoschuideachtaí a chuir aighneacht i scríbhinn isteach agus a ghlac páirt in éisteacht sa doiciméad maidir leis nochtadh ginearálta. Luaigh sé freisin gur mhínigh an t-úsáideoir go gcuirfeadh corrlaigh atá comhbhrúite go struchtúrach agus gealltanas fadtéarmach cíoschuideachtaí é i staid thar a bheith neamhbhuan tar éis fhorchur na mbeart frithdhumpála.

(281)

Tráth an tionscnaimh, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le 14 úsáideoir a sainaithníodh sa ghearán. Seachas cuideachta amháin (Kiloutou), níor chomhoibrigh aon úsáideoir leis an imscrúdú. Níor chuir aon úsáideoir eile, lena n-áirítear an chuideachta a luaigh Sinoboom, barúlacha isteach chun comhad a oscailt laistigh de na sprioc-amanna le haghaidh barúlacha tar éis an nochta shealadaigh agus an nochta chinntithigh. Ina anailís ar leas an Aontais, mheas an Coimisiún mar sin féin go bhféadfadh tionchar a bheith ar na cíoschuideachtaí agus ar a gcorrlaigh. Maidir le rogha na gcineálacha TRS, mheas an Coimisiún go gcuirtear na dleachtanna i bhfeidhm chun cothrom iomaíochta a athbhunú agus ní chun allmhairí TRS ón tSín a chosc.

(282)

I bhfianaise an mhéid thuas, d’áitigh an Coimisiún gur mhó tairbhí foriomlána na mbeart ná an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann d’allmhaireoirí agus d’úsáideoirí agus, dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (363) go (368) den Rialachán sealadach.

7.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(283)

I bhfianaise an mhéid thuas, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí in aithris (373) den Rialachán sealadach nach raibh aon chúis dhochloíte ann teacht ar an gconclúid nach raibh sé chun leasa an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí TRS de thionscnamh na Síne.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(284)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(285)

Tar éis an nochta chinntithigh, tharraing an gearánach aird ar earráid chléireachais in aithris (233) den Doiciméad Ginearálta maidir le Nochtadh, inar luadh go mícheart an dleacht frithdhumpála le haghaidh ‘Gach cuideachta eile’, ós rud é nár chomhfhreagair sé do leibhéal an chorrlaigh díobhála ab ísle agus an chorrlaigh dumpála a socraíodh le haghaidh ‘Gach cuideachta eile’. Léiríodh in aithris (205) gur 54,9 % a bhí sa chorrlach díobhála agus gur 66,7 % a bhí sa chorrlach dumpála. Ghlac an Coimisiún leis an bpointe agus choigeartaigh sé an dleachtráta le haghaidh ‘gach cuideachta eile’ dá réir sin.

(286)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Hunan Sinoboom Intelligent Equipment Co., Ltd.

49,3

Oshkosh JLG (Tianjin) Equipment Technology Co., Ltd.

22,5

Terex (Changzhou) Machinery Co., Ltd.

22,9

Zhejiang Dingli Machinery Co., Ltd.

20,6

Cuideachtaí comhoibríocha eile

30,1

Gach cuideachta eile

54,9

(287)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a chonacthas le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(288)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (42). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(289)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta idir rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(290)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má chuirtear sonrasc i láthair údaráis chustaim na mBallstát lena gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an dleachtráta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(291)

Má thagann méadú mór ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, féadfar imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(292)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne, ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(293)

Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) níl sé comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla.

(294)

Is minic a shloinntear staitisticí TRS i bpíosaí. Níl aon aonad forlíontach den sórt sin ann áfach le haghaidh TRS a shonraítear san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (43). Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá líon na bpíosaí le haghaidh allmhairí an táirge lena mbaineann a chur isteach sa dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta, anuas ar an meáchan in kg nó tonaí. Ba cheart píosaí a léiriú le haghaidh chóid TARIC: 8427 10 10 10, 8427 20 19 10, 8428 90 90 20, 8431 20 00 60 agus 8431 39 00 10.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(295)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo.

