|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/25 |
10.1.2025 |
TREOIR (AE) 2025/25 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
lena leasaítear Treoracha 2009/102/CE agus (AE) 2017/1132 a mhéid a bhaineann le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus (2) agus Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos, inter alia, rialacha maidir le faisnéis chuideachta a nochtadh i gcláir ghnó i mBallstáit chun deimhneacht dhlíthiúil sa mhargadh inmheánach a fheabhsú, agus maidir le córas idirnasctha na gclár. Tá córas idirnasctha na gclár sin i bhfeidhm ó mhí an Mheithimh 2017 agus faoi láthair nasctar cláir na mBallstát go léir leis. Mar fhreagairt ar fhorbairtí digiteacha, leasaíodh Treoir (AE) 2017/1132 le Treoir (AE) 2019/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun rialacha a sholáthar maidir le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta a fhoirmiú go hiomlán ar líne, brainsí trasteorann a chlárú go hiomlán ar líne agus doiciméid agus faisnéis a chomhdú go hiomlán ar líne do chláir ghnó. |
|
(2) |
I saol ina bhfuil an digiteáil ag dul i dtreis i gcónaí, tá uirlisí digiteacha ríthábhachtach chun leanúnachas oibríochtaí gnó agus idirghníomhaíochtaí cuideachtaí le cláir agus údaráis a áirithiú. Chun muinín agus trédhearcacht sa timpeallacht ghnó a mhéadú agus oibríochtaí agus gníomhaíochtaí cuideachtaí sa mhargadh inmheánach a éascú, go háirithe i ndáil le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’), mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (5), tá sé ríthábhachtach rochtain a bheith ag cuideachtaí, údaráis agus páirtithe leasmhara eile ar fhaisnéis chuideachta iontaofa is féidir a úsáid gan foirmiúlachtaí troma i gcomhthéacs trasteorann. |
|
(3) |
Leis an Treoir seo freagraítear do na cuspóirí digiteála a leagtar amach sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2020 dar teideal Digitalisation of justice in the European Union: a toolbox of opportunities [Digiteáil an cheartais san Aontas Eorpach: bosca uirlisí de dheiseanna], agus an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach], agus don ghá atá ann leathnú trasteorann FBManna a éascú, rud a leagtar béim air i dTeachtaireachtaí an 10 Márta 2020 dar teideal A SME Strategy for a sustainable and digital Europe [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] agus an 5 Bealtaine 2021 dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa]. |
|
(4) |
Cuireann bacainní i gcásanna trasteorann bac fós ar rochtain ar fhaisnéis chuideachta iontaofa ó na cláir agus ar úsáid na faisnéise sin. Ar an gcéad dul síos, níl an fhaisnéis chuideachta atá á lorg ag úsáideoirí, lena n-áirítear cuideachtaí agus údaráis, ar fáil go leordhóthanach fós i gcláir náisiúnta nó ar leibhéal trasteorann trí chóras idirnasctha na gclár. Ar an dara dul síos, cuirtear bac fós ar úsáid na faisnéise cuideachta sin i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear i nósanna imeachta riaracháin os comhair údaráis náisiúnta nó institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, in imeachtaí breithiúnacha nó i gcur ar bun fochuideachtaí nó brainsí trasteorann, mar gheall ar nósanna imeachta agus ceanglais atá fadálach agus costasach, lena n-áirítear an gá atá le hapastail nó aistriúchán ar dhoiciméid chuideachta. |
|
(5) |
Ní mór do gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear cuideachtaí, údaráis agus an pobal i gcoitinne a bheith in ann brath ar fhaisnéis chuideachta chun críoch gnó nó i nósanna imeachta riaracháin nó in imeachtaí breithiúnacha. Dá bhrí sin, is gá gur cruinn, cothrom le dáta agus iontaofa iad na sonraí cuideachta, a iontráltar sna cláir agus a bhfuil rochtain orthu trí chóras idirnasctha na gclár. |
|
(6) |
Ba chéad chéim thábhachtach é caighdeáin arna dtabhairt isteach le Treoir (AE) 2019/1151 maidir le rialuithe ar chéannacht agus ar inniúlacht dhlítheanach daoine a fhoirmíonn cuideachta, a chláraíonn brainse nó a chomhdaíonn doiciméid nó faisnéis ar líne. Tá sé ríthábhachtach anois tuilleadh céimeanna a dhéanamh chun iontaofacht na faisnéise cuideachta i gcláir a fheabhsú chun a húsáid i nósanna imeachta riaracháin trasteorann agus in imeachtaí breithiúnacha a éascú. |
|
(7) |
Cé go ndéanann na Ballstáit uile, go pointe áirithe, grinnscrúdú ex ante ar dhoiciméid chuideachta agus ar fhaisnéis chuideachta sula ndéantar iad a iontráil i gcláir, tá cuir chuige éagsúla sna Ballstáit a mhéid a bhaineann le déine na seiceálacha, na nósanna imeachta is infheidhme agus na daoine nó na comhlachtaí atá i gceannas ar an bhfaisnéis sin a fhíorú. Is é an toradh a bhíonn air sin nach bhfuil muinín leordhóthanach ann i ndoiciméid chuideachta ná i bhfaisnéis chuideachta i gcomhthéacs trasteorann agus i gcásanna nach nglactar uaireanta le doiciméid chuideachta nó le faisnéis chuideachta ó chlár i mBallstát amháin mar fhianaise i mBallstát eile. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar seiceálacha áirithe i ngach Ballstát chun ardleibhéal cruinnis agus iontaofachta na ndoiciméad agus na faisnéise a ráthú, agus córais dlí agus traidisiúin dlí na mBallstát á n-urramú ag an am céanna. Is gá freisin na seiceálacha sin a bheith éigeantach, ní hamháin chun cuideachtaí a fhoirmiú go hiomlán ar líne, ach maidir le haon chineál eile foirmithe cuideachtaí freisin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart na seiceálacha sin a dhéanamh freisin sna Ballstáit ina gceadaítear fós modhanna comhdaithe eile a úsáid sa bhreis ar chomhdú ar líne, chun an fhaisnéis uile a iontráiltear sa chlár a chur faoi réir an leibhéil chéanna rialuithe. Ba cheart na seiceálacha agus na ceanglais eile sin a chur in oiriúint do na saintréithe sonracha a bhaineann le foirmeacha eile d’fhoirmiú cuideachtaí. Mar shampla, ní úsáideann iarratasóirí teimpléid ar líne ach amháin mar chuid den nós imeachta chun cuideachtaí a fhoirmiú go hiomlán ar líne. |
|
(9) |
Ba cheart, ar mhaithe le hiontaofacht sonraí cuideachta i gcásanna trasteorann a áirithiú, foráil a dhéanamh i ngach Ballstát do rialú coisctheach riaracháin, breithiúnach nó nótaireachta nó aon teaglaim díobh sin, lena n-urramaítear córais dlí agus traidisiúin dlí na mBallstát, lena n-áirítear cláir ghnó ar údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha iad. Ba cheart seiceáil dlíthiúlachta a dhéanamh ar ionstraim comhdhéanaimh cuideachta, ar a reachtanna má tá siad in ionstraim ar leithligh, agus ar aon leasú ar na doiciméid sin, ós rud é gurb iad sin na doiciméid is tábhachtaí a bhaineann le cuideachta. Bheadh an rialú coisctheach éigeantach sin i ngach Ballstát comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais freisin agus d’fhéadfadh sé, go háirithe, rannchuidiú lena áirithiú nach féidir nósanna imeachta dhlí na gcuideachtaí a úsáid chun teacht timpeall ar dhlí eile de chuid an Aontais agus na mBallstát darb aidhm leas an phobail a chosaint. Ba cheart an rialú coisctheach sin a bheith gan dochar do dhlíthe náisiúnta lena gceanglaítear, agus córais dlí agus traidisiúin dlí na mBallstát á n-urramú, na doiciméid sin a tharraingt suas agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dhlíthiúil. Ní cheanglaítear rialú coisctheach ar chuntais bhliantúla cuideachtaí faoin Treoir seo. |
|
(10) |
Le dlíthiúlacht idirbheart faoi dhlí na gcuideachtaí, éilítear cosaint iontaofacht na gclár poiblí agus cosc ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha sainaithint cheart shlán bunaitheoirí agus stiúrthóirí cuideachta, go háirithe, chomh maith lena n-inniúlacht dhlítheanach a fhíorú. Dá bhrí sin, i gcás na nósanna imeachta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialuithe leictreonacha poiblí comhlántacha ar an gcéannacht, ar an inniúlacht dhlítheanach agus ar an dlíthiúlacht. D’fhéadfadh rialuithe céannachta closamhairc cianda poiblí, lena n-áirítear seiceálacha leictreonacha ar ghrianghraif aitheantais, a bheith ar áireamh sna rialuithe leictreonacha poiblí comhlántacha sin. An tráth céanna, le faisnéis chuideachta iontaofa atá cothrom le dáta i gcláir chuideofaí le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Go háirithe, le rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis chuideachta níos iontaofa ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Deimhniú Cuideachta AE, d’éascófaí sainaithint iontaofa an chustaiméara i gcomhréir leis an bprionsabal ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ faoi na rialacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Ina theannta sin, dá ndéanfaí córas idirnasctha na gclár (Córas Idirnasctha na gClár Gnó - BRIS), Córas Idirnasctha Chláir um Úinéireacht Thairbhiúil (BORIS) agus Córas Idirnasctha na gClár Dócmhainneachta (IRI) a nascadh ar leibhéal an Aontais, ar córais iad a bhfuil faisnéis thábhachtach chuideachta acu, d’éascófaí rochtain ar an bhfaisnéis sin agus bheifí in ann cros-seiceálacha a dhéanamh uirthi, agus an córas rochtana d’fhaisnéis i ngach córas idirnasctha á urramú ag an am céanna. |
|
(11) |
Chun na costais agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le foirmiú cuideachtaí a laghdú a thuilleadh, lena n-áirítear fad na nósanna imeachta, agus chun leathnú cuideachtaí sa mhargadh inmheánach, go háirithe FBManna, a éascú, ba cheart úsáid ‘prionsabal na haonuaire’ a leathnú a thuilleadh i réimse dhlí na gcuideachtaí. Aithnítear an prionsabal sin go maith san Aontas cheana féin, lena n-áirítear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach, mar bhealach chun go mbeidh riaracháin phoiblí in ann sonraí agus fianaise a mhalartú thar theorainneacha, agus úsáidtear é i réimsí éagsúla, mar shampla an córas teicniúil aonuaire le haghaidh malartú fianaise idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla faoi Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(12) |
Is éard atá i gceist le ‘prionsabal na haonuaire’ a chur i bhfeidhm nach n-iarrtar ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a chur faoi bhráid údaráis phoiblí níos mó ná uair amháin. Mar shampla, nuair a chuirfidh cuideachtaí fochuideachta ar bun i mBallstát eile, níor cheart go mbeadh orthu a thíolacadh an athuair na doiciméid chuideachta ná an fhaisnéis chuideachta a bhaineann leis an gcuideachta bhunaidh a bheith ann agus le clárú na cuideachta bunaidh agus a cuireadh isteach cheana sa chlár ina bhfuil an chuideachta bhunaidh cláraithe. Is é atá i gceist le ‘prionsabal na haon-uaire’ a chur i bhfeidhm gur cheart an fhaisnéis faoin gcuideachta bhunaidh a mhalartú go leictreonach, idir an clár ina bhfuil an chuideachta cláraithe agus an clár ina bhfuil fochuideachta le clárú, trí úsáid a bhaint as córas idirnasctha na gclár. De rogha air sin, d’fhéadfaí rochtain dhíreach a fháil ar an bhfaisnéis faoin gcuideachta bhunaidh ó chóras idirnasctha na gclár tríd an tairseach Eorpach don r-Cheartas (‘an tairseach’), nó i gclár náisiúnta na cuideachta bunaidh. I gcás ina ndéantar doiciméid agus faisnéis faoin gcuideachta bhunaidh a mhalartú trí chóras idirnasctha na gclár, nó a rochtain go díreach ón gcóras sin trí mhodhanna digiteacha, níor cheart éifeacht dhlíthiúil a dhiúltú dóibh ná níor cheart diúltú dóibh ar an bhforas go bhfuil siad i bhfoirm leictreonach. |
