|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/35 |
14.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/35 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na nósanna imeachta maidir le fíorú inseirbhíse astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair a chinneadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 9(3), agus Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1242, ceanglaítear ar na húdaráis chineálcheadaithe aon neamhréireacht i luachanna astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse i gcomparáid leis na luachanna a léirítear sna deimhnithe comhréireachta nó sa chomhad faisnéise custaiméara a ghabhann leis na feithiclí sin de thoradh fíorúcháin arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin a thuairisciú don Choimisiún. |
|
(2) |
Faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1242, údaráis chineálcheadaithe a dheonaigh ceadúnas ar mhonaróirí uirlis ionsamhlúcháin a oibriú faoi Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus faoi Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (3) (‘údaráis um dheonú ceaduithe’), fíoróidh siad, ar son na monaróirí sin, ar bhonn samplaí feithicle atá iomchuí agus ionadaíoch, go gcomhfhreagraíonn na luachanna astaíochta CO2 agus ídithe breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara do na hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair agus don ídiú breosla d’fheithiclí tromshaothair mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena bearta cur chun feidhme, chomh maith le haon straitéis ar bord a bheith ann nó a mhéid a bhaineann leis na feithiclí samplacha lena bhfeabhsaítear feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha arna ndéanamh nó sna ríomhanna arna ndéanamh chun na hastaíochtaí CO2 agus an t-ídiú breosla a dheimhniú (‘fíorú inseirbhíse’). |
|
(3) |
Leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127 ón gCoimisiún (4) na treoirphrionsabail agus na treoirchritéir chun na nósanna imeachta a shainiú maidir le fíorú inseirbhíse a dhéanamh. |
|
(4) |
Leagtar amach sa Rialachán seo nósanna imeachta mionsonraithe maidir leis an bhfíorú inseirbhíse, i gcomhréir leis na treoirphrionsabail agus na treoirchritéir sin. |
|
(5) |
Chun díriú ar fhíorú inseirbhíse i gcás na ngrúpaí ag a bhfuil feithiclí nó boinn lena mbaineann an riosca is mó maidir le neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla ó na luachanna sonracha astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara, ba cheart don údarás um dheonú ceaduithe grúpaí a roghnú ar bhonn measúnú riosca a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún. |
|
(6) |
I gcás bonn, ós rud é gur féidir le roinnt monaróirí feithiclí grúpaí bonn fíorúcháin inseirbhíse a úsáid, is iomchuí tástáil na mbonn ó ghrúpa bonn fíorúcháin inseirbhíse a theorannú d’údarás um dheonú ceaduithe amháin laistigh de gach tréimhse tuairiscithe fíorúcháin inseirbhíse, chun an próiseas a shimpliú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, is féidir le monaróirí feithiclí iomadúla comhpháirt a úsáid lena sainítear grúpa nós imeachta um thástáil fíorúcháin. Dá bhrí sin, is iomchuí tástáil feithiclí ó ghrúpa nós imeachta um thástáil fíorúcháin a theorannú d’údarás um dheonú ceaduithe amháin laistigh de gach tréimhse tuairiscithe fíorúcháin inseirbhíse. |
|
(7) |
Chun a áirithiú go mbeidh an fíorú inseirbhíse ionadaíoch, ba cheart do na húdaráis chineálcheadaithe deonaithe íoslíon grúpaí a bheidh le tástáil a roghnú, bunaithe ar ríomh líon iomlán na bhfeithiclí, le haghaidh gach monaróra, ar cinneadh na hastaíochtaí CO2 agus an t-ídiú breosla ina leith faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400 (‘líon iomlán na bhfeithiclí faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400’), agus i gcás leantóirí, bunaithe ar ríomh líon iomlán na leantóirí, le haghaidh gach monaróra leantóra, ar cinneadh na hastaíochtaí CO2 agus an t-ídiú breosla ina leith faoi Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (5) (‘líon iomlán na leantóirí faoi Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362’). I gcás leantóirí, níor cheart ach grúpaí bonn fíorúcháin inseirbhíse (‘FIS’) a roghnú le haghaidh fíorúcháin inseirbhíse, toisc nach bhfuil an nós imeachta um thástáil fíorúcháin ná tástálacha cúltarraingthe aeir sainithe go fóill le haghaidh leantóirí. |
|
(8) |
Tá na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara le cinneadh le huirlis ríofa, bunaithe ar thástáil deimhniúcháin ar chomhpháirteanna ábhartha feithicle. Tá comhréireacht oibríocht na huirlise ríofa le fíorú le nós imeachta um thástáil fíorúcháin ar leibhéal na feithicle i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400. Is iomchuí a cheangal go mbeidh na feithiclí a roghnaítear le haghaidh na dtástálacha fíorúcháin inseirbhíse i riocht comhchosúil leis na feithiclí a tástáladh le linn an nós imeachta um thástáil fíorúcháin, go háirithe trí cheanglais a shocrú maidir lena míleáiste uasta agus lena n-aois uasta. |
|
(9) |
Níl ach boinn nua oiriúnach do thástáil comhéifeachta friotaíochta rollta bonn a dhéantar laistigh d’fhíorú inseirbhíse, toisc go mbeadh comhéifeacht friotaíochta rollta bonn i bhfad níos ísle ann mar thoradh ar bhoinn úsáidte a thástáil, mar gheall ar chaitheamh na mbonn sin. Ba cheart roghnú na mbonn le haghaidh tástálacha fíorúcháin inseirbhíse a bheith neamhspleách ar roghnú na bhfeithiclí le haghaidh tástálacha fíorúcháin inseirbhíse. |
|
(10) |
Chun ligean don údarás um dheonú ceaduithe teacht ar chonclúid maidir leis na feithiclí uile lena mbaineann, ar bhonn thorthaí na dtástálacha maidir leis na feithiclí arna sampláil, bunaíodh modh meastóireachta staidrimh atá bunaithe ar shampláil seichimh. |
|
(11) |
I gcás ina dteipeann ar ghrúpa nós imeachta um thástáil fíorúcháin sa mheastóireacht staidrimh ar thorthaí na tástála mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ba cheart luachanna astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí uile lena mbaineann a cheartú, ós rud é gur réamhriachtanas é pas a fháil sa nós imeachta tástála fíorúcháin sin chun an cineálcheadú astaíochtaí a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, is iomchuí go ndéanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe imscrúdú má tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil comhpháirt shonrach ina cúis le teip sa mheastóireacht staidrimh, agus sa chás sin d’fhéadfadh níos mó feithiclí a bheith i gceist. |
|
(12) |
Chun a fhíorú go gcomhfhreagraíonn luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara do luachanna na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse, ba cheart na dálaí tástála agus torthaí na tástála a shonrú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme. |
|
(13) |
Maidir le dálaí tástála cúltarraingthe aeir, chun a áirithiú go ndéanfar na héagsúlachtaí féideartha i ndálaí tástála idir tástálacha fíorúcháin inseirbhíse a laghdú a mhéid is féidir, is iomchuí na dálaí tástála cúltarraingthe aeir a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400 sa leagan is déanaí atá i bhfeidhm, toisc gur cúngaíodh na dálaí sin i gcomparáid leis na dálaí is infheidhme tráth an deimhnithe. |
|
(14) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400, ceadaítear do mhonaróirí luachanna cúltarraingthe aeir a chinneadh bunaithe ar mhodh ionsamhlaithe dinimice ríomhaireachtúla sreabhán (DRS). Dá bhrí sin, is iomchuí tástáil shonrach a thabhairt isteach chun bailíochtú sonrach an mhodha ionsamhlaithe sin a fhíorú mar chuid de na tástálacha fíorúcháin inseirbhíse chun na luachanna cúltarraingthe aeir a fhíorú. |
|
(15) |
Chun straitéis shaorga a bhrath, straitéis nach n-oibríonn ach amháin le linn na dtástálacha fíorúcháin agus nach n-oibríonn le linn gnáthoibríochta inseirbhíse, tá sé ríthábhachtach nach mbeidh na dálaí tástála sonracha ar eolas roimh ré. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás um dheonú ceaduithe na dálaí le haghaidh na dtástálacha tiomnaithe ar an straitéis shaorga a chinneadh ar bhonn cás ar chás. |
|
(16) |
I bhfianaise nach féidir eolas a chur ar chineál beacht na straitéisí saorga roimh ré, ba cheart don údarás um dheonú ceaduithe an anailís agus an mheastóireacht ar thorthaí na tástála straitéise saorga a dhéanamh ar bhonn comparáid idir na torthaí a fhaightear faoi dhálaí difriúla tástála. |
|
(17) |
Chun torthaí na tástála a dhoiciméadú agus foráil a dhéanamh maidir le hanailís bhreise orthu, ba cheart don údarás um dheonú ceaduithe tuarascáil na tástála a chur ar fáil don Choimisiún agus don mhonaróir lena mbaineann. Chun tacú leis an measúnú riosca arna dhéanamh ag an gCoimisiún, is beart iomchuí é a éileamh go gcuirtear na sonraí tástála faoi bhráid an Choimisiúin freisin, trí ardán tiomnaithe. |
|
(18) |
Má aimsítear neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2, ba cheart an deis a thabhairt don mhonaróir lena mbaineann freagairt do thorthaí an údaráis chineálcheadaithe deonaithe laistigh de theorainn ama iomchuí chun fadú míchuí an phróisis fíorúcháin inseirbhíse a sheachaint. É sin ráite, ba cheart a bheith in ann síneadh a chur leis an teorainn ama chun measúnú ceart a dhéanamh ar na doiciméid theicniúla a sholáthraítear. |
|
(19) |
I gcás ina n-aimsítear easpa comhfhreagartha idir luachanna astaíochtaí CO2 an fhíorúcháin inseirbhíse agus na luachanna arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara, nó aon straitéis a bheith ann lena bhfeabhsaítear feidhmíocht na bhfeithiclí sin go saorga mar thoradh ar fheidhmíocht tástálacha fíorúcháin inseirbhíse, ba cheart astaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí uile lena mbaineann a cheartú, ós rud é go meastar go bhfuil na feithiclí tástála ionadaíoch ar na feithiclí uile lena mbaineann. |
|
(20) |
Chun na neamhréireachtaí a chur san áireamh chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 de mhonaróir a ríomh agus a cheartú, is iomchuí go gcinnfidh an Coimisiún méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2agus na feithiclí lena mbaineann. |
|
(21) |
Ba cheart ceartú ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a chur i bhfeidhm ó thréimhse thuairiscithe 2025 ar aghaidh, ós rud é gurb é sin an chéad tréimhse thuairiscithe a gcuirfear spriocanna maidir le laghdú ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1242. |
|
(22) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Sa Rialachán seo sainítear nósanna imeachta mionsonraithe maidir le fíorú inseirbhíse na bhfeithiclí tromshaothair dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127.
2. Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha mionsonraithe freisin maidir le tuairisciú a dhéanamh ar neamhréireachtaí a aimsítear i luachanna astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse i gcomparáid leis na luachanna a léirítear sna deimhnithe comhréireachta nó sna comhaid faisnéise custaiméara, mar thoradh ar fhíorú inseirbhíse agus chun na neamhréireachtaí sin a chur sna áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha CO2 de chuid na monaróirí a bhfuarthas neamhréireacht i luachanna astaíochtaí CO2 ina leith mar thoradh ar an bhfíorú inseirbhíse.
3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1242.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus in Iarscríbhinní III, VIII, X agus Xa a ghabhann leis an Rialachán sin, agus in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127 ón gCoimisiún.
Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘grúpa nós imeachta um thástáil fíorúcháin (‘NITF’)’ grúpa feithiclí ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna, na haonaid theicniúla ar leithligh agus na córais a liostaítear in Airteagal 12(1), pointí (a) go (f), (h) agus (j), de Rialachán (AE) 2017/2400 i gcoiteann acu; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘tástáil nós imeachta um thástáil fíorúcháin (‘NITF’)’ tástáil a dhéantar i gcomhréir leis an nós imeachta um thástáil fíorúcháin a dhéantar ar fheithicil i mbun seirbhíse i gcomhréir le hIarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘grúpa cúltarraingthe aeir fíoraithe inseirbhíse (‘FIS’)’ grúpa feithiclí, ag a bhfuil luach cúltarraingthe aeir fógartha níos ísle nó cothrom leis ná máthairfheithicil an ghrúpa cúltarraingthe aeir a roghnaíodh chun tástáil cúltarraingthe aeir a dhéanamh, agus a cheadaítear a bheith leis an mháthairfheithicil sin laistigh den ghrúpa cúltarraingthe aeir chéanna mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘tástáil cúltarraingthe aeir’ tástáil luais sheasmhaigh le tomhais casmhóiminte a dhéantar ar fheithicil atá i seirbhís i gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘grúpa DRS’ grúpa feithiclí ar cinneadh luach cúltarraingthe aeir ina leith agus úsáid á baint as an modh ionsamhlaithe dinimice ríomhaireachtúla sreabhán (‘DRS’) céanna, arna fhormheas i gcomhréir le Foscríbhinn 10 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘tástáil cúltarraingthe aeir mhodh DRS’ tástáil chun bailíochtú sonrach an mhodha ionsamhlaithe dinimice ríomhaireachtúla sreabháin (‘DRS’) arna fhormheas i gcomhréir le Foscríbhinn 10 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 a fhíorú; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘grúpa bonn fíorúcháin inseirbhíse (‘FIS’)’ grúpa bonn ina bhfuil, chun críche fíorúcháin inseirbhíse, gach bonn a bhaineann le cineál boinn, mar a shainmhínítear i Roinn 2, pointe 3, d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400, ón monaróir céanna agus ón aicme chéanna éifeachtúlachta breosla, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); |
|
(8) |
ciallaíonn ‘tástáil comhéifeachta friotaíochta rollta bonn (‘CFR’)’ tástáil a dhéantar ar gach bonn i gcomhréir le Roinn 3, pointe 3.2, d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400, i saotharlann tagartha nó i saotharlann iarrthach mar a shainmhínítear i Roinn 1, pointí (1) agus (2), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/740; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘tástáil mhaise’ tástáil chun ‘mais iarbhír cheartaithe na feithicle’ a chinneadh, mar a shainmhínítear i Roinn 2, pointe (4), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400, nó i gcás leantóra, an ‘mais cheartaithe in ord reatha’, mar a shainmhínítear i Roinn 3, Tábla 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘tástáil straitéisí saorga’ tástáil thiomnaithe a dhéantar ar fheithicil inseirbhíse, chun a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil straitéisí saorga i láthair; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2’ go bhfuil astaíochtaí CO2 feithiclí arna gcinneadh i bhfíorú inseirbhíse a dhéantar faoin Rialachán seo, níos airde ná na hastaíochtaí a chinntear, le haghaidh mótarfheithiclí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2400 nó, le haghaidh leantóirí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362, agus a thaifeadtar sa chomhad faisnéise custaiméara, sna deimhnithe comhréireachta nó sna deimhnithe um cheadú aonair a ghabhann leis na mótarfheithiclí nó leis na leantóirí sin, agus meastóireacht staidrimh na dtástálacha i gcomhréir le hIarscríbhinn I á cur san áireamh. |
Airteagal 3
Grúpaí a roghnú
1. Agus feithiclí á roghnú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127, roghnóidh an t-údarás um dheonú ceaduithe feithiclí ó ghrúpaí NITF, ó ghrúpaí cúltarraingthe aeir FIS, ó ghrúpaí DRS agus ó ghrúpaí bonn fíorúcháin inseirbhíse, ar bhonn an riosca go dtarlódh neamhréireacht i luachanna astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí ina bhfuil comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh nó córais nó boinn áirithe de chuid na ngrúpaí sin, arna measúnú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus arna dtuairisciú i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Áiritheoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe freisin nach mbeidh feithiclí ó ghrúpa NITF nó boinn ó ghrúpa bonn FIS á dtástáil ag údarás cineálcheadaithe fíorúcháin eile sa tréimhse thuairiscithe fíorúcháin inseirbhíse chéanna.
2. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún go dtarlódh neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2 dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, cuirfidh sé na heilimintí seo a leanas ar a laghad san áireamh, nuair a bheidh siad ar fáil:
|
(a) |
líon iomlán na bhfeithiclí nua ón ngrúpa NITF, ón ngrúpa cúltarraingthe aeir FIS agus ón ngrúpa bonn FIS a cuireadh ar mhargadh an Aontais; |
|
(b) |
na sonraí ó fheithiclí a bhaineann le grúpaí NITF áirithe, grúpaí cúltarraingthe aeir FIS agus grúpaí bonn FIS ag a bhfuil saintréithe teicniúla comhchosúla ach ag a bhfuil astaíochtaí CO2 níos ísle, sonraí a shainaithnítear trí úsáid a bhaint as na sonraí arna mbailiú de bhun Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1430 ón gCoimisiún (7); |
|
(c) |
fianaise ar neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2 a fuair an Coimisiún, nó a fuarthas ó údarás cineálcheadaithe eile, ó údarás faireachais margaidh, nó ó thríú páirtí a chomhlíonann ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún (8); |
|
(d) |
na torthaí ó na fíorúcháin inseirbhíse roimhe seo, agus go háirithe na torthaí i ndáil le láithreacht straitéisí saorga; |
|
(e) |
faisnéis ábhartha ó thástálacha arna ndéanamh agus arna dtuairisciú don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2021/1430 agus ó thástálacha ar chomhréireacht táirgeachta arna ndéanamh de bhun Roinn 4 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(f) |
fíorshonraí maidir le hídiú breosla. |
3. Gach bliain, faoin 30 Meitheamh, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh liosta de na grúpaí NITF, grúpaí cúltarraingthe aeir FIS, grúpaí DRS agus grúpaí bonn FIS is mó a bhfuil riosca ann ina leith go mbeidh neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil freisin ar an modheolaíocht a úsáideadh don mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, a rinneadh sa tréimhse thuairiscithe lena mbaineann an tuarascáil, agus ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe sin.
