European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/24

7.3.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/24 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le ceanglais ar oibreoirí aeradróim a bhaineann le gníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 31(1), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1139 bunaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh ag eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh agus ag oibreoirí aerárthaí a dhéanann féinseirbhís láimhseála.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (2) leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir, agus i measc nithe eile, le treoracha agus nósanna imeachta maidir le pearsanra atá bainteach le hoibríochtaí ar talamh, dualgais, freagrachtaí, agus oiliúint an phearsanra atá bainteach le hoibríochtaí ar talamh, agus gníomhaíochtaí ar conradh de chuid oibreoirí aerárthaí. Ba cheart na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta riaracháin sin a thabhairt cothrom le dáta, a shoiléiriú agus a ailíniú leis na ceanglais maidir le seirbhísí láimhseáil ar talamh agus le heagraíochtaí a sholáthraíonn iad mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 (3) ón gCoimisiún.

(3)

Chun ardleibhéal sábháilteachta eitlíochta sibhialta a áirithiú san Aontas, ba cheart an úrscothacht agus na dea-chleachtais sa réimse láimhseáil ar talamh a léiriú sa Rialachán seo; caighdeáin agus cleachtais mholta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta is infheidhme a chur san áireamh leis; taithí oibríochta láimhseáil ar talamh ar fud an domhain, chomh maith le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sa réimse láimhseáil ar talamh, a chur san áireamh leis freisin; é a bheith comhréireach le méid agus castacht na ngníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh; agus foráil a dhéanamh leis maidir leis an tsolúbthacht is gá le haghaidh comhlíonadh saincheaptha.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a leasú chun freastal ar na hathruithe a thiocfaidh chun cinn leis na forálacha maidir le láimhseáil ar talamh a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún [láimhseáil ar talamh], i gcás ina ndéanfar na seirbhísí sin a chur amach ar conradh chuig soláthraí seirbhísí láimhseáil ar talamh tríú páirtí agus i gcás ina ndéanfar iad mar fhéinseirbhís láimhseála ag oibreoirí aerárthaí aeriompair tráchtála i ndáil le haerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha.

(5)

Leis na ceanglais maidir le láimhseáil ar talamh is infheidhme maidir le hoibreoirí aerárthaí, tugtar isteach téarmaí nua chun cúraimí agus próisis láimhseáil ar talamh a shainiú, agus dá bhrí sin ba cheart sainmhínithe nua a chur isteach maidir leis na téarmaí sin.

(6)

Tá na heagraíochtaí uile faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 freagrach as rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus é d’aidhm acu feabhas leanúnach a chur ar an tsábháilteacht, lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha don tsábháilteacht a chomhroinnt go frithpháirteach. Is é an cuspóir atá ann cur chuige comhchoiteann a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar rioscaí sábháilteachta na gcomhéadan in oibríochtaí láimhseáil ar talamh, thar na hoibleagáidí tuairiscithe tarluithe. Leis an gcur chuige sin, thabharfaí chun críche na hoibleagáidí tuairiscithe tarluithe d’údaráis inniúla agus d’áiritheofaí sreabhadh níos dírí faisnéise sábháilteachta i measc na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha a leasú le go mbeidh oibreoirí aerárthaí in ann faisnéis sábháilteachta ábhartha a eascraíonn as tuarascálacha ar tharluithe nó as cigireachtaí formhaoirseachta agus iniúchtaí a roinnt le heagraíochtaí eile chun tacú leo sábháilteacht a n-oibríochtaí féin a chothabháil.

(7)

Leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i Rialachán (AE) 2018/1139, sainordaítear go soláthraíonn eagraíochtaí seirbhísí láimhseáil ar talamh i gcomhréir le treoracha agus nósanna imeachta oibríochtúla na n-oibreoirí aerárthaí. D’fhéadfadh difríocht shuntasach sna nósanna imeachta oibríochtúla don tseirbhís chéanna láimhseáil ar talamh agus a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an cineál céanna aerárthaigh a bheith ann idir oibreoirí aerárthaí, agus méadaítear leis sin an riosca go mbeadh earráid dhaonna ann toisc go bhféadfadh damáiste d’aerárthaí a bheith mar thoradh air agus go bhféadfaí sábháilteacht eitilte a chur i mbaol dá dheasca. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach nósanna imeachta oibríochtúla éagsúla a chomhchuibhiú chun seirbhísí láimhseáil ar talamh a sholáthar go sábháilte agus go héifeachtúil. Leis an Rialachán seo, ba cheart a bheith in ann laghdú a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar an iliomad nósanna imeachta oibríochtúla éagsúla don tseirbhís chéanna láimhseáil ar talamh a chuirtear i bhfeidhm maidir le haerárthaí den chineál céanna agus ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibhiú na nósanna imeachta sin. Ós rud é go gceanglaítear ar eagraíochtaí láimhseáil ar talamh a nósanna imeachta oibríochtúla féin a fhorbairt maidir le seirbhísí láimhseáil ar talamh a sholáthar, agus tús áite á thabhairt don tsábháilteacht agus cothromaíocht a choinneáil idir an tsábháilteacht agus brú tráchtála, ba cheart na rialacha maidir le hoibríochtaí aeir a leasú chun ligean d’oibreoirí aerárthaí a chomhaontú go ndéanfaidh an eagraíocht láimhseáil ar talamh a dhearbhaíonn a gníomhaíocht i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún a nósanna imeachta oibríochtúla féin a chur i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí láimhseáil ar talamh a sholáthar.

(8)

Chun comhréireacht maidir le raon feidhme agus ailíniú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún a áirithiú, ní dhéanfaidh na freagrachtaí nua a bhaineann le láimhseáil ar talamh difear ach amháin d’oibreoirí eitleán a dhéanann oibríochtaí aeriompair tráchtála le haerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha agus iad ag déanamh féinseirbhís láimhseála. Ba cheart an nasc is gá a bheith sna rialacha oibríochtaí aeir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún, agus ar an gcaoi sin aon dúbláil a sheachaint. An tráth céanna, ba cheart bonnlíne sábháilteachta a sholáthar leis na ceanglais maidir le soláthar seirbhísí láimhseáil ar talamh a eisiatar ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún agus a leanann de bheith faoi fhreagracht agus faoi rialú iomlán an oibreora aerárthaí.

(9)

Tá oibreoirí aerárthaí freagrach as gníomhaíochtaí áirithe láimhseáil ar talamh a dhéanamh a fhanann faoina rialú iomlán agus nach gcumhdaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún. Is amhlaidh atá i gcás maoirseacht ar talamh nuair a dhéanann aon oibreoir an ghníomhaíocht sin mar fhéinseirbhís láimhseála, lena phearsanra féin, agus is amhlaidh é maidir le céimeanna áirithe den phróiseas rialaithe ualaí, mar atá, ríomhanna maise agus cothromaíochta, pleanáil ualaí, eisiúint doiciméad maise agus cothromaíochta, agus cumarsáid ghaolmhar, gan beann ar cé acu a dhéantar na gníomhaíochtaí sin mar fhéinseirbhís láimhseála nó a dhéantar iad a sheachfhoinsiú mar sheirbhísí ar conradh. Ba cheart na rialacha maidir le hoibríochtaí aeir a leasú chun freagrachtaí an oibreora maidir leis na gníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh sin a shoiléiriú.

(10)

Ba cheart an clár oiliúna do phearsanra láimhseáil ar talamh de chuid na n-oibreoirí aerárthaí a dhéanann féinseirbhís láimhseála a áireamh ina lámhleabhar oibríochtaí gan aon fhormheas ón údarás inniúil. Mar sin féin, chun cóir chomhionann a áirithiú do gach eagraíocht a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh, níor cheart an clár oiliúna atá san áireamh sa lámhleabhar oibríochtaí a bheith faoi réir fíoraithe ach amháin le linn na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta tráthrialta. Ba cheart an ceanglas ábhartha maidir le hoibríochtaí aeir a leasú dá réir chun an chóir chomhionann sin a léiriú.