|
(13) |
Ciallaíonn cur i bhfeidhm ‘prionsabail na haon-uaire’ freisin nár cheart go mbeadh ar an gcuideachta bhunaidh doiciméid chuideachta nó faisnéis chuideachta a chur faoi bhráid aon údaráis, comhlachta nó duine. Tríd an tairseach, ba cheart d’údarás, comhlacht nó duine rochtain dhíreach a fháil ar dtús ar an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár. I gcásanna inar cheart don chlár an fhaisnéis sin a sholáthar d’aon údarás, comhlacht nó duine, ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na modhanna chun é sin a dhéanamh, mar shampla trí phointí rochtana roghnacha náisiúnta ar chóras idirnasctha na gclár, agus cibé acu a ghearrfar nó ngach ngearrfar táillí i leith na faisnéise sin. |
|
(14) |
Chun cur leis an trédhearcacht agus leis an muinín i ndáil le cuideachtaí sa mhargadh inmheánach, chun a áirithiú go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil agus cosaint ann do thríú páirtithe agus iad ag plé le cuideachtaí i gcomhthéacs trasteorann, chun rannchuidiú le calaois agus mí-úsáid a chomhrac, agus chun oibríochtaí agus gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí a éascú, tá sé ríthábhachtach tuilleadh faisnéise cuideachta a chur ar fáil ar fud an Aontais agus a áirithiú go mbeidh sí inchomparáide agus inrochtana. Ba cheart é sin a dhéanamh trí chur leis an bhfaisnéis chuideachta atá ann cheana i gcláir náisiúnta agus trína cur ar fáil ar leibhéal an Aontais trí chóras idirnasctha na gclár, chomh maith le rochtain a sholáthar ar thuilleadh faisnéise sna cláir náisiúnta agus trí chóras idirnasctha na gclár. |
|
(15) |
Chun leasanna tríú páirtithe a chosaint agus muinín a fheabhsú in idirbhearta gnó le cineálacha éagsúla cuideachtaí sa mhargadh inmheánach, tá sé tábhachtach trédhearcacht a fheabhsú agus rochtain trasteorann níos éasca a sholáthar ar fhaisnéis maidir le ‘comhpháirtíochtaí tráchtála’, mar a thugtar orthu, ar cheart iad a thuiscint, chun críoch na Treorach seo, mar na cineálacha comhpháirtíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB. Tá ról tábhachtach ag na comhpháirtíochtaí sin i ngeilleagar na mBallstát agus tá siad cláraithe sna cláir náisiúnta uile, ach tá difríochtaí ann idir na cineálacha comhpháirtíochtaí agus na cineálacha faisnéise a chuirtear ar fáil fúthu ar fud an Aontais, rud a fhágann go mbíonn deacrachtaí ann maidir le rochtain trasteorann ar an bhfaisnéis sin. Chun aghaidh a thabhairt air sin, ba cheart an fhaisnéis bhunúsach chéanna faoi na comhpháirtíochtaí sin a nochtadh i ngach Ballstát. Ba cheart na ceanglais maidir le nochtadh do na comhpháirtíochtaí sin a bheith ar aon dul leis na ceanglais atá ann cheana maidir le nochtadh do chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta ach ba cheart iad a chur in oiriúint do shaintréithe sonracha na gcomhpháirtíochtaí. Mar shampla, ba cheart a chumhdach freisin leis na ceanglais maidir le nochtadh faisnéis faoi chomhpháirtithe atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chomhpháirtíocht, go háirithe comhpháirtithe ginearálta a bhfuil dliteanas neamhtheoranta acu. Mar is amhlaidh i gcás cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar chomhpháirtíochtaí doiciméid nó faisnéis a nochtadh thar an méid a cheanglaítear leis an Treoir seo. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta sna doiciméid bhreise sin nó san fhaisnéis bhreise sin, tá oibleagáid ar na Ballstáit na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(16) |
Ba cheart rochtain a bheith ar fhaisnéis maidir le comhpháirtíochtaí tráchtála ar leibhéal an Aontais freisin trí chóras idirnasctha na gclár ar an mbealach céanna le faisnéis ar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, agus faisnéis áirithe a chur ar fáil saor in aisce, agus ba cheart na comhpháirtíochtaí tráchtála a shainaithint go haonchiallach tríd an aitheantóir uathúil Eorpach (‘EUID’). |
|
(17) |
Is faisnéis thábhachtach do thríú páirtithe é líon na bhfostaithe i gcuideachta. Mar shampla, tá sé ar cheann de na heilimintí lena gcinntear catagóir méide cuideachta. Ní mór do chuideachtaí meánlíon na bhfostaithe le linn na bliana airgeadais a áireamh ina ráitis airgeadais faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ós rud é go mbeifear in ann na sonraí sin a asbhaint ó na ráitis airgeadais amach anseo, beidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis sin atá ann cheana a úsáid agus í a chur ar fáil go poiblí saor in aisce trí chóras idirnasctha na gclár. Nuair a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár, ba cheart a léiriú go soiléir ar an tairseach go mbaineann an fhaisnéis le meánuimhir bhliantúil, lena n-áirítear tagairt don bhliain airgeadais shonrach. |
|
(18) |
Tá leas dlisteanach ag scairshealbhóirí, infheisteoirí ionchasacha, creidiúnaithe, údaráis, fostaithe agus comhlachais na sochaí sibhialta i rochtain a bheith acu ar fhaisnéis a bhaineann le struchtúr an ghrúpa lena mbaineann cuideachta. Tá faisnéis faoi ghrúpaí cuideachtaí tábhachtach chun an trédhearcacht a chur chun cinn agus muinín sa timpeallacht ghnó a fheabhsú agus chun rannchuidiú le brath éifeachtach scéimeanna calaoiseacha nó mí-úsáideacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ioncam poiblí agus inchreidteacht an mhargaidh inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis faoi struchtúir ghrúpa a bheith ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár do ghrúpaí cuideachtaí intíre agus trasteorann araon. |
|
(19) |
Cé go n-áirítear sna ráitis sin faisnéis faoi ghrúpaí cuideachtaí ar gá dóibh ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú faoi Threoir 2013/34/AE, is gá inrochtaineacht phoiblí na faisnéise sin a éascú. Is minic nach mbíonn ráitis airgeadais ar fáil ach amháin ar tháille, agus ní mór do pháirtithe leasmhara a bheith ar an eolas faoi ghrúpa cuideachtaí a bheith ann agus faoin dóigh le teacht ar an bhfaisnéis sin agus conas í a léirmhíniú sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Le faisnéis atá ar fáil go poiblí faoi ghrúpaí cuideachtaí trí chóras idirnasctha na gclár, ráthaítear trédhearcacht fheabhsaithe agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin. Dá mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár, bheifí in ann freisin cuideachta a nascadh go huathoibríoch le cuideachtaí eile atá mar chuid den ghrúpa cuideachtaí céanna, a bhuí lena EUID, agus rochtain a sholáthar ar fhaisnéis bhreise faoi gach cuideachta i ngrúpa cuideachtaí. |
|
(20) |
Leis an Treoir seo, fágtar faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh conas an fhaisnéis riachtanach faoi ghrúpaí cuideachtaí agus faoi mheánlíon na bhfostaithe i gcuideachta a bhailiú. Ionas nach bhforchuirfear ceanglais nua ar chuideachtaí, d’fhéadfadh na cláir na sonraí sin a asbhaint go díreach ó fhaisnéis a chuireann cuideachtaí isteach ina ráitis airgeadais a chomhdaítear leis an gclár. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas maidir le faisnéis faoi mheánlíon na bhfostaithe a nochtadh a bheith coinníollach ar an bhfaisnéis sin a bheith ar fáil i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint. Ina theannta sin, i bhfianaise na gceanglas a bhaineann le sonraí struchtúrtha agus formáidí atá meaisín-inléite agus inchuardaithe faoi ghníomhartha dlí an Aontais amhail Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún (9), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún (10), agus Treoir (AE) 2017/1132, ba cheart do na cláir a bheith in ann faisnéis faoi ghrúpaí cuideachtaí a asbhaint trí mhodhanna uathoibrithe. Chun a áirithiú go gcuirfear na ceanglais a bhaineann le meaisín-inléiteacht chun feidhme go hiomlán i ngach Ballstát agus go mbeidh na modhanna teicniúla ag cláir chun faisnéis chuideachta a phróiseáil i bhformáid atá meaisín-inléite agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha, is gá foráil a dhéanamh do thréimhse thrasuí níos faide i dtaca leis na forálacha lena gceanglaítear faisnéis faoi ghrúpaí cuideachtaí agus faisnéis faoi mheánlíon na bhfostaithe i gcuideachta atá le cur ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár. |
|
(21) |
D’fhéadfadh struchtúir chasta a bheith ag grúpaí cuideachtaí. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí léiriú físiúil ar struchtúr an ghrúpa bunaithe ar an slabhra rialaithe agus é a chur ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár thabharfaí forléargas so-úsáidte so-rochtana cuimsitheach ar an ngrúpa cuideachtaí in aon áit amháin agus d’éascófaí tuiscint níos fearr ar a mhodh oibríochta. Chun léiriú físiúil mar sin a ullmhú, bheadh gá le faisnéis faoi shuíomh gach fochuideachta i struchtúr an ghrúpa, rud a d’éileodh, dá réir sin, faisnéis níos mionsonraithe a bheith ann faoi eagrú an ghrúpa cuideachtaí. Cé nach gá faoin Treoir seo na léirithe físiúla sin ar struchtúir ghrúpa a sholáthar, moltar do na Ballstáit, mar sin féin, foráil a dhéanamh do na léirithe físiúla sin agus iad a chur ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart an gá atá le léirithe físiúla ar struchtúir ghrúpa a mheas tuilleadh, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, mar chuid den mheastóireacht a dhéanfar amach anseo ar an Treoir seo. |
|
(22) |
Chomh maith le caighdeáin choiteanna chun faisnéis chuideachta a sheiceáil sula gcuirtear isteach sa chlár í, is gá a áirithiú go gcoinneofar an fhaisnéis sa chlár cothrom le dáta. I moladh 24 ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais dar teideal ‘Transparency and beneficial ownership of legal persons’ [Trédhearcacht agus úinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha], mar a athbhreithníodh i mí an Mhárta 2022, foráiltear go gcoinneofar faisnéis chuideachta chruinn agus cothrom le dáta i gcláir ghnó. Is chun leasa cuideachtaí é freisin a áirithiú go ndéantar a gcuid faisnéise a thabhairt cothrom le dáta sa chlár toisc gur féidir le tríú páirtithe brath ar an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear an Deimhniú Cuideachta AE. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a chur ar chuideachtaí athruithe ar a ndoiciméid agus faisnéis chuideachta a nochtadh gan moill neamhriachtanach agus ba cheart do na cláir na hathruithe sin a thaifeadadh agus a chur ar fáil go poiblí ar bhealach tráthúil. Níor cheart a chumhdach leis na ceanglais sin maidir le cuideachtaí agus cláir comhshónna, cumaisc ná deighiltí cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, dá bhforáiltear rialacha sonracha i dTreoir (AE) 2017/1132. Ba cheart tús a chur leis an tréimhse inar féidir leis na cláir na doiciméid agus an fhaisnéis a thaifeadadh agus athruithe orthu a chur ar fáil go poiblí ón dáta a chuirfear i gcrích na foirmiúlachtaí uile is gá chun an comhdú a dhéanamh, lena n-áirítear an tseiceáil dlíthiúlachta lena ndeimhnítear go gcomhlíonann na doiciméid an dlí náisiúnta. Ba cheart don chlár na foirmiúlachtaí sin a dhéanamh gan moill mhíchuí agus ba cheart an chuideachta a chur ar an eolas faoin bhfad a mheastar a mhairfidh siad. Ba cheart go bhféadfaí síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh clár i gcásanna imthosca eisceachtúla, a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh, mar shampla, an lín mhóir doiciméad a chomhdaítear leis an gclár, nó fadhbanna teicniúla gan choinne. Cé go rialaítear an spriocdháta chun doiciméid chuntasaíochta a fhoilsiú le Treoir 2013/34/AE, ba cheart do na cláir iad a chur ar fáil go poiblí freisin gan moill neamhriachtanach. Chun a áirithiú tuilleadh go bhfuil doiciméid agus faisnéis chuideachta cruinn agus cothrom le dáta i ngach Ballstát, ba cheart pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheith i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar mhainneachtain na n-oibleagáidí uile maidir le nochtadh faoin Treoir seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhdú déanach. |
