|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/42 |
10.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/42 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Eanáir 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (1), agus go háirithe Airteagal 17(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2063. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 12 duine nádúrtha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a nuashonrú. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 295, 14.11.2017, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2063/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063, i ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(3)’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 2, 7, 9, 11, 12, 14, 17, 18, 20, 29, 37, 48 agus 52:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘1. |
Néstor Luis REVEROL TORRES |
Dáta breithe: 28 Deireadh Fómhair 1964 Inscne: fireann |
Uachtarán ar Chorparáid Forbraíochta Réigiún Zuliana (Corpozulia) ó mhí Aibreáin 2024 i leith. An tIar-Aire Fuinnimh Leictrigh (Deireadh Fómhair 2020 - Aibreán 2024), Leas-Uachtarán Oibreacha Poiblí agus Seirbhísí, agus Rúnaí Feidhmiúcháin ar Fhoireann Ghinearálta an Leictreachais (Aibreán 2019 - Aibreán 2024). An tAire Gnóthaí Baile, Ceartais agus Síochána ó 2016 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2020. An tArd-Ghinearál ar an nGarda Náisiúnta Bolavarach ó mhí Lúnasa 2020 i leith. Tá sé freagrach as fórsaí slándála faoina cheannas a bheith ag déanamh sárú tromchúiseach ar chearta an duine, lena n-áirítear príosúnaigh (pholaitiúla) a chéasadh, agus as cos ar bolg a bheith á dhéanamh acu ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, lena n-áirítear trí chosc agus bac a chur ar léirithe polaitiúla. |
22.1.2018 |
|
2. |
Gustavo Enrique GONZÁLEZ LÓPEZ |
Dáta breithe: 2 Samhain 1960 Inscne: fireann |
Ard-Stiúrthóir ar an tSeirbhís Bholavarach um Fhaisnéis Náisiúnta (SEBIN) idir mí Aibreáin 2019 agus mí Dheireadh Fómhair 2024. Comhairleoir slándála agus faisnéise don Uachtarán Maduro ó mhí Eanáir 2019, agus Ard-Stiúrthóir SEBIN ó mhí Feabhra 2014 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2018. Le linn dó a bheith ina stiúrthóir ar SEBIN, rinne oifigigh faoina údarás deiridh gníomhaíochtaí coinneála treallacha, céastóireachta agus íde atá cruálach agus mídhaonna, lena n-áirítear foréigean gnéasach in ionad coinneála El Helicoide. Agus é ina Ard-Stiúrthóir SEBIN, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine lena n-áirítear coinneáil threallach, íde atá mídhaonna agus táireach, agus céastóireacht agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala. |
22.1.2018 |
|
7. |
Diosdado CABELLO RONDÓN |
Dáta breithe: 15 Aibreán 1963 Inscne: fireann |
An tAire Gnóthaí Baile, Ceartais agus Síochána ó Lúnasa 2024. Comhalta den Tionól Náisiúnta, tionól nár toghadh go daonlathach, IarUachtarán ar an Tionól Bunreachta agus an Chéad Leas-Uachtarán ar Pháirtí Sóisialach Aontaithe Veiniséala (PSUV). É rannpháirteach sa bhonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala agus leis an gcos ar bolg atá á imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as na meáin chun ionsaí poiblí agus bagairt a dhéanamh ar an bhfreasúra polaitiúil, ar na meáin eile agus ar an tsochaí shibhialta agus trí orduithe a thabhairt chun daoine aonair a choinneáil, lena n-áirítear orduithe a thabhairt don tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Bholavarach (SEBIN). |