Airteagal 4
Cineál agus líon na dtástálacha fíorúcháin inseirbhíse
1. Gach tréimhse thuairiscithe, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe, le haghaidh gach monaróra dár dheonaigh sé ceadúnas chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú, ar a laghad le haghaidh líon na ngrúpaí NITF, na ngrúpaí cúltarraingthe aeir FIS agus na ngrúpaí bonn FIS a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 agus a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, na tástálacha fíoraithe inseirbhíse comhfhreagracha ar na feithiclí aonair agus ar na boinn aonair a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 5.
Ríomhfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe, i gcás gach monaróra, an líon iomlán feithiclí faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400 dá dtagraítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, mar mheán, le linn na dtrí thréimhse tuairiscithe roimh an bhfíorú inseirbhíse, líon iomlán feithiclí an mhonaróra ar cinneadh na hastaíochtaí CO2 agus an t-ídiú breosla ina leith faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400.
Ina theannta sin, i gcás gach monaróra dá bhfuil líon iomlán na bhfeithiclí faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400 cothrom le 5 000 nó níos mó ná sin, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe tástáil mhaise amháin in aghaidh an mhonaróra agus tástáil straitéisí saorga amháin in aghaidh an mhonaróra i ngach tréimhse thuairiscithe.
2. Má shainaithnítear sa mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo grúpaí i gcás monaróir amháin nó níos mó dá bhfuil ‘líon iomlán na bhfeithiclí faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400’ níos ísle ná 5 000, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe na tástálacha comhfhreagracha ar cheann amháin de na monaróirí sin ar a laghad.
3. Ina theannta sin, má shainaithnítear grúpa DRS sa mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 3(1), déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe an tástáil cúltarraingthe aeir mhodh DRS le haghaidh an ghrúpa DRS sin.
4. Maidir le monaróirí leantóirí, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe na tástálacha CFR bonn ar na boinn arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 5 le haghaidh gach tréimhse tuairiscithe, ar a laghad le haghaidh líon na ngrúpaí bonn a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Ríomhfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe, i gcás gach monaróra leantóirí, an ‘líon iomlán leantóirí faoi Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362’ dá dtagraítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, mar mheán, le linn na dtrí thréimhse tuairiscithe roimh an bhfíorú inseirbhíse, líon iomlán leantóirí an mhonaróra leantóirí ar cinneadh na hastaíochtaí CO2 agus an t-ídiú breosla ina leith faoi Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362.
Ina theannta sin, i gcás gach monaróra leantóirí dá bhfuil ‘líon iomlán na leantóirí faoi Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362’ cothrom le 5 000 nó níos mó ná sin, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe tástáil mhaise amháin in aghaidh an mhonaróra leantóirí i ngach tréimhse thuairiscithe.
Má shainaithnítear sa mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 3(1) monaróirí leantóirí dá bhfuil ‘líon iomlán na leantóirí faoi Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362’ níos ísle ná 5 000, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe na tástálacha comhfhreagracha ar cheann amháin de na monaróirí sin ar a laghad.
5. I gcás gach grúpa arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 3, déanfar na tástálacha seo a leanas ar an líon feithiclí agus bonn seo a leanas arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 5:
|
(a) |
Tástálacha NITF: i gcás 1 fheithicil go 5 bhfeithicil ar an uasmhéid; |
|
(b) |
tástálacha cúltarraingthe aeir: i gcás 1 fheithicil go 5 bhfeithicil ar an uasmhéid; |
|
(c) |
tástálacha cúltarraingthe aeir mhodh DRS: le haghaidh 2 fheithicil, i gcás ina gceadaítear an dá fheithicil a bheith ó ghrúpaí cúltarraingthe aeir éagsúla; |
|
(d) |
tástálacha CFR bonn: i gcás 3 bhonn go 10 mbonn ar an uasmhéid. |
Déanfar meastóireacht ar thorthaí na dtástálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (d), i gcomhréir leis an modh a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, agus déanfar meastóireacht ar thorthaí na dtástálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), i gcomhréir leis an modh a dtugtar tuairisc air i bhFoscríbhinn 10 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
6. Sa bhreis ar na tástálacha dá dtagraítear i mír 5, déanfar na tástálacha seo a leanas de bhun mhír 1, an tríú fomhír, le haghaidh gach monaróra don líon feithiclí seo a leanas a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 5:
|
(a) |
tástálacha maise: i gcás 3 fheithicil go 10 bhfeithicil ar an uasmhéid; |
|
(b) |
tástálacha straitéisí saorga: le haghaidh 1 fheithicil ar a laghad. |
Déanfar meastóireacht ar thorthaí na dtástálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), i gcomhréir leis an modh a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn II.
7. Féadfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe cinneadh a dhéanamh torthaí ó thástáil fíorúcháin inseirbhíse arna ndéanamh ag an gCoimisiún, údarás cineálcheadaithe eile, údarás faireachais margaidh nó tríú páirtí a chomhlíonann ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún a chur san áireamh sa mhodh staidrimh ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn I má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
|
(a) |
cuirtear an t-údarás um dheonú ceaduithe ar an eolas faoin tástáil sin atá le teacht chun ceadú don údarás cineálcheadaithe deonúcháin breathnú ar an tástáil; |
|
(b) |
tuairiscítear gach toradh ón tástáil fíorúcháin inseirbhíse sin don údarás um dheonú ceaduithe laistigh de 5 lá ó fheidhmiú gach tástála. |
Airteagal 5
Feithiclí tástála aonair agus boinn aonair a roghnú
1. Roghnóidh an t-údarás um dheonú ceaduithe mótarfheithiclí tástála, ar fearr gan iad a bheith níos sine ná 3 bliana tráth an roghnúcháin, a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:
|
(a) |
tá míleáiste 25 000 km ar a laghad acu; |
|
(b) |
comhlíonann siad na critéir aoise agus míleáiste a leagtar amach in Airteagal 4(2), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009. |
Roghnóidh an t-údarás um dheonú ceaduithe leantóirí lena dtástáil nach sine iad, tráth an roghnúcháin, ná 5 bliana, arna gcomhaireamh ó dháta a gcéad chlárúcháin.
2. Déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe a fhíorú agus a áirithiú go bhfuil na feithiclí tástála i mbail atá ionadaíoch ar fheithicil arna cothabháil agus arna húsáid i gceart, agus go bhfuil na saintréithe acu comhchosúil leis na saintréithe a taifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara, sna deimhnithe comhréireachta nó sna deimhnithe um cheadú aonair, trí úsáid a bhaint as an seicliosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Má rinneadh tástáil le haghaidh comhréireacht táirgeachta ar fheithicil, déanfar an fheithicil a eisiamh ó aon tástáil fíorúcháin inseirbhíse.
3. Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, comhlíonfaidh feithicil a roghnaítear le haghaidh tástáil NITF na ceanglais uile seo a leanas:
|
(a) |
ní feithicil í ar úsáideadh luachanna caighdeánacha le haghaidh an traiseolta agus le haghaidh chaillteanais an acastóra ina leith chun CO2 a dheimhniú dá comhpháirteanna, dá haonaid theicniúla ar leithligh nó dá córais ach amháin mura féidir aon fheithicil eile a aimsiú; |
|
(b) |
beidh sé faoi réir na bhforálacha a leagtar amach i bpointí 3.3 go 3.6 d’Iarscríbhinn II ia ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (9); |
|
(c) |
beidh sé faoi réir na bhforálacha maidir le breosla agus bealaí mar a leagtar amach i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(d) |
ní bheidh modhnuithe déanta air atá ábhartha maidir le torthaí na tástála NITF in aon chéim mhonaraíochta ina dhiaidh sin, modhnuithe nach gceadaíonn cumraíocht an ghléasra cumhachta a athbhunú mar a dhoiciméadaítear sa chomhad faisnéise custaiméara. |
4. Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, comhlíonfaidh feithicil a roghnaítear le haghaidh tástáil cúltarraingthe aeir na ceanglais uile seo a leanas:
|
(a) |
roghnófar í ó ghrúpa cúltarraingthe aeir FIS ar cinneadh luach cúltarraingthe aeir ina leith i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 agus nár baineadh úsáid as luach caighdeánach ina leith; |
|
(b) |
ba cheart í a bheith ina cuid de bhaill intástáilte de ghrúpa cúltarraingthe aeir i gcomhréir le pointe 4.3 d’Fhoscríbhinn 5 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(c) |
ní dhearnadh athruithe ar an gcumraíocht aeraidinimiciúil air nach gceadaíonn an chumraíocht aeraidinimiciúil a athbhunú mar a dhoiciméadaítear sa chomhad faisnéise custaiméara. |
5. I gcás leoraithe dochta a roghnaítear le haghaidh tástáil mhaise, ní roghnófar ach feithiclí gan forstruchtúr.
6. Is boinn nua, a dhíoltar sa mhargadh agus a bhfuil deimhniú acu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400, a bheidh sna boinn a roghnófar le haghaidh tástáil comhéifeachta friotaíochta rollta bonn.