8.3.   Bailiú cúlghabhálach

(296)

Mar a luaitear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe.

(297)

Tar éis an nochta shealadaigh, thagair an gearánach do na conclúidí sa Rialachán maidir le Clárú inar tháinig sé ar an gconclúid, dar leis, gur mheas an Coimisiún gur comhlíonadh na critéir maidir leis an mbailiú cúlghabhálach. Mheas sé go príomha go raibh an méadú ar allmhairí tar éis an tionscnaimh ollmhór agus nár fhreagair sé d’aon loighic maidir le héileamh an mhargaidh. Chuir an gearánach meastacháin ar fáil a léiríonn méadú ó 33 % suas go 121 %, agus pictiúir de stoic TRS chun fianaise a thabhairt go raibh stoc-charnadh ar siúl.

(298)

Ar an taobh eile, mheas CCCME go raibh an anailís ar allmhairí a rinne an gearánach mícheart, agus nach raibh an méadú ar allmhairí tar éis an tionscnaimh suntasach i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin. D’áitigh sé go raibh táirgeadh TRS bunaithe ar orduithe a cuireadh in oiriúint do chustaiméir ar leith, agus dá bhrí sin nach ndearna sé aon chiall phraiticiúil d’aon oibreoir stoc-charnadh a dhéanamh. Ar an dara dul síos, d’áitigh CCCME go raibh an t-aga idir orduithe agus seachadadh an-tábhachtach chun measúnú ceart a dhéanamh ar shonraí san imscrúdú seo, ós rud é go dtógann an timthriall ó ordú a chur, próiseas táirgthe, go loingsiú go seachadadh san Aontas idir 4 agus 6 mhí de ghnáth agus dá bhrí sin ó tharla buaic na n-allmhairí i mí Eanáir go mí an Mhárta 2024 ní raibh baint aige le tionscnamh an imscrúdaithe ach leis an leabhar ordaithe fada a rinneadh i bhfad roimh an tionscnamh.

(299)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na sonraí a bailíodh le linn céim chinntitheach an imscrúdaithe chun anailís a dhéanamh ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(300)

Rinne an Coimisiún measúnú go háirithe féachaint an raibh ardú suntasach breise ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ardú ar dócha, i bhfianaise uainiú agus mhéid na n-allmhairí agus imthosca eile, go mbainfeadh sé an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na mbeart cinntitheach, mar a fhorordaítear le hAirteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán.

(301)

Chuir an Coimisiún, go háirithe, an meánmhéid míosúil allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin (mí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Mheán Fómhair 2023) i gcomparáid leis an meánmhéid míosúil allmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin (mí na Samhna 2023 go mí Iúil 2024). Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir an meánmhéid míosúil allmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin (mí na Samhna 2023 go mí Iúil 2024) agus an meánmhéid míosúil allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar na míonna céanna (mí na Samhna 2022 go mí Iúil 2023) don dá thréimhse, chun séasúracht a chur san áireamh. I gcás na tréimhse imscrúdúcháin, d’úsáid an Coimisiún sonraí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha (44) agus i gcás na tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdúcháin (iar-TI), d’úsáid sé sonraí ó bhunachar sonraí Surveillance (45).

(302)

Léirigh sonraí fíoraithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte go raibh éagsúlacht mhór sna méideanna allmhairí ag brath ar mhí na bliana. Mar shampla, bhí allmhairí i míonna amhail mí na Nollag, mí an Mhárta agus mí Aibreáin le linn na tréimhse imscrúdúcháin níos mó ná trí oiread níos airde ná an meánmhéid allmhairí i mí Iúil go mí Mheán Fómhair. Dá bhrí sin, chun na héagsúlachtaí sin a chur san áireamh agus chun tionchar na séasúrachta a chur san áireamh, níor mheas an Coimisiún gurbh iomchuí meán míosúil na tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar 12 mhí a chur i gcomparáid leis an meán míosúil tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar 8 mí. Dá bhrí sin, cuireadh an méid allmhairí le linn na tréimhse tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo go dtí gur forchuireadh bearta sealadacha (mí na Samhna 2023 go dtí mí Iúil 2024) i gcomparáid leis an méid allmhairí sa tréimhse chéanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin (mí na Samhna 2022 go dtí mí Iúil 2023). Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún gur tháinig laghdú 3 % ar mhéid na n-allmhairí le linn na tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. D’fhan praghsanna TRS cobhsaí le linn an dá thréimhse.