22.1.2018 |
|
9. |
Sergio José RIVERO MARCANO |
Dáta breithe: 8 Samhain 1964 Inscne: fireann |
Ardchigire ar na Fórsaí Armtha Náisiúnta Bolavaracha (FANB) go dtí Iúil 2023, Ceannasaí Ginearálta an Gharda Náisiúnta Bolavarach go dtí an 16 Eanáir 2018, curtha sa “cúltaca gníomhach” i mí Iúil 2023. Bainteach le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, agus freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an Garda Náisiúnta Bolavarach faoina cheannas, lena n-áirítear úsáid fornirt iomarcaigh, agus daoine den tsochaí shibhialta agus den fhreasúra a bheith á gcoinneáil agus á mí-úsáid go treallach. Baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala lena ghníomhaíochtaí agus lena bheartais agus é mar Cheannasaí Ginearálta ar an nGarda Náisiúnta Bolavarach, lena n-áirítear nuair a d’ionsaigh an Garda Náisiúnta Bolavarach comhaltaí den Tionól Náisiúnta a toghadh go daonlathach agus nuair a cuireadh imeaglú ar iriseoirí a bhí ag tuairisciú ar thoghcháin chalaoiseacha an Tionóil Bhunreachta neamhdhlisteanaigh. |
25.6.2018 |
|
11. |
Iván HERNÁNDEZ DALA |
Dáta breithe: 18 Bealtaine 1966 Inscne: fireann |
Maor-Ghinearál in Arm Náisiúnta Bolavarach Veiniséala. Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata idir mí Eanáir 2014 agus mí Dheireadh Fómhair 2024 agus Ceann ar Gharda an Uachtaráin idir mí Mheán Fómhair 2015 agus mí Dheireadh Fómhair 2024. Agus é ina cheann ar an bhFrithaisnéis Mhíleata, tá Iván Hernández Dala freagrach as an gcos ar bolg agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus a d’imir baill na Frithaisnéise Míleata faoina cheannas ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, lena n-áirítear céastóireacht, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine faoi choinneáil. |
25.6.2018 |
|
12. |
Delcy Eloina RODRÍGUEZ GÓMEZ |
Dáta breithe: 18 Bealtaine 1969 Inscne: baineann |
Leas-Uachtarán Veiniséala, agus ó mhí Lúnasa 2024 i leith, an tAire Ola. IarAire Geilleagair, Airgeadais agus Trádála. IarUachtarán ar an Tionól Bunreachta neamhdhlisteanach agus iarchomhalta de Choimisiún Uachtaránachta an Tionóil Bunreachta neamhdhlisteanaigh. Lena cuid gníomhaíochtaí sa Choimisiún Uachtaránachta agus ina dhiaidh sin mar Uachtarán ar an Tionól Bunreachta neamhdhlisteanach, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear cumhachtaí an Tionóil Náisiúnta a fhorghabháil agus iad a úsáid i gcoinne an fhreasúra agus chun cosc a chur orthu páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil. |
25.6.2018 |
|
14. |
Sandra OBLITAS RUZZA |
Dáta breithe: 7 Meitheamh 1969 Inscne: baineann |
An tAire Oideachais Ollscoile go dtí Lúnasa 2024. Ina reachtaire Universidad Bolivariana de Venezuela ó mhí Iúil 2020. Roimhe sin, bhí sí ina Leas-Uachtarán ar an gComhairle Náisiúnta Toghchán agus ina hUachtarán ar Choimisiún an Chláir Sibhialtach agus Toghthóirí. Tá sí freagrach as gníomhaíochtaí na Comhairle Náisiúnta Toghchán a bhain an bonn den daonlathas i Veiniséala, lena n-áirítear trí bhunú an Tionóil Bunreachta neamhdhlisteanaigh agus ionramháil an phróisis toghcháin a éascú. |
25.6.2018 |
|
17. |
Socorro Elizabeth HERNÁNDEZ DE HERNÁNDEZ |
