|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/33 |
14.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/33 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Eanáir 2025
lena n-údaraítear díolúine de bhun Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le húsáid gás ceaptha teasa fluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda i gcófraí roischuisniúcháin, i ngléasanna déanta uachtar reoite gelato ceardaí, i ngléasanna déanta oighir, i dtralaithe chun bia a chaomhnú agus a athghiniúint, i gcófraí promhaidh agus moillithe, i ndáileoirí deochanna reoite agus i ndáileoirí uachtair fhuair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 11(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le pointe 4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 cuirtear toirmeasc ón 1 Eanáir 2025 ar threalamh cuisniúcháin féinchuimsitheach ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chur ar an margadh ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2024/573, an 29 Iúil 2024, rinne údarás inniúil na Fraince, agus, an 17 Meán Fómhair 2024, rinne údarás inniúil na hIodáile iarrataí faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú díolúine lena gceadaítear cófraí roischuisniúcháin, gléasanna déanta uachtar reoite ceardaí, gléasanna déanta oighir, tralaithe chun bia a chaomhnú agus a athghiniúint, cófraí promhaidh agus moillithe, dáileoirí deochanna reoite agus dáileoirí uachtair fhuair a thagann faoi raon feidhme phointe 4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573 (‘na hiarrataí ar dhíolúine’) a chur ar mhargadh an Aontais. |
|
(3) |
Is fearais chuisniúcháin inslithe iad cófraí roischuisniúcháin le haghaidh úsáid tráchtála nó thionsclaíoch atá deartha chun teocht an bhia chócaráilte a ísliú go tapa ó 65 °C go 10 °C, nó faoina bhun, i gcás fuaraithe, nó chun an teocht a ísliú go tapa ó 65 °C go -18 °C, nó faoina bhun, i gcás reo. |
|
(4) |
Is trealamh cuisniúcháin baiscreoiteora iad gléasanna uachtair reoite ceardaí le haghaidh úsáid tráchtála nó thionsclaíoch atá deartha chun uachtar reoite gelato ceardaí a tháirgeadh tríd an meascán a mhúnlú go leanúnach agus é a fhuarú go tapa go raon teochta idir -7 °C agus -13 °C, gan gléas insteallta aeir chomhbhrúite a úsáid. |
|
(5) |
Is fearais iad gléasanna déanta oighir le haghaidh úsáid tráchtála nó thionsclaíoch chun oighear a dhéanamh agus a bhuaint, ina ndéantar an mheicníocht déanta oighir, an urrann stórála agus an t-aonad comhdhlúthaithe a chomhtháthú laistigh de chófra amháin. |
|
(6) |
Is fearais iompair bia iad tralaithe chun bia a chaomhnú agus a athghiniúint atá comhdhéanta de chompal inaistrithe aonair chun bia a iompar atá deighilte ina dhá urrann neamh-uiscedhíonacha a bhfuil défheidhm téimh/fuaraithe acu, atá ceaptha chun feidhm cheathairshleasach a chomhlíonadh, ar feadh tréimhse teoranta, maidir le bia a choinneáil fuar, a théamh, a choinneáil te agus a dháileadh. |
|
(7) |
Is fearais chuisniúcháin inslithe iad cófraí promhaidh agus moillithe atá deartha chun taise agus teocht an bhia a rialú ó -20 °C agus + 40 °C. |
|
(8) |
Is fearais chuisniúcháin iad dáileoirí deochanna reoite atá deartha chun ullmhóid sluisí a mheascadh go leanúnach in umar le tarathar, i raon teochta idir –2,5 °C agus -4 °C. Is fearais chuisniúcháin iad dáileoirí uachtair fhuair atá deartha chun ullmhóid sluisí a mheascadh go leanúnach in umar le tarathar, i raon teochta idir -5 °C agus -10 °C, agus ionchorprú tábhachtach aeir i gceist. |
|
(9) |