7. I gcás nach féidir leis an údarás um dheonú ceaduithe an líon feithiclí is gá a aimsiú i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 5, pointí (a) agus (b), de bharr na bhforálacha i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, cuirfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe an nós imeachta um tástáil fíorúcháin FIS i gcrích laistigh den chéad tréimhse tuairiscithe FIS eile. Mura féidir leis an líon feithiclí is gá a aimsiú fós laistigh den chéad tréimhse tuairiscithe FIS eile, dúnfar an nós imeachta um staidreamh mar stádas ‘gan a bheith críochnaithe’ agus roghnóidh sé grúpa eile i gcomhréir le hAirteagal 3.
Airteagal 6
Dálaí tástála le haghaidh tástálacha NITF
1. Cinnfear an cóimheas idir astaíochtaí CO2 a thomhaistear agus a ionsamhlaítear sa NITF (‘cóimheas CNITF’) i gcomhréir leis an NITF a leagtar amach i Roinn 6 d’Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 sa leagan atá i bhfeidhm tráth dheimhniúchán na bhfeithiclí arna dtástáil.
2. Áiritheoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe go gcomhlíonfaidh an trealamh tomhais ceanglais Roinn 5 d’Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
Airteagal 7
Toradh na tástála NITF d’fheithicil tástála aonair
1. Maidir le gach feithicil tástála aonair a bhfuil tástáil NITF á déanamh uirthi, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe an cóimheas CNITF ina leith i gcomhréir le Roinn 7 d’Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
2. Le haghaidh gach feithicle tástála aonair, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe, roimh an NITF agus ina dhiaidh, na luachanna a bhaineann leis an méadar ídithe breosla ar bord agus leis an odaiméadar dá bhforáiltear in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 a léamh amach ón bhfeithicil agus cuirfidh sé san áireamh sa tuarascáil tástála iad.
Airteagal 8
Meastóireacht staidrimh ar thorthaí tástála NITF, méid na neamhréireachta a ríomh agus imscrúdú a dhéanamh air
1. Déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe meastóireacht ar thorthaí na tástála NITF ó fheithiclí tástála aonair a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 7 lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2 den ghrúpa NITF a bhfuil tástálacha NITF á ndéanamh orthu, trí úsáid a bhaint as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Má theipeann ar an ngrúpa NITF sa mheastóireacht staidrimh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 a chinneadh mar a leanas: Neamhréireacht = (meánchóimheas – 1) * CO2 tag [g/tkm], i gcás:
|
|
(b) |
tús a chur le himscrúdú chun cúis na mainneachtana sin a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/2400. Comhoibreoidh údaráis chineálcheadaithe eile a bhféadfadh baint a bheith acu le deimhniú na comhpháirte de réir mar is gá don imscrúdú. |
Airteagal 9
Dálaí tástála le haghaidh tástálacha cúltarraingthe aeir
1. Cinnfear na saintréithe cúltarraingthe aeir i gcomhréir leis an nós imeachta tástála luais sheasmhaigh a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 sa leagan is déanaí atá i bhfeidhm.
2. Áiritheoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe go mbeidh na ceanglais maidir leis an raon tástála, na ceanglais maidir le dálaí comhthimpeallacha, suiteáil na feithicle agus an trealamh tomhais i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 3.1 go 3.4 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 sa leagan is déanaí atá i bhfeidhm. Féadfaidh monaróirí boinn a sholáthar don údarás chineálcheadaithe deonaithe le haghaidh tástálacha cúltarraingthe aeir.
Airteagal 10
Toradh na tástála cúltarraingthe aeir d’fheithicil tástála aonair
1. I gcás gach feithicle tástála aonair a bhfuil tástáil cúltarraingthe aeir á déanamh uirthi, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe toradh na comhéifeachta cúltarraingthe de réir limistéar trasghearrthach le haghaidh dálaí nialais trasghaoithe (‘luach cúltarraingthe aeir (CdA)’) ó na tomhais le linn na tástála luais sheasmhaigh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, agus úsáid á baint as leagan na huirlise cúltarraingthe aeir réamhphróiseála den mháthair-chúltarraingt aeir i gcomhréir le Ceangaltán 1 d’Fhoscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
2. Maidir le gach feithicil aonair a bhfuil tástáil cúltarraingthe aeir á déanamh uirthi, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe toradh na tástála cúltarraingthe aeir (‘CdAcóimheas’) mar chóimheas an luacha cúltarraingthe aeir arna chinneadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo (‘CdAfíorú inseirbhíse’), leis an luach fógartha cúltarraingthe aeir maidir leis an bhfeithicil sin (‘CdAfógartha’) arna thaifeadadh in iontráil 1.8.4.de chomhad thaifid an mhonaróra, i gcomhréir le Roinn 3, Cuid I, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
Airteagal 11
Meastóireacht staidrimh ar thorthaí na tástála cúltarraingthe aeir agus méid na neamhréireachta a ríomh
1. Déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe meastóireacht ar thorthaí na tástála cúltarraingthe aeir ó fheithiclí tástála aonair a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 10 lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2 den ghrúpa cúltarraingthe aeir FIS a bhfuil tástálacha cúltarraingthe aeir á ndéanamh orthu, trí úsáid a bhaint as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
2. I gcás ina dteipeann ar ghrúpa cúltarraingthe aeir FIS sa mheastóireacht staidrimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe méid na neamhréireachta cúltarraingthe aeir mar an meánluach le haghaidh CdAcóimheas (meánchóimheas) mar a shainítear in Iarscríbhinn II le haghaidh na dtorthaí tástála cúltarraingthe aeir.
Airteagal 12
Dálaí tástála le haghaidh tástálacha CFR bonn
1. Cinnfear CFR bonn i gcomhréir leis an nós imeachta um thomhais CFR bonn a leagtar síos i bpointe 3.2 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400, sa leagan atá i bhfeidhm tráth a deimhníodh na boinn tástála.
2. Áiritheoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe go ndéanfar na boinn a thástáil i saotharlann tagartha nó i saotharlann iarrthach mar a shainmhínítear i Roinn 1, pointí (1) agus (2), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/740.
Airteagal 13
Toradh na tástála CFR bonn do bhonn tástála aonair
Maidir le gach bonn tástála aonair a bhfuil tástáil CFR bonn á dhéanamh air, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe toradh na tástála CFR bonn (‘CFR bonncóimheas’) mar chóimheas an luacha CFR bonn arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12(‘CFR bonnfíorú inseirbhíse’) den Rialachán seo i leith an luacha fhógartha CFR bonn de chuid an bhoinn sin (‘CFR bonnfógartha’) arna thaifeadadh i bpointe 7.1 de dheimhniú na n-astaíochtaí CO2 agus na saintréithe ídithe breosla gaolmhara, i gcomhréir le Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
Airteagal 14
Meastóireacht staidrimh ar thorthaí na tástála CFR bonn agus méid na neamhréireachta a ríomh
1. Déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe meastóireacht ar thorthaí na tástála CFR bonn ó bhoinn tástála aonair a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 13 lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2 den ghrúpa bonn FIS a bhfuil tástálacha CFR bonn á ndéanamh orthu, trí úsáid a bhaint as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
2. I gcás ina dteipeann ar ghrúpa bonn FIS sa mheastóireacht staidrimh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe méid na neamhréireachta CFR bonn mar an meánluach le haghaidh CFR bonncóimheas (meánchóimheas) mar a shainítear in Iarscríbhinn II le haghaidh toradh na tástála CFR bonn.
Airteagal 15
Dálaí tástála le haghaidh tástálacha maise
1. I gcás mótarfheithicle, is éard a bheidh sa tástáil mhaise ‘mais iarbhír cheartaithe na feithicle’ a chinneadh trí fheithicil tástála a mheá agus na ceartúcháin dá bhforáiltear i Roinn 2, pointe (4), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 a chur i bhfeidhm, nó, i gcás leantóra, a ‘mhais cheartaithe i riocht feidhmithe an leantóra’ a chinneadh trí fheithicil tástála a mheá agus na ceartúcháin dá bhforáiltear i Roinn 3, Tábla 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 a chur i bhfeidhm.
2. Áiritheoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe go gcomhlíonfaidh an uirlis mheáite na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).
3. Déanfar aon chuid bhreise nach gcuirfear san áireamh i gcomhair na gceartúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaint nó déanfar a mais a laghdú ón mais a chinnfear i gcomhréir le mír 1.
4. Mura bhfuil an trealamh caighdeánach uile suiteáilte, cuirfear mais chomhfhreagrach na n-eilimintí tógála atá ar iarraidh dá dtagraítear i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 leis mar a thugtar tuairisc air i bpointe 4.3 den Iarscríbhinn sin.