Dáta breithe: 11 Márta 1952 Inscne: baineann |
Comhalta (Reachtaire) den Chomhairle Náisiúnta Toghchán go dtí an 12 Meitheamh 2020 agus comhalta den Bhord Náisiúnta Toghchán. Tá sí freagrach as gníomhaíochtaí na Comhairle Náisiúnta Toghchán lenar baineadh an bonn den daonlathas i Veiniséala, lena n-áirítear bunú an Tionóil Bhunreachta neamhdhlisteanaigh a éascú agus ionramháil a dhéanamh ar an bpróiseas toghcháin i ndáil le toghchán aisghairthe uachtaráin a cuireadh ar ceal in 2016, toghcháin ghobharnóireachta a cuireadh siar in 2016, agus athshocrú stáisiún vótála ar gearrfhógra roimh thoghcháin ghobharnóireachta in 2017. |
25.6.2018 |
|
18. |
Xavier Antonio MORENO REYES |
Inscne: fireann |
Ardrúnaí na Comhairle Náisiúnta Toghchán ó 2009 go dtí Meitheamh 2020. Sa ról sin, d’éascaigh Moreno Reyes cinntí na Comhairle Náisiúnta Toghchán, dhlisteanaigh sé iad agus chothaigh sé iontaoibh iontu, ós rud é go bhfuil ról ag Ardrúnaí na Comhairle Náisiúnta Toghcháin i dtaca leis an gclár oibre a shocrú agus cinntí a chur ar bhonn foirmiúil. Ba é Moreno Reyes a bhí ina Ardrúnaí ar an gComhairle Náisiúnta Toghchán nuair a rinneadh dochar mór don daonlathas agus nuair a cuireadh ról neamhspleách na Comhairle Náisiúnta Toghchán sa phróiseas toghchánach i mbaol. Mar sin, is é atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas i Veiniséala, lena n-áirítear bunú an Tionóil Bhunreachta neamhdhlisteanaigh agus ionramháil an phróisis toghcháin a éascú.. |
25.6.2018 |
|
20. |
Rafael Ramón BLANCO MARRERO |
Dáta breithe: 28 Feabhra 1968 Uimhir aitheantais: V-6250588 Inscne: fireann |
Ard-Chigire Airm Náisiúnta Bolavarach Veiniséala ó Iúil 2023. Ginearál Rannáin ar Airm Náisiúnta Bolavarach Veiniséala (Iúil 2019 – Iúil 2023). IarLeas-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Tá sé freagrach cearta an duine a bheith á sárú go leanúnach, lena n-áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt do dhaoine a bhí á gcoinneáil i saoráidí DGCIM ag baill DGCIM faoina cheannas. Meastar go raibh baint aige le bás an Chaptaein Acosta. |
27.9.2019 |
|
29. |
Elvis Eduardo HIDROBO AMOROSO |
Dáta breithe: 4 Lúnasa 1963 Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala Uimhir aitheantais: V-7659695 Inscne: fireann |
Uachtarán Choimisiún Náisiúnta Toghchán Veiniséala (CNE) ón 24 Lúnasa 2023. Roimhe sin, bhí sé ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (idir an 23 Deireadh Fómhair 2018 agus mí Lúnasa 2023) agus bhí sé ina Chéad agus ina Dhara Leas-Uachtarán ar an Tionól Bunreachta Náisiúnta, nach n-aithnítear. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí chosc a chur ar chomhaltaí an fhreasúra a bheith in oifig poiblí go ceann 15 bliana, a bheith i gceannas ar an Tionól Bunreachta Náisiúnta, nach n-aithnítear, “an dlí i gcoinne an fhuatha” a shíniú, údar a thabhairt le gobharnóir freasúra, a toghadh go dlíthiúil, a chur as oifig, cosc a chur ar Juan Guaidó seasamh d’aon oifig phoiblí, agus torthaí an toghcháin Uachtaránachta i mí Iúil 2024 a fhógairt gan na taifid vótála oifigiúla ó na stáisiúin vótála a fhoilsiú ag CNE (agus CNE faoina cheannas féin). |
29.6.2020 |
|
37. |
Remigio CEBALLOS ICHASO |
Dáta breithe: 1 Bealtaine 1963 Uimhir aitheantais: V-6557495 Inscne: fireann |