|
(23) |
Chun faisnéis chuideachta i gcláir a choinneáil cothrom le dáta, tá sé tábhachtach freisin cuideachtaí a shainaithint nach gcomhlíonann na ceanglais a thuilleadh chun leanúint de bheith cláraithe sa chlár gnó. Cé nár cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit cigireachtaí tréimhsiúla a dhéanamh, ba cheart nósanna imeachta trédhearcacha a bheith i bhfeidhm acu chun stádas na gcuideachtaí sin a fhíorú, i gcásanna sonracha inar tháinig amhrais chun cinn. Cé gur féidir le cuideachtaí a ngníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar chúiseanna bailí, tá sé tábhachtach go ndéanfaí a stádas sa chlár gnó a thabhairt cothrom le dáta dá réir. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh ar na táscairí a thugann le fios gur gá faisnéis chuideachta a thabhairt cothrom le dáta sa chlár nach bhfuil bord stiúrthóirí feidhmiúil ag cuideachta mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta, nach bhfuil doiciméid chuntasaíochta comhdaithe aici, nó nach bhfuil aon ghníomhaíocht eacnamaíoch déanta aici le roinnt blianta anuas. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go bhfuil líon mór cuideachtaí cláraithe ag an seoladh céanna, d’fhéadfaí a léiriú leis sin go bhféadfadh sé gur cuireadh cuid de na cuideachtaí sin ar bun chun críoch mí-úsáide. Ba cheart na cuideachtaí a bheith in ann, leis na nósanna imeachta fíorúcháin ábhartha sna Ballstáit, a gcás a mhíniú agus na sonraí is gá a chur ar fáil, laistigh de sprioc-amanna réasúnacha, agus ba cheart a áirithiú leo go ndéanfar stádas na cuideachta a thabhairt cothrom le dáta dá réir, mar shampla, an bhfuil sí dúnta, bainte den chlár, foirceanta, díscaoilte, ag gabháil d’imeachtaí dócmhainneachta, gníomhach nó neamhghníomhach go heacnamaíoch, mar a shainítear sa dlí náisiúnta agus i gcás ina mbeidh sí taifeadta sa chlár náisiúnta. Ba cheart foráil a dhéanamh leis na nósanna imeachta fíorúcháin sin freisin, mar rogha dheireanach, do chuideachta a bhaint den chlár i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shocraítear leis an dlí náisiúnta. Ba cheart faisnéis faoi na nósanna imeachta fíorúcháin sin a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/1132. |
|
(24) |
Sa mhargadh inmheánach, ba cheart do chuideachtaí a bheith in ann a chruthú go bhfuil a gcuideachta corpraithe go dlíthiúil i mBallstát trí mhodhanna simplí iontaofa, arna n-aithint ag Ballstáit eile i gcomhthéacs trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart Deimhniú Cuideachta AE comhchuibhithe a bhunú. D’fhéadfadh cuideachtaí iarratas a dhéanamh ar an Deimhniú Cuideachta AE sin, le cláir ghnó náisiúnta nó trí chóras idirnasctha na gclár, chun é a úsáid chun críoch éagsúil, lena n-áirítear i nósanna imeachta riaracháin os comhair údaráis náisiúnta nó institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais agus in imeachtaí cúirte i mBallstáit eile. Ba cheart Deimhniú Cuideachta AE den sórt sin a eisiúint agus a dheimhniú leis na cláir ghnó náisiúnta, ba cheart é a bheith ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus ba cheart a áireamh leis faisnéis bhunriachtanach chuideachta arna húsáid ag cuideachtaí i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear, mar shampla, ainm na cuideachta, a hoifig chláraithe, a hionadaithe dlíthiúla nó cuspóir na cuideachta. Ba cheart an Deimhniú Cuideachta AE a bheith gan dochar do shleachta agus deimhnithe náisiúnta. Ba cheart Deimhniú Cuideachta AE leictreonach a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Chun gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí a éascú agus chun a gcostais a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a áirithiú i ngach Ballstát go bhféadfaidh cuideachta Deimhniú Cuideachta AE dá cuid féin a fháil saor in aisce. Ag an am céanna, i bhfianaise éagsúlacht shamhlacha maoiniúcháin na gclár gnó, lena n-áirítear cláir atá go hiomlán féinmhaoinithe, tá sé tábhachtach a áirithiú nach ndéanfar dochar tromchúiseach do mhaoiniú na gclár le haon bheart a thiocfaidh as an Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit táille a ghearradh chun Deimhnithe Cuideachta AE a chur ar fáil más rud é go mbeadh tionchar diúltach suntasach ar ioncam a gclár gnó dá gcuirfí ar fáil saor in aisce iad. I gcás ar bith, ba cheart gach cuideachta a bheith in ann a Deimhniú Cuideachta AE a fháil saor in aisce uair amháin in aghaidh na bliana féilire ar a laghad. Ba cheart tríú páirtithe, lena n-áirítear údaráis, a dteastaíonn faisnéis fhíor-riachtanach iontaofa uathu faoi chuideachtaí, a bheith in ann iarratas a dhéanamh freisin ar Dheimhniú Cuideachta AE de chuid cuideachta ar leith. Ba cheart go mbeifí in ann tionscnamh agus barántúlacht Deimhniú Cuideachta AE i bhformáid pháipéir a fhíorú go leictreonach, mar shampla, trí uimhir phrótacail a chomhfhreagraíonn don bhundoiciméad sa chlár nó trí shíniú digiteach an údaráis eisiúna atá stóráilte sa chód mearfhreagartha (cód QR) atá ar an doiciméad sin a fhíorú. Ba cheart do chláir agus d’údaráis i mBallstáit eile glacadh le Deimhniú Cuideachta AE i gcomhréir leis an Treoir seo. |
|
(25) |
Le Treoir (AE) 2017/1132 áirítear bearta chun a áirithiú ní hamháin go ndéantar faisnéis chuideachta a nochtadh go poiblí, ach freisin go bhféadfaidh tríú páirtithe brath uirthi. Ina theannta sin, le Treoir (AE) 2019/1151 tugadh isteach caighdeáin éigeantacha le haghaidh rialuithe i ndáil le foirmiú cuideachtaí a dhéanamh go hiomlán ar líne agus clárú brainsí a dhéanamh go hiomlán ar líne. Leis an Treoir seo, foráiltear do thacar cuimsitheach beart a rannchuideoidh tuilleadh lena áirithiú go mbeidh an fhaisnéis chuideachta sna cláir cruinn agus cothrom le dáta. Tá na forálacha sa Treoir seo maidir le úsáid trasteorann doiciméad agus faisnéise cuideachta a éascú bunaithe ar na caighdeáin agus na rialuithe atá ann cheana agus leis an tacar cuimsitheach beart a thugtar isteach leis an Treoir seo chun cruinneas agus iontaofacht na faisnéise cuideachta a áirithiú. |
|
(26) |
Chun dul i ngleic le calaois agus mí-úsáid, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit diúltú glacadh le faisnéis chuideachta nó doiciméid chuideachta ó chlár de chuid Ballstáit eile mar fhianaise, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an údarás inniúil chun amhras a bheith air gur tharla calaois nó mí-úsáid i ndáil le foirmiú na cuideachta sin nó go bhfuil an chuideachta sin fós ann nó i ndáil le faisnéis eile faoin gcuideachta sin. Mar sin féin, níor cheart an fhéidearthacht sin a léirmhíniú sa chaoi go dtugtar le tuiscint léi prionsabal ginearálta an aitheantais fhrithpháirtigh i ndáil leis na doiciméid agus an fhaisnéis uile a stóráiltear i gcláir ghnó náisiúnta. I gcás ina mbeidh amhras faoi chalaois nó mí-úsáid ann, ba cheart don údarás inniúil, mar chéad chéim, breathnú ar an gclár inar soláthraíodh an fhaisnéis nó na doiciméid chun tuairimí uaidh a iarraidh. Níor cheart an fhaisnéis chuideachta nó na doiciméid chuideachta ó chlár i mBallstát eile a dhiúltú go córasach, ach go heisceachtúil amháin, ar bhonn cás ar chás, i gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail chun calaois nó mí-úsáid a chosc. Má dhiúltaítear don fhaisnéis nó do na doiciméid a sholáthraítear, ba cheart don údarás inniúil sin a chur ar an eolas don chlár lenar soláthraíodh an fhaisnéis nó na doiciméid, e.g. tríd an bpointe teagmhála ábhartha dá bhforáiltear sa Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh cuir chuige éagsúla idir na Ballstáit maidir le conas rialuithe coisctheacha a dhéanamh, nó nach mbeidh difríochtaí i gcórais dlí agus traidisiúin dlí na mBallstát, mar fhorais le diúltú. |
|
(27) |
Chun nósanna imeachta trasteorann a éascú tuilleadh do chuideachtaí agus chun foirmiúlachtaí a shimpliú agus a laghdú, amhail apastail nó aistriúchán, ba cheart cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a bhunú. Ba cheart cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a bhunú ar theimpléad coiteann ilteangach Eorpach ar féidir le cuideachtaí a roghnú é a úsáid chun duine a údarú chun ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta i nósanna imeachta sonracha a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo faoi raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart a áireamh sa teimpléad sin ar a laghad na réimsí sonraí a bhaineann le raon feidhme na hionadaíochta, an duine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta agus an cineál ionadaíochta. Dhéanfaí cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a tharraingt suas i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla náisiúnta. Ba cheart glacadh leis mar fhianaise ar theidlíocht an duine údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do na rialacha náisiúnta a bhaineann le foirmiú cuideachtaí agus do theorainneacha ar úsáid cumhachtaí aturnae i gcoitinne. Le cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais, ba cheart na ceanglais maidir le ríomhdhearbhú tréithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus maidir le sonraíochtaí teicniúla na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití chun réiteach cothrománach le so-úsáidteacht mhéadaithe don úsáideoir a áirithiú. Leis an méid sin chuideofaí chun ualaí riaracháin agus airgeadais ar na Ballstáit a laghdú tríd an riosca a laghdú go bhforbrófaí córais chomhthreomhara nach bhfuil idir-inoibritheach ar fud an Aontais. |
|
(28) |