Airteagal 16
Toradh na tástála maise d’fheithicil tástála aonair
1. Maidir le gach feithicil tástála aonair a bhfuil tástáil mhaise á déanamh uirthi, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe toradh na tástála maise (maiscóimheas) mar chóimheas ‘mais iarbhír cheartaithe na feithicle’, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo (maisfíorú inseirbhíse), leis an ‘mais iarbhír cheartaithe’ de chuid na feithicle sin (maisfhógartha) arna thaifeadadh in iontráil 1.1.8.den chomhad faisnéise custaiméara i gcomhréir le Roinn 3, cuid II, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
2. I gcás leantóra, maidir le gach feithicil tástála aonair a bhfuil tástáil mhaise á déanamh uirthi, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe toradh na tástála maise (maischóimheas) mar chóimheas idir ‘mais cheartaithe i riocht feidhmithe an leantóra’, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo (maisfíorú inseirbhíse), agus ‘mais cheartaithe i riocht feidhmithe’ an leantóra sin (mais dearbhaithe) arna thaifeadadh in iontráil 1.1.10 den chomhad faisnéise custaiméara i gcomhréir le cuid II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Cur Chun Feidhme 2022/1362.
Airteagal 17
Meastóireacht staidrimh ar thorthaí na tástála maise agus méid na neamhréireachta a ríomh
1. Déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe meastóireacht ar thorthaí na tástála maise ó fheithiclí tástála aonair a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 16 lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2 d’fheithiclí uile an mhonaróra sin, trí úsáid a bhaint as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
2. I gcás ina dteipeann ar mhonaróir feithicle sa mheastóireacht staidrimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe méid na neamhréireachta maise mar an meánluach le haghaidh cóimheas maise (meánchóimheas) mar a shainítear in Iarscríbhinn II le haghaidh thoradh na tástála maise.
Airteagal 18
Dálaí tástála le haghaidh tástálacha straitéisí saorga
Fíoróidh an t-údarás um dheonú ceaduithe láithreacht straitéisí saorga san fheithicil tástála a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo trí bhíthin na dtástálacha seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
tástáil NITF; |
|
(b) |
tástáil NITF leis na dálaí tástála a leagtar amach lasmuigh de na teorainneacha in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400, nó aon tástáil eile nach n-eascraíonn athrú mór i bhfreagairt fhisiceach na feithicle ná aon cheann dá fochórais as na dálaí tástála. |
Airteagal 19
Meastóireacht ar thorthaí na tástála straitéisí saorga agus méid na neamhréireachta a ríomh
1. Déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe meastóireacht ar thorthaí na dtástálacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh straitéisí saorga san fheithicil tástála, trí chomparáid a dhéanamh idir an Ccóimheas NITF, a chinntear i gcomhréir le pointe 7.2.2. d’Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400, agus a fuarthas sa tástáil dá dtagraítear in Airteagal 18, pointe (b), den Rialachán seo, agus an cóimheas NITF a fuarthas sa tástáil dá dtagraítear in Airteagal 18, pointe (a), den Rialachán seo. Thairis sin, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe meastóireacht ar aon tástáil ábhartha eile a dhéantar ar an bhfeithicil lena mbaineann.
2. Tabharfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe tuairisc sa tuarascáil tástála ar na critéir a úsáideadh don mheastóireacht a rinneadh i gcomhréir le mír 1. Chun na críche sin, tuigfear gurb é atá i straitéisí saorga aon bhogearra, loighic rialaithe, crua-earraí nó comhpháirt atá ar bord nó a bhaineann leis an bhfeithicil, lena laghdaítear luachanna astaíochtaí CO2 nó ídithe breosla na feithicle sna tástálacha a dhéantar chun astaíochtaí CO2 a dheimhniú, ach nach n-oibríonn go comhsheasmhach nuair atá an fheithicil i seirbhís, agus an difríocht idir na dálaí tástála sin agus na dálaí inseirbhíse á cur san áireamh, mura rud é go n-eascraíonn an oibríocht neamhréireach sin as ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais nó go bhfuil údar leis mar gheall ar an ngá atá ann an fheithicil a chosaint ar dhamáiste láithreach nó oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú.
3. Más rud é, ar bhonn na meastóireachta arna déanamh de réir mhír 1, go measann an t-údarás um dheonú ceaduithe gurb ard é an riosca go bhfuil straitéisí saorga i láthair san fheithicil tástála, sonróidh agus déanfaidh sé clár tástála sonrach i dteannta na dtástálacha arna ndéanamh de réir Airteagal 18, chun láithreacht nó easnamh straitéise saorga a shainaithint. Arna iarraidh sin don údarás chineálcheadaithe deonaithe, soláthróidh an monaróir gach cód bogearraí gaolmhar ábhartha chun a shainaithint an ann nó nach ann do straitéis shaorga.
4. Más léir don údarás um dheonú ceaduithe go bhfuil straitéisí saorga i láthair, cinnfidh sé na feithiclí lena mbaineann agus méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 trí chomparáid a dhéanamh idir an luach astaíochtaí CO2 in éineacht le straitéisí saorga agus dá n-uireasa. Murar féidir méid na neamhréireachta sin a chinneadh bunaithe ar na tástálacha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18 agus, más infheidhme, mír 3 den Airteagal seo, is éard a bheidh i méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 10 % de luach astaíochtaí CO2 na n-astaíochtaí tagartha CO2 de chuid an fhoghrúpa feithicle.
Airteagal 20
Tuarascáil tástála
1. Áireoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe sna tuarascálacha tástála dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127 an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad le haghaidh gach grúpa arna thástáil:
|
(a) |
an cineál tástálacha a dhéantar; |
|
(b) |
an seicliosta feithicle; |
|
(c) |
na dálaí tástála; |
|
(d) |
na torthaí tástála ar gach ceann de na feithiclí nó na boinn tástála aonair; |
|
(e) |
an mheastóireacht staidrimh ar na torthaí tástála; |
|
(f) |
más infheidhme, méid na neamhréireachta a ríomh; |
|
(g) |
i gcás tástála ar straitéisí saorga: na critéir a úsáidtear le meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na tástála. |
2. Laistigh de 20 lá oibre ó chríochnú na dtástálacha, cuirfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe an tuarascáil tástála ar fáil do mhonaróir na bhfeithiclí nó na mbonn lena mbaineann agus uaslódálfaidh sé í i bhformáid chriptithe chuig freastalaí tiomnaithe de chuid an Choimisiúin, mar aon leis na sonraí seo a leanas i ndáil le gach ceann de na feithiclí tástála aonair nó de na boinn tástála aonair:
|
(a) |
maidir le gach tástáil NITF a dhéantar, na sonraí a shonraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
maidir le gach tástáil cúltarraingthe aeir a dhéantar, na sonraí a shonraítear i bpointe (2) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
maidir le gach tástáil cúltarraingthe aeir mhodh DRS a dhéantar, na sonraí agus na ríomhanna a shonraítear i bhFoscríbhinn 10 a ghabhann le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
|
(d) |
maidir le gach tástáil comhéifeachta friotaíochta rollta bonn a dhéantar, na sonraí a shonraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(e) |
maidir le gach tástáil mhaise a dhéantar, na sonraí a shonraítear i bpointe (4) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Ní fhoilseofar na sonraí agus na paraiméadair a shonraítear i bpointí (a) go (e).
I gcás inar uaslódáladh na sonraí uile i gceart le haghaidh gach feithicle nó boinn de ghrúpa a ndearnadh tástáil uirthi, seolfar admháil ó fhreastalaí an Choimisiúin chuig an eintiteas uaslódála.
Airteagal 21
Conclúidí an údaráis chineálcheadaithe deonaithe
1. Má léirítear le torthaí an fhíorúcháin inseirbhíse nach bhfuil aon neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2, tiocfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe ar an gconclúid nach bhfuil easpa comhfhreagartha ann idir luachanna astaíochtaí CO2 an fhíorúcháin inseirbhíse agus na luachanna arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara agus cuirfidh sé an chonclúid sin sa tuarascálacha tástála.
2. Má léirítear le torthaí an fhíorúcháin inseirbhíse go bhfuil neamhréireacht sna luachanna astaíochtaí CO2, féadfaidh an monaróir cur in aghaidh na dtorthaí laistigh de 20 lá oibre tar éis dó tuarascáil na tástála a fháil, trí fhianaise a chur ar fáil ina léirítear an chomhfhreagairt idir luachanna astaíochtaí CO2 an fhíorúcháin inseirbhíse agus na luachanna arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara. Féadfaidh an monaróir síneadh 20 lá oibre a iarraidh chun an fhianaise sin a sholáthar.
In éagmais freagartha, measfar gur ghlac an monaróir le torthaí an fhíorúcháin inseirbhíse.
3. Agus an fhianaise a chuireann an monaróir ar fáil de bhun mhír 2 á cur san áireamh, déanfaidh an t-údarás um dheonú ceaduithe conclúid ar cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh easpa comhfhreagartha san fhíorú inseirbhíse idir luachanna astaíochtaí CO2 an fhíorúcháin inseirbhíse agus na luachanna arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara, nó ar cé acu atá nó nach bhfuil straitéisí saorga ann.
Tarchuirfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe a chonclúid chuig an monaróir lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún 40 lá oibre ar a dhéanaí, nó i gcás síneadh i gcomhréir le mír 2, 80 lá oibre ar a dhéanaí, tar éis dó an tuarascáil tástála a sheoladh chuig an monaróir faoi mhír 2.
4. Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, san áireamh i gconclúid an údaráis chineálcheadaithe deonaithe dá dtagraítear i mír 3:
|
(a) |
i gcás ina gcinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe nach bhfuil aon easpa comhfhreagartha idir luachanna astaíochtaí CO2 an fhíorúcháin inseirbhíse agus na luachanna a taifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara, nó nach féidir leis a shuíomh go bhfuil straitéisí saorga ann:
|
|
(b) |
i gcás ina suífidh an t-údarás um dheonú ceaduithe go bhfuil easpa comhfhreagartha idir luachanna astaíochtaí CO2 an fhíorúcháin inseirbhíse agus na luachanna a taifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara, nó go bhfuil straitéisí saorga ann:
|
5. Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain féilire, foilseoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe forbhreathnú ar na fíorúcháin inseirbhíse a rinneadh sa tréimhse thuairiscithe roimhe sin agus ar a chonclúidí arna n-eisiúint sa tréimhse thuairiscithe sin, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, agus an fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn V á húsáid. Le haghaidh tástálacha fíorúcháin inseirbhíse nach ndéantar aon chonclúid a shuí ina leith roimh fhoilsiú an fhorbhreathnaithe, áireofar an chonclúid sa chéad fhorbhreathnú bliantúil eile.
Airteagal 22
Méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 agus na feithiclí lena mbaineann a chinneadh
I gcás inar eisigh an t-údarás um dheonú ceaduithe conclúid dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b), cinnfidh an Coimisiún méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 agus gach feithicil lena mbaineann, mar a leanas:
|
(a) |
maidir le grúpa NITF, tá méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 cothrom le méid na neamhréireachtaí arna mbunú ag an údarás um dheonú ceaduithe agus dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b)(ii) den Rialachán seo. Is feithiclí den ghrúpa NITF na feithiclí uile lena mbaineann a bhfuil an teaglaim chéanna innill agus traiseolta acu. Má chinntear leis an imscrúdú faoi Airteagal 8(2)(b) gur comhpháirt a liostaítear in Airteagal 12(1), pointí (a) go (f), (h) agus (j), de Rialachán (AE) 2017/2400 is cúis leis an mainneachtain dá dtagraítear san fhoráil sin, is feithiclí a bhfuil an chomhpháirt sin iontu iad na feithiclí uile lena mbaineann; |
|
(b) |
maidir le grúpa cúltarraingthe aeir FIS, cinnfidh an Coimisiún méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 le haghaidh gach foghrúpa feithiclí den ghrúpa cúltarraingthe aeir FIS sin, bunaithe ar an tsamhail tagartha san uirlis ionsamhlúcháin a dhéanamh arís leis an luach fógartha agus leis an luach ceartaithe le haghaidh na cúltarraingthe aeir. Is é an luach ceartaithe do chúltharraingt aeir CdAfógartha arna iolrú faoi mhéid na neamhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b)(ii). Is feithiclí den ghrúpa cúltarraingthe aeir FIS lena mbaineann na feithiclí uile lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b)(i), agus na feithiclí uile ar aistríodh an luach cúltarraingthe aeir ó ghrúpa cúltarraingthe aeir de chuid an ghrúpa cúltarraingthe aeir FIS sin ina leith; |
|
(c) |
maidir le grúpa DRS, cinnfidh an Coimisiún méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 le haghaidh gach foghrúpa feithiclí agus le haghaidh gach grúpa cúltarraingthe aeir den ghrúpa DRS sin, bunaithe ar an tsamhail tagartha san uirlis ionsamhlúcháin a dhéanamh arís leis an luach fógartha agus leis an luach ceartaithe le haghaidh na cúltarraingthe aeir. Tá an luach ceartaithe le haghaidh cúltarraingt aeir cothrom le luach cúltarraingthe aeir mháthairfheithicil (an cás is measa) gach grúpa cúltarraingthe aeir, nó i gcás ina gcinntear an luach sin le hionsamhlú DRS, an luach réamhshocraithe le haghaidh an ghrúpa cúltarraingthe aeir sin, lúide an luach cúltarraingthe aeir fógartha le haghaidh gach feithicle lena mbaineann. Is feithiclí den ghrúpa DRS sin na feithiclí lena mbaineann, agus na feithiclí uile ar aistríodh an luach cúltarraingthe aeir ón ngrúpa cúltarraingthe aeir den ghrúpa DRS sin ina leith; |
|
(d) |
maidir le grúpa bonn FIS, cinnfidh an Coimisiún méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 le haghaidh gach foghrúpa feithiclí den ghrúpa bonn FIS sin, bunaithe ar an tsamhail tagartha san uirlis ionsamhlúcháin a dhéanamh arís leis an luach fógartha agus leis an luach ceartaithe le haghaidh na comhéifeachta friotaíochta rollta. Is é an luach ceartaithe don CFR RRCfógartha arna iolrú le méid na neamhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b)(ii). Na feithiclí lena mbaineann, is feithiclí uile iad a cláraíodh tar éis an 1 Iúil 2025 a úsáideann boinn ón ngrúpa bonn FIS lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b)(i); |
|
(e) |
Maidir le tástáil mhaise, cinnfidh an Coimisiún méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2, bunaithe ar an tsamhail mheánfhlít a dhéanamh arís san uirlis ionsamhlúcháin leis an luach fógartha agus leis an luach ceartaithe le haghaidh maise, le haghaidh gach foghrúpa feithiclí de chuid an mhonaróra sin. Is é an luach ceartaithe don mhais maisfhógartha arna iolrú le méid na neamhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b)(ii). Is feithiclí de chuid an mhonaróra iad na feithiclí uile lena mbaineann; |
|
(f) |
I gcás inarb ann do straitéis shaorga de réir na conclúide dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b), tá méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 cothrom le méid na neamhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b)(ii). Déanfar na feithiclí lena mbaineann a chinneadh bunaithe ar an gconclúid dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b). |
Airteagal 23
Ríomh agus ceartúchán ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 de chuid monaróra
1. I gcás inar eisigh an t-údarás um dheonú ceaduithe conclúid dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (b), den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana inar eisíodh an chonclúid agus le haghaidh na dtréimhsí tuairiscithe ina dhiaidh sin, méid na neamhréireachta i luachanna astaíochtaí CO2 a chur i bhfeidhm ar na feithiclí lena mbaineann, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 22, chun meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242.
2. Cuirfidh an Coimisiún méid na neamhréireachta sna luachanna astaíochtaí CO2 i bhfeidhm freisin maidir leis na feithiclí lena mbaineann mar a chinntear i gcomhréir le Airteagal 22 chun meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra a cheartú le haghaidh na 10 dtréimhse thuairiscithe roimh an tréimhse thuairiscithe don bhliain inar eisíodh an chonclúid, ach tráth nach luaithe ná tréimhse thuairiscithe 2025.
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/595/oj).
(3) Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2400/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na treoirphrionsabail agus na treoirchritéir a leagan amach lena sainítear na nósanna imeachta chun fíorú a dhéanamh ar luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla feithiclí tromshaothair inseirbhíse (fíorú inseirbhíse) (IO L, 2024/1127, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1127/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir leis an tionchar atá acu ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (IO L 205, 5.8.2022, lch. 145, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1362/oj).
(6) Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009, IO L 177, 5.6.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/740/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1430 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na sonraí a shonrú a bheidh le tuairisciú ag na Ballstáit chun críocha na hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair a fhíorú (IO L 309, 2.9.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1430/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais fheidhmiúla maidir le faireachas margaidh ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh (IO L 27, 8.2.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/163/oj).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/582/oj).
(10) Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/31/oj).
IARSCRÍBHINN I
LÍON ÍOSTA NA nGRÚPAÍ A ROGHNAÍTEAR
1.
Maidir le monaróirí feithiclí:Tábla 1
líon na ngrúpaí, a ndéanfar na tástálacha comhfhreagracha fíorúcháin inseirbhíse ar na feithiclí aonair agus ar na boinn aonair orthu
|
Líon iomlán na bhfeithiclí faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400 |
Líon na ngrúpaí NITF (tástáil NITF) |
Líon na ngrúpaí cúltarraingthe aeir (tástáil cúltarraingthe aeir) |
Líon na ngrúpaí bonn FIS (tástáil CFR bonn) |
|
5 000 go 20 000 |
1 |
1 |
1 |
|
20 001 go 40 000 |
1 |
1 |
2 |
|
Os cionn 40 000 |
2 |
2 |
3 |
2.