(11)

Is próiseas láimhseáil ar talamh é rialú ualaí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de agus casta araon. Tá roinnt céimeanna sa phróiseas rialaithe ualaí agus tugtar le tuiscint leis go leithdháiltear cúraimí agus freagrachtaí ar bhealach soiléir i measc daoine a bhfuil baint acu lena ndéanamh. Ríomhanna maise agus cothromaíochta, pleanáil ualaí, eisiúint doiciméad maise agus cothromaíochta, agus cumarsáid ghaolmhar, is codanna den phróiseas rialaithe ualaí iad a fhanann faoi lánrialú agus faoi lánfhreagracht an oibreora aerárthaí, agus iad bunaithe go hiomlán ar shonraí arna soláthar ag an monaróir aerárthaí agus ag an oibreoir aerárthaí. Cé go bhfuil oibreoirí aerárthaí ar an eolas faoin bpróiseas sin cheana féin agus go gcuirtear i bhfeidhm é mar chuid dá gcóras rialaithe oibríochtúil, ní shainítear go soiléir leis na rialacha atá ann faoi láthair an próiseas rialaithe ualaí agus ní shainaithnítear leo cúraimí ná freagrachtaí éagsúla na ndaoine a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Ós rud é go bhféadfaidh an t-oibreoir aerárthaí céimeanna an phróisis rialaithe ualaí a shainaithnítear thuas a dhéanamh mar fhéinseirbhís láimhseála nó ar conradh le heagraíocht tríú páirtí seirbhísí láimhseáil ar talamh, tá sé tábhachtach go soláthrófar soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil leis na rialacha ina leith sin, chomh maith le cothrom iomaíochta do gach eagraíocht a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Ba cheart na ceanglais maidir le hoibríochtaí aeir a leasú chun a áirithiú go ndéanfar feidhmeanna agus freagrachtaí rialaithe ualaí na ndaoine lena mbaineann a shainaithint agus go dtabharfar tuairisc orthu i lámhleabhar oibríochtaí an oibreora aerárthaí.

(12)

Tá na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 01/2024 (4) arna heisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(13)

Is gá dóthain ama a thabhairt don tionscal láimhseáil ar talamh agus do na húdaráis inniúla chun an creat rialála nua a chur chun feidhme tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, dá bhrí sin ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse 3 bliana sa Rialachán seo.

(14)

Tá na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1) Leasaítear Iarscríbhinní I, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ó 27 Márta 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/965/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/20 ón gCoimisiún an 19 December 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí láimhseáil ar talamh agus ar eagraíochtaí a sholáthraíonn iad (IO L, 2025/20, 7.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/20/oj).

(4)   https://www.easa.europa.eu/en/document-library/opinions/opinion-no-012024.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní a ghabhann le Rialachan (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

1.

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 cuirtear na pointí 130 agus 131 seo a leanas isteach:

‘(130)

ciallaíonn ‘maoirseacht ar talamh’ seirbhís láimhseáil ar talamh arb é atá inti gníomhaíochtaí a bhaineann le maoirseacht ar na seirbhísí láimhseáil ar talamh uile a chuirtear ar fáil d’oibreoir in aeradróm. Féadfar an tseirbhís sin a chur amach ar conradh chuig eagraíocht láimhseáil ar talamh nó féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí féin í a dhéanamh, mar fhéinseirbhís láimhseála;

(131)

ciallaíonn ‘rialú ualaí’ próiseas atá faoi fhreagracht an oibreora aerárthaí chun a áirithiú go ndéanfar an t-aerárthach a luchtú go sábháilte agus go héifeachtúil roimh gach eitilt’;

2.

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

i bpointe ORO.GEN.150, cuirtear pointe (d) a leanas isteach:

‘(d)

aon eagraíocht láimhseáil ar talamh ar conradh a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh má chuireann an neamhchomhlíonadh isteach go díreach ar an riosca sábháilteachta laistigh den eagraíocht láimhseáil ar talamh sin nó ar fhreagrachtaí na heagraíochta sin.’;

(2)

cuirtear an pointe ORO.GEN.315 seo a leanas isteach i bhFochuid GEN, Roinn III ‘Ceanglais eagraíochtúla bhreise’:

‘ORO.GEN.315   Nósanna imeachta oibríochtúla maidir le láimhseáil ar talamh

(a)

Áiritheoidh an t-oibreoir go soláthrófar na seirbhísí láimhseáil ar talamh dá aerárthaí, dá phaisinéirí, dá phost agus dá lasta mar fhéinseirbhísí láimhseála ag a phearsanra féin nó mar sheirbhísí a chuirtear amach ar conradh d’eagraíocht tríú páirtí seirbhísí láimhseáil ar talamh, nó meascán den dá rud.