(303)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár tháinig méadú ar mhéid allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín tar éis thionscnamh an imscrúdaithe.

(304)

Ina theannta sin, tacaíonn eilimintí breise sa chomhad leis an gconclúid nár tharla stoc-charnadh substaintiúil tar éis an tionscnaimh. Mar a leagtar amach sa Rialachán sealadach, níor tháirg táirgeoirí an Aontais táirgí ach amháin in aghaidh an ordaithe agus níor choinnigh siad aon stoc suntasach de TRS críochnaithe. Bhí sé sin amhlaidh, toisc gur sa tréimhse imscrúdúcháin, measadh gur díoladh idir 75 % go 90 % de TRS ar mhargadh an Aontais le cíoschuideachtaí, a dteastaíonn TRS saincheaptha uathu (péinteáilte i ndathanna na cuideachta le lógó). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur beag seans go ndéanfaí TRS nach raibh saincheaptha agus nach raibh déanta le haghaidh custaiméir ar leith a stoc-charnadh toisc nach bhfreagródh TRS den sórt sin d’éileamh an mhargaidh.

(305)

Chomh maith leis sin, rinneadh an t-aga idir orduithe agus seachadadh TRS a bhíonn idir 4 mhí agus 6 mhí de ghnáth a mheas agus measúnú á dhéanamh ar na sonraí — is é is dóichí go mbainfeadh seachadtaí i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2024 le horduithe a rinneadh sular tionscnaíodh an t-imscrúdú i mí na Samhna 2023. Ba iad mí Feabhra agus mí an Mhárta 2024 na míonna ina raibh na hallmhairí ab airde freisin; tar éis na míonna sin, thosaigh na hallmhairí ag laghdú. Dá bhrí sin, ba iad na hallmhairí ní b’airde sna míonna sin ba dhóichí a bhí mar thoradh ar na horduithe roimh an tionscnamh agus nach ndearnadh chun críche stoc-charntha.

(306)

Ar bhonn an mhéid thuas, mheas an Coimisiún, i bhfianaise an laghdaithe ar allmhairí sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, na féidearthachta teoranta maidir le stoc-charnadh mar gheall ar an aga fada idir ordú agus seachadadh agus an táirgeadh de réir ordaithe, nár baineadh an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na mbeart cinntitheach mar gheall ar éabhlóid na n-allmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh údar le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna.

(307)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh an gearánach nach raibh fianaise leordhóthanach ann maidir le séasúracht na n-allmhairí. D’áitigh sé freisin, maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin, gur bhain an Coimisiún úsáid mhícheart as meán míosúil nach raibh chomh hionadaíoch sin bunaithe ar 8 mí, seachas meán míosúil níos iomchuí bunaithe ar 12 mhí. D’áitigh an gearánach freisin, chun measúnú a dhéanamh ar na hallmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin, gur bhain an Coimisiún úsáid as tréimhse mhícheart ó cuireadh na hallmhairí i gcomparáid lena chéile bunaithe ar a dháta díolacháin agus go ndearna sé measúnú ar sheachadtaí idir mí an Mhárta 2023 agus mí na Samhna 2023, seachas mí na Samhna 2022 go mí Iúil 2023.

(308)

D’áitigh an gearánach freisin nár chuir an Coimisiún san áireamh an éifeacht saofa a bhí ag bagairt an chlárúcháin agus an clárúchán iarbhír. Ina thuairim, rinne an Coimisiún rómheastachán ar an aga idir ordú agus seachadadh freisin, agus chuir sé in iúl gur thóg an seachadadh ón tSín chuig an Aontas 30 go 45 lá.