IarAire Gnóthaí Baile agus Ceartais Veiniséala (Lúnasa 2021- Lúnasa 2024) agus Leas-Uachtarán an Rialtais um Shlándáil na Saoránach. IarCheannasaí ar Cheannas Oibríochtúil agus Straitéiseach Fhórsaí Armtha Bolavaracha Veiniséala (Comando Estratégico Operacional Fuerzas Armadas Nacionales Bolivarianas (CEOFANB)), an t-orgán is airde i bhFórsaí Armtha Veiniséala, (Meitheamh 2017 — Iúil 2021). Rialaíonn CEOFANB Fórsaí Armtha Náisiúnta Bolavaracha Veiniséala (FANB) agus an Garda Náisiúnta Bolavarach. Tá CEOFANB freagrach freisin as gníomhartha FANB a chomhordú i léirsithe. Agus é ina Cheannasaí ar CEOFANB, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear forneart iomarcach a bheith á úsáid agus íde mhídhaonna, tháireach á tabhairt ag oifigigh FANB agus ag fo-fhórsaí faoina cheannas, lena n-áirítear an Garda Náisiúnta Bolavarach. Dar le foinsí éagsúla, an Misean Neamhspleách Idirnáisiúnta Aimsithe Fíricí faoi Phoblacht Bholavarach Veiniséala ina measc, tá sáruithe ar chearta an duine déanta ag FANB agus ag an nGarda Náisiúnta Bolavarach. |
22.2.2021 |
|
48. |
Leonardo Enrique MORALES POLEO |
Inscne: fireann |
IarLeas-Uachtarán ar an gComhairle Náisiúnta Toghchán (Consejo Nacional Electoral (CNE)) agus Uachtarán ar an gCoimisiún um Rannpháirtíocht Pholaitiúil agus Maoiniúchán (Lúnasa 2020 – Bealtaine 2021). Cheap an Chúirt Uachtarach (Tribunal Supremo de Justicia) Leonardo Enrique Morales Poleo mar Leas-Uachtarán ar an gComhairle Náisiúnta Toghchán agus mar Uachtarán ar an gCoimisiún um Rannpháirtíocht Pholaitiúil agus Maoiniúchán an 7 Lúnasa 2020 cé gurb é sin sainphribhléid an Tionóil Náisiúnta. Thairis sin, díreach sular ceapadh é, bhí sé sa Pháirtí Ard-Fhorásach (Avanzada progresista). Mar chomhalta (reachtóir) agus mar Leas-Uachtarán ar an gComhairle Náisiúnta Toghchán, bhí sé lánpháirteach i bpróiseas cinnteoireachta na Comhairle Náisiúnta Toghchán. Thacaigh sé leis an maoirseacht ar an bpróiseas toghchánach, agus d’éascaigh sé an méid sin, agus mar thoradh air sin bhí toghcháin neamhdhaonlathacha an Tionóil Náisiúnta an 6 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, lena chuid gníomhaíochtaí, baineadh an bonn arís eile den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Ghlac Leonardo Enrique Morales Poleo go gceapfaí é ar an gComhairle Náisiúnta Toghchán agus d’fhan sé ina phost mar Leas-Uachtarán ar an gComhairle fad is a bhí an bonn á bhaint den daonlathas i Veiniséala. |
22.2.2021 |
|
52. |
Jesús Emilio VÁSQUEZ QUINTERO |
Uimhir aitheantais: V-7422049 Inscne: fireann |
Uachtarán an Bhinse Mhíleata agus na Cuairde Breithiúnaigh Coiriúla Míleata (Meán Fómhair 2021 – Lúnasa 2024). Ginearál Rannáin ón 5 Iúil 2019 agus Ard-Aighne ar Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata (Nollaig 2017 - 17 Meán Fómhair 2021). Ina cháil mar Ard-Aighne ar Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata bhí sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Luaitear Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata i gceangal leis an ionchúiseamh breithiúnach inmheánach sna Fórsaí Armtha, agus leis an gcaoi nach ndearnadh teagmhais a imscrúdú, lena n-áirítear cás bhás an Chaptaein Acosta in 2019. Thairis sin, tá an dlí míleata á chur i bhfeidhm ar shibhialtaigh. |
22.2.2021’; |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/42/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)