(b)

Áiritheoidh an t-oibreoir go soláthróidh an eagraíocht láimhseáil ar talamh tríú páirtí seirbhísí i gcomhréir le treoracha agus nósanna imeachta an oibreora.

(c)

Agus seirbhísí láimhseáil ar talamh a liostaítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún [láimhseáil ar talamh] á gcur amach ar conradh aige chuig eagraíocht a oibríonn faoi théarmaí dearbhaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin, féadfaidh an t-oibreoir nósanna imeachta oibríochtúla na heagraíochta ar conradh a úsáid in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(1)

comhaontaíonn an t-oibreoir go gcuireann an eagraíocht láimhseáil ar talamh a nósanna imeachta oibríochtúla féin i bhfeidhm maidir le soláthar seirbhísí láimhseáil ar talamh, i gcomhréir le pointe GH.OPS.005(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún [láimhseáil ar talamh]. Déanfar an méid sin a dhoiciméadú;

(2)

tá sé dearbhaithe ag an eagraíocht láimhseáil ar talamh a chuireann na seirbhísí ar fáil go bhfuil sé de chumas aici na freagrachtaí a ghabhann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil a chomhlíonadh agus tá an dearbhú sin bailí;

(3)

ní féidir leis an oibreoir a nósanna imeachta ná a threoracha féin a sholáthar don eagraíocht láimhseáil ar talamh.

(d)

I gcás ina n-áiritheoidh an t-oibreoir maoirseacht ar talamh lena phearsanra féin mar fhéinseirbhís láimhseála nó i gcás ina ndéanfaidh sé an ghníomhaíocht sin a chur amach ar conradh chuig soláthraí seirbhíse tríú páirtí, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an fheidhm maoirseachta ar talamh pointe ORO.GEN.110 agus go gcuirfidh an t-oibreoir na heilimintí seo a leanas san áireamh ina lámhleabhar oibríochtaí:

(1)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí a áirítear faoi raon feidhme na maoirseachta ar talamh agus aon nósanna imeachta is gá;

(2)

na freagrachtaí a bhaineann leis an bhfeidhm sin,

(3)

an clár oiliúna don fheidhm sin, agus béim á leagan ar oiliúint sábháilteachta i gcás ina bhfuil cúraimí a bhaineann le sábháilteacht ar an bhfeidhm sin.’;

3.

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an pointe CAT.GEN.MPA.220 seo a leanas isteach i bhFochuid GEN, Roinn 1 ‘Aerárthach atá á chumhachtú le mótair’:

‘CAT.GEN.MPA.220   Freagrachtaí breise d’oibreoirí aeriompair tráchtála a oibríonn aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha a dhéanann féinseirbhís láimhseála

(a)

An t-oibreoir a sholáthraíonn aon cheann de na gníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh a liostaítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún [láimhseáil ar talamh] dó féin nó laistigh de ghrúpáil ghnó aeriompróra aonair (féinseirbhís láimhseála), comhlíonfaidh sé ceanglais infheidhme Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, cé is moite de na ceanglais is infheidhme maidir le feidhm na maoirseachta ar talamh, a chomhlíonfaidh pointe ORO.GEN.315.

(b)

Cuirfidh an t-oibreoir an clár oiliúna le haghaidh a phearsanra láimhseáil ar talamh i gcomhréir le pointe ORGH.GEN.145 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/20 ón gCoimisiún [láimhseáil ar talamh] faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh. Tá an clár oiliúna maidir le hearraí contúirteacha faoi réir a fhormheasta i gcomhréir le ORO.GEN.110(j).’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(1) de CAT.POL.MAB.105:

‘(1)

sláine na sonraí aschuir a fhíorú chun a áirithiú go bhfuil na sonraí laistigh de theorainneacha an lámhleabhair eitilte; agus’;

(3)

cuirtear pointe CAT.POL.MAB.110 a leanas isteach:

‘CAT.POL.MAB.110   An próiseas rialaithe ualaí

Déanfaidh an t-oibreoir próiseas rialaithe ualaí agus nósanna imeachta gaolmhara a bhunú agus a chur chun feidhme, a áireofar sa lámhleabhar oibríochtaí.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/24/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)