(309)

Chosain an gearánach freisin gur léirigh sé go raibh stoc-charnadh ar siúl. D’áitigh sé nach raibh an ceart ag an gCoimisiún glacadh leis ó tharla nár tháirg táirgeoirí an Aontais de réir stoic, nach ndearna táirgeoirí na Síne amhlaidh ach oiread. D’áitigh sé freisin gur léirigh na sonraí is déanaí ó cheann de na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais nach raibh formhór an TRS a díoladh san Aontas saincheaptha. D’áitigh an gearánach freisin go raibh an méid TRS a allmhairíodh tar éis an chláraithe fós substaintiúil. Thairis sin, d’áitigh an gearánach, bunaithe ar Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán, i gcásanna nár chláraigh an Coimisiún na hallmhairí, gur cheart go léireofaí leis an gcorrlach díobhála an díobháil bhreise a rinneadh de bharr na n-allmhairí méadaithe tar éis an tionscnaimh. Dá bhrí sin, chun an éifeacht fhorlíontach a eascraíonn as an stoc-charnadh ollmhór a chúiteamh, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an gcorrlach díobhála chun an stoc-charnadh a chur san áireamh.

(310)

Níor aontaigh an Coimisiún gur cheart dó comparáid a dhéanamh idir an meán míosúil bunaithe ar an tréimhse 12 mhí le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse 8 mí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Mar a d’aithin an gearánach freisin, bhí éagsúlacht shuntasach sna méideanna allmhairí idir na míonna éagsúla agus, dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé níos cruinne tréimhsí den fhad céanna a chur i gcomparáid le chéile, seachas tréimhse 12 mhí a chur i gcomparáid le tréimhse 8 mí. Sa chomhthéacs sin agus i bhfianaise na n-éagsúlachtaí tábhachtacha sna méideanna a allmhairíodh sna míonna éagsúla, is amhlaidh a rinneadh an chomparáid idir tréimhsí den fhad céanna chun aon séasúracht a chur as an áireamh. Níor aontaigh an Coimisiún go raibh air patrún athfhillteach seasta a chruthú chun an fáth ar bhain sé úsáid as comparáid bunaithe ar mheánallmhairí i dtréimhsí den fhad céanna a chosaint.

(311)

Maidir le húsáid na tréimhse le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí an Coimisiún ag brath ar shonraí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a luaigh onnmhairí san Aontas ó dháta an tsonraisc, agus iad ar na sonraí is cruinne a bhí ar fáil don tréimhse sin. Bhí an tréimhse 8 mí a d’úsáid an Coimisiún fada go leor chun éifeacht chlárú na n-allmhairí, más ann di, nach raibh i bhfeidhm ach le linn mí amháin go leith (idir an 23 Bealtaine 2024 agus an 12 Iúil 2024) a chur san áireamh. Ón uair sin, áfach, thóg seachadadh TRS idir 30 agus 45 lá, dar leis na páirtithe, an gearánach san áireamh. Agus an t-aga moille teoranta sin á chur san áireamh, bhí an chomparáid a rinne an Coimisiún bunaithe ar an bhfaisnéis ab fhearr a bhí ar fáil agus measadh go raibh sí cruinn go leor chun a chinneadh an raibh méadú suntasach ar allmhairí tar éis an tionscnaimh nó nach raibh.

(312)

Mheas an Coimisiún freisin nach bhféadfadh sé teacht ar chonclúidí maidir le stoc-charnadh a bheith ann bunaithe ar fhianaise starógach i bhfoirm pictiúr nó ríomhphost mar a chuir an gearánach isteach. Ina ionad sin, bhrath an Coimisiún ar staitisticí allmhairiúcháin tar éis na tréimhse imscrúdúcháin agus ar na sonraí eile go léir a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear ó úsáideoirí agus ó allmhaireoirí, nár léirigh stoc-charnadh a mhéid a bhainfeadh sé an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na ndleachtanna. Dá bhrí sin, d’ainneoin gur dhíol ceann de na cuideachtaí sampláilte TRS a bhí neamh-saincheaptha den chuid is mó de réir an ghearánaigh, ní dhearna sé difear don chonclúid nár tharla aon mhéadú ollmhór ar allmhairí.