Maidir le monaróirí leantóirí:Tábla 2
Líon na ngrúpaí bonn FIS, a ndéanfar na tástálacha comhfhreagracha fíorúcháin inseirbhíse ar na boinn aonair orthu
|
Líon iomlán na leantóirí faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/1362 |
Líon na ngrúpaí bonn FIS (tástáil CFR bonn) |
|
Suas le 10 000 |
1 |
|
Os cionn 10 000 |
2 |
IARSCRÍBHINN II
MEASTÓIREACHT STAIDRIMH AR NA TÁSTÁLACHA
1. Túsphointe
Is iad na luachanna seo a leanas, arna ríomh le haghaidh an lín íosta feithiclí tástála aonair nó bonn aonair, túsphointe na meastóireachta staidrimh ar thorthaí na tástála:
|
(1) |
Maidir le tástálacha NITF,, an luach ‘Ccóimheas NITF’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7, le haghaidh N = 1; |
|
(2) |
Maidir le tástálacha cúltarraingthe aeir, an luach ‘CdAcóimheas’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10(2), le haghaidh N = 1; |
|
(3) |
Maidir le tástálacha CFR bonn,, an luach ‘CFRcóimheas’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13, le haghaidh N = 3; |
|
(4) |
Maidir le tástálacha maise, an luach ‘maisecóimheas’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16, le haghaidh N = 3. |
Cinnfidh an t-údarás um dheonú ceaduithe an bhfuil gá le feithiclí breise nó boinn bhreise a thástáil trí na critéir a leagtar amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm.
2. Paraiméadair staidrimh
Maidir leis an líon iomlán feithiclí nó bonn arna dtástáil (N), déanfar an meán (Xtástálacha) agus neamhréireachtaí caighdeánacha (s) na dtorthaí tástála a chinneadh trí na foirmlí seo a leanas a chur i bhfeidhm:
agus
i gcás inarb é:
|
|
x i an cóimheas arna ríomh le haghaidh na feithicle tástála aonair nó an bhoinn aonair i:
|
3. Meastóireacht
Tar éis gach feithicle breise nó gach boinn breise a thástáil, déanfar luach Xtástálacha a mheasúnú mar a leagtar amach thíos chun teacht ar cheann de na conclúidí seo a leanas maidir leis an ngrúpa feithiclí nó bonn lena mbaineann:
|
(1) |
Tabhair pas don ghrúpa má tá:
|
|
(2) |
Tabhair teip don ghrúpa má tá:
|
|
(3) |
Déan tástáil ar fheithicil bhreise nó ar bhonn breise má tá:
i gcás:
|
gurb é A 1,03 le haghaidh torthaí tástálacha NITF;
gur le haghaidh torthaí tástála cúltarraingthe aeir é A
i gcás
|
|
inarb é N x líon na bhfeithiclí arna dtástáil le dáta an chéad chlárúcháin ón 1 Iúil 2027 ar aghaidh; |
|
|
inarb é N y líon na bhfeithiclí arna dtástáil le dáta an chéad chlárúcháin roimh an 1 Iúil 2027; |
inarb é A 1,03 le haghaidh torthaí tástála comhéifeachta friotaíochta rollta bonn;
inarb é A
i gcás
|
|
inarb é N x líon na bhfeithiclí arna dtástáil le dáta an chéad chlárúcháin ón 1 Iúil 2027 ar aghaidh; |
|
|
inarb é N y líon na bhfeithiclí arna dtástáil le dáta an chéad chlárúcháin roimh an 1 Iúil 2027. Tábla 1 Luachanna le haghaidh cheangal P agus cheangal F le haghaidh thorthaí tástála NITF agus cúltarraingthe aeir
Tábla 2 Luachanna le haghaidh cheangal P agus cheangal F le haghaidh torthaí tástála comhéifeachta friotaíochta rollta bonn agus maise
|
4. Méid na neamhréireachta a ríomh
Chun méid na neamhréireachta a ríomh, déantar an meánchóimheas a shainiú mar Xtástálacha maidir leis an líon iomlán feithiclí a tástáladh, tar éis theip an ghrúpa feithiclí nó bonn i gcomhréir le pointe 3(2) den Iarscríbhinn seo:
meánchóimheas = X tástálacha
IARSCRÍBHINN III
SEICLIOSTA LE HAGHAIDH FEITHICLÍ A ROGHNÓFAÍ LE HAGHAIDH TÁSTÁLACHA FÍORÚCHÁIN INSEIRBHÍSE
1. Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
Ciallaíonn ‘critéir eisiaimh’, má chomhlíontar an coinníoll ar a dtugtar tuairisc (tá ‘tá/is é’ mar fhreagra ar an gceist), nach féidir an fheithicil a roghnú le haghaidh tástálacha fíorúcháin inseirbhíse. |
|
(2) |
Ciallaíonn ‘rúnda’ go gcoinneoidh an t-údarás um dheonú ceaduithe an fhaisnéis sin de réir mar is iomchuí, ach nach n-áireofar í sa tuarascáil tástála a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. |
(2) Saintréithe na Feithicle
|
2.1. |
Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh agus a áireamh sa tuarascáil tástála:
|
|
2.2. |
Seiceálfar na critéir eisiaimh seo a leanas:
|
(3) Agallamh le hÚinéir/Úsáideoir na Feithicle
(Ní bheidh aon eolas ag an úinéir ar impleachtaí na bhfreagraí)
|
3.1. |
Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh:
|
|
3.2. |
Seiceálfar na critéir eisiaimh seo a leanas:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Scrúdú ar an bhFeithicil
|
4.1. |
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil tástála:
|
|||||||||||||||||||||
|
4.2. |
Seiceálfar na critéir eisiaimh seo a leanas:
|
|
4.3. |
Mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, féadfar an fheithicil a roghnú fós ar choinníoll go nglacfar gníomhaíocht iomchuí sula ndéanfar tástálacha fíorúcháin inseirbhíse:
|
(1) Beidh gach córas mar chuid de Dhiagnóis DAB agus beidh ‘Logaí earráidí/Faisnéis arna brath agus arna diagnóisiú’ mar chuid den tuarascáil tástála.
IARSCRÍBHINN IV
SONRAÍ MAIDIR LEIS AN TÁSTÁIL FÍORÚCHÁIN INSEIRBHÍSE ATÁ LE TUAIRISCIÚ
1. Sonraí maidir leis an tástáil fíorúcháin inseirbhíse atá le tuairisciú le haghaidh tástáil NITF
Is éard atá sna sonraí atá le tuairisciú sonraí maidir leis na tuarascálacha tástála dá dtagraítear in Airteagal 20(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún.
Ina theannta sin, déanfar na sonraí seo a leanas a thuairisciú:
|
Uimh. |
Paraiméadair |
Aonad |
Foinse |
Nótaí |
|
1 |
An t-údarás um dheonú ceaduithe atá freagrach as na tástálacha fíorúcháin inseirbhíse |
— |
— |
|
|
2 |
Uimhir feithicle |
— |
— |
Seicheamh feithiclí (1, 2, 3,…10) sa mheastóireacht staidrimh |
|
3 |
An líon iomlán feithiclí arna dtástáil |
— |
— |
An líon iomlán feithiclí a áirítear sa mheastóireacht staidrimh ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn I |
|
4 |
Cinneadh maidir le pas/teip |
— |
— |
Pas nó Teip maidir leis an tástáil |
(2) Sonraí maidir leis an tástáil fíorúcháin inseirbhíse atá le tuairisciú le haghaidh tástáil cúltarraingthe aeir
Is iad na sonraí atá le tuairisciú na sonraí a shonraítear i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
Ina theannta sin, déanfar na sonraí seo a leanas a thuairisciú:
|
Uimh. |
Paraiméadair |
Aonad |
Foinse |
Nótaí |
|
1 |
An t-údarás um dheonú ceaduithe atá freagrach as na tástálacha fíorúcháin inseirbhíse |
— |
— |
|
|
2 |
Uimhir feithicle |
— |
— |
Seicheamh feithiclí (1, 2, 3,…10) sa mheastóireacht staidrimh |
|
3 |
An líon iomlán feithiclí arna dtástáil |
— |
— |
An líon iomlán feithiclí a áirítear sa mheastóireacht staidrimh ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn I |
|
4 |
Uimhir aitheantais feithicle |
— |
— |
Uimhir aitheantais feithicle na feithicle a roghnaíodh |
|
5 |
Léamh odaiméadair ag tús na dtástálacha FIS |
km |
|
|
|
6 |
Rian tástála ar a ndearnadh tástálacha |
- |
|
|
|
7 |
Mais iomlán na feithicle le linn tomhais |
kg |
— |
Mais iarbhír na feithicle le linn tomhais |
|
8 |
Airde iomlán na feithicle le linn tomhais |
m |
— |
|
|
9 |
Meánteocht chomhthimpeallach le linn na chéad tástála íseal-luais |
°C |
— |
|
|
10 |
Meánluas feithicle le linn tástálacha ardluais |
km/u |
— |
|
|
11 |
Táirge na comhéifeachta cúltarraingthe (Cd) de réir achair thrasghearrtha (Acr) le haghaidh dálaí trasghaoithe nialais CdAcr(0) |
m2 |
— |
|
|
12 |
Táirge na comhéifeachta cúltarraingthe (Cd) de réir achair thrasghearrtha (Acr) le haghaidh meándálaí trasghaoithe le linn tástáil luais sheasmhaigh CdAcr(β) |
m2 |
— |
|
|
13 |
Meánuillinn luascála le linn tástáil luais sheasmhaigh β |
° |
— |
|
|
14 |
Uimhir leagain na huirlise réamhphróiseála cúltarraingthe aeir |
- |
— |
|
|
15 |
Toradh na tástála cúltarraingthe aeir (CdAcóimheas) |
- |
— |
Mar a shainmhínítear in Airteagal 10 |
|
16 |
Hais chripteagrafach chomhad taifead an mhonaróra |
|
— |
|
|
17 |
Fógartha CdA |
m2 |
— |
Luach fógartha maidir le grúpa cúltarraingthe aeir |
|
18 |
Cinneadh maidir le pas/teip |
- |
— |
Pas nó teip maidir leis an tástáil |
Thairis sin, maidir le tástáil cúltarraingthe aeir mhodh DRS, déanfar na sonraí agus na ríomhanna a shonraítear i bpointe 2 d’Fhoscríbhinn 10 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 a thuairisciú.