Ní dochar cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a bhunaítear faoin Treoir seo do rialacha náisiúnta maidir le hionadaíocht dhlíthiúil agus reachtúil nó d’aon chineál eile cumhachtaí aturnae. Níor cheart cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a bheith ann ach i bhfoirm dhigiteach agus ba cheart í a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Cé go gceanglaítear, i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/1132, an fhaisnéis faoi na hionadaithe dlíthiúla a nochtadh sna cláir ghnó, ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit a roghnú an gá cumhacht shonrach aturnae dhigiteach an Aontais a chomhdú, bíodh sin leis an gclár gnó nó le clár eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Chun bacainní teanga a shárú agus a n-úsáid a éascú, ba cheart na teimpléid le haghaidh Deimhniú Cuideachta AE agus le haghaidh chumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a chur ar fáil ar an tairseach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. |
|
(29) |
Is minic a bhíonn deacrachtaí agus bacainní riaracháin ag cuideachtaí i ndáil le húsáid faisnéise cuideachta, atá ar fáil cheana ina gclár gnó náisiúnta, i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad ag déileáil le húdaráis inniúla nó in imeachtaí breithiúnacha i mBallstát eile. Is minic nach nglactar leis na sonraí cuideachta atá ar fáil i gclár Ballstáit amháin i mBallstát eile gan foirmiúlachtaí troma lena gcruthaítear costais agus moilleanna. Dá bhrí sin, chun gníomhaíochtaí trasteorann sa mhargadh inmheánach a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeadh gá le dlisteanú ná foirmiúlacht chomhchosúil, amhail apastail, i leith cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid agus d’fhaisnéis a bhaineann le cuideachtaí a fhaightear ó chláir. Ba cheart an cur chuige céanna a chur i bhfeidhm freisin maidir leis na doiciméid agus an fhaisnéis a mhalartaítear trí chóras idirnasctha na gclár, amhail deimhnithe réamhoibríochta, agus maidir le gníomhartha nótaire nó doiciméid riaracháin le haghaidh na nósanna imeachta faoi raon feidhme na Treorach seo a úsáidtear i gcomhthéacs trasteorann. Áirítear ar na nósanna imeachta sin cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú i mBallstát eile, comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann. |
|
(30) |
Ag an am céanna, chun calaois nó brionnú a chosc, ba cheart údaráis an Bhallstáit ina gcuirtear an doiciméad cuideachta nó an fhaisnéis chuideachta i láthair a bheith in ann, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach orthu maidir lena dtionscnamh nó lena mbarántúlacht, an doiciméad nó an fhaisnéis a fhíorú tríd an gclár eisiúna nó tríd an gclár sa Bhallstát céanna leis na húdaráis sin, a d’fhéadfadh faisnéis faoi bharántúlacht an doiciméid a mhalartú trí chóras idirnasctha na gclár. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin seoladh ríomhphoist atá le húsáid mar phointe teagmhála náisiúnta. Leis an malartú faisnéise sin, ba cheart rannchuidiú leis an muinín fhrithpháirteach agus leis an gcomhar idir na Ballstáit laistigh den mhargadh inmheánach. |
|
(31) |
Uaireanta, déantar ionstraimí comhdhéanaimh na gcuideachtaí a tharraingt suas in dhá theanga nó níos mó, agus is minic gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais í ceann amháin acu a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi. Ina theannta sin, is minic a fhoilsíonn cuideachtaí aistriúchán ar a n-ionstraim chomhdhéanaimh go teanga den sórt sin ar a suíomhanna gréasáin. Ina theannta sin, tá líon méadaitheach faisnéise cuideachta atá san ionstraim chomhdhéanaimh ar fáil ar leithligh agus inaitheanta go héasca le cuidiú ó lipéid ilteangacha trí chóras idirnasctha na gclár. Is gá freisin faisnéis chuideachta a stóráil i gcláir ghnó i bhformáid atá meaisín-inléite agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha, i gcomhréir le forálacha arna dtabhairt isteach le Treoir (AE) 2019/1151, rud a éascóidh meaisínaistriúchán na sonraí sin. A bhuí leis na forbairtí sin, is fusa féachaint ar fhaisnéis chuideachta mar sin agus í a úsáid i gcásanna trasteorann gan gá a bheith le haistriúchán. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Treoir seo úsáid trasteorann faisnéise cuideachta a shimpliú tríd an ngá atá le haistriúchán, go háirithe aistriúchán deimhnithe, a laghdú. |
|
(32) |
Ba cheart do na húdaráis ar gá dóibh faisnéis shonrach faoi chuideachta ó Bhallstát eile a fhíorú an fhaisnéis is gá a cheadú ar dtús sa Deimhniú Cuideachta AE nó trí chóras idirnasctha na gclár, seachas an t-aistriúchán ar an doiciméad iomlán ina bhfuil an fhaisnéis shonrach sin a iarraidh. Ní dhéanfar difear leis sin do cheart na mBallstát a cheangal go ndéanfaí aistriúchán neamhdheimhnithe go ceann dá dteangacha oifigiúla dá dteastódh an doiciméad ina iomláine uathu i gcomhthéacs nós imeachta ar leith. A mhéid a bhaineann le haistriúcháin dheimhnithe, mar phrionsabal ginearálta, ba cheart na ceanglais dhlíthiúla maidir le haistriúcháin den sórt sin ar an ionstraim chomhdhéanaimh nó ar na doiciméid eile arna soláthar ag an gclár gnó a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach agus níor cheart aistriúcháin dheimhnithe a éileamh ach amháin i gcásanna sonracha. Mar sin féin, d’fhéadfadh gá a bheith le haistriúchán deimhnithe, mar shampla, i gcás ina bhfuil na doiciméid le nochtadh go poiblí ag clár, i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/1132, nó i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha. |
|
(33) |
Chun trédhearcacht a mhéadú, rochtain ar fhaisnéis chuideachta a éascú agus riaracháin phoiblí níos nasctha a chruthú ar bhonn trasteorann sa mhargadh inmheánach, tá sé tábhachtach na córais idirnasctha atá ag an Aontas cheana féin agus a bhfuil faisnéis chuideachta thábhachtach acu a nascadh. Dá bhrí sin, ba cheart córas idirnasctha na gclár (BRIS) a nascadh le Córas Idirnasctha Chláir um Úinéireacht Thairbhiúil (BORIS), arna bhunú le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), lena nasctar cláir lárnacha náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla cuideachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile, iontaobhais agus cineálacha eile comhshocruithe dlíthiúla, agus le córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta (IRI) arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart EUID a úsáid chun an fhaisnéis faoi chuideachta ar leith a nascadh sna córais sin. Níor cheart, áfach, go ndéanfaí difear le nasc den sórt sin idir na córais do na rialacha agus do na ceanglais maidir le rochtain ar fhaisnéis a leagtar amach faoi na creataí ábhartha lena mbunaítear na cláir agus na hidirnaisc sin. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nár cheart d’úsáideoir BRIS a bheith in ann rochtain a fháil ar BORIS ach amháin má tá an t-úsáideoir sin i dteideal rochtain a fháil ar BORIS faoina rialacha agus faoina cheanglais faoi seach. |
|
(34) |
Chun cabhrú le cuideachtaí, agus go háirithe le FBManna, a ngníomhaíochtaí gnó a leathnú thar theorainneacha ar bhealach níos éasca, ba cheart an prionsabal ‘aon-uaire’ a fhorbairt tuilleadh i gcásanna ina gcláraíonn cuideachtaí brainsí i mBallstát eile. Mar a tharlaíonn agus fochuideachta trasteorann á cur ar bun, ciallaíonn prionsabal ‘aon-uaire’ a chur i bhfeidhm i ndáil le brainsí gur cheart do chlár an bhrainse an fhaisnéis faoin gcuideachta, ag a bhfuil an brainse trasteorann á chlárú, a aisghabháil go leictreonach ó chlár na cuideachta trí chóras idirnasctha na gclár. Déanfar an malartú faisnéise sin, mar a tharlaíonn i gcás aon mhalartú eile faisnéise idir cláir trí chóras idirnasctha na gclár, trí tharchur slán idir cláir náisiúnta lena áirithiú gur féidir dul i muinín na faisnéise agus nár cheart ceangal a chur uirthi a bheith deimhnithe ná faoi réir aon dlisteanaithe ná foirmiúlacht chomhchosúil. De rogha air sin, d’fhéadfadh clár an bhrainse rochtain dhíreach a fháil ar fhaisnéis faoin gcuideachta trí chóras idirnasctha na gclár tríd an tairseach nó i gclár náisiúnta na cuideachta sin. |
|
(35) |
Cé go bhfuil faisnéis faoi bhrainsí trasteorann de chuideachtaí an Aontais faoi dhliteanas teoranta ar fáil cheana féin trí chóras idirnasctha na gclár, níl faisnéis faoi bhrainsí cuideachtaí nach cuideachtaí de chuid an Aontais iad ar fáil, fiú má tá sí nochta cheana féin i gcláir náisiúnta i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/1132. Chun rochtain ar fhaisnéis den sórt sin a éascú do pháirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais, ba cheart faisnéis faoi na brainsí cuideachta tríú tír sin a chur ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár agus ba cheart cuid den fhaisnéis sin a chur ar fáil saor in aisce, mar atá cheana féin i gcás brainsí trasteorann de chuideachtaí an Aontais faoi dhliteanas teoranta. |
|
(36) |
Ba cheart na doiciméid chuideachta agus an fhaisnéis chuideachta, lena n-áirítear faisnéis faoi ionadaithe dlíthiúla, ar a laghad faoi chomhpháirtithe ginearálta i gcomhpháirtíochtaí mar aon le daoine eile ar féidir leo ionadaíocht a dhéanamh go dleathach do chuideachta, a chur ar fáil go poiblí i gcláir ghnó chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ndéileálacha idir cuideachtaí agus tríú páirtithe. Go háirithe, tá sé tábhachtach deimhneacht dhlíthiúil iomlán a bheith ag tríú páirtithe, amhail creidiúnaithe, infheisteoirí agus comhpháirtithe gnó, mar aon le húdaráis agus cúirteanna, maidir leis an duine a cheaptar chun gníomhú thar ceann na cuideachta agus a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí a dhéanamh nó gnó a dhéanamh thar ceann na cuideachta. I gcomhpháirtíocht, is minic a bhíonn páirtithe údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chomhpháirtíocht agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla. Ar an gcaoi chéanna, d’fhonn tríú páirtithe a chosaint, is gá, i gcás ina bhfuil scaireanna uile cuideachta príobháidí faoi dhliteanas teoranta i seilbh scairshealbhóra aonair, go gcuirfear céannacht an scairshealbhóra aonair sin, a d’fhéadfadh a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar fáil don phobal sa chlár gnó nuair a chruthaítear cuideachtaí den sórt sin nó nuair a bhíonn athrú scairshealbhóra aonair ann. Ós rud é gur féidir le scairshealbhóir aonair, mar shampla, cumhachtaí chruinniú ginearálta na cuideachta a fheidhmiú nó conarthaí a thabhairt i gcrích leis an gcuideachta mar a ndéanann an scairshealbhóir sin ionadaíocht di, ba cheart tríú páirtithe a bheith in ann comhalta aonair a shainaithint chun an duine a fheidhmíonn rialú na cuideachta nó a dhéanann ionadaíocht don chuideachta a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart na daoine sin a shainaithint go haonchiallach. |
|
(37) |
Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, ní hamháin gur gá rochtain a bheith ag tríú páirtithe ar fhaisnéis chuideachta ina mBallstát féin, ach ar fhaisnéis chuideachta i mBallstát eile freisin. Mar a bheadh i gcás intíre, ní mór do thríú páirtithe deimhneacht dhlíthiúil a bheith acu maidir leis na hionadaithe dlíthiúla, na comhpháirtithe i gcomhpháirtíochtaí agus daoine eile ar féidir leo ionadaíocht a dhéanamh go dleathach do chuideachta nó maidir le scairshealbhóirí aonair cuideachtaí i mBallstáit eile. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais trí chóras idirnasctha na gclár lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis sin ar bhealach ilteangach agus inchomparáide agus, ar an gcaoi sin, an leibhéal céanna cosanta a áirithiú do thríú páirtithe i gcásanna trasteorann. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le céannacht na n-ionadaithe dlíthiúla, na gcomhpháirtithe i gcomhpháirtíochtaí, agus daoine eile ar féidir leo ionadaíocht a dhéanamh go dleathach do chuideachta, chomh maith le scairshealbhóirí aonair, is gá na daoine sin a shainaithint go haonchiallach. Tá an gá le cinnteacht a áirithiú maidir le céannacht bheacht na ndaoine sin thar a bheith ard i gcásanna trasteorann ina dtugann córas idirnasctha na gclár rochtain ar fhaisnéis mar sin maidir le gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus maidir le comhpháirtíochtaí tráchtála. Ós rud é go bhfuil cineálacha cur chuige éagsúla ag na córais náisiúnta maidir leis na daoine sin a shainaithint, is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar na catagóirí sonraí pearsanta ar féidir rochtain a fháil orthu ar leibhéal an Aontais. Cé gurb ionann céadainmneacha agus sloinnte na ndaoine sin agus sonraí pearsanta lena n-aithnítear iad, ní ráthaíonn céadainmneacha agus sloinnte sainaithint uathúil i ngach cás agus, dá bhrí sin, ní mór faisnéis bhreise a chur leis an gclár. Níor leor an bhliain bhreithe amháin a chur leis i ndáil leis sin i bhfianaise leitheadúlacht ainmneacha áirithe, idir céadainmneacha agus sloinnte, leo féin agus le chéile, sna Ballstáit agus toisc gur minic a leanann ainmneacha coitianta áirithe timthriallta bliantúla agus, dá bharr sin, gur minic sa bhliain chéanna a shaolaítear go leor daoine a bhfuil ainmneacha comhionanna acu. Dá bhrí sin, is gá agus is comhréireach a cheangal ar chláir an dáta breithe iomlán nó faisnéis choibhéiseach a chur ar fáil do na Ballstáit sin nach ndéanann an dáta breithe iomlán a thaifeadadh sa chlár náisiúnta. Le ceanglas den sórt sin, d’fhéadfaí ionadaithe dlíthiúla, comhpháirtithe i gcomhpháirtíochtaí, agus daoine eile ar féidir leo ionadaíocht a dhéanamh go dleathach do chuideachta, chomh maith le scairshealbhóirí aonair, a shainaithint go haonchiallach. |
|
(38) |
Ba cheart do na Ballstáit aon sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaineann le hionadaithe dlíthiúla, comhpháirtithe i gcomhpháirtíochtaí agus daoine eile ar féidir leo ionadaíocht a dhéanamh go dleathach do chuideachta, agus le scairshealbhóirí aonair, lena n-áirítear na sonraí pearsanta atá le cur ar fáil go poiblí sna cláir, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart don Choimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún coimircí iomchuí cosanta sonraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo teoranta don mhéid is gá chun a cuspóirí a bhaint amach. |
|
(39) |
Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh uile an Aontais leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le tuilleadh faisnéise cuideachta a chur ar fáil i gcláir ghnó, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana. De bhun Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, tá na Stáit is páirtithe le bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile inter alia ar fhaisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus chumarsáide, agus saoráidí agus seirbhísí eile atá oscailte nó curtha ar fáil don phobal. I ndáil leis an méid sin, le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) leagtar amach na ceanglais ghinearálta inrochtaineachta le haghaidh suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí d’fhonn iad a dhéanamh níos inrochtana d’úsáideoirí, go háirithe daoine faoi mhíchumas, agus chun idir-inoibritheacht a chothú. Leis an Treoir sin, moltar do na Ballstáit a cur i bhfeidhm a leathnú chuig eintitis phríobháideacha a thairgeann saoráidí agus seirbhísí atá oscailte don phobal nó a chuirtear ar fáil don phobal. Thairis sin, i dTreoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) tá ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí áirithe lena n-áirítear a suíomhanna gréasáin agus faisnéis ghaolmhar. I bhfianaise éagsúlacht na gcomhlachtaí atá freagrach as cláir ghnó a bhainistiú, ó chúirteanna agus údaráis riaracháin go heintitis phríobháideacha, agus i bhfianaise na ngníomhaíochtaí éagsúla a dhéanann cláir ghnó, ba cheart a mheas an bhfuil gá le bearta sonracha chun a áirithiú go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis chuideachta a chuirtear ar fáil sna cláir ghnó sna Ballstáit uile ar bhonn comhionann le húsáideoirí eile. |
|
(40) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cur le méid na ndoiciméad cuideachta agus na faisnéise cuideachta atá ar fáil i gcláir ghnó nó trí chóras idirnasctha na gclár agus feabhas a chur ar a n-iontaofacht, agus úsáid dhíreach sonraí cuideachta atá ar fáil i gcláir ghnó a chumasú agus brainsí agus fochuideachtaí trasteorann á mbunú agus i ngníomhaíochtaí agus cásanna trasteorann eile, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta a bhfuil gá léi, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(41) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (19), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid mar sin a tharchur. |
|
(42) |
Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (20), ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar, is iad sin éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart go gcumhdófaí leis an meastóireacht an taithí phraiticiúil leis an Deimhniú Cuideachtaí AE, cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais, na foirmiúlachtaí laghdaithe i gcásanna trasteorann do chuideachtaí, éifeachtacht na rialuithe coisctheacha agus na seiceálacha dlíthiúlachta agus faisnéis a chur ar fáil saor in aisce trí chóras idirnasctha na gclár, agus ceanglais maidir le nochtadh a chur i bhfeidhm le haghaidh comhpháirtíochtaí. Tá faisnéis faoi áit an riaracháin lárnaigh agus faoin bpríomháit ghnó tábhachtach chun cur leis an trédhearcacht agus, ar an gcaoi sin, an deimhneacht dhlíthiúil a threisiú i ndáil le caidrimh ghnó chuideachtaí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú ar cheart faisnéis den chineál sin a nochtadh sa chlár náisiúnta agus a chur ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár, chomh maith le conas na coincheapa sin a shainiú chun tuiscint aonfhoirmeach orthu a áirithiú ar fud an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le hidir-inoibritheacht trasearnála idir córas idirnasctha na gclár agus córais eile lena soláthraítear sásraí le haghaidh comhar idir údaráis inniúla, amhail i réimsí an chánachais nó na slándála sóisialta nó an Córas Teicniúil Aonuaire arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2018/1724 d’fhonn riaracháin phoiblí níos nasctha a chruthú ar bhonn trasteorann sa mhargadh inmheánach. Leagtar béim freisin ar thábhacht na hidir-inoibritheachta trasearnála i Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Samhain 2022 dar teideal Teachtaireacht maidir le beartas idir-inoibritheachta neartaithe san earnáil phoiblí – Lena nascaítear seirbhísí poiblí, lena dtacaítear le beartais phoiblí agus lena gcuirtear tairbhí don phobal ar fáil – I dtreo ‘Eoraip Idirinoibritheach’. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá atá le bearta breise a thabhairt isteach chun déileáil ar bhealach chuimsitheach le riachtanais daoine faoi mhíchumas nuair a fhaigheann siad rochtain ar fhaisnéis chuideachta arna soláthar trí na cláir ghnó. Ba cheart don Choimisiún a mheasúnú ar cheart raon feidhme na bhforálacha maidir le grúpaí cuideachtaí a leathnú chun catagóirí nó cineálacha eile grúpaí agus eintiteas eile a chumhdach, agus ar cheart léiriú físiúil struchtúr an ghrúpa a chur ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár. Ar deireadh, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú ar cheart comharchumainn, a bhfuil ról tábhachtach acu i roinnt mhaith Ballstát, a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo, agus a saintréithe sonracha á gcur san áireamh. |
|
(43) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 17 Bealtaine 2023 (22). |
|
(44) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2009/102/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Threoir 2009/102/CE
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3 de Threoir 2009/102/CE:
‘Airteagal 3
I gcás ina mbeidh cuideachta ina cuideachta aonbhaill toisc go dtagann a scaireanna uile i seilbh duine aonair, déanfar an fíoras sin, mar aon le céannacht an chomhalta aonair, a thaifeadadh sa chomhad nó a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus a chur ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Treoir sin.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18 agus Airteagal 19(1) de Threoir (AE) 2017/1132.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132
Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Theideal I: ‘ FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS BUNÚ AGUS FEIDHMIÚ CUIDEACHTAÍ ’; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(3) |
i dTeideal I, Caibidil II, cuirtear an méid a leanas in ionad cheannteideal Roinn 2: ‘Neamhniú na cuideachta agus bailíocht a cuid oibleagáidí’ ; |
|
(4) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe dá bhforordaítear leis an Roinn seo maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II agus, i gcás ina sonrófar sin, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB.’ |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: ‘Airteagal 10 Rialú coisctheach ‘1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rialú coisctheach riaracháin, breithiúnach, nó nótaireachta, nó aon mheascán díobh sin, ar ionstraim chomhdhéanaimh agus ar reachtanna cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB tráth a bhfoirmithe, agus ar aon leasuithe ar na doiciméid sin. Beidh an ceanglas sin gan dochar do dhlíthe náisiúnta agus do chórais dlí na mBallstát lena gceanglaítear go ndréachtófaí agus go ndeimhneofaí na doiciméid sin i bhfoirm chuí dhlíthiúil. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go leagfar síos lena ndlíthe maidir le foirmiú cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB nós imeachta maidir le seiceáil dlíthiúlachta a dhéanamh ar ionstraim chomhdhéanaimh cuideachta, agus ar a reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar seiceáil dlíthiúlachta freisin i gcás ina ndéanfar aon leasú ar na doiciméid sin. Tríd an tseiceáil dlíthiúlachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, fíorófar an méid seo a leanas ar a laghad:
3. I gcás, chun cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB a fhoirmiú nó tráth a gcláraithe, nach gceanglaítear leis an dlí náisiúnta ionstraimí comhdhéanaimh agus reachtanna a tharraingt suas, áireofar leis an nós imeachta um sheiceáil dlíthiúlachta seiceálacha foirmiúla agus substainteacha i leith na ndoiciméad nó na faisnéise is gá faoin dlí náisiúnta chun iarratas a dhéanamh ar iontráil na gcuideachtaí sin ar an gclár. 4. Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne chomh maith le nósanna imeachta eile nach bhfuil go hiomlán ar líne.’ |
|
(6) |
i dTeideal I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chaibidil III: ‘ Nósanna imeachta (foirmiú, clárú agus comhdú), nochtadh agus cláir ’; |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: ‘Airteagal 13 Raon Feidhme Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe dá bhforordaítear leis an Roinn seo agus le Roinn 1A maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II agus, i gcás ina sonrófar sin, maidir leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní I, IIA agus IIB.’ |
|
(8) |
in Airteagal 13a, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
; |
|
(9) |
in Airteagal 13b(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*2) Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.04.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).’;" |
|
(10) |
leasaítear Airteagal 13c mar a leanas:
|
|
(11) |
leasaítear Airteagal 13f mar a leanas:
|
|
(12) |
leasaítear Airteagal 13g mar a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 13h(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí na teimpléid, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a úsáid mar chuid den nós imeachta foirmithe ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13g.’ ; |
|
(14) |
leasaítear Airteagal 13j mar a leanas:
|
|
(15) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 13k Foirmeacha eile foirmithe cuideachtaí agus comhdúcháin doiciméad agus faisnéise 1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 13c, Airteagal 13g(2a), Airteagal 13g(3) pointí (a), (d), (e) agus (f), Airteagal 13g(4), pointí (b) agus (c), Airteagal 13g(5) agus (7), agus Airteagal 28a(5a) maidir le foirmeacha foirmithe na gcuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB nach bhfuil go hiomlán ar líne. Áiritheoidh na Ballstáit go leagfar síos rialacha chun céannacht na n-iarratasóirí a fhíorú i gcás foirmeacha eile foirmithe cuideachtaí. 2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10(1), (2) agus (3) agus ag Airteagal 13g(2), (3), (4) agus (5) maidir le haon fhoirm comhdúcháin doiciméad agus faisnéise nach bhfuil go hiomlán ar líne ag cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB. Beidh feidhm ag Airteagal 10(1), (2) agus (3) maidir leis na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal sin.’ |
|
(16) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(17) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 14a Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh ag comhpháirtíochtaí Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na cineálacha comhpháirtíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a nochtadh go héigeantach:
|
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: ‘Airteagal 15 Cláir atá cothrom le dáta 1. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go gcoinneofar cothrom le dáta na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB atá stóráilte sna cláir dá dtagraítear in Airteagal 16. 2. Leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, forálfar an méid seo a leanas ar a laghad:
3. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhíorú, i gcás ina bhfuil amhras ann, an gcomhlíonann cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB na ceanglais chun leanúint de bheith cláraithe. Áireofar sna rialacha lena rialaítear na nósanna imeachta sin, an deis a bheith ag cuideachta an fhaisnéis ábhartha a cheartú laistigh de thréimhse réasúnach, a áirithiú go ndéanfar stádas cuideachta, amhail an tráth a dhúntar í, an tráth a bhaintear den chlár í, an tráth a dhéantar í a fhoirceannadh, an tráth a dhéantar í a dhíscaoileadh, an tráth a bhíonn sí ag gabháil d’imeachtaí dócmhainneachta, an tráth atá sí gníomhach nó neamhghníomhach go heacnamaíoch mar a shainítear sa dlí náisiúnta agus i gcás ina mbeidh sí taifeadta sa chlár náisiúnta, a thabhairt cothrom le dáta sa chlár dá réir sin agus, i gcás ina mbeidh údar cuí leis, áireofar iontu an fhéidearthacht go mbainfí cuideachtaí den chlár i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.’ |
|
(19) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(20) |
in Airteagal 16a, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cóipeanna agus sleachta leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis arna soláthar ag an gclár comhoiriúnach leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1183. 6. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14a.’ |
|
(21) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 16b Deimhniú Cuideachta AE 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cláir na Deimhnithe Cuideachta AE a eisiúint maidir leis na cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB. Glacfar leis an Deimhniú Cuideachta AE i ngach Ballstát mar fhianaise leordhóthanach, tráth na heisiúna, ar chorprú na cuideachta agus ar an bhfaisnéis a liostaítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, faoi seach, atá i seilbh an chláir ina bhfuil an chuideachta cláraithe. 2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa Deimhniú Cuideachta AE le haghaidh na gcuideachtaí faoi dhliteanas teoranta a liostaítear in Iarscríbhinn II:
3. Áireofar sa Deimhniú Cuideachta AE le haghaidh comhpháirtíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cé is moite de phointí (e), (h), (j) agus (k). Áireofar an fhaisnéis seo a leanas chomh maith:
4. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an Deimhniú Cuideachta AE a fháil ón gclár ar iarratas a chur isteach chuig an gclár trí mheán leictreonach nó i bhfoirm pháipéir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an leagan leictreonach de Dheimhniú Cuideachta AE a fháil freisin trí chóras idirnasctha na gclár. 5. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le gach cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II nó Iarscríbhinn IIB a Deimhniú Cuideachta AE a fháil saor in aisce i bhfoirm leictreonach, ar iarratas a dhéanamh, ach amháin má dhéantar dochar tromchúiseach leis do mhaoiniú na gclár náisiúnta. I gcás ar bith, beidh gach cuideachta in ann a Deimhniú Cuideachta AE a fháil saor in aisce uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana féilire. I gcás ina ngearrtar costas chun an Deimhniú Cuideachta AE a fháil, is cuma cé acu ar pháipéar nó trí mheán leictreonach a thabharfar é, ní bheidh an costas sin níos airde ná an costas riaracháin a bhaineann leis sin, lena n-áirítear costais forbartha agus chothabhála na gclár. 6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an Deimhniú Cuideachta AE arna sholáthar ag an gclár i bhfoirm leictreonach a fhíordheimhniú trí bhíthin na seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun a ráthú gurb é an clár a sholáthair é agus gur cóip dhílis atá ann den fhaisnéis atá coinnithe sa chlár nó go bhfuil sé ag teacht leis an bhfaisnéis atá ann. Beidh an Deimhniú Cuideachta AE comhoiriúnach freisin leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1183. 7. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar ar an Deimhniú Cuideachta AE arna sholáthar ag an gclár i bhfoirm pháipéir an dáta eisiúna, chomh maith le séala nó stampa an chláir, nó modhanna coibhéiseacha fíordheimhnithe, chun a ráthú gur cóip dhílis atá ann den fhaisnéis atá coinnithe sa chlár nó go bhfuil sé ag teacht leis an bhfaisnéis atá ann, agus go mbeidh uimhir phrótacail uathúil nó uimhir aitheantais uathúil nó gné chomhchosúil air lenar féidir tionscnamh agus barántúlacht an doiciméid a fhíorú go leictreonach. 8. Foilseoidh an Coimisiún an teimpléad ilteangach le haghaidh an Deimhnithe Cuideachta AE ar an tairseach Eorpach don r-Cheartas (“an tairseach”) i dteangacha oifigiúla de chuid an Aontais. Airteagal 16c Cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais 1. Áiritheoidh na Ballstáit, chun nósanna imeachta a dhéanamh faoi raon feidhme na Treorach seo i mBallstát eile, go háirithe cuideachtaí a fhoirmiú, brainsí a chlárú nó a dhúnadh, comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann, gur féidir le cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB teimpléad le haghaidh chumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a úsáid i gcomhréir leis an Airteagal seo chun duine a údarú chun ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta. Déanfar chumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a tharraingt suas, a leasú nó a chúlghairm i gcomhréir le ceanglais náisiúnta. Áireofar ar na ceanglais náisiúnta sin maidir le cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a tharraingt suas, a leasú nó a chúlghairm ar a laghad, fíorú ar chéannacht, ar inniúlacht dhlítheanach agus ar údarás arna déanamh ag cúirteanna, nótairí nó údaráis inniúla eile chun ionadaíocht a dhéanamh do chuideachta an duine a dheonaíonn, a leasaíonn nó a chúlghaireann an chumhacht aturnae. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a fhíordheimhniú trí bhíthin seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus go mbeidh deonú, leasú nó cúlghairm na cumhachta sin comhoiriúnach lena húsáid leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1183. 2. Glacfar le cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais mar fhianaise ar theidlíocht an duine údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta mar a shonraítear sa doiciméad. 3. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais, aon leasú uirthi, agus aon chúlghairm maidir léi a chomhdú i gclár. Sa chás sin, ní bheidh na táillí a ghearrfar chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis faoi chumhacht aturnae dhigiteach an Aontais níos mó ná na costais riaracháin a bhaineann leis sin, lena n-áirítear na costais a bhaineann le cláir a fhorbairt agus a chothabháil. 4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (e), an teimpléad le haghaidh chumhacht aturnae dhigiteach an Aontais a bhunú, lena n-áireofar ar a laghad réimsí sonraí maidir le raon feidhme na hionadaíochta, an duine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta agus an cineál ionadaíochta. Foilseoidh an Coimisiún an teimpléad sin ar an tairseach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Airteagal 16d Díolmhú ó dhlisteanú agus ó aon fhoirmiúlacht chomhchosúil 1. I gcás ina bhfuil cóipeanna agus sleachta de dhoiciméid agus d’fhaisnéis arna soláthar agus arna ndeimhniú mar chóipeanna dílse ag clár, lena n-áirítear aistriúcháin dheimhnithe, le tíolacadh i mBallstát eile, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad díolmhaithe ó gach cineál dlisteanaithe agus ó aon fhoirmiúlacht chomhchosúil. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cóipeanna agus sleachta leictreonacha de dhoiciméid agus d’fhaisnéis, lena n-áirítear aistriúcháin dheimhnithe, i gcás inar fíordheimhníodh iad i gcomhréir le hAirteagal 16a(4). Beidh feidhm aici freisin maidir le cóipeanna agus sleachta de dhoiciméid agus d’fhaisnéis, lena n-áirítear aistriúcháin dheimhnithe, i bhfoirm pháipéir, i gcás ina n-áirítear iontu dáta a n-eisiúna chomh maith le séala nó stampa an chláir, nó modh fíordheimhnithe coibhéiseach, agus ina bhfuil uimhir phrótacail uathúil nó uimhir aitheantais uathúil nó gné chomhchosúil orthu lenar féidir tionscnamh agus barántúlacht an doiciméid a fhíorú go leictreonach. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an Deimhniú Cuideachta AE arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16b, cumhacht aturnae dhigiteach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 16c agus na deimhnithe réamh-chomhshó, réamhchumaisc agus réamhdheighilte arna dtarchur i gcomhréir le hAirteagail 86n, 127a agus 160n díolmhaithe ó gach cineál dlisteanaithe agus ó aon fhoirmiúlacht chomhchosúil eile. 3. I gcás ina bhfuil ionstraimí nótaire, doiciméid riaracháin, cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe díobh arna n-eisiúint i mBallstát i gcomhthéacs nósanna imeachta faoi raon feidhme na Treorach seo le tíolacadh i mBallstát eile, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad díolmhaithe ó gach cineál dlisteanaithe agus ó aon fhoirmiúlacht chomhchosúil. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír seo maidir le hionstraimí nótaire leictreonacha, doiciméid riaracháin leictreonacha, cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe díobh i gcás inar fíordheimhníodh iad trí bhíthin seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Beidh feidhm aici freisin maidir le hionstraimí nótaire leictreonacha, doiciméid riaracháin leictreonacha, cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe díobh i bhfoirm pháipéir i gcás ina bhfuil uimhir phrótacail uathúil nó uimhir aitheantais uathúil nó gné chomhchosúil lenar féidir tionscnamh agus barántúlacht an doiciméid a fhíorú go leictreonach. Airteagal 16e Coimircí i gcásanna amhras réasúnach maidir le tionscnamh nó barántúlacht 1. Na húdaráis i mBallstát eile dá gcuirtear faoina mbráid na cóipeanna agus na sleachta de dhoiciméid agus d’fhaisnéis arna soláthar agus arna ndeimhniú mar chóipeanna dílse ó chlár i gcomhréir le hAirteagal 16d(1), nó an Deimhniú Cuideachta AE arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16b, féadfaidh na húdaráis sin iarraidh ar fhaisnéis a chur isteach chuig an bpointe teagmhála i gcás ina bhfuil amhras réasúnach orthu maidir le tionscnamh nó barántúlacht, lena n-áirítear céannacht an tséala nó an stampa, nó a bhfuil cúis acu a mheas go ndearnadh doiciméad a bhrionnú nó go ndearnadh crioscaíl leis, ar pointe teagmhála é:
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin bpointe teagmhála ábhartha nó faoi na pointí teagmhála ábhartha. 2. Leagfar amach in iarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 na cúiseanna a bhfuil amhras ar an údarás faoi thionscnamh nó barántúlacht na gcóipeanna agus na sleachta de dhoiciméid agus d’fhaisnéis nó an Deimhniú Cuideachta AE, go háirithe i gcásanna nach féidir leis an údarás cóip nó sliocht de dhoiciméid agus d’fhaisnéis nó an Deimhniú Cuideachta AE a fhíordheimhniú trí mhodhanna fíoraithe leictreonacha. Beidh an chóip nó an sliocht den doiciméad agus den fhaisnéis nó an Deimhniú Cuideachta AE lena mbaineann a tarchuireadh go leictreonach ag gabháil le gach iarraidh. Iarrataí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo, diúltófar dóibh gan scrúdú agus cuirfear an t-údarás a thíolaic an iarraidh ar an eolas faoin diúltú tríd an bpointe teagmhála. 3. Tabharfaidh na pointí teagmhála freagra ar iarrataí ar fhaisnéis a dhéantar faoi mhír 1 laistigh de thréimhse nach faide ná 5 lá oibre. 4. Ní fhéadfaidh an t-údarás iarrthach a chinneadh gan glacadh leis na cóipeanna ná na sleachta de dhoiciméid ná d’fhaisnéis ná leis an Deimhniú Cuideachta AE ach amháin más rud é nach ndaingnítear a dtionscnamh ná a mbarántúlacht leis an gclár ónar iarr sé faisnéis de bhun mhír 2. Sa chás sin, tabharfaidh an t-údarás iarrthach fógra dóibh siúd a thíolaic na doiciméid sin agus an fhaisnéis sin nó an Deimhniú Cuideachta AE faoin gcinneadh sin gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an freagra a fháil ón bpointe teagmhála. Airteagal 16f Coimircí i gcásanna ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le mí-úsáid nó calaois 1. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail chun mí-úsáid nó calaois a chosc, féadfaidh na húdaráis i mBallstát eile, go heisceachtúil agus ar bhonn cás ar chás, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu le hamhras a bheith orthu go ndearnadh mí-úsáid nó calaois, diúltú glacadh le doiciméid nó faisnéis faoi chuideachta ó chlár i mBallstát eile mar fhianaise maidir le cuideachta a chlárú nó ar an gcuideachta sin a bheith fós ann, nó mar fhianaise maidir leis an bhfaisnéis shonrach faoi chuideachta a bhfuil amhras ann ina leith go ndearnadh mí-úsáid nó calaois. 2. Sna cásanna sin dá dtagraítear i mír 1, ceadóidh na húdaráis an clár inar soláthraíodh an doiciméad nó an fhaisnéis. Mura nglactar leis an doiciméad nó leis an bhfaisnéis i mBallstát i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh na húdaráis an clár lenar soláthraíodh an doiciméad nó an fhaisnéis sin ar an eolas. 3. Ní dochar an tAirteagal seo do chur i bhfeidhm Airteagal 16(5) agus don fhéidearthacht atá ag údaráis inniúla foláireamh a thabhairt don chlár as a dtagann an doiciméad nó an fhaisnéis i gcásanna ina measann siad go bhféadfadh earráidí neamhaireacha, cléireachais nó follasacha eile a bheith sa doiciméad nó san fhaisnéis a sholáthraítear dóibh d’fhonn féachaint an bhféadfaí é a cheartú sula mbraithfí ar an doiciméad nó ar an bhfaisnéis, lena n-áirítear le haghaidh iontrálacha ina gclár féin. Airteagal 16g Díolúine maidir le haistriúchán 1. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall gan an t-aistriúchán de chóipeanna nó sleachta de dhoiciméid arna soláthar ag an gclár Ballstáit eile a éileamh, lena n-áirítear sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 13g(2a) agus 28a(5a), nuair is féidir rochtain a fháil ar an bhfaisnéis shonrach is gá faoi chuideachta agus í a cheadú:
2. Gan dochar do mhír 1, i gcás ina bhfuil na hionstraimí comhdhéanaimh agus na reachtanna, má tá siad in ionstraim ar leithligh, agus doiciméid eile a chuirtear ar fáil ar chlár, le tíolacadh i mBallstát eile, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh gá le haistriúchán deimhnithe ach amháin nuair a bheidh údar cuí leis sin de bharr na críche dá bhfuil an doiciméad le húsáid, amhail chun riachtanas éigeantach maidir le nochtadh poiblí a chomhlíonadh nó chun é a chur isteach in imeachtaí breithiúnacha, agus má tá fíorghá leis. 3. Cuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm gan dochar d’Airteagail 21 agus 32.’ |
|
(22) |
leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Airteagal 18 Teacht ar chóipeanna leictreonacha de dhoiciméid agus d’fhaisnéis 1. Cuirfear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 14a ar fáil go poiblí freisin trí chóras idirnasctha na gclár. Féadfaidh na Ballstáit na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 14a a chur ar fáil freisin do chineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IIB. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 16a(3), (4) agus (5) maidir le cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 14a, Airteagail 19(2), Airteagal 19a(2) agus Airteagal 19b ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár i bhformáid chaighdeánach teachtaireachta agus go mbeidh siad inrochtana trí mheán leictreonach. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go n-urramófar íoschaighdeáin do shlándáil tarchurtha sonraí. 3. Soláthróidh an Coimisiún seirbhís cuardaigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais maidir le cuideachtaí atá cláraithe sna Ballstáit, chun go gcuirfear an méid seo a leanas ar fáil tríd an tairseach:
4. Áiritheoidh na Ballstáit, trí chóras idirnasctha na gclár, go gcuirfear céadainmneacha, sloinnte agus dáta breithe, nó faisnéis choibhéiseach i gcás nach mbeidh an dáta sin taifeadta sa chlár náisiúnta, na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 14, pointe (d), in Airteagal 14a, pointí (i) agus (j), Airteagal 19(2), pointe (g), Airteagal 19a(2), pointe (g), Airteagail 30(1), pointe (e) agus 36(4), pointe (f), ar fáil go poiblí, i gcás inar daoine nádúrtha iad na daoine sin. I gcás inar daoine dlítheanacha iad na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear ainm na cuideachta, a foirm dhlíthiúil, a EUID nó, i gcás nach bhfuil feidhm ag EUID, a huimhir chlárúcháin, ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár. 5. Áiritheoidh na Ballstáit, trí chóras idirnasctha na gclár, go gcuirfear céadainmneacha, sloinnte agus dáta breithe, nó faisnéis choibhéiseach nuair nach bhfuil an dáta sin taifeadta sa chlár náisiúnta, na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/102/CE, nuair is daoine nádúrtha iad na daoine sin, ar fáil go poiblí. I gcás inar daoine dlítheanacha iad na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear ainm na cuideachta, a foirm dhlíthiúil, a EUID nó, i gcás nach bhfuil feidhm ag EUID, an uimhir chlárúcháin ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár. 6. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na cláir, na húdaráis ná na daoine ná na comhlachtaí atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo na sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur trí chóras idirnasctha na gclár chun críocha Airteagail 13g, 28a agus 30a a stóráil mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.’ |
|
(24) |
leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
|
(25) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 19a Na táillí is féidir a ghearradh le haghaidh doiciméid agus faisnéis a mhéid a bhaineann le comhpháirtíochtaí 1. Ní bheidh na táillí a ghearrfar chun teacht ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14a trí chóras idirnasctha na gclár níos airde ná an costas riaracháin lena mbaineann, lena n-áirítear costais forbartha agus chothabhála na gclár. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na doiciméid an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB ar fáil saor in aisce trí chóras idirnasctha na gclár:
3. Ní ghearrfar aon táille, ó thaobh na gclár de, mar gheall ar mhalartú aon fhaisnéis trí chóras idirnasctha na gclár. 4. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (d) agus (f), le cur ar fáil saor in aisce d’údaráis na mBallstát eile agus dóibh siúd amháin. Airteagal 19b Faisnéis faoi ghrúpaí cuideachtaí 1. Maidir leis na grúpaí a gceanglaítear ar na máthairchuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní II nó IIB ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú agus a fhoilsiú ina leith i gcomhréir le hAirteagail 21 go 29 de Threoir 2013/34/AE, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil saor in aisce trí chóras idirnasctha na gclár:
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go n-áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 an cion den chaipiteal atá ar seilbh idir an mháthairchuideachta deiridh agus gach ceann de na fochuideachtaí. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an bhfaisnéis nua a áirítear i ráitis airgeadais ina dhiaidh sin.’ |
|
(26) |
in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hAirteagal 14a’ |
|
(27) |
in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘7. I gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (f), bunóidh an Coimisiún naisc idir córas idirnasctha na gclár, córas idirnasctha chláir na húinéireachta tairbhiúla dá bhforáiltear in Airteagal 30(10) agus Airteagal 31(9) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5). Ní dhéanfaidh bunú nasc i gcomhréir leis an gcéad fhomhír na rialacha agus na ceanglais a bhaineann le rochtain ar an bhfaisnéis lena mbaineann, mar a leagtar amach faoi na creataí ábhartha lena mbunaítear na cláir agus na hidirnaisc sin a athrú ná ní rachaidh sé timpeall orthu. (*4) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)." (*5) Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).’;" |
|
(28) |
in Airteagal 24, déantar an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír de mhír 1 nua den chéad mhír, den dara mír agus den tríú mír agus cuirtear an mhír seo a leanas léi: ‘2. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas freisin:
Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 31 Iúil 2026. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 164(2).’ |
|
(29) |
in Airteagal 26, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB.’ ; |
|
(30) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: ‘Airteagal 28 Pionóis Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorfheidhmiú.’ |
|
(31) |
leasaítear Airteagal 28a mar a leanas:
|
|
(32) |
in Airteagal 28b(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30, nó aon athruithe orthu, a chomhdú ar líne i gcomhréir le hAirteagal 15(2), pointí (a) agus (b).’ |
|
(33) |
in Airteagal 30(2), scriostar pointe (c); |
|
(34) |
in Airteagal 36, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘3. Cuirfear na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37 ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18 agus ag Airteagal 19(1). 4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil saor in aisce trí chóras idirnasctha na gclár:
5. Cuirfidh na Ballstáit Airteagal 29(4) i bhfeidhm mutatis mutandis maidir le brainsí cuideachtaí ó thríú tíortha.’ |
|
(35) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40: ‘Airteagal 40 Pionóis Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás ina mainneofar na hábhair a leagtar amach in Airteagail 29, 30, 31, 36, 37 agus 38 a nochtadh agus i gcás faillí an fhaisnéis éigeantach dá bhforáiltear in Airteagail 35 agus 39 a chur isteach i litreacha agus foirmeacha ordaithe. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na pionóis sin a fhorfheidhmiú.’ |
|
(36) |
cuirtear Iarscríbhinn IIB, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, isteach. |
Airteagal 3
Tuairisciú agus athbhreithniú
1. Faoin 31 Iúil 2032, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú, go háirithe trí shonraí a bhaineann le mír 2 a sholáthar.
2. Sa tuarascáil ón gCoimisiún, déanfar meastóireacht inter alia ar na hábhair seo a leanas, agus aird ar leith á tabhairt ar na tosca lena gcuirtear chun cinn nó lena gcur in aghaidh úsáid uirlisí agus próiseas digiteach i gcomhthéacs na n-ábhar sin:
|
(a) |
an taithí phraiticiúil ar úsáid an Deimhnithe Cuideachta AE, lena n-áirítear a ghlacadh i dtéarmaí líon na nDeimhnithe Cuideachta AE a eisítear, é a bheith ar fáil saor in aisce agus an tionchar ar chuideachtaí, ar chláir nó ar údaráis; |
|
(b) |
an taithí phraiticiúil ar úsáid chumhacht aturnae dhigiteach an Aontais; |
|
(c) |
an taithí phraiticiúil ar fhoirmiúlachtaí do chuideachtaí i gcásanna trasteorann a laghdú; |
|
(d) |
éifeachtacht an rialaithe choiscthigh agus na seiceálacha dlíthiúlachta arna dtabhairt isteach agus arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit chun ardleibhéal cruinnis agus iontaofachta faisnéise cuideachta a áirithiú, agus an gá atá le trédhearcacht bhreise na faisnéise sin; |
|
(e) |
an gá atá le níos mó faisnéise a chur ar fáil saor in aisce ná mar a cheanglaítear in Airteagal 19(2) agus 19a(2) de Threoir (AE) 2017/1132, agus a indéanta atá sé sin, agus, i gcás inarb infheidhme, ná mar a fhoráiltear de bhun Airteagail 19(4) agus 19a(4) den Treoir sin, agus an gá atá le rochtain gan bac ar an bhfaisnéis sin a áirithiú agus a indéanta atá sé sin; |
|
(f) |
cur chun feidhme na gceanglas maidir le nochtadh le haghaidh comhpháirtíochtaí faoi Airteagal 14a de Threoir (AE) 2017/1132, go háirithe maidir le faisnéis nach gá a nochtadh ach amháin nuair a dhéantar í a thaifeadadh sa chlár náisiúnta. |
3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an acmhainneacht maidir le hidir-inoibritheacht trasearnála idir córas idirnasctha na gclár agus córais eile lena soláthraítear sásraí le haghaidh comhar idir údaráis inniúla; |
|
(b) |
féachaint an bhfuil gá le bearta breise chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar riachtanais daoine faoi mhíchumas nuair a fhaigheann siad rochtain ar fhaisnéis chuideachta a chuirtear ar fáil sna cláir; |
|
(c) |
ar cheart raon feidhme chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le faisnéis faoi ghrúpaí cuideachtaí a leathnú chun catagóirí nó cineálacha eile grúpaí agus eintiteas eile a chumhdach, ar cheart tuilleadh faisnéise faoi ghrúpaí a chur ar fáil go poiblí, agus ar cheart, agus conas ar cheart, struchtúir an ghrúpa a léiriú go físiúil trí chóras idirnasctha na gclár; |
|
(d) |
ar cheart comharchumainn a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo i gcomhréir leis na forálacha maidir le comhpháirtíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIB agus saintréithe sonracha na gcomharchumann á gcur san áireamh. |
4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar cheart faisnéis faoi áit an riaracháin lárnaigh agus faoin bpríomháit ghnó a nochtadh sa chlár náisiúnta agus a chur ar fáil trí chóras idirnasctha na gclár, chomh maith le conas na coincheapa sin a shainiú chun a áirithiú go dtuigfear go haonfhoirmeach iad ar fud an Aontais.
5. Beidh ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, togra chun Treoir (AE) 2017/1132 a leasú tuilleadh.
Airteagal 4
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Iúil 2027, Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
2. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ón 31 Iúil 2028.
3. D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 19(2), pointe (i), de Threoir (AE) 2017/1132 agus Airteagal 19b den Treoir sin a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Lúnasa 2028 agus cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2029.
4. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
5. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Tuairim an 14 Meitheamh 2023 (IO C 293, 18.8.2023, lch. 82).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2024.
(3) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(4) Treoir (AE) 2019/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí (IO L 186, 11.7.2019, lch. 80).
(5) Moladh ón gCoimisiún 2003/361/CE an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainiú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(6) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(8) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(12) Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.04.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(13) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(14) Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).
(15) Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).
(16) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(17) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchlár móibíleach chomhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(18) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(19) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(20) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(21) Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).
(22) IO C 253, 18.7.2023, lch. 8.
(23) Treoir 2009/102/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 i réimse dhlí na gcuideachtaí maidir le cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill (IO L 258, 1.10.2009, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN IIB
CINEÁLACHA CUIDEACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 7, 10, 13, 13f, 13g, 13j, 13k, 14a, 15, 16, 16b, 16c, 18, 19a, 26 agus 28a
|
société en nom collectif/ vennootschap onder firma, société en commandite/ commanditaire vennootschap; |
||
|
cъбирателно дружество, командитно дружество; |
||
|
veřejná obchodní společnost, komanditní společnost; |
||
|
interessentskab, kommanditselskab; |
||
|
offene Handelsgesellschaft, Kommanditgesellschaft; |
||
|
täisühing, usaldusühing; |
||
|
comhpháirtíocht theoranta, limited partnership; |
||
|
ομόρρυθμη εταιρεία, ετερόρρυθμη εταιρεία; |
||
|
sociedad colectiva, sociedad comanditaria simple; |
||
|
société en nom collectif, société en commandite simple; |
||
|
javno trgovačko društvo, komanditno društvo; |
||
|
società in nome collettivo, società in accomandita semplice; |
||
|
ομόρρυθμος συνεταιρισμός, ετερόρρυθμος συνεταιρισμός; |
||
|
pilnsabiedrība, komandītsabiedrība; |
||
|
tikroji ūkinė bendrija, komanditinė ūkinė bendrija; |
||
|
société en nom collectif, société en commandite simple; |
||
|
közkereseti társaság, betéti társaság; |
||
|
soċjetà f’isem kollettiv/partnership en nom collectif, soċjetà in akkomandita/partnership en commandite; |
||
|
vennootschap onder firma, commanditaire vennootschap; |
||
|
offene Gesellschaft, Kommanditgesellschaft; |
||
|
spółka jawna, spółka komandytowa; |
||
|
sociedade em nome coletivo, sociedade em comandita simples; |
||
|
societatea în nume colectiv, societatea în comandită simplă; |
||
|
družba z neomejeno odgovornostjo, komanditna družba; |
||
|
verejná obchodná spoločnosť, komanditná spoločnosť; |
||
|
avoin yhtiö, kommandiittiyhtiö; |
||
|
handelsbolag, kommanditbolag.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/25/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)