(313)

Mheas an Coimisiún freisin nach raibh feidhm ag forálacha Airteagal 9(4). Cláraíodh allmhairí, agus thángthas ar an gconclúid nach raibh aon mhéadú suntasach breise ar allmhairí tar éis an tionscnaimh.

(314)

Ar an mbonn sin, chloígh an Coimisiún lena chonclúid nach raibh údar le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(315)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(316)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste atá deartha chun daoine a ardú, atá féinghluaiste, ag a bhfuil uasairde oibre 6 mhéadar nó níos mó, agus allmhairí codanna de atá réamhchóimeáilte nó réidh lena gcóimeáil, ina bhfuil 1) fonnadh, 2) túirín nó caschláir, 3) ardán nó ciseáin, 4) meicníocht ardaithe le haghaidh trealamh rochtana soghluaiste (lena n-áirítear búmanna (iad teileascópach nó altach, bíodh géaga orthu nó ná bíodh) le haghaidh ardaitheoir búm theileascópaigh, ardaitheoir búm altaigh nó crann ingearach agus géaga siosúrtha le haghaidh ardaitheoir siosúrtha), gan comhpháirteanna aonair de na codanna a áireamh nuair a chuirtear i láthair ar leithligh iad, agus gan trealamh ardaithe daoine atá suiteáilte ar fheithiclí faoi Chaibidil 86 agus Caibidil 87 den Chóras Comhchuibhithe a áireamh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8427 10 10 , ex 8427 20 19 , ex 8428 90 90 , ex 8431 20 00 agus ex 8431 39 00 (cóid TARIC: 8427 10 10 10, 8427 20 19 10, 8428 90 90 20, 8431 20 00 60 agus 8431 39 00 10), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

Hunan Sinoboom Intelligent Equipment Co., Ltd.

49,3  %

89DL

Oshkosh JLG (Tianjin) Equipment Technology Co., Ltd.

22,5  %

89DM

Terex (Changzhou) Machinery Co., Ltd.

22,9  %

89DN

Zhejiang Dingli Machinery Co., Ltd.

20,6  %

89DO

Cuideachtaí comhoibríocha eile san Iarscríbhinn

30,1  %

Féach an iarscríbhinn

Gach cuideachta eile

54,9  %

8999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar le hainm agus le feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) den (táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtíolacfar an sonrasc sin, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

4.   I gcás ina ndéanfar dearbhú um scaoileadh i saorchúrsaíocht a thíolacadh i leith an táirge dá dtagraítear i mír 1, gan beann ar a thionscnamh, déanfar an líon píosaí de na táirgí a allmhairítear a chur isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin, ar choinníoll go bhfuil an léiriú sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, ar bhonn míosúil, faoin nglanmhais agus faoin líon ítimí a scaoiltear i saorchúrsaíocht faoi chóid TARIC: 8427 10 10 10, 8427 20 19 10, 8428 90 90 20, 8431 20 00 60 agus 8431 39 00 10.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1915 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.

Airteagal 3

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí an Iarscríbhinn a luaitear in Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh leis an sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (01/10/2022 go 30/09/2023);

(b)

nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus

(c)

gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste (‘MAE’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, C/2023/783, 13.11.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2023/783/oj.

(3)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste (‘MAE’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, C/2024/2362, 27.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2362/oj.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1450 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2024 lena ndéantar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chur faoi réir a gcláraithe, IO L, 2024/1450, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1450/oj.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1915 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, IO L, 2024/1915, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1915/oj.

(6)  Tugadh de chumhacht do CCCME trí chumhacht aturnae ionadaíocht a dhéanamh ar ocht dtáirgeoir onnmhairiúcháin san imscrúdú seo.