Luaitear sna hiarrataí ar dhíolúine go bhfuil roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil agus ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda ar fáil don chuid is mó den trealamh dá dtagraítear sa Rialachán seo. An tráth céanna, ní mór sciar an-mhór den acmhainneacht mhonaraíochta le haghaidh cineálacha áirithe trealaimh den sórt sin a thiontú fós, laistigh de sprioc-amanna dochta agus a áirithiú ag an am céanna nach gcuirfeadh tiontú den sórt sin isteach ar an tsábháilteacht. Tá go leor céimeanna i gceist chun an tiontú a chur i gcrích agus chun úsáid substaintí malartacha a cheadú, lena n-áirítear athruithe ar an bpróiseas monaraíochta, athdhearadh an trealaimh, agus athoiliúint oibrithe. Níor tháinig an toirmeasc ar threalamh den sórt sin a chur ar an margadh i bhfeidhm go dtí an 11 Márta 2024 (i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/573) agus ní féidir tiontú cuid chomh mór sin den acmhainneacht mhonaraíochta a bhaint amach, sa chleachtas, faoin 1 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh monaróirí a dtrealamh a chur ar an margadh ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh ná iad a onnmhairiú ón 12 Márta 2025 ar aghaidh ach amháin má thiontaítear iad chun na substaintí malartacha a úsáid. I bhfianaise scála riachtanach an tiontaithe, bheadh costais dhíréireacha mar thoradh air agus d’fhéadfadh ganntanas trealaimh den sórt sin ar mhargadh an Aontais a bheith mar thoradh air freisin. Úsáidtear trealamh áirithe freisin, in earnálacha leochaileacha amhail naíolanna, tithe scothaosta agus ospidéil. Sna hiarrataí ar dhíolúine, luaitear go bhfuil gá le níos mó ama chun an t-aistriú chuig cuisneáin mhalartacha ar lú ná 150 a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a éascú, agus leanúnachas an tsoláthair trealaimh sin ar mhargadh an Aontais á áirithiú ag an am céanna. |
|
(10) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar na hiarrataí a chuir údaráis inniúla na Fraince agus na hIodáile isteach agus measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/573. Measann an Coimisiún gur leor tréimhse 18 mí chun an tiontú chun roghanna malartacha atá ar fáil a cheadú, agus costais dhíréireacha á seachaint ag an am céanna le haghaidh monaróirí nár thiontaigh chun na roghanna malartacha fós faoin tráth seo. |
|
(11) |
I gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, beidh feidhm ag an toirmeasc ar na cineálacha trealaimh dá dtagraítear sna hiarrataí ar dhíolúine a chur ar mhargadh an Aontais ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, arna bhunú le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2024/573, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Iarscríbhinn IV, pointe 4, a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/573, údaraítear na cineálacha trealaimh féinchuimsitheacha seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a chur ar an margadh ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026, ar choinníoll go ndéantar iad a lipéadú de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/573:
|
(a) |
roischuisniúcháin a bhfuil toilleadh lánlóid chuisnithe acu ó 25 kg go 100 kg bia; |
|
(b) |
gléasanna déanta uachtar reoite gelato ceardaí ag a bhfuil acmhainneacht fuarúcháin is airde ná 2 kW; |
|
(c) |
gléasanna déanta oighir ag a bhfuil toilleadh táirgeachta oighir ó 200 kg go 2 000 kg in aghaidh gach 24 uair an chloig; |
|
(d) |
tralaithe chun bia a bhfuil ionchur cumhachta rátaithe aige ó 1,5 kW go 10,5 kW a chaomhnú agus a athghiniúint; |
|
(e) |
cófraí promhaidh agus moillithe a bhfuil cumhacht ionsúite acu ó 1 kW go 2 kW; |
|
(f) |
dáileoirí deochanna reoite agus dáileoirí uachtair fhuair ag a bhfuil toilleadh cuisniúcháin lánlóid is mó ná 3 lítear. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/33/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)