(3) Sonraí maidir leis an tástáil fíorúcháin inseirbhíse atá le tuairisciú le haghaidh tástáil CFR bonn
Is iad na sonraí atá le tuairisciú na sonraí a shonraítear i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400.
Ina theannta sin, déanfar na sonraí seo a leanas a thuairisciú:
|
Uimh. |
Paraiméadair |
Aonad |
Foinse |
Nótaí |
|
1 |
An t-údarás um dheonú ceaduithe atá freagrach as na tástálacha fíorúcháin inseirbhíse |
— |
— |
|
|
2 |
Ainm agus seoladh na saotharlainne a dhéanann an tástáil FIS |
|
|
|
|
3 |
Uimhir an bhoinn |
— |
— |
Seicheamh bonn (1, 2, 3,…10) sa mheastóireacht staidrimh |
|
4 |
An líon iomlán bonn arna dtástáil |
— |
— |
An líon iomlán bonn a áirítear sa mheastóireacht staidrimh ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn I |
|
5 |
Uimhir dheimhniúcháin an bhoinn |
|
|
I gcomhréir le Foscríbhinn 4 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún |
|
6 |
Hais dheimhniú an bhoinn |
|
|
|
|
7 |
Ainm agus seoladh shaotharlann an deimhnithe |
|
|
|
|
8 |
Toradh na tástála CFR bonn (RRCcóimheas) |
|
|
Mar a shainítear in Airteagal 13 den Rialachán seo |
|
9 |
Cinneadh maidir le pas/teip |
- |
|
Pas nó teip maidir leis an tástáil |
(4) Sonraí maidir leis an tástáil fíorúcháin inseirbhíse atá le tuairisciú le haghaidh tástáil mhaise
Tuairisceofar na sonraí seo a leanas:
|
Uimh. |
Paraiméadair |
Aonad |
Foinse |
Nótaí |
|
1 |
An t-údarás um dheonú ceaduithe atá freagrach as na tástálacha fíorúcháin inseirbhíse |
— |
— |
|
|
2 |
Uimhir feithicle |
— |
— |
Seicheamh feithiclí (1, 2, 3,…10) sa mheastóireacht staidrimh |
|
3 |
An líon iomlán feithiclí arna dtástáil |
— |
— |
An líon iomlán feithiclí a áirítear sa mheastóireacht staidrimh ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn I |
|
4 |
Ainm agus seoladh mhonaróir na feithicle |
|
|
|
|
5 |
Uimhir aitheantais feithicle |
|
|
|
|
6 |
Léamh odaiméadair ag tús na dtástálacha FIS |
km |
|
|
|
7 |
Múnla na feithicle |
|
|
|
|
8 |
Catagóir feithicle |
|
|
|
|
9 |
Cumraíocht acastóirí |
|
|
|
|
10 |
Iomlán na hUasmhaise Ualaithe atá Incheadaithe |
|
|
|
|
11 |
Grúpa feithiclí |
|
|
|
|
12 |
Hais chripteagrafach chomhad taifead an mhonaróra |
|
|
|
|
13 |
Mais iarbhír cheartaithe thomhaiste na feithicle |
kg |
|
I gcomhréir le hAirteagal 15 |
|
14 |
Mais iarbhír cheartaithe thomhaiste fhógartha na feithicle |
kg |
1.1.8 den chomhad faisnéise custaiméara |
I gcomhréir le hAirteagal 16 |
|
15 |
Toradh na tástála maise (maiscóimheas) |
|
|
Mar a shainmhínítear in Airteagal 14 |
|
16 |
Cinneadh maidir le pas/teip |
|
|
Pas nó teip maidir leis an tástáil |
IARSCRÍBHINN V
FORMÁID TUAIRISCITHE DON FHORBHREATHNÚ BLIANTÚIL AR FHÍORÚCHÁN INSEIRBHÍSE
A. Faisnéis ghinearálta
|
(1) |
Údarás um dheonú ceaduithe |
|
|
(2) |
Dáta an fhorbhreathnaithe bhliantúil |
|
|
(3) |
Tréimhse thuairiscithe na bliana lena mbaineann |
|
|
(4) |
Líon iomlán na bhfeithiclí in aghaidh an mhonaróra le haghaidh mheán na dtrí thréimhse thuairiscithe roimh an bhfíorú inseirbhíse |
|
|
(5) |
An líon íosta grúpaí NITF/ cúltarraingthe aeir / FIS bonn a roghnaíodh |
|
|
(6) |
An líon iomlán grúpaí NITF / cúltarraingthe aeir / DRS / FIS bonn a roghnaíodh sa bhliain lena mbaineann |
|
B. Liosta grúpaí NITF / cúltarraingthe aeir / FIS bonn a roghnaíodh le haghaidh fíorúcháin inseirbhíse
|
— |
Uimhir aitheantais an ghrúpa a roghnaíodh (AITHEANTAS FIS); |
|
— |
Monaróir feithiclí lena mbaineann (OEM); |
|
— |
Aitheantóirí grúpaí NITF / cúltarraingthe aeir /DRS / FIS bonn le haghaidh gach grúpa a roghnaíodh; |
|
— |
Na cúiseanna is bun le roghnú na ngrúpaí le haghaidh an fhíorúcháin inseirbhíse:
|
C. Achoimre ar thorthaí na tástála fíorúcháin inseirbhíse
|
— |
Cineál tástála: nós imeachta um thástáil fíorúcháin (NITF), cúltarraingt aeir, modh cúltarraingthe aeir DRS, CFR bonn, tástálacha maise nó tástálacha straitéisí saorga |
|
— |
An líon íosta tástálacha grúpaí in aghaidh an chineáil tástála (Íosmhéid), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) bunaithe ar phointe A(4) den Iarscríbhinn seo |
|
— |
An líon iomlán tástálacha de réir an chineáil tástála (Iomlán) |
|
— |
An líon iomlán conclúidí de réir an chineáil tástála:
|
D. Torthaí mionsonraithe na tástála fíorúcháin inseirbhíse le haghaidh na bliana lena mbaineann
|
— |
Uimhir aitheantais an ghrúpa a roghnaíodh (AITHEANTAS FIS); |
|
— |
An mhonaróir lena mbaineann (OEM); |
|
— |
An cineál tástála a rinneadh (An cineál tástála): nós imeachta um thástáil fíorúcháin (NITF), cúltarraingt aeir, modh cúltarraingthe aeir DRS, CFR bonn, tástálacha maise nó tástálacha straitéisí saorga; |
|
— |
Dáta tosaigh na tástála (Dáta tosaigh) de réir Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1127; |
|
— |
Ainm na n-eagraíochtaí a dhéanann an tástáil (an t-údarás um dheonú ceaduithe nó an tSeirbhís Theicniúil) (ÚDC/ST); |
|
— |
An líon feithiclí arna dtástáil (Líon na bhfeithiclí); |
|
— |
Toradh tástála gach feithicle tástála aonair (meánchóimheas); |
|
— |
Conclúid na tástála (Conclúid/Neamhréireacht), is é sin ‘Pas’, ‘Teip’ nó ‘Ar feitheamh’, lena n-áirítear méid na neamhréireachta i gcás ‘Teip’; |
|
— |
Uimhir thagartha na tuarascála tástála (Tagairt tástála); |
|
— |
Uimhir thagartha na conclúide (Tagairt chonclúide).
|
E. Torthaí mionsonraithe tástála fíorúcháin inseirbhíse, ar tuairiscíodh conclúidí ina leith mar ‘Ar feitheamh’ san fhorbhreathnú bliantúil roimhe seo
|
— |
Tréimhse thuairiscithe na bliana lena mbaineann (Bliain); |
|
— |
Réimsí eile: féach an tuairisc faoi phointe D; |
|
— |
Murar féidir le ÚDC an líon feithiclí is gá a aimsiú fós, léireoidh sé stádas ‘gan a bheith críochnaithe’ sa réimse ‘Conclúid/Neamhréireacht’.
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/35/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)