(7)  Féach Fonóta 1.

(8)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste (‘MAE’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, C/2023/783, 13.11.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2023/783/oj.

(9)   Is é atá sa táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo trealamh rochtana soghluaiste atá deartha chun daoine a ardú , Roinn 2, Ibid.

(10)  Féach lch. 28 de chuntais bhliantúla 2023 de chuid Madal Palfinger , https://assets.palfinger.com/importdata/corporate/newsroom/en/reports/2023/PALFINGER_GB2023_EN_open.pdf.

(11)  Idem. Palfinger | Tuarascáil Bhliantúil 2023 | Íoslódálacha le fáil ag https://i-report.palfinger.ag/2023/en/downloads.

(12)  Idem, lch. 28 ‘Leathnaíodh na caidrimh soláthair inmheánaigh leis na suíomhanna táirgthe sna Stáit Aontaithe agus leanadh de phróiseas an chaighdeánaithe mar aon le barrfheabhsú táirgthe ag gléasra Rio Tercero san Airgintín.’ Béim curtha leis.

(13)  An tAontas Eorpach – Bearta frithdhumpála maidir le Bithdhíosal ón Airgintín, Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc, WT/DS473/AB/R, §6.23.

(14)  Féach mar shampla Ranna II.5. nó III.8. ón 3ú Rún ón Tionól Iomlánach.

(15)  Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc, An tAontas Eorpach — Bearta Frithdhumpála ar Bhithdhíosal ón Airgintín WT/DS473/AB/R agus Add.1, a glacadh an 26 Deireadh Fómhair 2016, DSR 2016:VI, lch. 2871, Mír 7.10.

(16)  Féach Roinn II.5. den 3ú Rún ón Tionól Iomlánach: ‘ Déanfaimid athchóiriú ar chaipiteal stáit agus ar chuideachtaí faoi úinéireacht stáit a dhoimhniú, agus muid ag cur feabhas ar na hinstitiúidí agus ar na sásraí le haghaidh bainistíochta agus maoirseachta, ag neartú comhordú straitéiseach idir na ranna riaracháin ábhartha agus ag obair chun leagan amach na hearnála faoi úinéireacht stáit a bheachtú agus a struchtúr a choigeartú. Cuideoidh sé seo go léir le caipiteal stáit agus le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit a bheith níos láidre, níos fearr agus níos mó. (...) Stiúrfar caipiteal stáit i dtreo na mórthionscal agus na bpríomhréimsí atá ríthábhachtach don tslándáil náisiúnta agus atá ina gcuid lárnacha den gheilleagar náisiúnta. (...) Bunóimid córas chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus a misin straitéiseacha á gcomhlíonadh acu (...).’

(17)   International Import Export Trade Data: Global Trade Atlas | S&P Global (spglobal.com), https://www.spglobal.com/market-intelligence/en/solutions/products/maritime-global-trade-atlas.

(18)  Ós rud é go mbaineann an maíomh le costais tosca táirgeachta áirithe Sinoboom, ní ainmneofar na tosca táirgeachta sonracha ar chúiseanna rúndachta gnó.

(19)  Is minic a úsáidtear ‘aonad tánaisteach’ nó ‘cainníocht thánaisteach’ chun faisnéis bhreise tomhais a chur ar fáil in éineacht leis an bpríomhaonad tomhais le haghaidh tráchtearra ar leith. Sa chás seo cileagraim a bhí san aonad tánaisteach i gcónaí. Nuair a bhí uimhreacha nó píosaí i gceist leis an aonad príomha, sholáthair GTA an luach i gcileagraim freisin.

(20)  Ní ainmneofar na tosca táirgeachta sonracha ar chúiseanna rúndachta gnó. Rinne Sinoboom na tosca táirgeachta sonracha a lipéadú mar fhaisnéis rúnda gnó nach bhféadfaí achoimre a dhéanamh uirthi toisc go bhfuil difríocht shuntasach idir a bpraghas agus tagarmharc a nochtar go poiblí, rud a d’fhágfaí go nochtfaí costais shonracha na cuideachta.

(21)  Ní ainmneofar na tosca táirgeachta sonracha ar chúiseanna rúndachta gnó.

(22)  Maíodh gur faisnéis rúnda gnó iad na tosca táirgeachta sonracha.

(23)  Féach fonóta 1.

(24)  Tábla Staitisticí Saothair Pesquisa Industrial Anual [Thaighde Tionsclaíochta Bliantúil] https://www.ibge.gov.br/estatisticas/economicas/industria/9042-pesquisa-industrial-anual.html?=&t=downloads.

(25)  Idem.

(26)   https://ads.clicrbs.com.br/PUBLICIDADE-LEGAL/PIO/Publicidade_Legal_PIO_290324_madalpalfinger.pdf.

(27)  IBGE | Portal do IBGE | IBGE, https://www.ibge.gov.br/

(28)  Is é ICMS an giorrúchán le haghaidh Imposto Sobre Operações Relativas à Circulação de Mercadorias e Serviços de Transporte Interestadual de Intermunicipal e de Comunicações. Is cáin í ar dhíolacháin agus ar sheirbhísí agus baineann sí le gluaiseacht earraí, iompar, seirbhísí cumarsáide agus soláthar ginearálta eile earraí. Daoine príobháideacha agus eintitis dhlíthiúla a dhéanann tráchtálú ar aon earraí; iad siúd allmhairíonn táirgí; iad siúd a fhaigheann táirgí arna ngabháil ag lucht custaim agus iad siúd a fhaigheann táirgí peitriliam ón gcoigríoch, sin iad na cinn a íocann as.

(29)   ICMS RS 2024 - Tabela atualizada - Tax Group - Energia elétrica (exceto para consumo em iluminação de vias públicas, industrial, rural e, até 50 KW por mês, residencial), https://www.taxgroup.com.br/intelligence/icms-rs-2024-tabela-atualizada/

(30)  Féach fonóta 26.

(31)  Féach fonóta 1.

(32)  Idem.

(33)  Idem.

(34)  Rangaítear an tuarascáil mar thuarascáil íogair agus ní féidir tagairt a dhéanamh di ná sliocht aisti a lua.

(35)  JLG Sweden, JLG Spain, JLG Italy, JLG France, JLG Germany.

(36)   20240415_URD_EN.pdf (manitou-group.com) available at https://www.manitou-group.com/wp-content/uploads/2024/06/20240415_URD_EN.pdf.

(37)   Record start for Haulotte | Vertikal.net;

https://vertikal.net/en/news/story/42361/first-half-boom-for-haulotte.

(38)  Tuarascáil Bhliantúil 2023 Ghrúpa Manitou ag https://www.manitou-group.com/wp-content/uploads/2024/06/20240415_URD_EN.pdf, lch. 28.

(39)   https://www.optionfinance.fr/info-financiere-en-continu/d/2024-04-26-manitou-devisse-apres-son-retour-a-la-normale.html.

(40)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste (‘MAE’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO C, C/2023/783, 13.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/783/oj).

(41)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(42)  European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Wetstraat 170/Rue de la Loi, 1040, Bruxelles/Brussel, Belgique/België. Seoladh ríomhphoist: Trade-defence-complaints@ec.europa.eu.

(43)   https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX:31987R2658.

(44)  Bhain 100 % d’allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin le tairgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha.

(45)  Maidir le sonraí iar-thréimhse imscrúdúcháin atá bunaithe ar bhunachar sonraí Surveillance, i gcás ceann amháin de na trí chód faoina n-allmhairítear dhá thrian de TRS, ní sholáthraíonn bunachar sonraí Surveillance sonraí i bpíosaí (meáchan agus luach amháin). Dá bhrí sin, rinneadh meastachán ar allmhairí in aonaid faoin tríú cód bunaithe ar mheánluach in aghaidh an aonaid den dá chód arbh ann do shonraí in aonaid ina leith.

(46)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/45/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)